Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Séamhadh Cailín
Title
An Séamhadh Cailín
Author(s)
Tadhg,
Pen Name
Tadhg
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Séamhadh Cailín Bhí file 'na Chomhnuidhe i gCarraig na bhFear timcheall céad go leith bliadhan ó shoin darbh ainm Seaghán Ó Murchadha. Seaghán an Ráithíneach is mó tugtaoi air, ámh, mar go rugadh i n-áit bhig dá nglaodhtar Raithín é. Sgríbhneoir an-chliste b'eadh é agus file blasda Gaedhilge. Tá cuid d'á leabhraibh ar fagháil fós i mBaile Átha Cliath agus i n-áitibh eile. Seadh, an uair seo ar a bhfuilimíd chum tráchta. Bhí cúigear cloinne inghean ag Seaghán, agus gan aon mhac i n-aon chor aige. Dubhairt claidhaire éigin aon lá amháin le Seaghán go ndubhairt an sagart ná baisteochadh sé an chéad pháisde eile dhó, dá dtuitfeadh amach gur chailín a bheadh chuige. Dá mhéid eolas a bhí ag Seaghán, thug sé cluas do'n bhithbheanach sain, agus chreid sé é. Bhí daoine simplidhe ann an uair sin, agus is annamh do-gheibh- thear a samhail anois. Is é bhí 'na shagart i gCarraig na bhFear an uair sin, an t-Athair Domhnall Ó Cearrbhaill. Fear breagh groidhe Gaedhealach b'eadh é, go raibh a chroidhe 'na ghnó agus go raibh meas agus grádh na ndaoine air. Bhí an-bhuaireamh aighnidh ar Sheaghán agus ní rachadh sé i ngaor ná i ngoireacht do'n tsagart ar eagla gurab amhlaidh bheadh sé ag magadh faoi. Acht pé sgéal é, tar éis tamaill do rug bean Sheagháin an séamhadh páisde, agus b'é toil Dé gur chailín a bhí innte. "Gheabhad-sa anois é!" arsa Seaghan leis féin, nuair do hinnseadh do cionnus mar bhí an sgéal." "Caithfead fios do chur air, is dócha. Ní bhead-sa istigh roimhe ámhaidh." Agus do chuir sé an cheathramha so sios ar bhlúire pháipéir agus chuir sé le buachaill é chum an Athar Domhnall: "A shagairt an deagh-chroidhe is maith gnaoi méinn is greann ná tagair liom faillighe tar faoim dhóin i n-am do bhaisteadh mo chailín 'seadh í an séamhadh ceann. Sin sgata mhaith ban sidhe ar feadh tighe n-éinfheacht ann." Do dhearmad Seaghán imtheacht as an tigh, agus bhí sé ag cur de go mór nuair do chonnaic an sagart isteach an doras chuige. Acht níor bhac sé leis mar bhí a mhalairt de ghnó le déanamh aige. Tadhg
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services