Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.
Title
Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN TSLÉIBHE RIFFE. 128. Acht cheana thángadar go bun na cairrge urghráinne sin, agus níor bh'fhada go gcualadar uall-gháir mhór innti, agus d'aithnig- gheadar gur bh'í uaill Chonáin í, agus leis sin do luathuigheadar chum na háite, agus ar dteacht i bhfoigseacht urchair shleighe do'n doras do chonnarcadar Conán ag gearradh connaidh chum teineadh, agus máthair an fhathaigh 'n-a seasamh taobh leis, agus an uair ná taitnigheadh léi mar do ghearradh Conán an connadh do bhuaileadh buille de chórda chruaidh chnáibe tarsna an droma agus na slinneán air, agus do chuireadh Conán uaill mhór as le gach buille agus d'fhéachadh go truagh ar an gcailligh. Do ghlac fearg mhór Diarmuid iar bhfeicsin smacht na caillighe ar Chonán, óir do b'ionmhain le Diarmaid Conán, agus thug urchar do'n gha dhearg d'ionn- saighe na caillighe le hiomlán a nirt gur chuir tré n-a croidhe í, agus do thuit sí marbh ar an láthair sin. 129. An tan do thuit an chailleach do thóg Conán a cheann agus d'fheuch 'n-a thimcheall agus do chonnairc Fiann Éireann agus do rith dá n-ionnsaighe agus do phóg do dil agus díochra iad. Annsain do labhair Diarmud agus is é adubhairt: “A Chonáin,” ar sé, “measaim nach bhfuil sgaramhaint agat le comhrac na gcailleach, agus iad uile ag treisiughadh ort.” “Léig thart an searbh-chomhrádh sain, agus muna mbeadh go bhfuilim-se fann breoite agus gan m'airm gaisgidh agam do-bhéarfad do chroidhe díol ann; agus ba chóra dhuit uamhan a bheith ort roimh an athach atá annso, agus cionnus thiocfadh leat a mharbhadh, ná bheith ag trácht ar an láimh láidir atá cailleacha do dhéanamh orm-sa, agus muna marbhthar an t-athach sul thiocfas sé i gcóir catha muirbhfidh seisean sibh uile. 130. “Innis dúinn a Chonáin,” ar Goll, “cionnus do tháinig tú chum an athaigh.” “Atá,” ar Conán, “an uair d'imthigh an rí agus na gaisgidhigh do bhar n-ionnsaighe go caisleán deirbhsheathrach Lomnochtáin, do ghlac uamhan agus sgannradh mór mé roimh an gcailligh, óir do tuigeadh dham nár dhíon aon áit 'san ríoghacht dam. Annsain gabhaim m'arm gaisgidh umam agus d'iarras ar dhís taoiseach teaghlaigh an ríogh teacht dom choimhdeacht gus an luing mar do bhí an oidhche ann, agus d'innseas dóibh go rachainn go hÉirinn, agus ag gabháil tríd an bhfaithche dham chonnairc mé deirbhshiúr Lomnochtáin ar an bhfaithche agus do ghlac eagla mé roimpi agus do ritheas chum siubhail tar mhaoilinn cnoc agus gleann agus an chailleach ag rith im dhiaidh agus do tuigthí dam gach tráth go mbeinn ar láimh aici, agus gach aon liú dearg im dhiaidh aici ag búirfeadh agus ag glaoch orm. 131. “Níor chian dam ar an dtréin-rith
sin gur seoladh isteach 'san gcoill seo mé, agus do bhí mé ar an dtréan-ghluaiseacht sain ar feadh seacht lá go n-oidhche gan biadh gan codladh gan suaimhneas, agus an chailleach im dhiaidh, agus iar dteacht na hoidhche an seachtmhadh lá do thuiteas chum talmhan agus gan cumas agam dul níos sia, gan bhrígh i gcois ná i láimh liom, agus muna mbeadh mo chulaidh gaisgidh bheith orm ní bheadh greim le chéile dhíom, ó sgeachaibh agus ó achrann na coille. Acht cheana do bhuaileas mo dhruim le bun crainn agus tharraing mé mo chlaidheamh amach chum comhraic do thabhairt do'n chailligh, dar liom, do bhí im dhiaidh, agus an uair ná táinig sí chugam do bhaineas adhbhar boithe agus do-rinneas teine agus d'imthigheas annsain ag féachain fiadhaigh ar bith, agus ní fada chuaidh mé an tan do theangmhuigh sgaoth do mhucaibh fiadhaine liom, agus chaitheas urchar sleighe fútha, agus mharbhas muc de'n urchar sain, agus do rugas chum na teineadh í, agus do chuireas dá rósadh í, agus an tan do bhí sí rósta d'itheas mo sháith dhi. 132. “Annsain do chuaidh mé chun suain agus níor dhúisigh mé go maidin iar n-a bhárach, agus iar músgladh dham is é áit i rabhas 'ná 'san gcarraig úd; óir do ghabh an fathach chugam am éigin do'n oidhche, an feadh do bhíos im chodladh, agus thug leis chum na cairrge seo mé. Annsain adubhairt an fathach go rabhas mór láidir garbh-chnámhach agus gur mheas sé gur mhaith an fear teineadh do dhéanfainn, agus do chuir ag gearradh adhmaid mé chum teineadh, agus a mháthair 'n-a maor orm, agus an uair ná taitnigheadh léi mar do ghearrain é, do bhuaileadh buille de chórda chruaidh chnáibe orm ionnus go saoilinn go ngearrfadh go cnáimh mé.” Do bhain Conán a chuid éadaigh dhe annsain, agus do thaisbeán é féin dóibh, agus ní raibh orlach dá chorp gan a bheith dubh gorm ó rian an chórda, agus a chuid feola ag loghadh agus ag bréanadh ó ghnáth-bhualadh na caillighe. “Dar do láimh, a Chonáin,” ar Diarmuid, “an chailleach is ciontach tusa bheith ins na riochtaibh sin is suaimhneasach atá sí, óir níor chorruigh sí ó'n bhfaithche ó shin, agus ní chorróchaidh go gcasfaidh tú arís do'n fhaithche.” “Is beag a chreidim ded ghlór,” ar Conán, “óir do bhí sí ag rith agus ag glaoch orm.” 133. Iar sain d'innis Goll do gur bh'í liag na mbeann do bhí mar chailleach aige, agus gurab iad dís taoiseach an ríogh do bhí ag glaodhach air, agus d'innis do mar an gcéadna gach ar éirigh dóibh féin agus mar do mharbh Diarmaid deirbhshiúr Lomnochtáin. Iar sain do ghabh náire ró-mhór Conán agus do bh'fhearr leis a bhás 'ná a bheatha. 134. Ach cheana níor chian dóibh ar na hiomráidhtibh sin an tan chonnarcadar an t-athach armtha éidighthe agus claidheamh dhá lámh aige; do bhruithfidhe mart nó torc i ndorn- cladh an chlaidhimh sin, agus do bhí mar an gcéadna sleagh mhór chrann-ramhar chatha aige ina raibh dícheall díse laoch a hiomchar, agus do tháinig dá n-ionnsaighe ar an ordughadh sain. Do labhair Conán agus adubhairt, “A Dhiarmaid uí Dhuibhne,” ar sé, “muna dtige leat-sa an t-athach do mharbhadh sul do thig dár láthair ní léigfidh sé duine again beo as an ionad so, ná dá mbeadh sluagh na críche in bhar bhfochair.” 135. Annsain ghluais Diarmaid de choischéimibh troigh-éasgaidhe dá ionnsaighe, agus ar a fheicsint sin do'n athach do chuir aon gháir amháin briste catha as, ionnus gurab iongantach ná deachadar i ngealtach nó i dtáimh-néaltaibh báis ó ghéimeannaibh na gcnoc agus na ngleann 'n-a dtimcheall, agus leis sin thug an dís sin rian uarchair dá sleaghaibh fo chorpaibh a chéile, ionnus nár mhó blaodhm thóirnighe 'ná an torann do-rinneadar ag briseadh agus ag raobadh an aeoir rompa. Gidheadh thug Diarmaid baoith-léim éadtrom ó thalamh, ionnus go ndeachaidh reamhair- shleagh an athaigh i leath-taobh seacha, gidheadh
do chuaidh sleagh Dhiarmada mar ba ghnáth leis trés an athach ó ucht go formhna gur thuit an conablach marbh ar an láthair. Léimeann Diarmaid dá ionnsaighe agus thug béim díoghla dá chlaidheamh 'san muinéal do, gur sgar a cheann ó n-a cholainn leis an mbuille sin. (Tuilleadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services