Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Greann na Gaedhilge. Déanamh aimsire.
Title
Greann na Gaedhilge. Déanamh aimsire.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GREANN NA GAEDHILGE. DÉANAMH AIMSIRE. THÍOS ar na Gleanntaibh bhí sin. Bhí siad i bhfus ar an phortach, Séimín Phád- raic 's a mhac. Chuaidh fear as an Díseart síos chum an phortaigh do chaint leis. “An ndéanfá aimsir, a stócaigh?” ar seisean. “Ní shaoilim,” ar seisean, “go dtig liom aimsir do dhéanamh níos fearr 'ná tá ann.” Bhí Séimín 'na chomhnaidhe i Log na goile i mbarr an Ghleanna Mhóir i ndeas do Mhuileann Iarainn. [Ná bíodh iongnadh ar bith ar éinneach fá'n gcuma ar ar hinnseadh an sgéal so thuas. Is i bhfreagra ar na ceisteannaibh i n-alt a chéile do hinnseadh domh-sa é i nDún na nGall. An té d'aithris .i. Brighid Ní Bhaoighill, ní raibh bac ná buaidhreadh uirre dá innsin an chéad uair, acht 'nuair do rinne sí é d'aith-innsin ar m'fhuráileamh- sa, níor féad sí a atharrach do chuma do chur air acht mar chítear thuas. Mar bharr ar gach ceist dár chuireas uirre, “Bhfuil dithbhir ar bith,” arsa mise, “idir Muileann Iarainn agus na Gleannta?” [Bhí fhios agam go ró-mhaith nach raibh]. “Chan fhuil faic na fríghde,” ar sise go hairthinneach, “idir Muileann Iarainn agus na Gleannta.”
Sin í slighe leis an bhfíor-Ghaedhilg do bhaint asta, siúd agus go gcuirtear fearg orra ar uairibh! Gleann Mhór .i. Gleann do na Gleann- taibh, agus Muileann Iarainn an tsean-ainm Ghaedhilge atá fós ar na Gleanntaibh.) Mac Tíre
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services