Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.
Title
Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN TSLÉIBHE RIFFE. 136. Imthúsa Dhiarmada agus a mhuintire ghluaiseadar rómpa d'éis an ghníomha sain, agus ní haithristear sgéala ortha go rángadar faithche dhúna an ríogh; agus ar ndéanamh ar an gcarraig dóibh, do chuir Conán le báinidhe agus gealtachas, adubhairt Diarmaid, “A Chonáin, is amhlaidh is cóir dhuit-se a dhéanamh anois, sásamh a bhaint de'n chailligh a chuir tú chum reatha ó'n áit seo, i n-éiric gach dochair agus ocrais dá bhfuarais ag imtheacht tré choilltibh diamhaire do-eolais, agus fós i n-éiric t'fhola agus t'fheóla a bheith lobhtha ar do chnámhaibh.” An uair do chuala Conán tráchd ar an gcailligh, thug cruth maith ar éagcruth agus tháinig airdheana a bháis dá ionn- saighe. “Cread sin ort, a Chonáin?” ar Diarmaid; “ba dhóigh liom go bhfuilid gaoithe an bháis ag teacht ort.” “A Dhiar- maid,” ar Conán, “sábháil mé ó'n gcailligh, agus beidh mé dod réir in gach nídh is maith leat go lá mo bháis.” “Siubhail liom-sa anois,” ar Diarmaid, “agus coin- gheóbhad an chailleach dhuit go sgriosaidh tú le claidheamh a bhfuil d'fheóil ar a cnámhaibh di amach.” “Do b'fhéidir gur cailleamhaint orm do dhéanfá, a Dhiarmaid,” ar Conán. “Luighim fám armaibh gaisgidh na caillfead,” ar Diarmaid; “agus, a Chonáin,” ar sé, “ar chailleas riamh ort?” 137. “Nior chaillis,” ar Conán, agus iar sain do ghluais Diarmaid roimhe agus Conán ag imtheacht go mall leasg trom-aigeantach 'n-a dhiaidh, agus iar rochtain na cloiche do Dhiarmaid adubhairt le Conán éiric mhaith do bhaint de'n chailligh do chuir le baois agus geal- tachas é. “A Dhiarmaid na mban,” ar Conán,” is mairg máthair a rug thu, agus is mairg bean do altrom thu, agus luighim fám armaibh gaisgidh gurab tusa an chéad duine a mbainfead éiric de, i ndíoghal a bhfuaras d'anshóg go dtrásta:” — agus iar n-a rádh sain thug buille faobhrach dá chlaidheamh chum Diarmada. Do thóg Diarmaid a sgiath i n-aghaidh an bhuille, ionnus ná ráinig do Chonán dochar ná díoghbháil a dhéanamh do. Tugann Conán an dara buille agus do rith Diarmaid chun siubhail, agus do lean Conán é. Tógaid cách gáire fonamhaide fa Chonán. D'iompuigh Conán ó Dhiarmaid agus thug aghaidh ortha sain. Sgaipid sin uile ar feadh an mhachaire, agus do chrom Conán ag búirfeadh le confadh buile, agus do bhí ar an aiste sin go dtáinig Goll, agus Osgar agus gur chuireadar chum suaimhnis é, agus rinneadar síoth idir é féin agus Diarmaid. 138. Iar sain téid chum an dúna, agus do tháinig an rí agus sluagh an dúna 'n-a gcoinne agus na gcomhdháil, agus fearaid fíor-chaoin fáilte rompa agus is mór an lúthgháir do bhí ar shlua- ghaibh na críche uile tré bhas an athaigh, óir do thugadh cuairt na ríoghacht uair 'san mblia- dhain agus do bheireadh leis an méid áirnéise dá dteangmhadh leis, thugadh dearg-ár na críche go huile. 139. Dála Chonáin, do b'éigean do luighe ar a leabaidh, óir do bhí sé créachtnuighthe go hiomarcach ó choimheasgar na gcailleach. Do tugadh liaigh an ríogh chuige, agus do b'éigean urmhór a chuid feóla a ghearradh dhe
amach, agus do b'fhada go raibh sé leigheasta, acht d'fhan an chuid eile de'n fhéinn leis, óir ar mhaitheas na cruinne ní rachaidís a-bhaile gan Conán a thabhairt leó. Gidheadh, ní thiocfadh Conán go hÉirinn choidhche leó go dtugadar uile briathra agus mionna dho ná dtráchtaidís i nÉirinnn ar a eachtra leis na cailleachaibh. Cidh trácht, do ghléasadar Fiann Éireann iad féin chum a dturais do chur díobh, agus ceileabhraid do'n rígh agus dá theaghlach agus ba dubhach dubhrónach do bhí an rí i ndiaidh na Féinne, óir níor theangmhuigh leis riamh cuideachta ba ghreannmhaire agus ba shuairce 'ná iad. 140. Acht cheana, do ghluaiseadar chum an chuain, agus ag gabháil tar liaig na mbeann dóibh d'fhéachadar ar a chéile agus do-rinneadar gáire. “Luighim fám armaibh gaisgidh,” ar Conán, “muna mbeadh méid m'anbhainne, agus gan mé im lán-neart fós tar éis ar chailleas dem chuid fola agus feóla, go dtiubhrainn cúis ghuil agus gártha caoi agus uchláin daoibh i n-ionad an gháire; agus ó fuaras fios bhar miosgaise agus bhar ndroch- aighnidh, casfad arís do'n dún tar m'ais agus ní rachad go hÉirinn go bráth,” — agus d'iom- puigh uatha agus do rith tar 'ais do'n dún. Do lean Goll Osgar agus Diarmaid é, agus thugadar mionna agus mór-bhriathra do ná tráchtfaidís aon fhocal i nÉirinn choidhche ar aon ní dár imthigh air. Annsain d'aontuigh Conán dul leó, agus téid ar bord luinge agus seólaid go nuige an t-Oileán Doilbhe, mar ar fhág Diarmaid a bhean, agus beireann leis í féin agus saidhbhreas caisleáin Lomnochtáin ar bord, agus fágaid slán agus beannacht ag rígh an Oileáin Doilbhthe, agus beirid an nídh céadna uatha, agus ní haithristear sgéala orth gur ghabhadar cuan agus caladh-phort i gcuan mór-longach Luimnigh agus fuaradar Fionn agus an Fhiann rómpa ann, óir do bhí 'fhios aca do réir na fáistine an lá thiocfaidís i dtír ann. 141. Triallaid 'n-a gcoinne agus 'n-a gcomh- dháil, agus pógaid go dil agus go díochra iad agus d'fhiafruigh Fionn cia an dá ríoghain sin thugadar leó. D'innis Conán do gurab í inghean ríogh Lochlann do bhí ag Osgar agus inghean ríogh Oileáin Doilbhthe bhí ag Diarmaid. “Dar do láimh, a Chonáin,” ar Fionn, “ní gan seód do thángais-se féin, óir is deas an caipín sin órt.” Do thóg an Fhiann uile gáir mhagaidh fa Chonán, agus leis sin do ghabh fearg mhór é, agus do ghluais chum siubhail ó'n bhFéinn, go nár ghabh leó ó'n lá sain go lá a bháis ar Shliabh Challainne; agus ar son na coda eile de'n Fhéinn, ní mór a chodladar ann oidhche sin leath ar leath, acht Osgar ag sgéalaidheacht ar gach ar imthigh ortha ó sgaradar leó, agus do chuirfeadh sé iongantas ar aon druing acht ar Fhiannaibh Éireann. 142. Acht cheana is fuathmhar feargach do bhí Conán d'Osgar tré bheith ag sgéalaibh- eacht air féin agus ar na cailleachaibh tar éis an gheallamhna do-rinne sé féin agus an chuid eile dá chuideachtain do a bhriseadh; agus níor bh'fhearr leis a bheatha 'ná a bhás, agus do smaoin sé ina aigneadh féin ná raibh aon tsuaimh- neas aige le fagháil i bhFiannaigheacht as sain suas go bráth. Do mheas se gan imtheacht do n-íochfadh sé a fhearg ar chuid éigin de'n bhFéinn; agus do chaitheadar an aimsir mar sin go ceann seachtmhaine, agus gach árd 'n-a ngeobhadh Conán do bhíodh gach n-aon ag sgige agus fonamhaid faoi. D'éist sé leó nó gur ceapadh lá áirithe chum fiadhaigh agus seilge le Fionn fa Shliabh Baoi an Ríogh; agus ar sreathadh agus ar sraonadh na seilge sin leó, adubhairt cuid d'ógaibh baoith-chéillidhe na Féinne le Conán go raibh cailleach na Binne Buirbe armtha éidighthe rómpa 'san ngleann agus go mbag- rann sí ár sluagh agus díth daoine do thabhairt ar sheacht gcathaibh na Gnáth-Fhéinne. 143. An tan do chuala Conán sain d'aithin sé gur chuige féin do bhíodar, agus thug aghaidh ortha go fíochmhar boirb-neartmhar tréan-láidir agus níor sguir den ruathar
san gur mharbh seacht gcéad den Fhéinn. Iar sain do thriall roimhe i n-aithghiorra gach conaire go ráinig Luimneach, agus níor stadadh leis go ráinig an dún aoibhinn seacht míle ó Luimneach amach mar a raibh Aonghus na Cairrige, agus do chomhnuigh annsain i bhfochair Aonghuis ar feadh seachtmhaine,agus do tháitnigh aer agus aoibhneas na háite sin leis, óir ní raibh i nÉirinn fá'n am sain aon áit ba breaghtha aoibhne 'ná é. Agus dá mhéid an greann do ghlac Conán do'n áit, is mó 'ná sain go mór an greann do ghlac sé do mhnaoi Aonghuis. Acht cheana lá dár éirigh Aonghus agus Conán amach ar an bhfaithche aoibhinn aeraigh do bhí ar an taobh theas de'n dún, adubhairt Conán, “A Aonghuis, ní mór duit ceachtar dhá chúinse a thabhairt damhsa anois.” “Créad iad sain?” ar Aonghus. “Atá,” ar Conán, “do dhún agus do bhean do thabhairt dam nó comhrac aoin-fhir. 144. Adubhairt Aonghus nár thaisdeal an talamh trom-fhódach aon laoch dá dtiubhradh sé féin a bhean ná a dhún ar eagla a láimhe. “Acht,” ar sé, “atá deireadh an lae ann anois, agus dobhéarfad comhrac i mbárach dhuit.” Ann- sain téid siad do'n dún agus do chodladar an oidhche sin, agus i moch na maidne ar n-a bhárach do ghabhadar umpa a gcultaidhthe catha agus cruadh- chomhraic, agus téid siad ar an bhfaithche bhfód- ghlais bhféar-uaine amach. Annsain d'ionn- suigheadar a chéile mar dhá leomhan lonnacha luaith-fheargacha, nó mar dhá nathair nime neimh-eaglacha, nó mar dhá tharbh do- iomghabhála troda. Do-rinneadar comhrac feigh fuilteach faobhrach coimhneartmhar calma croidheamhail comh-uaibhreach roinn- mhear reachtmhar ró-ghoineach bonn-mhall bas-luath béimneach láimh-dhearg láidir luath-ghoineach. Cidh trácht do bhíodar ar an gcomhthuargaint sin ag gearradh corp agus cneas a chéile go cionn trí la agus teóra oidhche gan codladh gan suan gan chomhnaidhe, agus ag éirghe gréine an ceathramhadh lá do thug Conán treas-bhéim coimh-neartmhar sgrios- fhaobhrach chum Aonghuis, gur theilg a cheann dá chaomh-cholainn, agus do bhí sé féin go cneadhach créachtach cróileointe tar éis an chomhraic chruaidh sin, agus bhí bean Aonghuis ag féachain an chomhraic ar feadh na haimsire sin gan biadh gan codladh gan suan, agus tháinig sí os cionn Aonghuis dá chaoineadh. 145. “Léig dod dhoghra nó dod dhubrón,” ar Conán, “agus gabh liom féin feasta.” “Ní gheobhad-sa led leithéid de bhodach choirtighthe chnáimhreamhar throm-cheannach thuaisgeartach lem shaoghal,” ar sí, “agus is gearr an cháirde atá agat nó go gcaillfir do cheann féin i n-éiric chinn Aonghuis.” Agus iar n-a rádh sain do ghluais sí chum siubhail agus níor stad agus níor chomhnuigh nó go ráinig go dtí Gruagach an Charráin bhí míle siar ó shruth na Máighe, eadhón dearbhráthair Aonghuis na Cairrge, agus d'innis do a toisg agus fáth a turais. Annsain do mhóidigh ná caithfeadh aon ghreim bídh ná dighe go mbainfeadh a cheann de Chonán i n-éiric a chinn do bhaint d'Aonghus, agus i moch lae ar n-a bhárach do ghabh uime a culaidh catha agus cruadh-chomhraic, agus do ghluais roimhe i n-aithghiorra gach conaire agus i réim dhíreach gach caoimheolais, agus an bhean mar an gcéadna mar aon leis, agus níor chomhnuigheadar nó go rángadar an dún aoibhinn, agus do bhuail an gruagach a sgiath go lonn loisgneach, agus d'iarr comhrac ar Chonán agus d'fhreagair Conán é go mear-láidir tréan-chalma, agus budh é críoch an chomhraic gur bhain Conán a cheann de'n ghruagach, agus comhmaoidheas Conán an gníomh sain i bhfiadhnaise cháich. 146. Cidh trácht ní raibh aon lá go cionn bliadhna 'n-a dhiaidh sin ná raibh comhrac nua ar Chonán ag caraid Aonghuis agus ag a mhuinntir, agus do bhain Conán na cinn díobh uile, ionnus go rabhadar trí chéad trí fichid agus cúig cinn churadh agus caith-mhíleadh aige ar bhearaibh iarainn timcheall balla an dúna, ionnus go ndeachaidh tuaraisg Chonáin ar
feadh na ríoghachta go foirleathan, agus go mb'éigean dóibh éirghe suas de, óir do bhíodh eagla ar gach aon duine roimhe. 147. Iomthúsa mná Aonghuis, an uair nár b'fhéidir léi aon duine d'fhagháil do bhuaidhfeadh ar Chonán, tháinig sí dá ionn- saighe agus adubhairt sí ná mairfeadh sí aon tamall as an áit sin i rugadh í féin agus a hathair roimpi, agus go ngeabhadh sí leis dá mbudh mhaith leis. Adubhairt Conán go mbudh mhaith, óir do bhí sé i ngrádh léi go ró-mhór, agus do bhíodar a chéile, go rug sí triúr mac dho, do bhí ar laochaibh láidre cródha an domhain, agus d'fhan Conán annsain do bhfuair sé bás, agus gur hadhnaiceadh ar an bhfaithche atá ar an dtaobh thiar de'n dún é, agus ó'n dún sain, agus ó'n gcomhnaidhe do-rinne Conán de, eadhón an áit ar a dtugthar Ráith Chonáin indiu. CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services