Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Séamhadh Cailín

Title
An Séamhadh Cailín
Author(s)
Tadhg,
Pen Name
Tadhg
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Séamhadh Cailín



Bhí file 'na Chomhnuidhe i gCarraig na bhFear timcheall
céad go leith bliadhan ó shoin darbh ainm Seaghán Ó
Murchadha. Seaghán an Ráithíneach is mó tugtaoi
air, ámh, mar go rugadh i n-áit bhig dá nglaodhtar
Raithín é. Sgríbhneoir an-chliste b'eadh é agus file blasda
Gaedhilge. Tá cuid d'á leabhraibh ar fagháil fós
i mBaile Átha Cliath agus i n-áitibh eile. Seadh, an
uair seo ar a bhfuilimíd chum tráchta. Bhí cúigear
cloinne inghean ag Seaghán, agus gan aon mhac i n-aon
chor aige. Dubhairt claidhaire éigin aon lá amháin
le Seaghán go ndubhairt an sagart ná baisteochadh sé
an chéad pháisde eile dhó, dá dtuitfeadh amach gur
chailín a bheadh chuige. Dá mhéid eolas a bhí ag Seaghán,
thug sé cluas do'n bhithbheanach sain, agus chreid sé é. Bhí
daoine simplidhe ann an uair sin, agus is annamh do-gheibh-
thear a samhail anois. Is é bhí 'na shagart i gCarraig na
bhFear an uair sin, an t-Athair Domhnall Ó Cearrbhaill.
Fear breagh groidhe Gaedhealach b'eadh é, go raibh a
chroidhe 'na ghnó agus go raibh meas agus grádh na ndaoine air.
Bhí an-bhuaireamh aighnidh ar Sheaghán agus ní rachadh sé i
ngaor ná i ngoireacht do'n tsagart ar eagla gurab
amhlaidh bheadh sé ag magadh faoi. Acht pé sgéal é, tar
éis tamaill do rug bean Sheagháin an séamhadh páisde,
agus b'é toil Dé gur chailín a bhí innte.



"Gheabhad-sa anois é!" arsa Seaghan leis féin, nuair
do hinnseadh do cionnus mar bhí an sgéal." "Caithfead
fios do chur air, is dócha. Ní bhead-sa istigh roimhe
ámhaidh." Agus do chuir sé an cheathramha so sios ar
bhlúire pháipéir agus chuir sé le buachaill é chum an Athar
Domhnall:



"A shagairt an deagh-chroidhe is maith gnaoi méinn is greann
ná tagair liom faillighe tar faoim dhóin i n-am
do bhaisteadh mo chailín 'seadh í an séamhadh ceann.
Sin sgata mhaith ban sidhe ar feadh tighe n-éinfheacht ann."



Do dhearmad Seaghán imtheacht as an tigh, agus bhí sé ag
cur de go mór nuair do chonnaic an sagart isteach an
doras chuige. Acht níor bhac sé leis mar bhí a mhalairt
de ghnó le déanamh aige.



Tadhg

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services