Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Whereas go dtáinig san bhfoghmhar.
Title
Whereas go dtáinig san bhfoghmhar.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
WHEREAS go dtáinig san bhfogmhar láithreach, an ficheadh lá de'n Mheitheamh ceannsach Óig-fhear grádhmar, pór de'n dáimh ghlic, bile gan cealg, is dalta le foghlaim, Do thug sé an manual sa portús láithreach gan aon amhras Go dtáinig sladaidhe nó fós gadaidhe do ghoid trí leabhair uaidh. 2. An deachmhadh lá de'n mhí láithrigh mar tugaim chum meabhrach, Ag sgoil na sáir-fhear ag Droichead Gáile mar a raibh dhá bhfoghlaim
Dréachda is aistí is léigheann do cleachtaoi inns an tseannreachd, Laoithe Gaedhilge, an tOgham craobhach, is ealadhain árd-ollamhanta. 3. Is mar do bhí ag machdnamh ar a liachd aistí do bhí d'a bhuaidhreadh, Do chuir Morpheus le n-a chaol-tslait i dtoirchim suain é, Gur b' é brígh a taidhbhse is maitheas a thaidhbhridh, sul ar mhúsgail, Gur piocadh go lom, as mang a leabhar, ceisde na n-ughdar. 4. Do réir mar dhearbhuighim, is mór an easbuidh é, imtheachd na leabhar so, 'S a mbeith ar neamh-chrích mar gheall ar ghadaidhe do rinne a lom-sgrios: Mar do bhí ionnta sgéalta go blasda i nGaedhilg, is ní an-fhoghlaim, Gach cruaidh-cheist diadhachta idir deigh- chléirchibh do bhí tríotha ag comhairle. 5. Tá sé riachdanach a gcur i sgríbhinn, a gcáil mar fuaras, Mar shúil le Críosd go mbéarfaidhe ar phíp ar an té rug uadha iad. Do bhí CATH FIONNTRÁGHA go blasda 'na láthair i bhfoirm le fuamaint Mar a raibh tréin-fhir bliadhain le chéile ag treasgairt 's ag tuargaint. 6. 'S an BHRUIGHEAN CHAORTHAINN, mar do traochadh Miodhach 's a shluaighte, Mar do ceangladh Conán mac Móirne go hiomlán re n-a gcruaidh-chlis: TÓRAIDHEACHD GHRÁINNE, ar feadh trí ráithe bhí ag imhtheacht re Diarmaid, Is toisg an tuirc mar do rinneadh a ghoin de dheasgaibh an éada. 7. CATH MUIGHE MUC-ROIMHE thug sgeimh- leadh 's briseadh ar fhearaibh áille, Art Aon-fhear is ann do traochadh le Lughaidh Lámha; AN MADRADH MAOL dob fhada mar sgéal, 's an GIOLLA DEACAIR, TAIRRNGIREACHD BHEARCHÁIN, DUAIN UÍ DHUBHAGÁIN, is SALTAIR CHAISIL. 8. Ionnsaighidh MHUIGHE LÉANA, LEABHAR DROMA SNEACHTA, is an nós nar cailleadh BLÁTHNAID; TÓRAIDHEACHD CHONAILL, an laoch ba churanta, i ndiaid Eithne, Rug an Macaomh Mór, an tan fríth 'na suan i mBeinn Éadair: CRÍOCH CHON-CULAINN na gcleas n-ion- gantach, a ghaisgeadh is a laochas, Agus Chon-Raoi mhic Dháire, an curaidh nár thláth i dtreasaibh na dtréin-fear. CATH NA TRAE de dheasgaibh Hélen 'nar cailleadh na crónta; Do tharraing na Gréagaigh a mbarca 'na ndéidh, an chathair gur dóigheadh leo. CÉADACH MÓR, an curadh ba chródha gais- geadh agus laochas, Thug ainnear an ór-fhuilt (leis) mar nuachair d'Osgar na mbéimeann; An MACAOMH ÁLAINN ó Ríoghachd Eas- báine, 's a thurus go hÉirinn. 9. IOLLANN airmdhearg, BRUIGHEAN BHEAG NA HALMHAINE, is SEANCHUS CHÉITINN, An tailceann greanta MAC CÉIN, CÁINTE, ar Dhanair rinn' éisleach, SEALG AN GHLEANNA, BODACH AN CHÓTA LACHDNA, is CONÁN CINN TSLÉIBHE. AONGHUS MÓR ba chalma i gcomhlann, le Goll gur traochadh.
10. CEALLACHÁN CAISIL thug madhm catha cnuic d' Fhionn-Lochlannaibh, CATH CLUANA TAIRBH 'nar díbreadh Danair le Brian 's a shlóightibh; AGALLAMH is ráidhte OISÍN agus PHÁDRAIG, is cruinn bheir tuaraisg; Is mar tugad an t-ár de dheasgaibh na mná. a hainm NIAMH NUADH-CHROTHACH. 11. 'Na dteannta bhí CATH GABRA chuir sgannradh ar fhearaibh calma — Osgar na mbéimeann, curaidh na Féinne is ann do treasgradh. Do bhí ionnta go hiomlán Giolla Caomháin is a RÉIM RÍOGHRAIDHE, Agus mórán dréachda badh mhór-saothar le cur i sgríbhinn. 12. BEATHA NA NAOMH i dteanga na nGaedheal go milis ann le húghdar, Badh mhór an sdór do shagart óg tar éis teachd ó Mhuigh Nuadhad do: Bean i dtinneas le toirrcheas cloinne do chluinfeadh d'a léigheadh iad, Do thiocfadh slán, ma 's fíor an dán, gan aon éislinn. 13. Ní raibh seanchaidheachd, dréachd ná eagnai- dheachd i gcrích Fhódla, I gcló ná i sgríbhinn ó theachd na díleann go madhm na Bóinne, Ná raibh sgríobhtha i bprós nó i laoithibh ar aithris suadha Ins na leabhraibh seo do ceapadh re foghlaim is d'imthigh gan tuaraisg. 14. Do dhearbhuigh síos dam fá bhrígh an Bhíobla - nídh nach náir dhó — Gur chaith seachd ngeímhridh ag léir-sgríobhadh na leabhar réamh-ráidhte: Agus tar éis a saothair is bháis Uí Laoghaire, is mór m' eagla Nach reacaire dán ná cuisle de 'n dáimh uadha do bhraduigh iad. 15. Achd duine gan cáil gan aithne air, ná fós fios aitheanta, Nó cladhaire cneámhaire de dhíosgair shrá- daidhe, do geineadh re malluightheachd. Le toil na cléire má gheibhim léir-chead, déanfad easgaine Ar an gcreachaidhe do ghoid na dréachda, achd go bhfaighead aithne air. 16. Téidheadh 'na dhruím gach easgaine sgríobhtha i sailm na mallachda; Déanfaidh de lobhar go follas do'n domhan, 's a phlaicín chomh lom le canister; Déanfad dó aora chuirfidh air léanadh, easbuidh is díoth ingne; Toill a shúl, silfid go cúl, 's is cuma cá ngeobhaidh an inchinn. 17. I dtollaibh a chluas beidh tinneas is guais chuirfidh é ar bhuadhairth chodalta, A theanga is a bhéal ag sileadh mar stéig, is cnuimheacha 'na thaobh neaduighthe, Ní fhágfaid ann bríg ná tapa 'na chroidhe, is nár dul as d'a bhallaibh sodartha, Mara dtige go humhal ar mhullach a ghlún, is na leabhair seo thabhairt chum Donnchaidh. 18. Chum gach connstábla, íseal is árd, ar feadh na mór-chuarda réamh-ráidhte Agus go háirithe chum Thomáis Marasgal, Micheál Mac Lonnrachda, Seaghán Ó Srála, agus gach glé greannmhar de'n éigse iol-bhuadhaigh, is a gcontrárdha, THESE ARE THEREFORE (is ní mheasaim gur éagcóir) i n-ainm Ríogh Seóirse
COMMANDING YOU imtheachd chum siu- bhail ar madhm chum bóthair: Ná fágaidh cúil tige ar feadh na dúthaighe, ná triopall luachra, Gan lorg do'n bhfoghlaidhe do bhraduigh na leabhair ó Dhonnchadh Ó Buachallaigh. 19. Agus ná bíodh leachdán, claidhe nó cnocán, gan spíonadh go dlút dhó, Ó Chul Caorach go Coill Fhéinne, agus síos go Sean-ghualainn: Ná oiread nead circe i gcuirreach ná tuine gan réabadh 'n bhur gcuardach, Ná iothlainn chabáisde ó Chúl Chláraigh siar gó Lios Tuathail. 20. Sul a ragha sibh i bhfad, ná fágaidh sgairt ar dhá thaoibh Gháile Gan tochailt is spiúnadh is lorg go dlút do'n fhíor-chneámhaire: Ná bíodh oraibh náire shiubhail re dásachd ná fós i ndárdal leisge; Ólaidh balcán, seachnaidh beangán, is ná bídhidh ar meisge. 21. Má bhíonn na leabhair seo i gclúid nó i dtaisgidh aca, tabhair chugham iad Agus do-bhéarfad-sa urradh ná leigfidh do spriosán ar bith dul chúcha. Is é réim bhur gcuardaigh, ó Ghaillim na gcuan go hÁrd Fearta, Tréas na mór-chnuic, tré Ghleann Ó Ruachda, is go Dúthaigh Ealla. 22. Ná bíodh oraibh sgannradh roimh na Frann- caigh ag dul go Beanntraighe, Mar do bhí sean-bhean d'a chur 'na gceann gurab ann do bheadh campaidhe: D'a bhrígh sin iompuighidh síos tré Mhús- graighe agus le hais Abhann Móire, 'S ná fillidh tar ais go dtige sibh ar fad go Carraig Thuathail. 23. Ná bíodh pobal ná teach sgoile in bhur mór- shiubhaltaibh Gan ruaig is fógra do thabhairt dóibh chum breithe ar chúl air: Gurab annamh do-chítear fear d'a ghníomhar- thaibh ag teachd chum devotion Domhnach aoibhinn nó lá saoire do láthair Aifrinn na haltórach. 24. Bídhidh aireach ins gach bealach 'n-a bhfeicfidh sibh tréad caorach, Ar eagla an ghadhaidhe le hiomarca cleas- aidheachd bheith ag imtheacht faoi chlóca Mar d'imthigh Sionnach Cille na Manach i gcroiceann na fóisge Do ghoideadh ó'n gcaoirigh a huan san oidhche gan fios d'a comharsain. 25. Tré chríocha Róisteach lorgaidh an t-eólas go Sléibhte Eibhlinne, Agus as sin anoir go Luimneach Luirc, mara bhfagha sibh radharc air; Ná déanaidh stad go téachd tar ais go Droichead Gáile, Mar is ro-mhór m'amhras gurab ar an gceanntar so atá an fíor-chneámhaire. Má tá sé i ndán daoibh i n-aon bheárnain go dtiocfaidh in bhur líontaibh, Tugaidh chugham-sa ar bhun dúide é cean- gailte i gcuíbhreach: Agus cuirfead miotamas leis go hinn- eallta daingean do-sgaoilte, Go ngealaidh a chnámha 's go n-ithid na sneadha i bhfochair na míol é. Faoi m' láimh sgríobhtha An ficheadh lá de'n mhí seo Láithreach, aois an Tighearna Ochd gcéad déag Gan aon bhréig Agus trí cuir shiar (síos?) leis. CRÍOCH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services