Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bean an Leasa.

Title
Bean an Leasa.
Author(s)
Ua Séaghdha, Pádraig,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEAN AN LEASA.



TÁ feirm mhór i gCiarraighe,
gairmthear CúmLuimine
uirthe. Tá dhá mhíle acra nó
níos mó ins an bhfeirm
úd. Gleann innte féin
is eadh í — cnuic árda 'na timcheall, mar a
ngnáthuigheann an madadh ruadh, an fiolar,
an fiach dubh is an seabhac.



Tá srutháin innte 'gá stealladh
féin le fánaidh imeasg failleacha, agus abha ghlórach
ghargach ag snámhadh a's ag sníomhadh tré
n-a lár. Currach ar aon taobh amháin di, agus
bóthar ar imeall an churraigh, agus na sléibhte
ar gach taobh eile dhi.



Anois is arís do thógadh bean nó fear
tar lear an fheirm úd ar chíos acht ní
choingbheochaidís í acht a dó nó trí de
bhliadhantaibh.



Deirthí go raibhe mí-ádh éigin ar cheann
na feirme. Deireadh daoine baotha go raibhe
samhail éigin dá feicsint ins an tigh slinne
atá curtha suas 'na lár. Deireadh daoine
ciallmhara go raibhe sí ró-dhaor agus go
gcreachfadh sí gibé duine do thógfadh í.



Acht aon nídh amháin bhí sí i n-áirde ar
feadh tamaill mhaith aon uair amháin gur
casadh bean óg ins an tslighe, agus do thóg
sise an fheirm go tapaidh.



Bean chaol árd do b'eadh í. Bhí sí dath-
amhail go leór, acht deireadh caile gan tuig-
sint annso is annsúd go raibhe faobhar


L. 350


'na radharc do chuirfead faithcheas ort, acht
ní chreidfeadh na fir óga an chúl-chaint seo
ar aon chor.



Do cheannuigh an bhean óg scata breágh
caorach, agus do b'é CumLuimine an áit do
chuirfeadh bléin reamhar mhaoth ar an
gcaoirigh. Do leig si amach fá'n gcnoc
iad agus tréadaidhe 'na bhfeidhil. Chonnairc sí
fá n-a súil féin go mórdhálach a machaire bó
dá gcrúdh ag ceathrar ban.



Bhí trusgán tighe aici go fulúirseach, idir
leapthacha, iomdhaidhe, bosgaidhe, cómhraidhe
is cathaoireacha, agus 'na theannta sain gach
saghas uile bhídh agus dighe bhiadh ag teasdabháil
i dtigh.



Ba ghnáthach léi féin bheith i bhfeidhil na
mbó, slaitín taithfhéilinn 'na láimh aici,
leabhar fá na h-asguill aici, agus cú chíocrach
chómh h-árd le bromach le n-a cois.



Ba ghnáthach léi seasamh ar bhárr faille agus
féachaint timcheall uirthe ar na cnocaibh.



Bhí radharc chómh géar sain aici gur
bh'féidir léi na caoirigh do chómhaireamh
imeasg na mbeann agus an t-aodhaire d'fheic-
sint ar scáth faille, nó ar a thárr i n-áirde
ar plás mhín ar bholg an chnuic.



Ní raibhe aon fhear ar an bhfeirm seo acht
amháin an t-aodhaire, agus do b'éigean do-san
a bhóthar do thabhairt air gach tráthnóna
d'éis na gcaorach do mhachughadh, agus dul chum
codlata go teach cómharsan tar teórainn
na feirme. Do b'éigean do na cailíníbh
aimsire an rud céadna do dhéanamh, acht
amháin an bhean bhainne, agus do chodladh sí sin
i seómra uachtarach an tighe.



Is annamh do labhradh bean an tighe chuice.
Do b'é gnó na mná bainne gach oidhche,
coinneal ar lasadh do bhualadh ar bhórd i lár
an urláir cois an iomdhaidh, peiliúr nó adhairt
do chóiriughadh ar cheann an iomdhaidh, braitlín
is cuilte do leathadh air agus gan aighneas
níos mó do chur ar mhnaoi an tighe.



“Is greannamhar an bhean í,” ar an bhean
bhainne, “ní labhrann sí gíog chugam, beag
nach; rinneas mo lán-dícheall chum cómhráidh
do chur uirthe isdoidhche acht níor bh'é aon
mhaitheas dam é.” “Dubhairt sí liom aon
uair amháin, le geit, gur cheannuigh sí an
fheirm seo i gcómhair bráthar di atá ins na
h-Indiachaibh Thoir i gcás go mbiadh ait cómh-
nuidhthe aige nuair do thiocfadh sé a-bhaile.”



“Is breágh an bhean í muna mbiadh an dá
shúil úd aici,” ar ceann eile de na cailíníbh.
“Tá sí macánta mánla, agus ní dóigh liom go
marbhóchadh sí sgiathán leathair,” ar an bhean
bhainne. “Cad is ainm di, ámh?” ar an
cailín eile. “Ní fheadar 'on domhan bhraonach,
acht glaodhaim-se “Bean an leasa” mar
leasainm uirthe, gidh gur mór an náire
dhúinn bheith ag cúl-chaint uirthe, mar tá sí
ciuin carthannach go leór.”



II.
“Bail ó Dhia ar an obair, an bhfuil bean
an tighe ag baile?” ar bean siubhail leis na
cailíníbh. Leis sin do tháinig “Bean-an
leasa” amach 'san dorus. D'fhéach sí ar
an mnaoi shiubhail, leig an uillphéist chon le
'n-a cois amhastar lán-ghlórach aisde, chuir sí
colg uirthe féin, is d'éirigh an fionnfadh ar
a muineál. “Faol! Luigh síos go diair,”
ar Bean an leasa. Níor chuir an chú suim
innte, agus leig sí glam eile aisde. “Luigh
síos, adeirim leat! ná bíodh eagla ort, a
bhean bhocht.”



Níor leig an chú uirthe gur chualaidh sí í.
Chuir Bean an leasa a lámh 'na brollach,
tharraing sí úirlis teineadh amach as, agus
sgaoil si piléar thré chroidhe na con. “Múin-
feadh-sa dhuit an neamhshuim do chur im' chuid
aighnis!”



Bhuail sí slaitín fá na h-asguill i
dteannta an leabhair is bhuail sí amach fá'n
gcnoc go mín mánla, mar ba ghnáthach, gidh
go raibhe crádh croidhe uirthe gan fhios. Bhí
an bhean bhainne ar baille-chrith. “Seadh
anois, nách deas an bhean óg í!” ar cailin
na gcearc.


L. 351


“Dar so 'gus súd,” ar an bhean bhainne
“ní h-ionntaoibh bheith na cuideachta; a
leithéid sin de ghníomh ní fhacathas riamh!
Sceinnfead as an dtigh seo láithreach.”
“Ó, ní gábhadh dhuit sin,” ar cailín na gcearc,
“gheobhair marcaigheacht bhreágh as.” “Mar-
caigheacht, an eadh?” “Seadh go díreach, ar
ghuailnibh fear, cumhdach deas cluthmhar ort,
is mathshluagh ad' thionnlacan.” “Ó, a Rígh
na bhfeart! sin í mo shochraid, a chaile gan
truagh gan trócaire,” agus do phléasg an bhean
bhainne ar ghol. Bhris trithidhe gáiridhe ar
chailín na gcearc. “'Duine a' gol is
duine a' gáirídhe, is sean-fhocal é,” ar
aodhaire na gcaorach ag triall isteach 'sa
mhainreach chuca. Chuir sé cluas air féin
fad do bhí an bhean bhainne, idir a deoraibh,
ag tabhairt tuairisge báis na con is feirge
na mná dhó.



“A bhean gan chéill,” ar seisean, “ná
bíodh eagla ort roimpe, déan rud uirthe,
déan do ghnó mar dheinim-se agus ní baoghal
duit í.” “Acht ní chuirimíd piléir i ndroch-
mhadraidhibh; tachtamaoid iad!” ar an bhean
bhainne. “B'fhéidir é, b'fhéidir é,” ar an
t-aodhaire ciallmhar, “na bí 'ar mbodhradh
mar gheall ar mhadraidhibh; is ionann bás
le piléar is bás le gad. Teasduigheann
sciobas bainne uaim, tá íota orm.” “Acht
ní fhéadaim é chur as mo cheann,” ar an bhean
bhainne. “Is ait an bhean tu. Thuill an
chú a bhfuair sí is dócha agus is cuma liom caidé
an saghas báis gheibheann a leithéid siud do
mhadra, níor thaitn sí liom is níor thaitneas
léi, an bhfeacabhair an colg do chuir sí
uirthe féin nuair do chonnairc sí ag triall
tarsna an mhachaire me?” “Ó, shaoileas
gur ar an mnaoi shiubhail do bhí an chú ag
amhastraigh, agus shaoil an mhaighistreás leis
é,” ar an bhean bhainne. “Go deimhin is go
dearbhtha,” ar cailín na gcearc, “ní mar
sin damhsa, mar chonnarc an firín buidhe
casta so ag gabháil chugainn i leith.” “Ó,
go raibhe maith agat, a bhean óg aluinn,” ar
buachaill na gcaorach. Fuair sé an deoch
agus d'imthigh sé i bhfeidhil a ghnótha.



Bhí Bean an leasa fá'n am so suas
imeasg mhullach na gcnoc, go canncarach
buaidheartha i ndiaidh na con cuthaigh ba
ghnáthach bheith le na h-ais agus do chodladh gach
oidhche 'gá cosaibh.



“Tá cith chugainn,” ar an bhean óg nuair
do chonnairc sí an caipín ceoigh ar Mhullach
an Aitinn. Ní raibhe uirthe acht brat éadtrom
agus d'iompuigh sí i leathtaoibh ar scáth faille
nuair do chonnairc sí an raisde ag séideadh
timcheall an mhullaigh. Thárla gur bhuail
rábaire fir léi, sínte go suairc cois na
faille. Phreab sé 'na shuidhe go béasach is
d'umhluigh sé dhi.



“Suidh,” ar sise, “suidhfead féin, táim
tuirseach tar éis an turuis seo i gcoinnibh
an fhaobhair.” “Is beag an iongnadh sain,
a bhean uasal,” ar an fear, “tá na cnuic
seo árd uaigneach.” “Ó, i dtaobh an uaig-
nis, ní ghoilleann sé sin orm, do mhairfinn
go deó imeasg na gcnoc so; féach an mhuir
mhór laistiar dínn, agus beann ar beann las-
tuaidh.” “Tá aithne mhaith agam ar gach
beann acu, táid siad an-bhreágh, acht is
deacair cíos do dhíol asta,” ar an fear.
“Do h-oileadh thu 'na 'measg is dócha?” ar
sise. “Is amhlaidh é,” ar seisean. “Ní
rabhais riamh as a radharc?” “Ní rabhas.”
“Is sonaidhe suairc í do bheatha.”



“Is eadh, 'gus ní h-eadh.”



“Cá gcómhnuidheann tú?” “Imeasg na
sionnach.” “Cad is ainm duit?” “Seaghán
an áir do thugaid siad orm.”



“Is ait an ainm í,” ar sí. “Ní gan fáth
do fuaras í, act aon nídh amháin,” ar sé go
meidhreach, “buachaill bán is eadh mé, méir-
leach mar adéarfá, do bhris gach dligheadh
chum a thoil féin d'fhágháil.”



Thug an bhean óg preab, agus d'fhéach sí air
go géar. “Mar sin féin, ná bíodh eagla
ort-sa rómham, ní dheinim feall ar mhnáibh,
ní mó ná rinneas fuiliughadh ar fhearaibh


L. 352


gan fáth. Cuireadh as mo sheilbh mé, agus as
mo mhaoin shaoghalta, agus ní rún a rádh gur
bhaineas gé asta i n'ionad sain go minic.”



Bhí sí ag féachaint air go cruinn. “Ná
bíodh eagla ort-sa ar a shon sain.” “Eagla!“
ar sise, “geallaim dhuit nach bhfuil, 'ná
droch-mheas agam ort leis; b'fhéidir gur
thuilleadar an t-éirleach d'imris ortha.”
“Dar mo bhaiste, a bhean óg gur mór liom
thu, d'éis an fhocail sin,” ar an buachaill
bán, ag lasad suas le h-áthas.



“Cad do ghlaodhaid siad ar an loch úd
ins an ngleann lastoir dínn?” ar sí.
“Loch Brain is ainm di, agus atá cú innte chómh
h-árd le bromach,” ar seisean. Chuir an
bhean óg a lámh féin ar a cliabh agus chuir sí
osnadh aiste. “Bhí cú agamsa chómh mór le
bromach, leis, acht níor chodail sí riamh fá
uisge, agus níor chualas riamh is ní chreidim gur
chodail aon chú eile fá uisge.”



Bhí an sgéal ar bhárr a bhéil ag an
mbuachaill mbán mar d'fhaisnéigh sé go
minic é. “Ó, tá an chú úd fá dhraoideacht,
tá fhios agat, Bran is ainm di. Tá an
sgéal fíor, agus atá an chisde úd i bfolach i
Loch Mhucrois; dabhach óir is ead í, trí
troighthe cómhchruinn, lán d'ór go bruach, ní
fhuil sí acht fiche troigh fá uisge agus measaim
nach bhfuil sí acht fiche troigh ó imeall an
locha.



“D'innis seanchaidhe dham é i gCroma-
hleann. Ní leigfeadh eagla d'aoinne' an
dabhach do thógbháil, ó tá Bran is Sgeólán
'na gcodladh gach re n-oidhche uirthe. Creidim
go ndeachaidh máirnéalach Sagsan síos fad ó;
bhí Bran 'na lúib ar chumhdach na daibhche agus
cuireadh a leithéid sin do sgannradh ar an
máirnéalach gur chaill sé a chiall. Dá
mbiadh an t-ór úd agamsa do bhainfinn sult
as an saoghal, agus cuirfead fúm fós an
dabhach do thógbháil.”



“Is deas an sgéal é, acht ní fhuil ann
acht sgéal,” ar an bhean óg. “Má tá uisge
i linn, tá an dabhach annsúd.” “Cia chuir
ann í?” “Seo mar do bhí sé,” ar an fear.
“I n-aimsir Fhinn mhic Chumhaill, bhí imreas idir
an t-áirdrí Cairbre agus na Fianna. Bhí
Osgar agus Cairbre ag sanntughadh a chéile mar
do chífeá dhá tharbh buile ag cur púic ortha
féin ar tí cómhraic. Bhí Oisín glic, agus bhí
fhios aige dá dtiocfadh leó bruighean do
ghabháil gurab í sin an t-ár ba mhó dá
bhfacathas riamh roimhe-sin 'ná do bhiadh go
deo 'rís. Leis sin do bhailigh sé maoin na
Féinne idir ór is seóid agus do bhuail se
isteach i ndabhach óir í, agus do chuir i bhfolach í
i Loch Mhucrois. Chuir sé fá bheartaibh
cruadha Bran is Sgeólán an dabhach
d'fhaire go dtagadh sé féin nó Osgar dá
h-iarraidh ortha. Chúm sé leath-bheann agus sid
í í:—



“Annsúd a chuireamar í i bhfolach
Mar a dtéidheann an Léin 'sa loch!”



Ba gheárr 'na dhiaidh súd gur leagadh an
Fhéinn go léir i nGabhra Mhór agus gur éaluigh
Oisín le Niamh Chinn Óir go Tír na n-Óg;
agus níor tháinig seisean 'ná Osgar ag éileamh
an chisde fós ar Bhran.”



“Fáith-sgeal áluinn is eadh é,” ar sí.
“Sin mar adeirthear, acht ar a shon sain tá
fhios ag gach duine go bhfuil an tuairisg
fíor acht ní leigfeadh eagla dhóibh dul fá
dhéin na daibhche úd, gidh go gcreidid siad go
bhfuil sí ann agus an chú 'gá faire. Dá mbiadh
oiread agam-sa is do cheannóchadh téada
is dhá chapall do bhiadh an dabhach agam fá'n
am so.”



“A mbás ní choingbheochadh cú dabhach óir
uait, acht ba chóra dhuit fhios a bheith agat ar
dtúis an bhfuil an dabhach ann sul a
ndéanfá cuma do ceapadh le n-a tógbháil.”
“Measaim go bhfuil ciall is éifeacht leis
sin.”



“Taisbeán damhsa an áit,” ar an bhean
óg,” agus beidh a fhios agam an bhfuil
an dabhach ann.”


L. 353


III.



Oidhche Bhealtaine bhí fear agus bean ag
triall tarsna Chroma-ghleanna, slaitín fá
asguill na mná, agus sleagh i láimh an fhir agus
máilín leathair ins an láimh eile aige.
Bhíodar araon caol cumasach fuinnte féith-
leógach; brat liath ar an mnaoi agus falluing
chrón ar an bhfear. Chuir fiadh búithreadh as ins
an gcoill le n-a dtaobh agus d'fhreagair fiadh
eile é as na coilltibh thall. “A Sheagháin
an áir, an fada uainn an Léin?” ar an
bhean uasal. “Ní fada, a bhruinneall óg
na gcraobh,” ar Seaghán, “sin é Cnoc Tuirc
ar d'aghaidh amach agus briseann an Léin as a
ghualainn.” “An gcloiseann tú anois í?
tá a guth go bog binn; is minic d'ólas
bolgum ionnfuar dá fíor-uisge.”



D'fhéach an bhean óg go cruinn ar an
sruth, d'fhéach sí ar an loch; bhí an lá ag
éirghe, ceó bán 'na shlaodaibh ar an uisge,
súilíní drúchta ar dhuilleabhar na gcrann,
agus an Léin ag crónán go glórach imeasg
na mionchloch is na gainimhe mar do bhí sí
fad ó nuair do chuir Oisín na Féinne an
dabhach 'sa' loch.



“Annsúd a chuireamar í i bhfolach mar a
dtéidheann an Léin 'sa loch,” ar an bhean.
“Tabhair dam an máilín sin,” ar sise. Tá
cúilín cupógach caissearbhánach i dtaobh thiar
do chrann agus dhein sí air.



Chaith sí dhi an brat liath, d'fhill sí a
gruaig ar a cúl agus bhuail sí coidhp chúinneach
uirthe, agus annsain ghléas sí í féin i gculaith
shnámhaidhe de shróll shleamhain. Bhí a leithéid
d'athrughadh uirthe ar teacht ar n-ais
gur shuarach nár imthigh sí as aithne
Sheagháin.



“Rachad-sa leat,” ar sé. “Maiseadh,”
ar sí, “ghéabhair bríste anairte ins an
máilín; brostuigh ort.”



Do phreab an bheirt 'sa loch, shnámhadar
amach, thumadar iad féin. “Lán duirn do
ghrean an íochtair,” ar an bhean óg. Chor-
ruigh an t-uisge ós a gcionn. I gceann
tamaill chuir Seaghán, agus é leath-mhúchta, a
phlaosg mór ciardhubh ar bárr, agus d'féach sé
timcheall air. Fá cheann nóimit eile, do
tháinig an bhean ar bárr chómh héadtrom le
lacha. “Ar bhuail aon nídh leat?” ar an
tumaire áluinn. “Ní fhacas dadamh,” ar
an fear, agus do thaisbeán sé an dorn grin di.



“Iarracht eile níos sia amach,” ar sí.
Tháinig an fear ar bárr arís níos túisge
'ná í agus d'fheach sé i bhfus is tall. “Dar
Muire,” ar seisean, “tá sí báidhte, ní fhan-
fadh lacha fhiadhain fá uisge an fhaid seo!”
Chorruigh an t-uisge i ngearracht dó nó i dtrí
shlataibh dó agus bhrúcht mion-thonn ar sgreamh
an locha, síneadh lámh mhín gheal aníos;
shnáimh seisean go tapaidh fá na déin; noch-
tadh ceann na mná, do shluig sí lán a béil
de'n aer agus do thiomáin sí a h-anál aisde
le fuinneamh. Rug sé ar láimh uirthe.
“Bog díom; na tar am' ghoire,” ar sí agus
do leig sí í féin ar a drom.



“D'fhanas ro-fhada laistíos,” ar sí, “agus
d'fhóbair ná h-eirgheadh liom, acht is dóigh
liom go bhfacas an dabhach; tá sí annsúd
i ngearracht seacht slata dhuit, act ní raibhe
anál agam le dul fá na déin.”



“Tabhair an t-sleagh chugham,” ar sí.
“Rachad-sa síos an cor so,” ar an fear
“bh'fhéidir nách bhfuil aon tsamhail 'gá faire
agus beidh fhios agam go dearbhtha an bhfuil an
cisde ann.” “Ó, rachad féin síos, d'imthigh
an easbaidh anáile dhíom, agus béarfad an
tsleagh liom,” ar an bhean og. Do shnáimh
sí chum an phuirt, rug sí ar an sleigh agus
d'fhill sí ar a hais.



“Leig damhsa,” ar Seaghán. B'fhéidir go
raibhe mian air an dabhach d'fheicsint acht
b'fhéidir gur le fearamhlacht ná leigfeadh sé
do'n mhnaoi í féin do thuirsiughadh. Acht gibé
fáth é do thum sé é féin go prap.



Dubharthas go raibhe meisneach an leó-
mhain ag Seaghán agus is inchreidthe é, mar do
throid sé le cúigear saighdiúirí aon uair
amháin.


L. 354


Mar sin féin ní túisge bhí sé fá uisge
'ná do thosnuigh sé ar únfairt. Do phreab
sé ar bárr is do chuir sé sgread as do
rachad thréd' chroidhe. Bhí a ghruaig 'na
seasamh le h-uamhan is dath liath-ghorm ar a
cheannachaibh. Níor bh'iongnadh dho-san mar
do chonnairc sé uillphéist uathmhar uath-
bhásach ar chruth con ag déanamh air, a béal
ar dearg-leathadh, a cluasa 'na seasamh, agus
lasair ag teacht amach as a súilibh.



Níor fhan luadháil i n-aon bhall de. Ní
mar sin do'n mhnaoi óig, do bhuail sí fá
na dhéin, do phrioc sí leis an sleigh é agus do
liúigh air snámhadh le n'anam, acht bhí an
phéist ghránna ag teacht suas leo le gach léim.



D'iompuigh an bhean óg uirthe chómh dána
le deamhan agus do thug urchar di. Dho
thiomáin an tsleagh isteach 'na béal dearg
acht do shluig an phéist, dar leó, idir
sleagh is sámhthach, mar do shluigfeadh sí
bolgum uisge agus do thug sí léim fá dhéin
na mná. Do thom sise í féin agus do rinne an
phéist mar an gcéadna. Bhí Seaghán ag
cur de chum an phuirt go mearbhallach.
Tháinig an bhean óg fá uisge chum na
trágha; do chaill an phéist fá uisge í agus
do tháinig sí ar bárr arís ar buile. Do
dhein sí ortha an dara h-uair, acht bhí uain
bheag ag an mnaoi agus do tharraing sí an
fear go leath-mharbh chum an phuirt. Do
chualadar lapaidhe na péiste ag únfairt
ar ghrean an locha agus ritheadar le na
n-anamaibh.



IV.
“Buidheachas mór le Dia,” ar Seaghán
an áir, ar a ghlúnaibh ar charraig i gCroma-
ghleann, “is beag na grása do thuilleas,
acht fuaras am chum aithrighe, agus ní shann-
tóchad saidhbhreas go deo arís.”



Chaith an bhean óg í féin ar a glúnaibh 'na
theannta agus do chrom sí ar ghol agus d'éirigh an
ghrian go taitneamhach ortha araon.



“Ná goil a thuilleadh,” ar an fear,
“muna mbiadh thusa do bheinn ithte. Dá
mbiadh sé i ndán dam a leath-oiread do
dhéanamh duit! Chuireas i nguais bháis thu
agus b'fheárr liom bheith ag iarraidh déirce nó
a' goid is a' marbhadh feasda, mar do bhím
ar uairibh, 'ná cathughadh do chur ort.”



“Ní gábhadh dhuit bheith ag goideadh 'ná
ag marbhadh feasda, má's maith leat é. Tá
mo dhóthain is breis agamsa. Bíodh a leath
agatsa; cuirfidh sé ar do bhonnaibh thu.
Roinnfead leat é i mbárach ar chor go
dtabhairfir gealladh dam gan teacht im'
radharc as so amach.”



Do chrith gach órlach di agus do sceinn sí
uaidh. Ní raibhe Seaghán bocht innmheamhail
ar ghíog do labhairt. Chúm sé na focail acht
stadadar 'na sgórnaigh. Ghabh sé misneach;
rith sé 'na diaidh acht do chas sise ar a cois
agus do thug sí drom a láimhe leis. “Bí ins
an áit umanoirthear gur bhuailis liom ar
dtúis,” ar sise, agus d'fhág sí 'na sheasamh cois
croinn é go míoshásamhach.



“Ní theasduigheann a cuid maoine uaim,”
ar seisean, “acht dar Rígh na ndúl, do
b'fheárr liom í féin 'na ór na cruinne.
Féach an dá shúil sholusmhara úd aici ar
dhath an drúchta, agus an luisne leacan 'nós
triopall caor, agus na fiacla geala 'nós con.
Buachaill bán iseadh mé. Ní ghabhaim mo
leathsgéal féin. Ní chuirim mé féin suas
is anuas léi,” — agus do rinne an fear
bocht rud nár ghnáthach leis, tháinig briseadh
croidhe goil air.



An oidhche 'na dhiaidh súd bhí Bean an leasa
'na tigh féin i gCúm Luimine. Ní raibhe sí
ar fóghnamh. Chuir an bhean bhainne a coin-
neal ar bórd le h-ais an iomdhaidh mar
ba ghnáthach. “Tá sé déidheanach ins an
oidhche,” ar Bean an leasa, “is mí-fholláin
an rud áirneán agus téidh a chodladh anois,”
agus shín sise í féin 'na cuid éadaigh ar an
iomdhaidh. Níor thuit néal ar a súilibh mar
do bhí sí ag machtnamh.



Bhí an fiolar 'na nead, an fiach dubh i


L. 355


scoilt chairrge is a ghob fá na sgiathán
aige, agus an sionnach is an cat fiadhaigh ag
siubhlóid lasmuigh ar tí marbhtha.



D'éist an bhean aonrach le glór-cheól
easaidhe na gcnoc, acht níor tháinig codladh
ná suan uirthe. Bhí sí ag cuimhniughadh ar
thigh i bhfad ó bhaile i n-iarthar na Spáinne.
Chualaidh sí an ghainimh lasmuigh dá fuinneóig
ag corruighe mar a bhiadh duine éigin ag
coisidheacht timcheall an tighe.



D'éirigh sí 'na suidhe, thóg sí piostal
seacht-mhuinéalach 'na láimh agus do dhruid sí
go folaightheach leis an bhfuinneóig. D'fhéach
sí amach. Ní raibhe duine 'ná daondaidhe
ann. “Tromluighe, b'fhéidir,” ar sí. Shín
sí arís, dhún sí a súile agus le neart
inntinne do thuit míog chodlata uirthe.



Taidhbhreadh di go raibhe fear fíochmhar
fealltach ag cur na súl thríthe agus do dhúisigh
sí le geit. “Caidé sin?” Dar léi,
chualaidh sí i bhfad uaithe mar a bhiadh siolla
píbe ar bhárr gaoithe.



D'éist sí go h-aireach. “Is deárthach
le gol mná é,” ar sí. D'eirigh sí ar leath-
uillinn. Bhí an gol ag druidim 'na
cómhgar; olagón brónach atuirseach do
b'eadh é. Cloiseann sí go soiléir anois é,
ceathramha mhíle uaithe, céad slat uaithe,
céad troigh uaithe, fá dheireadh fá'n bhfuin-
neóig mar ar choisg sé go h-obann.



Phreab sí 'na suidhe, las sí coinneal,
chualaidh sí mar a bhiadh éadach ag comailt
le trusgán na cisteanaighe, d'fhéach sí fá
dhéin doruis a seómra, agus i dtaobh istigh
de'n táirsigh bhí bean chaol árd uaibhreach
'na seasamh, brat liath uirthe, a croiceann
buidhe, a folt cas dubh, fáinnidhe óir ar a
méaraibh, biorán dearg-óir ar a brághaid
agus máilín uaine 'na láimh aici.



“Cia tá uait?” ar Bean an leasa le guth
do bhain fuaim as na frathachaibh. Bhí an
tsamhail ag cur na súl thríthe — súile chomh
géar le meanaithe, acht níor labhair sí
gíog.



Sciob Bean an leasa a piostal, sgaoil
sí piléar uirthe, piléar agus piléar eile.
D'éirigh an deatach. Bhí an tsamhail mar a
raibhe sí, agus na súile géara céadna uirthe.
Sgaoil Bean an leasa piléar eile agus do
thug fogha fá n-a déin chum í bhualadh le
dorn-chúl na h-uirlise, acht níor bhuail
dadamh léi. Bhí an t-samhail imthighthe mar
do shúghfadh an talamh í.



Liúghuigh an bhean bhainne ins an tseomra
thuas le h-eagla, agus do sceinn Bean an
leasa le trí choiscéim amach as an dtigh fá
chiúineas na h-oidhche dorcha.



Nuair do shéid an ghaoth ar a malainn,
chroith sí í féin. “Baoth-thaidhbhreadh do
b'eadh é, b'fhéidir, acht go h-áirighthe ní
chreidfead pioc de mar ní dheárna samhail
riamh fós díth do dhuine,” ar an bhean
dhána so.



Do shaltair sí ar rud éigin ins an
dorchacht. Sul a raibhe aimsir aici ar
fhéacaint, bualadh baic-bhéim ins an uillinn
deis uirthe, thuit an piostal as a láimh agus
rughadh greim docht tarsna an chaoil uirthe,
agus cuireadh soc piostail fá bhun a cluaise.
Leig sí sgread — an céad sgread ó d'éirigh
sí suas i n-aois mhná. “Faol! Faol!” ar
sise. Chuir an fear gáire as. “Mhar-
bhuighis Faol, mar do rinnis leis an gCúintís
Sturm,” ar seisean.



D'fhéach sí ins an dorchadas, tar a
gualainn ar an bhfear. “Aodhaire na
gcaorach atá ann,” ar sí. “Is mé go
díreach,” ar seisean, “leanas ó'n bhFrainnc
thu agus géill anois, atá do ghnó déanta. Ná
cuir cor i gcois 'na láimh leat, nó cuirfead
piléar thríot ar an láthair.”



Tharraing sé crios leathair as a phóca,
bhuail sé go clisde tar a cuisleannaibh é
ó'n dtaobh thiar, rith sé a rinn thré lúib i
dtaobh thiar dá sleannánaibh agus cheangail sé
go dlúth docht í. “Tá úsáid do lámh agat


L. 356


ó na h-uilleannaibh amach,” ar sé go mín.
“Tá,” ar sise, ins an nguth céadna.
“Bleachtaire is eadh thu, bhí amhras agam
ort le mí nó mar sin,” ar sí. “Ó, ná bac
sain de,” ar sé, “beidh aimsir ár ndótham
againn le trácht thar na gnóthaidhibh sin ar
ball; tá cumhdach id' bhrollach agat, agus atá
na clocha uaisle ann is dócha? Sín annso
chugam iad, acht fan go fóil, tógfad féin
iad.”



“Ná tar im' ghoire, a bhleachtaire bhréin,”
ar sí, “rugais barróg dhocht orm le feall,
acht do bheirim buidheachas le Dia, níor chuir
fear riamh roimhe seo bárr méire orm.”
“Ó! nach banamhail atámaoid,” ar sé. Do
chaith sí chuige an cumhdach agus d'fhosgail sé é
go tapaidh; “h-aon, dó, trí — tá na naoi
gclocha seóid ann go dearbtha”, ar
seisean, “acht is suarach nach bfuilim dall
uatha. Nach lonnrach atáid siad! Is maith
an díol as dúnmharbhadh iad.”



Bhailigh lasair i súilibh na mná, dhún sí a
carbal go docht agus tháinig na focail thré na
fiaclaibh iadhta. “A chruimh,” ar sí, “muna
mbiadh gur ghreamuighis mé go fealltach ní
éistfinn leis an easonóir sin. Ní dún-
mharbhthóir mé ar aon chor.” Chumail an
bleachtaire a lámh go mín d'á ghrabhas, 'nós
cait 'á nígheadh féin, agus chrom sé ar mhion-
gháiridhe.



Tháinig cradhsgal ar an mnaoi óig roimh
dranntán an ainmhidhe seo. Thug sí a cúl
leis agus labhair sí léi féin ós íseal. Chuir
an bleachtaire cluas air féin. “Má tá
dligheadh ins an tsaoghal ní dhíoghalfad as.”
“Crochfar thú, sin é dhéanfar leat,” ar an
bleachtaire go meidhreach.



“Tá an oidhche 'gá caitheamh, is cóir
dúinn bheith ar siubhal. Tá dhá chapall agat,
tabhair dam na h-eochracha.”



“A bhean bhainne, cá bhfuilir?” ar sé.
Liúgh sise i n-árd a cinn 's a' gotha, “táim
annso, ochón, tá fanntais orm.” Gháir an
bleachtaire leis féin is phreab sé suas an
staighre. Bhí an bhean bhainne fá'n leabaidh
agus an tocht is an t-éadach leaptha anuas
uirthe.



“Buail amach as sain go diair is gléas
na capaill dam nó cuirfead pilear thríot-sa
leis.” “Mhaise an bholgach ortsa, a
aodhaire bhig bhuidhe, an tú sain? ” ar sí, agus a
súile ar leathadh uirthe. “Brostuigh, bros-
tuigh,” ar sé, “tabhair brat leat chum mo
chime, agus bíodh ort féin má chuireann tú
méar ar aon nídh ba leis an mnaoi seo go
dtagad-sa ar ais. Corruigh ort anois.”
D'fhéach an bhean bhainne ar an mbleach-
taire; d'fhéach sí ar an mnaoi óig chiúin.
“Tá an t-aodhaire beag gránda coimhightheach
so 'gá fuadach,” ar sise lé féin, agus do chas
sí pililiú is olagón do bhain fuaim as na
cnocaibh.



Níor chuir Bean an leasa suim innte.
Ní mar sin do'n bhleachtaire, lúb sé a
eachlasg 'na láimh agus chuir sé stiallacha ar
an mnaoi bhainne ó bhonn a cos go mullach
a cinn. “Seadh anois dhuit,” ar sé, “a'
ndéanfair rud ormh?” acht sceinn sise uaidh
i n-aghaidh an chnuic ag liúghraigh.



“Ar muin go tapaidh,” ar sé. “Ní fhuil
luadháil im' lámhaibh, tá an crios róchumh-
ang,” ar sise.



“Cabhróchad-sa leat, is áil liom cung-
namh do thabhairt do mhnaoi uasail,” ar
seisean, le smigeadh gáire.



Bhuail sé a lámh féin thré shrian a
capaill, phreab sé ar a each séin agus thugadar
a gcúla ar Chúm Luimine. Chuir na capaill
srannadh asda agus thosnuigheadar ar shodar.



D'eiteall naosgaigh anois is arís as
mhongaibh ar thaobh an bhóthair agus bhíodhg
pilibín míodhg ins an gcurrach, acht ní raibhe
gíog as an mbeirt mharcach.



Bhí an oidhche dubh dorcha acht ní raibhe sí
leath chomh dubh dorcha le croidhe na mná.
Do sceinn rud éigin tarsna an bhóthair ag
caol na searrach. Thóg capall na mná
sgéan agus d'éirigh sí ar a cosaibh deiridh


L. 357


“Fair do chapall, a bhean,' ar an bleach-
taire go feargach. Bhuail sé stiall dá
lasg ar an gcapall, shnaidhm an lasg ar
lámhaibh cuibhrighthe na mná agus rith an phian
thré n-a croidhe. “Is fearamhail an duine
thú,” ar sise. “Á!” ar seisean, “d'aithnigh-
eas cionnus do bhiadh sé, caithfead beagán
d'íde na mná bainne thabhairt ort-sa,
aithnighim, acht míneochad-sa thu, a bhean
bhorb,” agus do bhain sé smúit as a guailnibh
leis an gcnáib.



Sul a raibhe an dara buille buailte
aige do léim ailp dhorcha 'na threó as díg
an bhóthair, agus bhí greim láithreach ag Seaghán
an áir ar ubhall sgórnaighe air.



Fá cheann nóimit bhí an bleachtaire ar a
bhéal is ar aghaidh ar an mbóthar agus Seaghán
ag cluas-fheadghail ar marcaigheacht air.



“Caidé an gníomh so agat ar bun, a
bhioránaigh?” ar Seaghán.



“Éirigh suas díom, a bhitheamhnaigh, agus ná
bris an dligheadh.”



“Mhaise ciach ar an ndligheadh, táim 'gá
bhriseadh i gcomhnuidhe, mo mhallacht uirthe,
ba dhóigh leat gur mhithid di bheith briste 'na
brúsgar fad ó, acht tá sí righin mar thu
féin,” ar Seaghán ag brúitheadh is ag fuin-
neadh an bhleachtaire i gcoinnibh na mion-
chloch.



Bhí an bleachtaire ag únfairt ag iarraidh
éirghe, acht níor chás do agus Seaghán anuas
air.



“Thánghaois i ndiaidh mo chúil orm.”
“Mhaise is cuma dhuit cionnus do thángas,”
ar Seaghán 'gá mheilt a's 'gá mhilleadh go
sásta.



Fuair an bleachtaire a lámh dheas réidh agus
do fuair sé faill ar an marcach neamh-
fhaireach. Dhruid sé go h-aicillidhe soc
piostail siar fa 'n asguill agus do sgaoil sé
piléar ar Seaghán do chumail dá leasra-
chaibh is do ling le fead thré n-a bhrat.



“Uch! an é sin d'intinn?” ar Seaghán;
“shaoileas ná rachadh an sult chomh fada
sain. Chím go bhfuilir daríribh! D'fhás is
d'at féitheanna cuirp an bhuachalla bháin,
tháinig fuinneamh fíochmar 'na ghéagaibh, bhain
sé gleamhaisg is gíosgán as a fhiaclaibh,
bhuail sé glún i gcaol droma an bhleach-
taire is crobh i mbaic a mhuiníl, rug sé ar
thárr no pura air leis an láimh dheis agus
d'fhill sé ar a chéile é.



Chualaidh an bhean óg cnag agus cnead.
D'éirigh Seaghán 'na shuidhe. “Tá cnámh
droma an ghlaimhínigh seo briste,” ar sei-
sean, “acht níor ghábhadh dhó é.”



“Dar muine, ataoi ceangailte, a bhruin-
neall óg! bhí an gnó níos measa ná
shaoileas.”



Do thuirling an bhean óg, chuir sí lámh i
bpóca an duine mhairbh, agus tharraing sí na
clocha seóid amach as. Do shín sí arm an
bhleachtaire chum Seagháin; “thuillis é,” ar
sí, agus thóg sí a h-arm féin agus chuir sí 'na
brollach é.



“Ba mhaith an sás fógartha thabhairt uaithe
an bhean bhainne.” “Ba mhaith,” ar Seaghán,
“gidh go raibhe mearbhall uirthe, acht níor
fhanas leis an sgéal ar fad.”



Chuaidh Bean an leasa le h-aon truslóig
amháin ins an ndiallait. “Slán leat, a
Seagháin an áir,” ar sise, “curadh an lae
chruaidh is eadh thu.” Chaith an capall a
ceann i n-áirde is do rinnc sí go h-uaibh-
reach ar an mbóthar. Bhí a shúile ar leathadh
ar Seaghán. “Mhaise, caidé an fuadar so
fut, ámhach? “Táim ar tí dul go dtí an
Spáinn chum an dlighidh do sheasamh.”
“Mhaise, luighe na bfód ar mhuintir an
dlighidh, is olc an siut iad, fan amach uatha,
is beag an ionntaoibh atá agam-sa asta,” ar
Seaghán bocht, mar ní raibhe taithighe aige ar
dhligheadh chóir. Bhí deór i súil na mná, acht
ar a shon sain leig sí gaire beag meidhreach,
agus shín sí lámh mhín gheal chum Seagháin. “Ní
mar sin damhsa,” ar sise, “bainfead ceart
agus cóir asta, agus sul a bhfágfad thu badh mhaith
liom gibé nídh chloisfir im' thaobh go gcreid-
fir go bhfuilim neimh-chionntach.” Rug


L. 358


Seaghán ar an láimh agus phóg agus phóg arís í.
Tharraing an bhean óg a lámh go mall uaidh
fá dheireadh agus do rinnc an capall arís.



“Ambás,” ar Seaghán bocht, agus cnap 'na
sgórnaigh, “leigfir dam tu thionnlacan
seal go h-áirighthe.” Ní dubhairt an bhean
óg 'seadh 'ná ní h-eadh, agus thug sí a ceann
do'n chapall agus seo chum siubhail í 'nós gála
gaoithe. Thug Seaghán aon radharc amháin
fá dhéin na gcnoc, phreab sé ins an ndial-
lait i n-áit an bhleachtaire agus as go bráth
leis i ndiaidh na mná óige.



Ar uair an mheádhóin oidhche do shroicheadar
Céim an duibh, Bean an leasa i dtosach agus
Seaghán an áir i bhfogus di. Thug capall
na mná óige geit agus chuir sí srann aiste,
sheasaimh sí ar dearg-lár an bhóthair, a
cluasa i n-áirde agus a ceann 'san aér.
“Ná bí dúr anois, a ‘sgamaill an tsléibhe’,”
ar Bean an leasa go mín mánla agus thochuis
is chumail sí mong an chapaill acht ní rachadh
sise céim ar aghaidh. Tháinig Seaghán suas
léi agus d'fhéach seisean ar aghaidh.



Phreab sé anuas d'á chapall féin agus rug
ar bhéalmhach an chapaill eile; “ní fhuil ann
acht capall ar scáth faille agus mála ar a
ceann,” ar sé, mar bhí radharc maith aige-
sean isdoidhche. Leis sin tháinig duine
aosda amach ar an mbóthar. “Leanaidh libh
i n-ainm Dé” ar sé, “tá súil agam nachar
chuir mo shean-láir sgéan ar bhar gcapall
aibh.”



“Dar liaigh,” ar Seaghán leis féin,” is é
an tAthair Mícheál atá ann, d'éis na h-ola
chur ar dhuine éigin 'sa' ghleann.” “Mhaise,
a athair Mícheál,” ar sé, “ní gábhadh dhuit do
leithsgéal féin do ghabháil.”



“Arú, an tu sain, a Sheagháin an áir, a
dhuine bhoicht mhío-ádhmharaigh, ní fuláir gur
droch-fhuadar éigin atá fút, mar ba
ghnáthach.” “Ní h-eadh, a Athair, táim réidh le
droch-bheartaibh feasda.”



“Is maith an rud geallamhaint mhaith, acht
is feárr cóimhlíonadh,” ar an sagart, “agus
cia h-e sin led' chóis?” “Uch! dar mo
phortús, is bean atá ann.” “Ná h-agair
beart ar neach neimhchionntach, a Athair,” ar
Seaghán. “Is sean-fhocal é,” ar an sagart,
ag machtnamh leis féin. “Tá an bhean
uasal so ag dul tar sáile agus táim ag
déanamh cuideachtan di seal de'n bhóthar.”
“Tá go maith,” ar an sagart. “Anois nó
riamh, a bhean an leasa,” ar Seaghán.



Bhí mar do bheadh creatha fuachta ar an
mnaoi óig acht fá dheireadh do chuir sí
aighneas ar an sagart.



“Eist liom go fóil a athair,” ar sise,
“Tá rún agam le h-innsint duit:—



Tighearna do phríomh-fhuil na Spáinne do
b'eadh m'athair agus Éireannach do b'eadh mo
mháthair. Tá bás na Conntaoise Sturm
dá chur im' leith acht ní bhfuilim cionntach
agus táim ag dul ar ais chum ceirt d'fhághail.
Mheall an deamhan-bhean úd m'athair,
sgrios sí sinn, bhris sí croidhe mo mháthar,
ghoid sí deich gclocha seóid uainn, sgaip sí
ár gcuid maoine, dhíbir sí mo dhearbhrathair,
mheall sí 'na dhearg-mheisge udhacht ar a son
féin óm' athair bocht agus annsain thug sí nimh
do. D'admhuigh sí dham é — chuireas d'fhiachaibh
uirthe é, ámh, mar do leanas í do'n Fhrainnc,
do'n Almáinn agus go teach ósda i dtír na
Rusach. Ba lem' athair na clocha seóid
seo agus ní léi-si; thairgeas cuid acu dhi — trí
cinn — i gcás ná cuirfeadh sí chuige mé, acht
chrom sí ar stealla-mhagadh fúm, agus gidh gur
thugas rabhadh dhi caidé an saghas mná mé,
gháir sí lem' bhéal, acht do phreabas im'
shuidhe chum a chur d'fhiachaibh uirthe géilleadh
dham nó chuirfinn piléar thré n-a croidhe;
do dhruid sí uaim i ndiaidh a cúil agus do thuit
sí amach an fhuinneog, céad troigh nó níos mó.
Tá amhras ag an ndligheadh orm agus
táim ag dul ar ais.”



“Caidé mo leigheas-sa ort, a bhean
uasal,” ar an sagart.



“Féadfair Cúm Luimine agus an mhaoin do
thabhairt do'n mhnaoi bhainne?”



“Déanfad an méid sin duit go
h-áirighthe,” ar an sagart.



“Seadh, má'seadh, bead ar siúbhal anois,”
ar bean an leasa.


L. 359


“Go n-éirghidh do bhóthar leat,” ar an
sagart.



Chuir Bean an leasa a lámh ar mhuing a
capaill agus do sceinn sí 'nós éin ar a muin.
Leig Seaghán an áir liúgh as — “leanfad í
go deireadh an domhain.” D'fhéach an bhean
óg ar an sagart, d'fhéach seisean ar Sheaghán
an áir agus uirthe sin. “Tuigim,” ar sé, agus do
phós sé an bheirt úd ar uair mhairbh na
h-oidhche ins an mbeárnain uaignigh, ag Céim
an duibh imeasg na gcnoc scáilmhear ciúin.



Bhain an dá chapall teine chreasa as an
mbóthar, agus do chogain sean-láir an
tsagairt a dorn coirce, agus do mhachtnuigh
seisean is do ghabh sé a phaidrín.



Tamall 'na dhiaidh súd tháinig oifigeach
airm ó pharóisde an teampaill nua tar
n-ais ó'n Spáinn. Bhí aithne mhaith aige ar
Sheaghán an áir agus ar a mhnaoi. Bhí Sheaghán
'na dhuine uasal áluinn chreideamhnach agus budh
ise an bhean ba dhéirceamhla agus ba dhaonnach-
tamhla ins na críochaibh thall tar lear.



Bhí dligheadh mór mar gheall ar na
clochaibh seóid agus bás na Conntaoise Sturm,
acht fuair Bean an leasa an buadh.
Franncach do b'eadh an phríomhfhínné bhí 'na
coinnibh. Fear claidhimh clisde do b'eadh é
acht bhuail Seaghán an áir 'na threó aon lá
amháin chum cómhraic aon-fhir do chur air agus
d'éirigh iomarbháidh i dtaobh togha na n-arm
cómhraic eatortha agus rug Seaghán ar chéas-
cinn air agus do chroith é mar do chroithfeadh
gadhar franncach.



Dubharthas gur chroith Seaghán an áir na
bróga dhe chosaibh an Franncaigh leis an
iarracht úd acht pé i nÉirinn é theith an
Franncach le n'anam agus ní fhacathas go deo
arís ins an cheanntar é agus d'a bhárr sain
thuit an tóin as an gcoir do bhí curtha fá
leith na mná.



Dubhairt an t-oifigeach airm fós go
ndubhairt Bean an leasa leis go gcluineadh
sí ar uairibh, dar léi, méidhligh an uain i
gCúm Luimine, géim na bó, liúgh an fhiolair
agus crónán easaide an chnuic.



Pádraig Ua Séaghdha.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services