Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bean an Leasa.
Title
Bean an Leasa.
Author(s)
Ua Séaghdha, Pádraig,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BEAN AN LEASA. TÁ feirm mhór i gCiarraighe, gairmthear CúmLuimine uirthe. Tá dhá mhíle acra nó níos mó ins an bhfeirm úd. Gleann innte féin is eadh í — cnuic árda 'na timcheall, mar a ngnáthuigheann an madadh ruadh, an fiolar, an fiach dubh is an seabhac. Tá srutháin innte 'gá stealladh féin le fánaidh imeasg failleacha, agus abha ghlórach ghargach ag snámhadh a's ag sníomhadh tré n-a lár. Currach ar aon taobh amháin di, agus bóthar ar imeall an churraigh, agus na sléibhte ar gach taobh eile dhi. Anois is arís do thógadh bean nó fear tar lear an fheirm úd ar chíos acht ní choingbheochaidís í acht a dó nó trí de bhliadhantaibh. Deirthí go raibhe mí-ádh éigin ar cheann na feirme. Deireadh daoine baotha go raibhe samhail éigin dá feicsint ins an tigh slinne atá curtha suas 'na lár. Deireadh daoine ciallmhara go raibhe sí ró-dhaor agus go gcreachfadh sí gibé duine do thógfadh í. Acht aon nídh amháin bhí sí i n-áirde ar feadh tamaill mhaith aon uair amháin gur casadh bean óg ins an tslighe, agus do thóg sise an fheirm go tapaidh. Bean chaol árd do b'eadh í. Bhí sí dath- amhail go leór, acht deireadh caile gan tuig- sint annso is annsúd go raibhe faobhar
'na radharc do chuirfead faithcheas ort, acht ní chreidfeadh na fir óga an chúl-chaint seo ar aon chor. Do cheannuigh an bhean óg scata breágh caorach, agus do b'é CumLuimine an áit do chuirfeadh bléin reamhar mhaoth ar an gcaoirigh. Do leig si amach fá'n gcnoc iad agus tréadaidhe 'na bhfeidhil. Chonnairc sí fá n-a súil féin go mórdhálach a machaire bó dá gcrúdh ag ceathrar ban. Bhí trusgán tighe aici go fulúirseach, idir leapthacha, iomdhaidhe, bosgaidhe, cómhraidhe is cathaoireacha, agus 'na theannta sain gach saghas uile bhídh agus dighe bhiadh ag teasdabháil i dtigh. Ba ghnáthach léi féin bheith i bhfeidhil na mbó, slaitín taithfhéilinn 'na láimh aici, leabhar fá na h-asguill aici, agus cú chíocrach chómh h-árd le bromach le n-a cois. Ba ghnáthach léi seasamh ar bhárr faille agus féachaint timcheall uirthe ar na cnocaibh. Bhí radharc chómh géar sain aici gur bh'féidir léi na caoirigh do chómhaireamh imeasg na mbeann agus an t-aodhaire d'fheic- sint ar scáth faille, nó ar a thárr i n-áirde ar plás mhín ar bholg an chnuic. Ní raibhe aon fhear ar an bhfeirm seo acht amháin an t-aodhaire, agus do b'éigean do-san a bhóthar do thabhairt air gach tráthnóna d'éis na gcaorach do mhachughadh, agus dul chum codlata go teach cómharsan tar teórainn na feirme. Do b'éigean do na cailíníbh aimsire an rud céadna do dhéanamh, acht amháin an bhean bhainne, agus do chodladh sí sin i seómra uachtarach an tighe. Is annamh do labhradh bean an tighe chuice. Do b'é gnó na mná bainne gach oidhche, coinneal ar lasadh do bhualadh ar bhórd i lár an urláir cois an iomdhaidh, peiliúr nó adhairt do chóiriughadh ar cheann an iomdhaidh, braitlín is cuilte do leathadh air agus gan aighneas níos mó do chur ar mhnaoi an tighe. “Is greannamhar an bhean í,” ar an bhean bhainne, “ní labhrann sí gíog chugam, beag nach; rinneas mo lán-dícheall chum cómhráidh do chur uirthe isdoidhche acht níor bh'é aon mhaitheas dam é.” “Dubhairt sí liom aon uair amháin, le geit, gur cheannuigh sí an fheirm seo i gcómhair bráthar di atá ins na h-Indiachaibh Thoir i gcás go mbiadh ait cómh- nuidhthe aige nuair do thiocfadh sé a-bhaile.” “Is breágh an bhean í muna mbiadh an dá shúil úd aici,” ar ceann eile de na cailíníbh. “Tá sí macánta mánla, agus ní dóigh liom go marbhóchadh sí sgiathán leathair,” ar an bhean bhainne. “Cad is ainm di, ámh?” ar an cailín eile. “Ní fheadar 'on domhan bhraonach, acht glaodhaim-se “Bean an leasa” mar leasainm uirthe, gidh gur mór an náire dhúinn bheith ag cúl-chaint uirthe, mar tá sí ciuin carthannach go leór.” II. “Bail ó Dhia ar an obair, an bhfuil bean an tighe ag baile?” ar bean siubhail leis na cailíníbh. Leis sin do tháinig “Bean-an leasa” amach 'san dorus. D'fhéach sí ar an mnaoi shiubhail, leig an uillphéist chon le 'n-a cois amhastar lán-ghlórach aisde, chuir sí colg uirthe féin, is d'éirigh an fionnfadh ar a muineál. “Faol! Luigh síos go diair,” ar Bean an leasa. Níor chuir an chú suim innte, agus leig sí glam eile aisde. “Luigh síos, adeirim leat! ná bíodh eagla ort, a bhean bhocht.” Níor leig an chú uirthe gur chualaidh sí í. Chuir Bean an leasa a lámh 'na brollach, tharraing sí úirlis teineadh amach as, agus sgaoil si piléar thré chroidhe na con. “Múin- feadh-sa dhuit an neamhshuim do chur im' chuid aighnis!” Bhuail sí slaitín fá na h-asguill i dteannta an leabhair is bhuail sí amach fá'n gcnoc go mín mánla, mar ba ghnáthach, gidh go raibhe crádh croidhe uirthe gan fhios. Bhí an bhean bhainne ar baille-chrith. “Seadh anois, nách deas an bhean óg í!” ar cailin na gcearc.
“Dar so 'gus súd,” ar an bhean bhainne “ní h-ionntaoibh bheith na cuideachta; a leithéid sin de ghníomh ní fhacathas riamh! Sceinnfead as an dtigh seo láithreach.” “Ó, ní gábhadh dhuit sin,” ar cailín na gcearc, “gheobhair marcaigheacht bhreágh as.” “Mar- caigheacht, an eadh?” “Seadh go díreach, ar ghuailnibh fear, cumhdach deas cluthmhar ort, is mathshluagh ad' thionnlacan.” “Ó, a Rígh na bhfeart! sin í mo shochraid, a chaile gan truagh gan trócaire,” agus do phléasg an bhean bhainne ar ghol. Bhris trithidhe gáiridhe ar chailín na gcearc. “'Duine a' gol is duine a' gáirídhe, is sean-fhocal é,” ar aodhaire na gcaorach ag triall isteach 'sa mhainreach chuca. Chuir sé cluas air féin fad do bhí an bhean bhainne, idir a deoraibh, ag tabhairt tuairisge báis na con is feirge na mná dhó. “A bhean gan chéill,” ar seisean, “ná bíodh eagla ort roimpe, déan rud uirthe, déan do ghnó mar dheinim-se agus ní baoghal duit í.” “Acht ní chuirimíd piléir i ndroch- mhadraidhibh; tachtamaoid iad!” ar an bhean bhainne. “B'fhéidir é, b'fhéidir é,” ar an t-aodhaire ciallmhar, “na bí 'ar mbodhradh mar gheall ar mhadraidhibh; is ionann bás le piléar is bás le gad. Teasduigheann sciobas bainne uaim, tá íota orm.” “Acht ní fhéadaim é chur as mo cheann,” ar an bhean bhainne. “Is ait an bhean tu. Thuill an chú a bhfuair sí is dócha agus is cuma liom caidé an saghas báis gheibheann a leithéid siud do mhadra, níor thaitn sí liom is níor thaitneas léi, an bhfeacabhair an colg do chuir sí uirthe féin nuair do chonnairc sí ag triall tarsna an mhachaire me?” “Ó, shaoileas gur ar an mnaoi shiubhail do bhí an chú ag amhastraigh, agus shaoil an mhaighistreás leis é,” ar an bhean bhainne. “Go deimhin is go dearbhtha,” ar cailín na gcearc, “ní mar sin damhsa, mar chonnarc an firín buidhe casta so ag gabháil chugainn i leith.” “Ó, go raibhe maith agat, a bhean óg aluinn,” ar buachaill na gcaorach. Fuair sé an deoch agus d'imthigh sé i bhfeidhil a ghnótha. Bhí Bean an leasa fá'n am so suas imeasg mhullach na gcnoc, go canncarach buaidheartha i ndiaidh na con cuthaigh ba ghnáthach bheith le na h-ais agus do chodladh gach oidhche 'gá cosaibh. “Tá cith chugainn,” ar an bhean óg nuair do chonnairc sí an caipín ceoigh ar Mhullach an Aitinn. Ní raibhe uirthe acht brat éadtrom agus d'iompuigh sí i leathtaoibh ar scáth faille nuair do chonnairc sí an raisde ag séideadh timcheall an mhullaigh. Thárla gur bhuail rábaire fir léi, sínte go suairc cois na faille. Phreab sé 'na shuidhe go béasach is d'umhluigh sé dhi. “Suidh,” ar sise, “suidhfead féin, táim tuirseach tar éis an turuis seo i gcoinnibh an fhaobhair.” “Is beag an iongnadh sain, a bhean uasal,” ar an fear, “tá na cnuic seo árd uaigneach.” “Ó, i dtaobh an uaig- nis, ní ghoilleann sé sin orm, do mhairfinn go deó imeasg na gcnoc so; féach an mhuir mhór laistiar dínn, agus beann ar beann las- tuaidh.” “Tá aithne mhaith agam ar gach beann acu, táid siad an-bhreágh, acht is deacair cíos do dhíol asta,” ar an fear. “Do h-oileadh thu 'na 'measg is dócha?” ar sise. “Is amhlaidh é,” ar seisean. “Ní rabhais riamh as a radharc?” “Ní rabhas.” “Is sonaidhe suairc í do bheatha.” “Is eadh, 'gus ní h-eadh.” “Cá gcómhnuidheann tú?” “Imeasg na sionnach.” “Cad is ainm duit?” “Seaghán an áir do thugaid siad orm.” “Is ait an ainm í,” ar sí. “Ní gan fáth do fuaras í, act aon nídh amháin,” ar sé go meidhreach, “buachaill bán is eadh mé, méir- leach mar adéarfá, do bhris gach dligheadh chum a thoil féin d'fhágháil.” Thug an bhean óg preab, agus d'fhéach sí air go géar. “Mar sin féin, ná bíodh eagla ort-sa rómham, ní dheinim feall ar mhnáibh, ní mó ná rinneas fuiliughadh ar fhearaibh
gan fáth. Cuireadh as mo sheilbh mé, agus as mo mhaoin shaoghalta, agus ní rún a rádh gur bhaineas gé asta i n'ionad sain go minic.” Bhí sí ag féachaint air go cruinn. “Ná bíodh eagla ort-sa ar a shon sain.” “Eagla!“ ar sise, “geallaim dhuit nach bhfuil, 'ná droch-mheas agam ort leis; b'fhéidir gur thuilleadar an t-éirleach d'imris ortha.” “Dar mo bhaiste, a bhean óg gur mór liom thu, d'éis an fhocail sin,” ar an buachaill bán, ag lasad suas le h-áthas. “Cad do ghlaodhaid siad ar an loch úd ins an ngleann lastoir dínn?” ar sí. “Loch Brain is ainm di, agus atá cú innte chómh h-árd le bromach,” ar seisean. Chuir an bhean óg a lámh féin ar a cliabh agus chuir sí osnadh aiste. “Bhí cú agamsa chómh mór le bromach, leis, acht níor chodail sí riamh fá uisge, agus níor chualas riamh is ní chreidim gur chodail aon chú eile fá uisge.” Bhí an sgéal ar bhárr a bhéil ag an mbuachaill mbán mar d'fhaisnéigh sé go minic é. “Ó, tá an chú úd fá dhraoideacht, tá fhios agat, Bran is ainm di. Tá an sgéal fíor, agus atá an chisde úd i bfolach i Loch Mhucrois; dabhach óir is ead í, trí troighthe cómhchruinn, lán d'ór go bruach, ní fhuil sí acht fiche troigh fá uisge agus measaim nach bhfuil sí acht fiche troigh ó imeall an locha. “D'innis seanchaidhe dham é i gCroma- hleann. Ní leigfeadh eagla d'aoinne' an dabhach do thógbháil, ó tá Bran is Sgeólán 'na gcodladh gach re n-oidhche uirthe. Creidim go ndeachaidh máirnéalach Sagsan síos fad ó; bhí Bran 'na lúib ar chumhdach na daibhche agus cuireadh a leithéid sin do sgannradh ar an máirnéalach gur chaill sé a chiall. Dá mbiadh an t-ór úd agamsa do bhainfinn sult as an saoghal, agus cuirfead fúm fós an dabhach do thógbháil.” “Is deas an sgéal é, acht ní fhuil ann acht sgéal,” ar an bhean óg. “Má tá uisge i linn, tá an dabhach annsúd.” “Cia chuir ann í?” “Seo mar do bhí sé,” ar an fear. “I n-aimsir Fhinn mhic Chumhaill, bhí imreas idir an t-áirdrí Cairbre agus na Fianna. Bhí Osgar agus Cairbre ag sanntughadh a chéile mar do chífeá dhá tharbh buile ag cur púic ortha féin ar tí cómhraic. Bhí Oisín glic, agus bhí fhios aige dá dtiocfadh leó bruighean do ghabháil gurab í sin an t-ár ba mhó dá bhfacathas riamh roimhe-sin 'ná do bhiadh go deo 'rís. Leis sin do bhailigh sé maoin na Féinne idir ór is seóid agus do bhuail se isteach i ndabhach óir í, agus do chuir i bhfolach í i Loch Mhucrois. Chuir sé fá bheartaibh cruadha Bran is Sgeólán an dabhach d'fhaire go dtagadh sé féin nó Osgar dá h-iarraidh ortha. Chúm sé leath-bheann agus sid í í:— “Annsúd a chuireamar í i bhfolach Mar a dtéidheann an Léin 'sa loch!” Ba gheárr 'na dhiaidh súd gur leagadh an Fhéinn go léir i nGabhra Mhór agus gur éaluigh Oisín le Niamh Chinn Óir go Tír na n-Óg; agus níor tháinig seisean 'ná Osgar ag éileamh an chisde fós ar Bhran.” “Fáith-sgeal áluinn is eadh é,” ar sí. “Sin mar adeirthear, acht ar a shon sain tá fhios ag gach duine go bhfuil an tuairisg fíor acht ní leigfeadh eagla dhóibh dul fá dhéin na daibhche úd, gidh go gcreidid siad go bhfuil sí ann agus an chú 'gá faire. Dá mbiadh oiread agam-sa is do cheannóchadh téada is dhá chapall do bhiadh an dabhach agam fá'n am so.” “A mbás ní choingbheochadh cú dabhach óir uait, acht ba chóra dhuit fhios a bheith agat ar dtúis an bhfuil an dabhach ann sul a ndéanfá cuma do ceapadh le n-a tógbháil.” “Measaim go bhfuil ciall is éifeacht leis sin.” “Taisbeán damhsa an áit,” ar an bhean óg,” agus beidh a fhios agam an bhfuil an dabhach ann.”
III. Oidhche Bhealtaine bhí fear agus bean ag triall tarsna Chroma-ghleanna, slaitín fá asguill na mná, agus sleagh i láimh an fhir agus máilín leathair ins an láimh eile aige. Bhíodar araon caol cumasach fuinnte féith- leógach; brat liath ar an mnaoi agus falluing chrón ar an bhfear. Chuir fiadh búithreadh as ins an gcoill le n-a dtaobh agus d'fhreagair fiadh eile é as na coilltibh thall. “A Sheagháin an áir, an fada uainn an Léin?” ar an bhean uasal. “Ní fada, a bhruinneall óg na gcraobh,” ar Seaghán, “sin é Cnoc Tuirc ar d'aghaidh amach agus briseann an Léin as a ghualainn.” “An gcloiseann tú anois í? tá a guth go bog binn; is minic d'ólas bolgum ionnfuar dá fíor-uisge.” D'fhéach an bhean óg go cruinn ar an sruth, d'fhéach sí ar an loch; bhí an lá ag éirghe, ceó bán 'na shlaodaibh ar an uisge, súilíní drúchta ar dhuilleabhar na gcrann, agus an Léin ag crónán go glórach imeasg na mionchloch is na gainimhe mar do bhí sí fad ó nuair do chuir Oisín na Féinne an dabhach 'sa' loch. “Annsúd a chuireamar í i bhfolach mar a dtéidheann an Léin 'sa loch,” ar an bhean. “Tabhair dam an máilín sin,” ar sise. Tá cúilín cupógach caissearbhánach i dtaobh thiar do chrann agus dhein sí air. Chaith sí dhi an brat liath, d'fhill sí a gruaig ar a cúl agus bhuail sí coidhp chúinneach uirthe, agus annsain ghléas sí í féin i gculaith shnámhaidhe de shróll shleamhain. Bhí a leithéid d'athrughadh uirthe ar teacht ar n-ais gur shuarach nár imthigh sí as aithne Sheagháin. “Rachad-sa leat,” ar sé. “Maiseadh,” ar sí, “ghéabhair bríste anairte ins an máilín; brostuigh ort.” Do phreab an bheirt 'sa loch, shnámhadar amach, thumadar iad féin. “Lán duirn do ghrean an íochtair,” ar an bhean óg. Chor- ruigh an t-uisge ós a gcionn. I gceann tamaill chuir Seaghán, agus é leath-mhúchta, a phlaosg mór ciardhubh ar bárr, agus d'féach sé timcheall air. Fá cheann nóimit eile, do tháinig an bhean ar bárr chómh héadtrom le lacha. “Ar bhuail aon nídh leat?” ar an tumaire áluinn. “Ní fhacas dadamh,” ar an fear, agus do thaisbeán sé an dorn grin di. “Iarracht eile níos sia amach,” ar sí. Tháinig an fear ar bárr arís níos túisge 'ná í agus d'fheach sé i bhfus is tall. “Dar Muire,” ar seisean, “tá sí báidhte, ní fhan- fadh lacha fhiadhain fá uisge an fhaid seo!” Chorruigh an t-uisge i ngearracht dó nó i dtrí shlataibh dó agus bhrúcht mion-thonn ar sgreamh an locha, síneadh lámh mhín gheal aníos; shnáimh seisean go tapaidh fá na déin; noch- tadh ceann na mná, do shluig sí lán a béil de'n aer agus do thiomáin sí a h-anál aisde le fuinneamh. Rug sé ar láimh uirthe. “Bog díom; na tar am' ghoire,” ar sí agus do leig sí í féin ar a drom. “D'fhanas ro-fhada laistíos,” ar sí, “agus d'fhóbair ná h-eirgheadh liom, acht is dóigh liom go bhfacas an dabhach; tá sí annsúd i ngearracht seacht slata dhuit, act ní raibhe anál agam le dul fá na déin.” “Tabhair an t-sleagh chugham,” ar sí. “Rachad-sa síos an cor so,” ar an fear “bh'fhéidir nách bhfuil aon tsamhail 'gá faire agus beidh fhios agam go dearbhtha an bhfuil an cisde ann.” “Ó, rachad féin síos, d'imthigh an easbaidh anáile dhíom, agus béarfad an tsleagh liom,” ar an bhean og. Do shnáimh sí chum an phuirt, rug sí ar an sleigh agus d'fhill sí ar a hais. “Leig damhsa,” ar Seaghán. B'fhéidir go raibhe mian air an dabhach d'fheicsint acht b'fhéidir gur le fearamhlacht ná leigfeadh sé do'n mhnaoi í féin do thuirsiughadh. Acht gibé fáth é do thum sé é féin go prap. Dubharthas go raibhe meisneach an leó- mhain ag Seaghán agus is inchreidthe é, mar do throid sé le cúigear saighdiúirí aon uair amháin.
Mar sin féin ní túisge bhí sé fá uisge 'ná do thosnuigh sé ar únfairt. Do phreab sé ar bárr is do chuir sé sgread as do rachad thréd' chroidhe. Bhí a ghruaig 'na seasamh le h-uamhan is dath liath-ghorm ar a cheannachaibh. Níor bh'iongnadh dho-san mar do chonnairc sé uillphéist uathmhar uath- bhásach ar chruth con ag déanamh air, a béal ar dearg-leathadh, a cluasa 'na seasamh, agus lasair ag teacht amach as a súilibh. Níor fhan luadháil i n-aon bhall de. Ní mar sin do'n mhnaoi óig, do bhuail sí fá na dhéin, do phrioc sí leis an sleigh é agus do liúigh air snámhadh le n'anam, acht bhí an phéist ghránna ag teacht suas leo le gach léim. D'iompuigh an bhean óg uirthe chómh dána le deamhan agus do thug urchar di. Dho thiomáin an tsleagh isteach 'na béal dearg acht do shluig an phéist, dar leó, idir sleagh is sámhthach, mar do shluigfeadh sí bolgum uisge agus do thug sí léim fá dhéin na mná. Do thom sise í féin agus do rinne an phéist mar an gcéadna. Bhí Seaghán ag cur de chum an phuirt go mearbhallach. Tháinig an bhean óg fá uisge chum na trágha; do chaill an phéist fá uisge í agus do tháinig sí ar bárr arís ar buile. Do dhein sí ortha an dara h-uair, acht bhí uain bheag ag an mnaoi agus do tharraing sí an fear go leath-mharbh chum an phuirt. Do chualadar lapaidhe na péiste ag únfairt ar ghrean an locha agus ritheadar le na n-anamaibh. IV. “Buidheachas mór le Dia,” ar Seaghán an áir, ar a ghlúnaibh ar charraig i gCroma- ghleann, “is beag na grása do thuilleas, acht fuaras am chum aithrighe, agus ní shann- tóchad saidhbhreas go deo arís.” Chaith an bhean óg í féin ar a glúnaibh 'na theannta agus do chrom sí ar ghol agus d'éirigh an ghrian go taitneamhach ortha araon. “Ná goil a thuilleadh,” ar an fear, “muna mbiadh thusa do bheinn ithte. Dá mbiadh sé i ndán dam a leath-oiread do dhéanamh duit! Chuireas i nguais bháis thu agus b'fheárr liom bheith ag iarraidh déirce nó a' goid is a' marbhadh feasda, mar do bhím ar uairibh, 'ná cathughadh do chur ort.” “Ní gábhadh dhuit bheith ag goideadh 'ná ag marbhadh feasda, má's maith leat é. Tá mo dhóthain is breis agamsa. Bíodh a leath agatsa; cuirfidh sé ar do bhonnaibh thu. Roinnfead leat é i mbárach ar chor go dtabhairfir gealladh dam gan teacht im' radharc as so amach.” Do chrith gach órlach di agus do sceinn sí uaidh. Ní raibhe Seaghán bocht innmheamhail ar ghíog do labhairt. Chúm sé na focail acht stadadar 'na sgórnaigh. Ghabh sé misneach; rith sé 'na diaidh acht do chas sise ar a cois agus do thug sí drom a láimhe leis. “Bí ins an áit umanoirthear gur bhuailis liom ar dtúis,” ar sise, agus d'fhág sí 'na sheasamh cois croinn é go míoshásamhach. “Ní theasduigheann a cuid maoine uaim,” ar seisean, “acht dar Rígh na ndúl, do b'fheárr liom í féin 'na ór na cruinne. Féach an dá shúil sholusmhara úd aici ar dhath an drúchta, agus an luisne leacan 'nós triopall caor, agus na fiacla geala 'nós con. Buachaill bán iseadh mé. Ní ghabhaim mo leathsgéal féin. Ní chuirim mé féin suas is anuas léi,” — agus do rinne an fear bocht rud nár ghnáthach leis, tháinig briseadh croidhe goil air. An oidhche 'na dhiaidh súd bhí Bean an leasa 'na tigh féin i gCúm Luimine. Ní raibhe sí ar fóghnamh. Chuir an bhean bhainne a coin- neal ar bórd le h-ais an iomdhaidh mar ba ghnáthach. “Tá sé déidheanach ins an oidhche,” ar Bean an leasa, “is mí-fholláin an rud áirneán agus téidh a chodladh anois,” agus shín sise í féin 'na cuid éadaigh ar an iomdhaidh. Níor thuit néal ar a súilibh mar do bhí sí ag machtnamh. Bhí an fiolar 'na nead, an fiach dubh i
scoilt chairrge is a ghob fá na sgiathán aige, agus an sionnach is an cat fiadhaigh ag siubhlóid lasmuigh ar tí marbhtha. D'éist an bhean aonrach le glór-cheól easaidhe na gcnoc, acht níor tháinig codladh ná suan uirthe. Bhí sí ag cuimhniughadh ar thigh i bhfad ó bhaile i n-iarthar na Spáinne. Chualaidh sí an ghainimh lasmuigh dá fuinneóig ag corruighe mar a bhiadh duine éigin ag coisidheacht timcheall an tighe. D'éirigh sí 'na suidhe, thóg sí piostal seacht-mhuinéalach 'na láimh agus do dhruid sí go folaightheach leis an bhfuinneóig. D'fhéach sí amach. Ní raibhe duine 'ná daondaidhe ann. “Tromluighe, b'fhéidir,” ar sí. Shín sí arís, dhún sí a súile agus le neart inntinne do thuit míog chodlata uirthe. Taidhbhreadh di go raibhe fear fíochmhar fealltach ag cur na súl thríthe agus do dhúisigh sí le geit. “Caidé sin?” Dar léi, chualaidh sí i bhfad uaithe mar a bhiadh siolla píbe ar bhárr gaoithe. D'éist sí go h-aireach. “Is deárthach le gol mná é,” ar sí. D'eirigh sí ar leath- uillinn. Bhí an gol ag druidim 'na cómhgar; olagón brónach atuirseach do b'eadh é. Cloiseann sí go soiléir anois é, ceathramha mhíle uaithe, céad slat uaithe, céad troigh uaithe, fá dheireadh fá'n bhfuin- neóig mar ar choisg sé go h-obann. Phreab sí 'na suidhe, las sí coinneal, chualaidh sí mar a bhiadh éadach ag comailt le trusgán na cisteanaighe, d'fhéach sí fá dhéin doruis a seómra, agus i dtaobh istigh de'n táirsigh bhí bean chaol árd uaibhreach 'na seasamh, brat liath uirthe, a croiceann buidhe, a folt cas dubh, fáinnidhe óir ar a méaraibh, biorán dearg-óir ar a brághaid agus máilín uaine 'na láimh aici. “Cia tá uait?” ar Bean an leasa le guth do bhain fuaim as na frathachaibh. Bhí an tsamhail ag cur na súl thríthe — súile chomh géar le meanaithe, acht níor labhair sí gíog. Sciob Bean an leasa a piostal, sgaoil sí piléar uirthe, piléar agus piléar eile. D'éirigh an deatach. Bhí an tsamhail mar a raibhe sí, agus na súile géara céadna uirthe. Sgaoil Bean an leasa piléar eile agus do thug fogha fá n-a déin chum í bhualadh le dorn-chúl na h-uirlise, acht níor bhuail dadamh léi. Bhí an t-samhail imthighthe mar do shúghfadh an talamh í. Liúghuigh an bhean bhainne ins an tseomra thuas le h-eagla, agus do sceinn Bean an leasa le trí choiscéim amach as an dtigh fá chiúineas na h-oidhche dorcha. Nuair do shéid an ghaoth ar a malainn, chroith sí í féin. “Baoth-thaidhbhreadh do b'eadh é, b'fhéidir, acht go h-áirighthe ní chreidfead pioc de mar ní dheárna samhail riamh fós díth do dhuine,” ar an bhean dhána so. Do shaltair sí ar rud éigin ins an dorchacht. Sul a raibhe aimsir aici ar fhéacaint, bualadh baic-bhéim ins an uillinn deis uirthe, thuit an piostal as a láimh agus rughadh greim docht tarsna an chaoil uirthe, agus cuireadh soc piostail fá bhun a cluaise. Leig sí sgread — an céad sgread ó d'éirigh sí suas i n-aois mhná. “Faol! Faol!” ar sise. Chuir an fear gáire as. “Mhar- bhuighis Faol, mar do rinnis leis an gCúintís Sturm,” ar seisean. D'fhéach sí ins an dorchadas, tar a gualainn ar an bhfear. “Aodhaire na gcaorach atá ann,” ar sí. “Is mé go díreach,” ar seisean, “leanas ó'n bhFrainnc thu agus géill anois, atá do ghnó déanta. Ná cuir cor i gcois 'na láimh leat, nó cuirfead piléar thríot ar an láthair.” Tharraing sé crios leathair as a phóca, bhuail sé go clisde tar a cuisleannaibh é ó'n dtaobh thiar, rith sé a rinn thré lúib i dtaobh thiar dá sleannánaibh agus cheangail sé go dlúth docht í. “Tá úsáid do lámh agat
ó na h-uilleannaibh amach,” ar sé go mín. “Tá,” ar sise, ins an nguth céadna. “Bleachtaire is eadh thu, bhí amhras agam ort le mí nó mar sin,” ar sí. “Ó, ná bac sain de,” ar sé, “beidh aimsir ár ndótham againn le trácht thar na gnóthaidhibh sin ar ball; tá cumhdach id' bhrollach agat, agus atá na clocha uaisle ann is dócha? Sín annso chugam iad, acht fan go fóil, tógfad féin iad.” “Ná tar im' ghoire, a bhleachtaire bhréin,” ar sí, “rugais barróg dhocht orm le feall, acht do bheirim buidheachas le Dia, níor chuir fear riamh roimhe seo bárr méire orm.” “Ó! nach banamhail atámaoid,” ar sé. Do chaith sí chuige an cumhdach agus d'fhosgail sé é go tapaidh; “h-aon, dó, trí — tá na naoi gclocha seóid ann go dearbtha”, ar seisean, “acht is suarach nach bfuilim dall uatha. Nach lonnrach atáid siad! Is maith an díol as dúnmharbhadh iad.” Bhailigh lasair i súilibh na mná, dhún sí a carbal go docht agus tháinig na focail thré na fiaclaibh iadhta. “A chruimh,” ar sí, “muna mbiadh gur ghreamuighis mé go fealltach ní éistfinn leis an easonóir sin. Ní dún- mharbhthóir mé ar aon chor.” Chumail an bleachtaire a lámh go mín d'á ghrabhas, 'nós cait 'á nígheadh féin, agus chrom sé ar mhion- gháiridhe. Tháinig cradhsgal ar an mnaoi óig roimh dranntán an ainmhidhe seo. Thug sí a cúl leis agus labhair sí léi féin ós íseal. Chuir an bleachtaire cluas air féin. “Má tá dligheadh ins an tsaoghal ní dhíoghalfad as.” “Crochfar thú, sin é dhéanfar leat,” ar an bleachtaire go meidhreach. “Tá an oidhche 'gá caitheamh, is cóir dúinn bheith ar siubhal. Tá dhá chapall agat, tabhair dam na h-eochracha.” “A bhean bhainne, cá bhfuilir?” ar sé. Liúgh sise i n-árd a cinn 's a' gotha, “táim annso, ochón, tá fanntais orm.” Gháir an bleachtaire leis féin is phreab sé suas an staighre. Bhí an bhean bhainne fá'n leabaidh agus an tocht is an t-éadach leaptha anuas uirthe. “Buail amach as sain go diair is gléas na capaill dam nó cuirfead pilear thríot-sa leis.” “Mhaise an bholgach ortsa, a aodhaire bhig bhuidhe, an tú sain? ” ar sí, agus a súile ar leathadh uirthe. “Brostuigh, bros- tuigh,” ar sé, “tabhair brat leat chum mo chime, agus bíodh ort féin má chuireann tú méar ar aon nídh ba leis an mnaoi seo go dtagad-sa ar ais. Corruigh ort anois.” D'fhéach an bhean bhainne ar an mbleach- taire; d'fhéach sí ar an mnaoi óig chiúin. “Tá an t-aodhaire beag gránda coimhightheach so 'gá fuadach,” ar sise lé féin, agus do chas sí pililiú is olagón do bhain fuaim as na cnocaibh. Níor chuir Bean an leasa suim innte. Ní mar sin do'n bhleachtaire, lúb sé a eachlasg 'na láimh agus chuir sé stiallacha ar an mnaoi bhainne ó bhonn a cos go mullach a cinn. “Seadh anois dhuit,” ar sé, “a' ndéanfair rud ormh?” acht sceinn sise uaidh i n-aghaidh an chnuic ag liúghraigh. “Ar muin go tapaidh,” ar sé. “Ní fhuil luadháil im' lámhaibh, tá an crios róchumh- ang,” ar sise. “Cabhróchad-sa leat, is áil liom cung- namh do thabhairt do mhnaoi uasail,” ar seisean, le smigeadh gáire. Bhuail sé a lámh féin thré shrian a capaill, phreab sé ar a each séin agus thugadar a gcúla ar Chúm Luimine. Chuir na capaill srannadh asda agus thosnuigheadar ar shodar. D'eiteall naosgaigh anois is arís as mhongaibh ar thaobh an bhóthair agus bhíodhg pilibín míodhg ins an gcurrach, acht ní raibhe gíog as an mbeirt mharcach. Bhí an oidhche dubh dorcha acht ní raibhe sí leath chomh dubh dorcha le croidhe na mná. Do sceinn rud éigin tarsna an bhóthair ag caol na searrach. Thóg capall na mná sgéan agus d'éirigh sí ar a cosaibh deiridh
“Fair do chapall, a bhean,' ar an bleach- taire go feargach. Bhuail sé stiall dá lasg ar an gcapall, shnaidhm an lasg ar lámhaibh cuibhrighthe na mná agus rith an phian thré n-a croidhe. “Is fearamhail an duine thú,” ar sise. “Á!” ar seisean, “d'aithnigh- eas cionnus do bhiadh sé, caithfead beagán d'íde na mná bainne thabhairt ort-sa, aithnighim, acht míneochad-sa thu, a bhean bhorb,” agus do bhain sé smúit as a guailnibh leis an gcnáib. Sul a raibhe an dara buille buailte aige do léim ailp dhorcha 'na threó as díg an bhóthair, agus bhí greim láithreach ag Seaghán an áir ar ubhall sgórnaighe air. Fá cheann nóimit bhí an bleachtaire ar a bhéal is ar aghaidh ar an mbóthar agus Seaghán ag cluas-fheadghail ar marcaigheacht air. “Caidé an gníomh so agat ar bun, a bhioránaigh?” ar Seaghán. “Éirigh suas díom, a bhitheamhnaigh, agus ná bris an dligheadh.” “Mhaise ciach ar an ndligheadh, táim 'gá bhriseadh i gcomhnuidhe, mo mhallacht uirthe, ba dhóigh leat gur mhithid di bheith briste 'na brúsgar fad ó, acht tá sí righin mar thu féin,” ar Seaghán ag brúitheadh is ag fuin- neadh an bhleachtaire i gcoinnibh na mion- chloch. Bhí an bleachtaire ag únfairt ag iarraidh éirghe, acht níor chás do agus Seaghán anuas air. “Thánghaois i ndiaidh mo chúil orm.” “Mhaise is cuma dhuit cionnus do thángas,” ar Seaghán 'gá mheilt a's 'gá mhilleadh go sásta. Fuair an bleachtaire a lámh dheas réidh agus do fuair sé faill ar an marcach neamh- fhaireach. Dhruid sé go h-aicillidhe soc piostail siar fa 'n asguill agus do sgaoil sé piléar ar Seaghán do chumail dá leasra- chaibh is do ling le fead thré n-a bhrat. “Uch! an é sin d'intinn?” ar Seaghán; “shaoileas ná rachadh an sult chomh fada sain. Chím go bhfuilir daríribh! D'fhás is d'at féitheanna cuirp an bhuachalla bháin, tháinig fuinneamh fíochmar 'na ghéagaibh, bhain sé gleamhaisg is gíosgán as a fhiaclaibh, bhuail sé glún i gcaol droma an bhleach- taire is crobh i mbaic a mhuiníl, rug sé ar thárr no pura air leis an láimh dheis agus d'fhill sé ar a chéile é. Chualaidh an bhean óg cnag agus cnead. D'éirigh Seaghán 'na shuidhe. “Tá cnámh droma an ghlaimhínigh seo briste,” ar sei- sean, “acht níor ghábhadh dhó é.” “Dar muine, ataoi ceangailte, a bhruin- neall óg! bhí an gnó níos measa ná shaoileas.” Do thuirling an bhean óg, chuir sí lámh i bpóca an duine mhairbh, agus tharraing sí na clocha seóid amach as. Do shín sí arm an bhleachtaire chum Seagháin; “thuillis é,” ar sí, agus thóg sí a h-arm féin agus chuir sí 'na brollach é. “Ba mhaith an sás fógartha thabhairt uaithe an bhean bhainne.” “Ba mhaith,” ar Seaghán, “gidh go raibhe mearbhall uirthe, acht níor fhanas leis an sgéal ar fad.” Chuaidh Bean an leasa le h-aon truslóig amháin ins an ndiallait. “Slán leat, a Seagháin an áir,” ar sise, “curadh an lae chruaidh is eadh thu.” Chaith an capall a ceann i n-áirde is do rinnc sí go h-uaibh- reach ar an mbóthar. Bhí a shúile ar leathadh ar Seaghán. “Mhaise, caidé an fuadar so fut, ámhach? “Táim ar tí dul go dtí an Spáinn chum an dlighidh do sheasamh.” “Mhaise, luighe na bfód ar mhuintir an dlighidh, is olc an siut iad, fan amach uatha, is beag an ionntaoibh atá agam-sa asta,” ar Seaghán bocht, mar ní raibhe taithighe aige ar dhligheadh chóir. Bhí deór i súil na mná, acht ar a shon sain leig sí gaire beag meidhreach, agus shín sí lámh mhín gheal chum Seagháin. “Ní mar sin damhsa,” ar sise, “bainfead ceart agus cóir asta, agus sul a bhfágfad thu badh mhaith liom gibé nídh chloisfir im' thaobh go gcreid- fir go bhfuilim neimh-chionntach.” Rug
Seaghán ar an láimh agus phóg agus phóg arís í. Tharraing an bhean óg a lámh go mall uaidh fá dheireadh agus do rinnc an capall arís. “Ambás,” ar Seaghán bocht, agus cnap 'na sgórnaigh, “leigfir dam tu thionnlacan seal go h-áirighthe.” Ní dubhairt an bhean óg 'seadh 'ná ní h-eadh, agus thug sí a ceann do'n chapall agus seo chum siubhail í 'nós gála gaoithe. Thug Seaghán aon radharc amháin fá dhéin na gcnoc, phreab sé ins an ndial- lait i n-áit an bhleachtaire agus as go bráth leis i ndiaidh na mná óige. Ar uair an mheádhóin oidhche do shroicheadar Céim an duibh, Bean an leasa i dtosach agus Seaghán an áir i bhfogus di. Thug capall na mná óige geit agus chuir sí srann aiste, sheasaimh sí ar dearg-lár an bhóthair, a cluasa i n-áirde agus a ceann 'san aér. “Ná bí dúr anois, a ‘sgamaill an tsléibhe’,” ar Bean an leasa go mín mánla agus thochuis is chumail sí mong an chapaill acht ní rachadh sise céim ar aghaidh. Tháinig Seaghán suas léi agus d'fhéach seisean ar aghaidh. Phreab sé anuas d'á chapall féin agus rug ar bhéalmhach an chapaill eile; “ní fhuil ann acht capall ar scáth faille agus mála ar a ceann,” ar sé, mar bhí radharc maith aige- sean isdoidhche. Leis sin tháinig duine aosda amach ar an mbóthar. “Leanaidh libh i n-ainm Dé” ar sé, “tá súil agam nachar chuir mo shean-láir sgéan ar bhar gcapall aibh.” “Dar liaigh,” ar Seaghán leis féin,” is é an tAthair Mícheál atá ann, d'éis na h-ola chur ar dhuine éigin 'sa' ghleann.” “Mhaise, a athair Mícheál,” ar sé, “ní gábhadh dhuit do leithsgéal féin do ghabháil.” “Arú, an tu sain, a Sheagháin an áir, a dhuine bhoicht mhío-ádhmharaigh, ní fuláir gur droch-fhuadar éigin atá fút, mar ba ghnáthach.” “Ní h-eadh, a Athair, táim réidh le droch-bheartaibh feasda.” “Is maith an rud geallamhaint mhaith, acht is feárr cóimhlíonadh,” ar an sagart, “agus cia h-e sin led' chóis?” “Uch! dar mo phortús, is bean atá ann.” “Ná h-agair beart ar neach neimhchionntach, a Athair,” ar Seaghán. “Is sean-fhocal é,” ar an sagart, ag machtnamh leis féin. “Tá an bhean uasal so ag dul tar sáile agus táim ag déanamh cuideachtan di seal de'n bhóthar.” “Tá go maith,” ar an sagart. “Anois nó riamh, a bhean an leasa,” ar Seaghán. Bhí mar do bheadh creatha fuachta ar an mnaoi óig acht fá dheireadh do chuir sí aighneas ar an sagart. “Eist liom go fóil a athair,” ar sise, “Tá rún agam le h-innsint duit:— Tighearna do phríomh-fhuil na Spáinne do b'eadh m'athair agus Éireannach do b'eadh mo mháthair. Tá bás na Conntaoise Sturm dá chur im' leith acht ní bhfuilim cionntach agus táim ag dul ar ais chum ceirt d'fhághail. Mheall an deamhan-bhean úd m'athair, sgrios sí sinn, bhris sí croidhe mo mháthar, ghoid sí deich gclocha seóid uainn, sgaip sí ár gcuid maoine, dhíbir sí mo dhearbhrathair, mheall sí 'na dhearg-mheisge udhacht ar a son féin óm' athair bocht agus annsain thug sí nimh do. D'admhuigh sí dham é — chuireas d'fhiachaibh uirthe é, ámh, mar do leanas í do'n Fhrainnc, do'n Almáinn agus go teach ósda i dtír na Rusach. Ba lem' athair na clocha seóid seo agus ní léi-si; thairgeas cuid acu dhi — trí cinn — i gcás ná cuirfeadh sí chuige mé, acht chrom sí ar stealla-mhagadh fúm, agus gidh gur thugas rabhadh dhi caidé an saghas mná mé, gháir sí lem' bhéal, acht do phreabas im' shuidhe chum a chur d'fhiachaibh uirthe géilleadh dham nó chuirfinn piléar thré n-a croidhe; do dhruid sí uaim i ndiaidh a cúil agus do thuit sí amach an fhuinneog, céad troigh nó níos mó. Tá amhras ag an ndligheadh orm agus táim ag dul ar ais.” “Caidé mo leigheas-sa ort, a bhean uasal,” ar an sagart. “Féadfair Cúm Luimine agus an mhaoin do thabhairt do'n mhnaoi bhainne?” “Déanfad an méid sin duit go h-áirighthe,” ar an sagart. “Seadh, má'seadh, bead ar siúbhal anois,” ar bean an leasa.
“Go n-éirghidh do bhóthar leat,” ar an sagart. Chuir Bean an leasa a lámh ar mhuing a capaill agus do sceinn sí 'nós éin ar a muin. Leig Seaghán an áir liúgh as — “leanfad í go deireadh an domhain.” D'fhéach an bhean óg ar an sagart, d'fhéach seisean ar Sheaghán an áir agus uirthe sin. “Tuigim,” ar sé, agus do phós sé an bheirt úd ar uair mhairbh na h-oidhche ins an mbeárnain uaignigh, ag Céim an duibh imeasg na gcnoc scáilmhear ciúin. Bhain an dá chapall teine chreasa as an mbóthar, agus do chogain sean-láir an tsagairt a dorn coirce, agus do mhachtnuigh seisean is do ghabh sé a phaidrín. Tamall 'na dhiaidh súd tháinig oifigeach airm ó pharóisde an teampaill nua tar n-ais ó'n Spáinn. Bhí aithne mhaith aige ar Sheaghán an áir agus ar a mhnaoi. Bhí Sheaghán 'na dhuine uasal áluinn chreideamhnach agus budh ise an bhean ba dhéirceamhla agus ba dhaonnach- tamhla ins na críochaibh thall tar lear. Bhí dligheadh mór mar gheall ar na clochaibh seóid agus bás na Conntaoise Sturm, acht fuair Bean an leasa an buadh. Franncach do b'eadh an phríomhfhínné bhí 'na coinnibh. Fear claidhimh clisde do b'eadh é acht bhuail Seaghán an áir 'na threó aon lá amháin chum cómhraic aon-fhir do chur air agus d'éirigh iomarbháidh i dtaobh togha na n-arm cómhraic eatortha agus rug Seaghán ar chéas- cinn air agus do chroith é mar do chroithfeadh gadhar franncach. Dubharthas gur chroith Seaghán an áir na bróga dhe chosaibh an Franncaigh leis an iarracht úd acht pé i nÉirinn é theith an Franncach le n'anam agus ní fhacathas go deo arís ins an cheanntar é agus d'a bhárr sain thuit an tóin as an gcoir do bhí curtha fá leith na mná. Dubhairt an t-oifigeach airm fós go ndubhairt Bean an leasa leis go gcluineadh sí ar uairibh, dar léi, méidhligh an uain i gCúm Luimine, géim na bó, liúgh an fhiolair agus crónán easaide an chnuic. Pádraig Ua Séaghdha.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services