GREANN NA GAEDHILGE.
DÉANAMH AIMSIRE.
THÍOS ar na Gleanntaibh bhí
sin. Bhí siad i bhfus ar
an phortach, Séimín Phád-
raic 's a mhac. Chuaidh
fear as an Díseart síos
chum an phortaigh do chaint leis.
“An ndéanfá aimsir, a stócaigh?” ar
seisean.
“Ní shaoilim,” ar seisean, “go dtig liom
aimsir do dhéanamh níos fearr 'ná tá ann.”
Bhí Séimín 'na chomhnaidhe i Log na goile
i mbarr an Ghleanna Mhóir i ndeas do
Mhuileann Iarainn.
[Ná bíodh iongnadh ar bith ar éinneach fá'n
gcuma ar ar hinnseadh an sgéal so thuas.
Is i bhfreagra ar na ceisteannaibh i n-alt a
chéile do hinnseadh domh-sa é i nDún na
nGall. An té d'aithris .i. Brighid Ní
Bhaoighill, ní raibh bac ná buaidhreadh uirre
dá innsin an chéad uair, acht 'nuair do
rinne sí é d'aith-innsin ar m'fhuráileamh-
sa, níor féad sí a atharrach do chuma do
chur air acht mar chítear thuas. Mar bharr
ar gach ceist dár chuireas uirre,
“Bhfuil dithbhir ar bith,” arsa mise, “idir
Muileann Iarainn agus na Gleannta?” [Bhí
fhios agam go ró-mhaith nach raibh].
“Chan fhuil faic na fríghde,” ar sise go
hairthinneach, “idir Muileann Iarainn agus
na Gleannta.”
Sin í slighe leis an bhfíor-Ghaedhilg do
bhaint asta, siúd agus go gcuirtear fearg
orra ar uairibh!
Gleann Mhór .i. Gleann do na Gleann-
taibh, agus Muileann Iarainn an tsean-ainm
Ghaedhilge atá fós ar na Gleanntaibh.)
Mac Tíre