Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dia libh, a laochradh Ghaoidheal.
Title
Dia libh, a laochradh Ghaoidheal.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Mac Tíre
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DIA LIBH, A LAOCHRADH GHAOIDHEAL. Aonghus mac Doighri Í Dhálaigh cct. [ar Ghabhail Raghnaill Bhaile na Corra]. Dia libh, a Laochradh Ghaeidheal, ná cluin- tear claoiteacht oraibh; riamh níor thuilleabhar masla, i n-am chatha iná cogaidh. Déntar libh coinghleic chalma, a bhuidhean arm-ghlan fhaoilteach, Fá cheann bhar bhfearainn dúthchais, puirt úrghuirt innse Gaeidheal. Madh áil libh agra Éireann, a ghasradh chéimeann gcródha, ná seachnaidh éacht ná iorghail, ná catha mionca móra. Fearr bheith i mbarraibh fuair-bheann, i bhfeitheamh shuain-ghearr ghrinnmhear, ag seilg troda ar fhéin eachtrann, 'ga bhfuil fearann bhar sinsear. Má's mall gur hagradh libh-se, Mágh Liffe nó Lios Teamhra, nó Caiseal na sreabh nua-ghlan, nó mín- chlár Cruacha Meadhbha: Is díth chuimhne, a chlanna Míleadh, fonn réidh na rígh-lios ndaithgheal, tug oraibh gan agra Tailtean, nó táth críoch maighreach Maisdean. Ní tacha lúith ná lámhaigh, tug oraibh a ádhbhaidh Banbha, bheith dhíbh urramach umhal, do mhear-shluagh gusmhar Ghallda. Acht nach deoin le Dia, a Éire, sibh le chéile do chongnamh, ní bheith bhar mbuaidh i n-éinfheacht, ag sluagh chríoch léidmheach Londan. Crádh liom eachtrainn dá bhfógra, ríogh- raidh Fódhla 's a n-oireacht, 's nach goirthear díobh 'na ndúthchas, acht ceitheirn chúthal coille. 'S iad féin i ngleanntaibh garbha , laoich Banbha beag dá leathtrom, agus fonn mín an chláir-se Críomhthainn, ag feadhainn fhíochmhar eachtronn.
Gach rún fill dá bhfuil chugtha, buidhean fhial churadh gcogtha, 's a liacht námha ar tí a ngonta, do bheir orm codladh corrach. An tráth bheirit laoich Laighean, cinn daigh- fhear cláir na gcuradh, buaidh eachtrann an chraoi chuinse, bídh m'aigneadh suilbhir subhach. Dubhach bhím-se uair eile mar bheirid buaidh na saoirfhear, na Goill-se tig tar tonn-mhuir, do chomhlot gasradh Gaeidheal. Líon gleoidh do laochraidh lann ghuirm, Gabhail Raghnaill, Dia dá ndídean, méd a nguaise 'sa ngleann-sa, do chuir mo mheanma i míneart. Dia leo ag luighe 's ag éirghe, tréinfhir is treise i dtachar, Dia 'na seasamh 's na luighe leo, 's i dtráth churtha an chatha. Dia libh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services