Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dia libh, a laochradh Ghaoidheal.

Title
Dia libh, a laochradh Ghaoidheal.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Mac Tíre
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DIA LIBH, A LAOCHRADH GHAOIDHEAL.



Aonghus mac Doighri Í Dhálaigh cct. [ar
Ghabhail Raghnaill Bhaile na Corra].



Dia libh, a Laochradh Ghaeidheal, ná cluin-
tear claoiteacht oraibh;
riamh níor thuilleabhar masla, i n-am
chatha iná cogaidh.
Déntar libh coinghleic chalma, a bhuidhean
arm-ghlan fhaoilteach,
Fá cheann bhar bhfearainn dúthchais, puirt
úrghuirt innse Gaeidheal.
Madh áil libh agra Éireann, a ghasradh
chéimeann gcródha,
ná seachnaidh éacht ná iorghail, ná catha
mionca móra.
Fearr bheith i mbarraibh fuair-bheann, i
bhfeitheamh shuain-ghearr ghrinnmhear,
ag seilg troda ar fhéin eachtrann, 'ga
bhfuil fearann bhar sinsear.
Má's mall gur hagradh libh-se, Mágh Liffe
nó Lios Teamhra,
nó Caiseal na sreabh nua-ghlan, nó mín-
chlár Cruacha Meadhbha:
Is díth chuimhne, a chlanna Míleadh, fonn
réidh na rígh-lios ndaithgheal,
tug oraibh gan agra Tailtean, nó táth
críoch maighreach Maisdean.
Ní tacha lúith ná lámhaigh, tug oraibh a
ádhbhaidh Banbha,
bheith dhíbh urramach umhal, do mhear-shluagh
gusmhar Ghallda.
Acht nach deoin le Dia, a Éire, sibh le chéile
do chongnamh,
ní bheith bhar mbuaidh i n-éinfheacht, ag
sluagh chríoch léidmheach Londan.
Crádh liom eachtrainn dá bhfógra, ríogh-
raidh Fódhla 's a n-oireacht,
's nach goirthear díobh 'na ndúthchas, acht
ceitheirn chúthal coille.
'S iad féin i ngleanntaibh garbha , laoich
Banbha beag dá leathtrom,
agus fonn mín an chláir-se Críomhthainn,
ag feadhainn fhíochmhar eachtronn.


L. 362


Gach rún fill dá bhfuil chugtha, buidhean
fhial churadh gcogtha,
's a liacht námha ar tí a ngonta, do bheir
orm codladh corrach.
An tráth bheirit laoich Laighean, cinn daigh-
fhear cláir na gcuradh,
buaidh eachtrann an chraoi chuinse, bídh
m'aigneadh suilbhir subhach.
Dubhach bhím-se uair eile mar bheirid buaidh
na saoirfhear,
na Goill-se tig tar tonn-mhuir, do
chomhlot gasradh Gaeidheal.
Líon gleoidh do laochraidh lann ghuirm, Gabhail
Raghnaill, Dia dá ndídean,
méd a nguaise 'sa ngleann-sa, do chuir
mo mheanma i míneart.
Dia leo ag luighe 's ag éirghe, tréinfhir is
treise i dtachar,
Dia 'na seasamh 's na luighe leo, 's i
dtráth churtha an chatha.



Dia libh.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services