Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.

Title
Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN TSLÉIBHE
RIFFE.



136. Imthúsa Dhiarmada agus a mhuintire
ghluaiseadar rómpa d'éis an ghníomha sain,
agus ní haithristear sgéala ortha go rángadar
faithche dhúna an ríogh; agus ar ndéanamh ar an
gcarraig dóibh, do chuir Conán le báinidhe
agus gealtachas, adubhairt Diarmaid, “A
Chonáin, is amhlaidh is cóir dhuit-se a dhéanamh
anois, sásamh a bhaint de'n chailligh a chuir
tú chum reatha ó'n áit seo, i n-éiric gach
dochair agus ocrais dá bhfuarais ag imtheacht
tré choilltibh diamhaire do-eolais, agus fós i
n-éiric t'fhola agus t'fheóla a bheith lobhtha ar
do chnámhaibh.” An uair do chuala Conán
tráchd ar an gcailligh, thug cruth maith ar
éagcruth agus tháinig airdheana a bháis dá ionn-
saighe. “Cread sin ort, a Chonáin?” ar
Diarmaid; “ba dhóigh liom go bhfuilid
gaoithe an bháis ag teacht ort.” “A Dhiar-
maid,” ar Conán, “sábháil mé ó'n gcailligh,
agus beidh mé dod réir in gach nídh is
maith leat go lá mo bháis.” “Siubhail
liom-sa anois,” ar Diarmaid, “agus coin-
gheóbhad an chailleach dhuit go sgriosaidh
tú le claidheamh a bhfuil d'fheóil ar a
cnámhaibh di amach.” “Do b'fhéidir gur
cailleamhaint orm do dhéanfá, a Dhiarmaid,”
ar Conán. “Luighim fám armaibh gaisgidh
na caillfead,” ar Diarmaid; “agus, a Chonáin,”
ar sé, “ar chailleas riamh ort?”



137. “Nior chaillis,” ar Conán, agus iar
sain do ghluais Diarmaid roimhe agus Conán
ag imtheacht go mall leasg trom-aigeantach
'n-a dhiaidh, agus iar rochtain na cloiche do
Dhiarmaid adubhairt le Conán éiric mhaith do
bhaint de'n chailligh do chuir le baois agus geal-
tachas é. “A Dhiarmaid na mban,” ar
Conán,” is mairg máthair a rug thu, agus is
mairg bean do altrom thu, agus luighim fám
armaibh gaisgidh gurab tusa an chéad duine
a mbainfead éiric de, i ndíoghal a bhfuaras
d'anshóg go dtrásta:” — agus iar n-a rádh sain
thug buille faobhrach dá chlaidheamh chum
Diarmada. Do thóg Diarmaid a sgiath i
n-aghaidh an bhuille, ionnus ná ráinig do
Chonán dochar ná díoghbháil a dhéanamh do.
Tugann Conán an dara buille agus do rith
Diarmaid chun siubhail, agus do lean Conán é.
Tógaid cách gáire fonamhaide fa Chonán.
D'iompuigh Conán ó Dhiarmaid agus thug aghaidh
ortha sain. Sgaipid sin uile ar feadh an
mhachaire, agus do chrom Conán ag búirfeadh le
confadh buile, agus do bhí ar an aiste sin go
dtáinig Goll, agus Osgar agus gur chuireadar
chum suaimhnis é, agus rinneadar síoth idir é
féin agus Diarmaid.



138. Iar sain téid chum an dúna, agus do
tháinig an rí agus sluagh an dúna 'n-a gcoinne
agus na gcomhdháil, agus fearaid fíor-chaoin fáilte
rompa agus is mór an lúthgháir do bhí ar shlua-
ghaibh na críche uile tré bhas an athaigh, óir do
thugadh cuairt na ríoghacht uair 'san mblia-
dhain agus do bheireadh leis an méid áirnéise dá
dteangmhadh leis, thugadh dearg-ár na
críche go huile.



139. Dála Chonáin, do b'éigean do luighe
ar a leabaidh, óir do bhí sé créachtnuighthe go
hiomarcach ó choimheasgar na gcailleach.
Do tugadh liaigh an ríogh chuige, agus do
b'éigean urmhór a chuid feóla a ghearradh dhe


L. 336


amach, agus do b'fhada go raibh sé leigheasta,
acht d'fhan an chuid eile de'n fhéinn leis, óir
ar mhaitheas na cruinne ní rachaidís a-bhaile
gan Conán a thabhairt leó. Gidheadh, ní
thiocfadh Conán go hÉirinn choidhche leó go
dtugadar uile briathra agus mionna dho ná
dtráchtaidís i nÉirinnn ar a eachtra leis na
cailleachaibh. Cidh trácht, do ghléasadar
Fiann Éireann iad féin chum a dturais do
chur díobh, agus ceileabhraid do'n rígh agus dá
theaghlach agus ba dubhach dubhrónach do bhí an rí
i ndiaidh na Féinne, óir níor theangmhuigh leis
riamh cuideachta ba ghreannmhaire agus ba
shuairce 'ná iad.



140. Acht cheana, do ghluaiseadar chum
an chuain, agus ag gabháil tar liaig na
mbeann dóibh d'fhéachadar ar a chéile agus
do-rinneadar gáire. “Luighim fám armaibh
gaisgidh,” ar Conán, “muna mbeadh méid
m'anbhainne, agus gan mé im lán-neart fós tar
éis ar chailleas dem chuid fola agus feóla,
go dtiubhrainn cúis ghuil agus gártha caoi agus
uchláin daoibh i n-ionad an gháire; agus ó
fuaras fios bhar miosgaise agus bhar ndroch-
aighnidh, casfad arís do'n dún tar m'ais agus
ní rachad go hÉirinn go bráth,” — agus d'iom-
puigh uatha agus do rith tar 'ais do'n dún. Do
lean Goll Osgar agus Diarmaid é, agus thugadar
mionna agus mór-bhriathra do ná tráchtfaidís
aon fhocal i nÉirinn choidhche ar aon ní dár
imthigh air. Annsain d'aontuigh Conán dul
leó, agus téid ar bord luinge agus seólaid go
nuige an t-Oileán Doilbhe, mar ar fhág
Diarmaid a bhean, agus beireann leis í féin agus
saidhbhreas caisleáin Lomnochtáin ar bord,
agus fágaid slán agus beannacht ag rígh an Oileáin
Doilbhthe, agus beirid an nídh céadna uatha, agus
ní haithristear sgéala orth gur ghabhadar
cuan agus caladh-phort i gcuan mór-longach
Luimnigh agus fuaradar Fionn agus an Fhiann
rómpa ann, óir do bhí 'fhios aca do réir na
fáistine an lá thiocfaidís i dtír ann.



141. Triallaid 'n-a gcoinne agus 'n-a gcomh-
dháil, agus pógaid go dil agus go díochra iad agus
d'fhiafruigh Fionn cia an dá ríoghain sin
thugadar leó. D'innis Conán do gurab
í inghean ríogh Lochlann do bhí ag Osgar agus
inghean ríogh Oileáin Doilbhthe bhí ag
Diarmaid. “Dar do láimh, a Chonáin,” ar
Fionn, “ní gan seód do thángais-se féin,
óir is deas an caipín sin órt.” Do thóg an
Fhiann uile gáir mhagaidh fa Chonán, agus leis
sin do ghabh fearg mhór é, agus do ghluais chum
siubhail ó'n bhFéinn, go nár ghabh leó ó'n lá
sain go lá a bháis ar Shliabh Challainne; agus ar
son na coda eile de'n Fhéinn, ní mór a
chodladar ann oidhche sin leath ar leath, acht
Osgar ag sgéalaidheacht ar gach ar imthigh
ortha ó sgaradar leó, agus do chuirfeadh sé
iongantas ar aon druing acht ar Fhiannaibh
Éireann.



142. Acht cheana is fuathmhar feargach do
bhí Conán d'Osgar tré bheith ag sgéalaibh-
eacht air féin agus ar na cailleachaibh tar éis
an gheallamhna do-rinne sé féin agus an chuid
eile dá chuideachtain do a bhriseadh; agus níor
bh'fhearr leis a bheatha 'ná a bhás, agus do smaoin
sé ina aigneadh féin ná raibh aon tsuaimh-
neas aige le fagháil i bhFiannaigheacht
as sain suas go bráth. Do mheas se
gan imtheacht do n-íochfadh sé a fhearg ar
chuid éigin de'n bhFéinn; agus do chaitheadar
an aimsir mar sin go ceann seachtmhaine, agus
gach árd 'n-a ngeobhadh Conán do bhíodh gach
n-aon ag sgige agus fonamhaid faoi. D'éist
sé leó nó gur ceapadh lá áirithe chum
fiadhaigh agus seilge le Fionn fa Shliabh Baoi
an Ríogh; agus ar sreathadh agus ar sraonadh
na seilge sin leó, adubhairt cuid d'ógaibh
baoith-chéillidhe na Féinne le Conán go
raibh cailleach na Binne Buirbe armtha
éidighthe rómpa 'san ngleann agus go mbag-
rann sí ár sluagh agus díth daoine do thabhairt
ar sheacht gcathaibh na Gnáth-Fhéinne.



143. An tan do chuala Conán sain
d'aithin sé gur chuige féin do bhíodar, agus thug
aghaidh ortha go fíochmhar boirb-neartmhar
tréan-láidir agus níor sguir den ruathar


L. 337


san gur mharbh seacht gcéad den Fhéinn.
Iar sain do thriall roimhe i n-aithghiorra
gach conaire go ráinig Luimneach, agus níor
stadadh leis go ráinig an dún aoibhinn
seacht míle ó Luimneach amach mar a raibh
Aonghus na Cairrige, agus do chomhnuigh annsain
i bhfochair Aonghuis ar feadh seachtmhaine,agus
do tháitnigh aer agus aoibhneas na háite sin
leis, óir ní raibh i nÉirinn fá'n am sain
aon áit ba breaghtha aoibhne 'ná é. Agus
dá mhéid an greann do ghlac Conán do'n
áit, is mó 'ná sain go mór an greann do
ghlac sé do mhnaoi Aonghuis. Acht cheana lá
dár éirigh Aonghus agus Conán amach ar an
bhfaithche aoibhinn aeraigh do bhí ar an taobh
theas de'n dún, adubhairt Conán, “A
Aonghuis, ní mór duit ceachtar dhá chúinse a
thabhairt damhsa anois.” “Créad iad sain?”
ar Aonghus. “Atá,” ar Conán, “do dhún
agus do bhean do thabhairt dam nó comhrac
aoin-fhir.



144. Adubhairt Aonghus nár thaisdeal an
talamh trom-fhódach aon laoch dá dtiubhradh
sé féin a bhean ná a dhún ar eagla a láimhe.
“Acht,” ar sé, “atá deireadh an lae ann anois,
agus dobhéarfad comhrac i mbárach dhuit.” Ann-
sain téid siad do'n dún agus do chodladar an
oidhche sin, agus i moch na maidne ar n-a bhárach
do ghabhadar umpa a gcultaidhthe catha agus cruadh-
chomhraic, agus téid siad ar an bhfaithche bhfód-
ghlais bhféar-uaine amach. Annsain d'ionn-
suigheadar a chéile mar dhá leomhan lonnacha
luaith-fheargacha, nó mar dhá nathair nime
neimh-eaglacha, nó mar dhá tharbh do-
iomghabhála troda. Do-rinneadar comhrac
feigh fuilteach faobhrach coimhneartmhar
calma croidheamhail comh-uaibhreach roinn-
mhear reachtmhar ró-ghoineach bonn-mhall
bas-luath béimneach láimh-dhearg láidir
luath-ghoineach. Cidh trácht do bhíodar ar an
gcomhthuargaint sin ag gearradh corp agus
cneas a chéile go cionn trí la agus teóra
oidhche gan codladh gan suan gan chomhnaidhe,
agus ag éirghe gréine an ceathramhadh lá do thug
Conán treas-bhéim coimh-neartmhar sgrios-
fhaobhrach chum Aonghuis, gur theilg a cheann
dá chaomh-cholainn, agus do bhí sé féin go
cneadhach créachtach cróileointe tar éis an
chomhraic chruaidh sin, agus bhí bean Aonghuis ag
féachain an chomhraic ar feadh na haimsire
sin gan biadh gan codladh gan suan, agus tháinig
sí os cionn Aonghuis dá chaoineadh.



145. “Léig dod dhoghra nó dod dhubrón,”
ar Conán, “agus gabh liom féin feasta.” “Ní
gheobhad-sa led leithéid de bhodach choirtighthe
chnáimhreamhar throm-cheannach thuaisgeartach
lem shaoghal,” ar sí, “agus is gearr an cháirde
atá agat nó go gcaillfir do cheann féin i
n-éiric chinn Aonghuis.” Agus iar n-a rádh
sain do ghluais sí chum siubhail agus níor stad
agus níor chomhnuigh nó go ráinig go dtí
Gruagach an Charráin bhí míle siar ó shruth
na Máighe, eadhón dearbhráthair Aonghuis na
Cairrge, agus d'innis do a toisg agus fáth a
turais. Annsain do mhóidigh ná caithfeadh
aon ghreim bídh ná dighe go mbainfeadh a
cheann de Chonán i n-éiric a chinn do bhaint
d'Aonghus, agus i moch lae ar n-a bhárach do
ghabh uime a culaidh catha agus cruadh-chomhraic,
agus do ghluais roimhe i n-aithghiorra gach
conaire agus i réim dhíreach gach caoimheolais,
agus an bhean mar an gcéadna mar aon leis, agus
níor chomhnuigheadar nó go rángadar an dún
aoibhinn, agus do bhuail an gruagach a sgiath go
lonn loisgneach, agus d'iarr comhrac ar Chonán
agus d'fhreagair Conán é go mear-láidir
tréan-chalma, agus budh é críoch an chomhraic
gur bhain Conán a cheann de'n ghruagach, agus
comhmaoidheas Conán an gníomh sain i
bhfiadhnaise cháich.



146. Cidh trácht ní raibh aon lá go cionn
bliadhna 'n-a dhiaidh sin ná raibh comhrac nua
ar Chonán ag caraid Aonghuis agus ag a
mhuinntir, agus do bhain Conán na cinn díobh
uile, ionnus go rabhadar trí chéad trí fichid
agus cúig cinn churadh agus caith-mhíleadh aige ar
bhearaibh iarainn timcheall balla an dúna,
ionnus go ndeachaidh tuaraisg Chonáin ar


L. 338


feadh na ríoghachta go foirleathan, agus go
mb'éigean dóibh éirghe suas de, óir do
bhíodh eagla ar gach aon duine roimhe.



147. Iomthúsa mná Aonghuis, an uair
nár b'fhéidir léi aon duine d'fhagháil do
bhuaidhfeadh ar Chonán, tháinig sí dá ionn-
saighe agus adubhairt sí ná mairfeadh sí aon
tamall as an áit sin i rugadh í féin agus a
hathair roimpi, agus go ngeabhadh sí leis dá
mbudh mhaith leis. Adubhairt Conán go
mbudh mhaith, óir do bhí sé i ngrádh léi go
ró-mhór, agus do bhíodar a chéile, go rug sí
triúr mac dho, do bhí ar laochaibh láidre
cródha an domhain, agus d'fhan Conán annsain
do bhfuair sé bás, agus gur hadhnaiceadh ar an
bhfaithche atá ar an dtaobh thiar de'n dún é,
agus ó'n dún sain, agus ó'n gcomhnaidhe do-rinne
Conán de, eadhón an áit ar a dtugthar
Ráith Chonáin indiu.



CRÍOCH.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services