Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.

Title
Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN TSLÉIBHE
RIFFE.



128. Acht cheana thángadar go bun na
cairrge urghráinne sin, agus níor bh'fhada go
gcualadar uall-gháir mhór innti, agus d'aithnig-
gheadar gur bh'í uaill Chonáin í, agus leis sin
do luathuigheadar chum na háite, agus ar
dteacht i bhfoigseacht urchair shleighe do'n
doras do chonnarcadar Conán ag gearradh
connaidh chum teineadh, agus máthair an fhathaigh
'n-a seasamh taobh leis, agus an uair ná
taitnigheadh léi mar do ghearradh Conán an
connadh do bhuaileadh buille de chórda
chruaidh chnáibe tarsna an droma agus na
slinneán air, agus do chuireadh Conán uaill
mhór as le gach buille agus d'fhéachadh go truagh
ar an gcailligh. Do ghlac fearg mhór
Diarmuid iar bhfeicsin smacht na caillighe
ar Chonán, óir do b'ionmhain le Diarmaid
Conán, agus thug urchar do'n gha dhearg d'ionn-
saighe na caillighe le hiomlán a nirt gur
chuir tré n-a croidhe í, agus do thuit sí marbh
ar an láthair sin.



129. An tan do thuit an chailleach do thóg
Conán a cheann agus d'fheuch 'n-a thimcheall agus
do chonnairc Fiann Éireann agus do rith dá
n-ionnsaighe agus do phóg do dil agus díochra
iad. Annsain do labhair Diarmud agus is é
adubhairt: “A Chonáin,” ar sé, “measaim
nach bhfuil sgaramhaint agat le comhrac na
gcailleach, agus iad uile ag treisiughadh ort.”
“Léig thart an searbh-chomhrádh sain, agus
muna mbeadh go bhfuilim-se fann breoite
agus gan m'airm gaisgidh agam do-bhéarfad do
chroidhe díol ann; agus ba chóra dhuit uamhan a
bheith ort roimh an athach atá annso, agus
cionnus thiocfadh leat a mharbhadh, ná bheith
ag trácht ar an láimh láidir atá cailleacha
do dhéanamh orm-sa, agus muna marbhthar an
t-athach sul thiocfas sé i gcóir catha
muirbhfidh seisean sibh uile.



130. “Innis dúinn a Chonáin,” ar Goll,
“cionnus do tháinig tú chum an athaigh.”
“Atá,” ar Conán, “an uair d'imthigh an rí
agus na gaisgidhigh do bhar n-ionnsaighe go
caisleán deirbhsheathrach Lomnochtáin, do
ghlac uamhan agus sgannradh mór mé roimh an
gcailligh, óir do tuigeadh dham nár dhíon aon
áit 'san ríoghacht dam. Annsain gabhaim
m'arm gaisgidh umam agus d'iarras ar dhís
taoiseach teaghlaigh an ríogh teacht dom
choimhdeacht gus an luing mar do bhí an
oidhche ann, agus d'innseas dóibh go rachainn
go hÉirinn, agus ag gabháil tríd an bhfaithche
dham chonnairc mé deirbhshiúr Lomnochtáin
ar an bhfaithche agus do ghlac eagla mé roimpi
agus do ritheas chum siubhail tar mhaoilinn
cnoc agus gleann agus an chailleach ag rith im
dhiaidh agus do tuigthí dam gach tráth go mbeinn
ar láimh aici, agus gach aon liú dearg im dhiaidh
aici ag búirfeadh agus ag glaoch orm.



131. “Níor chian dam ar an dtréin-rith


L. 331


sin gur seoladh isteach 'san gcoill seo mé,
agus do bhí mé ar an dtréan-ghluaiseacht sain
ar feadh seacht lá go n-oidhche gan biadh gan
codladh gan suaimhneas, agus an chailleach im
dhiaidh, agus iar dteacht na hoidhche an seachtmhadh
lá do thuiteas chum talmhan agus gan cumas
agam dul níos sia, gan bhrígh i gcois ná i
láimh liom, agus muna mbeadh mo chulaidh
gaisgidh bheith orm ní bheadh greim le chéile
dhíom, ó sgeachaibh agus ó achrann na coille.
Acht cheana do bhuaileas mo dhruim le bun
crainn agus tharraing mé mo chlaidheamh amach
chum comhraic do thabhairt do'n chailligh, dar
liom, do bhí im dhiaidh, agus an uair ná táinig
sí chugam do bhaineas adhbhar boithe agus
do-rinneas teine agus d'imthigheas annsain ag
féachain fiadhaigh ar bith, agus ní fada chuaidh
mé an tan do theangmhuigh sgaoth do mhucaibh
fiadhaine liom, agus chaitheas urchar sleighe
fútha, agus mharbhas muc de'n urchar sain, agus do
rugas chum na teineadh í, agus do chuireas dá
rósadh í, agus an tan do bhí sí rósta d'itheas
mo sháith dhi.



132. “Annsain do chuaidh mé chun suain
agus níor dhúisigh mé go maidin iar n-a bhárach,
agus iar músgladh dham is é áit i rabhas 'ná
'san gcarraig úd; óir do ghabh an fathach
chugam am éigin do'n oidhche, an feadh do
bhíos im chodladh, agus thug leis chum na cairrge
seo mé. Annsain adubhairt an fathach go
rabhas mór láidir garbh-chnámhach agus gur
mheas sé gur mhaith an fear teineadh do
dhéanfainn, agus do chuir ag gearradh adhmaid
mé chum teineadh, agus a mháthair 'n-a maor
orm, agus an uair ná taitnigheadh léi mar
do ghearrain é, do bhuaileadh buille de
chórda chruaidh chnáibe orm ionnus go
saoilinn go ngearrfadh go cnáimh mé.” Do
bhain Conán a chuid éadaigh dhe annsain, agus
do thaisbeán é féin dóibh, agus ní raibh orlach
dá chorp gan a bheith dubh gorm ó rian an
chórda, agus a chuid feola ag loghadh agus ag
bréanadh ó ghnáth-bhualadh na caillighe.
“Dar do láimh, a Chonáin,” ar Diarmuid,
“an chailleach is ciontach tusa bheith ins na
riochtaibh sin is suaimhneasach atá sí, óir
níor chorruigh sí ó'n bhfaithche ó shin, agus ní
chorróchaidh go gcasfaidh tú arís do'n
fhaithche.” “Is beag a chreidim ded ghlór,”
ar Conán, “óir do bhí sí ag rith agus ag
glaoch orm.”



133. Iar sain d'innis Goll do gur bh'í
liag na mbeann do bhí mar chailleach aige,
agus gurab iad dís taoiseach an ríogh do bhí
ag glaodhach air, agus d'innis do mar an
gcéadna gach ar éirigh dóibh féin agus mar do
mharbh Diarmaid deirbhshiúr Lomnochtáin.
Iar sain do ghabh náire ró-mhór Conán agus do
bh'fhearr leis a bhás 'ná a bheatha.



134. Ach cheana níor chian dóibh ar na
hiomráidhtibh sin an tan chonnarcadar an
t-athach armtha éidighthe agus claidheamh dhá lámh
aige; do bhruithfidhe mart nó torc i ndorn-
cladh an chlaidhimh sin, agus do bhí mar an
gcéadna sleagh mhór chrann-ramhar chatha
aige ina raibh dícheall díse laoch a hiomchar,
agus do tháinig dá n-ionnsaighe ar an ordughadh
sain. Do labhair Conán agus adubhairt, “A
Dhiarmaid uí Dhuibhne,” ar sé, “muna dtige
leat-sa an t-athach do mharbhadh sul do thig
dár láthair ní léigfidh sé duine again beo
as an ionad so, ná dá mbeadh sluagh na
críche in bhar bhfochair.”



135. Annsain ghluais Diarmaid de
choischéimibh troigh-éasgaidhe dá ionnsaighe,
agus ar a fheicsint sin do'n athach do chuir aon
gháir amháin briste catha as, ionnus gurab
iongantach ná deachadar i ngealtach nó
i dtáimh-néaltaibh báis ó ghéimeannaibh na
gcnoc agus na ngleann 'n-a dtimcheall, agus leis
sin thug an dís sin rian uarchair dá sleaghaibh
fo chorpaibh a chéile, ionnus nár mhó blaodhm
thóirnighe 'ná an torann do-rinneadar ag
briseadh agus ag raobadh an aeoir rompa.
Gidheadh thug Diarmaid baoith-léim éadtrom
ó thalamh, ionnus go ndeachaidh reamhair-
shleagh an athaigh i leath-taobh seacha, gidheadh


L. 332


do chuaidh sleagh Dhiarmada mar ba ghnáth
leis trés an athach ó ucht go formhna gur
thuit an conablach marbh ar an láthair.
Léimeann Diarmaid dá ionnsaighe agus thug
béim díoghla dá chlaidheamh 'san muinéal
do, gur sgar a cheann ó n-a cholainn leis
an mbuille sin.
(Tuilleadh).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services