Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Whereas go dtáinig san bhfoghmhar.

Title
Whereas go dtáinig san bhfoghmhar.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

WHEREAS go dtáinig san bhfogmhar
láithreach, an ficheadh lá de'n Mheitheamh
ceannsach
Óig-fhear grádhmar, pór de'n dáimh ghlic, bile
gan cealg, is dalta le foghlaim,
Do thug sé an manual sa portús láithreach
gan aon amhras
Go dtáinig sladaidhe nó fós gadaidhe do
ghoid trí leabhair uaidh.



2.
An deachmhadh lá de'n mhí láithrigh mar tugaim
chum meabhrach,
Ag sgoil na sáir-fhear ag Droichead Gáile
mar a raibh dhá bhfoghlaim


L. 324


Dréachda is aistí is léigheann do cleachtaoi
inns an tseannreachd,
Laoithe Gaedhilge, an tOgham craobhach, is
ealadhain árd-ollamhanta.



3.
Is mar do bhí ag machdnamh ar a liachd aistí
do bhí d'a bhuaidhreadh,
Do chuir Morpheus le n-a chaol-tslait i
dtoirchim suain é,
Gur b' é brígh a taidhbhse is maitheas a
thaidhbhridh, sul ar mhúsgail,
Gur piocadh go lom, as mang a leabhar,
ceisde na n-ughdar.



4.
Do réir mar dhearbhuighim, is mór an easbuidh
é, imtheachd na leabhar so,
'S a mbeith ar neamh-chrích mar gheall ar
ghadaidhe do rinne a lom-sgrios:
Mar do bhí ionnta sgéalta go blasda i
nGaedhilg, is ní an-fhoghlaim,
Gach cruaidh-cheist diadhachta idir deigh-
chléirchibh do bhí tríotha ag comhairle.



5.
Tá sé riachdanach a gcur i sgríbhinn, a gcáil
mar fuaras,
Mar shúil le Críosd go mbéarfaidhe ar phíp
ar an té rug uadha iad.
Do bhí CATH FIONNTRÁGHA go blasda 'na
láthair i bhfoirm le fuamaint
Mar a raibh tréin-fhir bliadhain le chéile ag
treasgairt 's ag tuargaint.



6.
'S an BHRUIGHEAN CHAORTHAINN, mar do
traochadh Miodhach 's a shluaighte,
Mar do ceangladh Conán mac Móirne go
hiomlán re n-a gcruaidh-chlis:
TÓRAIDHEACHD GHRÁINNE, ar feadh trí
ráithe bhí ag imhtheacht re Diarmaid,
Is toisg an tuirc mar do rinneadh a ghoin
de dheasgaibh an éada.



7.
CATH MUIGHE MUC-ROIMHE thug sgeimh-
leadh 's briseadh ar fhearaibh áille,
Art Aon-fhear is ann do traochadh le Lughaidh
Lámha;
AN MADRADH MAOL dob fhada mar
sgéal, 's an GIOLLA DEACAIR,
TAIRRNGIREACHD BHEARCHÁIN, DUAIN
UÍ DHUBHAGÁIN, is SALTAIR
CHAISIL.



8.
Ionnsaighidh MHUIGHE LÉANA, LEABHAR
DROMA SNEACHTA, is an nós nar
cailleadh BLÁTHNAID;
TÓRAIDHEACHD CHONAILL, an laoch ba
churanta, i ndiaid Eithne,
Rug an Macaomh Mór, an tan fríth 'na
suan i mBeinn Éadair:
CRÍOCH CHON-CULAINN na gcleas n-ion-
gantach, a ghaisgeadh is a laochas,
Agus Chon-Raoi mhic Dháire, an curaidh nár
thláth i dtreasaibh na dtréin-fear.
CATH NA TRAE de dheasgaibh Hélen 'nar
cailleadh na crónta;
Do tharraing na Gréagaigh a mbarca 'na
ndéidh, an chathair gur dóigheadh leo.
CÉADACH MÓR, an curadh ba chródha gais-
geadh agus laochas,
Thug ainnear an ór-fhuilt (leis) mar nuachair
d'Osgar na mbéimeann;
An MACAOMH ÁLAINN ó Ríoghachd Eas-
báine, 's a thurus go hÉirinn.



9.
IOLLANN airmdhearg, BRUIGHEAN BHEAG
NA HALMHAINE, is SEANCHUS
CHÉITINN,
An tailceann greanta MAC CÉIN,
CÁINTE, ar Dhanair rinn' éisleach,
SEALG AN GHLEANNA, BODACH AN
CHÓTA LACHDNA, is CONÁN CINN
TSLÉIBHE.
AONGHUS MÓR ba chalma i gcomhlann, le
Goll gur traochadh.


L. 325


10.
CEALLACHÁN CAISIL thug madhm catha
cnuic d' Fhionn-Lochlannaibh,
CATH CLUANA TAIRBH 'nar díbreadh
Danair le Brian 's a shlóightibh;
AGALLAMH is ráidhte OISÍN agus PHÁDRAIG,
is cruinn bheir tuaraisg;
Is mar tugad an t-ár de dheasgaibh na mná.
a hainm NIAMH NUADH-CHROTHACH.



11.
'Na dteannta bhí CATH GABRA chuir
sgannradh ar fhearaibh calma —
Osgar na mbéimeann, curaidh na Féinne is
ann do treasgradh.
Do bhí ionnta go hiomlán Giolla Caomháin
is a RÉIM RÍOGHRAIDHE,
Agus mórán dréachda badh mhór-saothar le
cur i sgríbhinn.



12.
BEATHA NA NAOMH i dteanga na
nGaedheal go milis ann le húghdar,
Badh mhór an sdór do shagart óg tar éis
teachd ó Mhuigh Nuadhad do:
Bean i dtinneas le toirrcheas cloinne do
chluinfeadh d'a léigheadh iad,
Do thiocfadh slán, ma 's fíor an dán, gan
aon éislinn.



13.
Ní raibh seanchaidheachd, dréachd ná eagnai-
dheachd i gcrích Fhódla,
I gcló ná i sgríbhinn ó theachd na díleann
go madhm na Bóinne,
Ná raibh sgríobhtha i bprós nó i laoithibh ar
aithris suadha
Ins na leabhraibh seo do ceapadh re foghlaim
is d'imthigh gan tuaraisg.



14.
Do dhearbhuigh síos dam fá bhrígh an Bhíobla
- nídh nach náir dhó —
Gur chaith seachd ngeímhridh ag léir-sgríobhadh
na leabhar réamh-ráidhte:
Agus tar éis a saothair is bháis Uí Laoghaire,
is mór m' eagla
Nach reacaire dán ná cuisle de 'n dáimh
uadha do bhraduigh iad.



15.
Achd duine gan cáil gan aithne air, ná fós
fios aitheanta,
Nó cladhaire cneámhaire de dhíosgair shrá-
daidhe, do geineadh re malluightheachd.
Le toil na cléire má gheibhim léir-chead,
déanfad easgaine
Ar an gcreachaidhe do ghoid na dréachda, achd
go bhfaighead aithne air.



16.
Téidheadh 'na dhruím gach easgaine sgríobhtha
i sailm na mallachda;
Déanfaidh de lobhar go follas do'n domhan,
's a phlaicín chomh lom le canister;
Déanfad dó aora chuirfidh air léanadh,
easbuidh is díoth ingne;
Toill a shúl, silfid go cúl, 's is cuma cá
ngeobhaidh an inchinn.



17.
I dtollaibh a chluas beidh tinneas is guais
chuirfidh é ar bhuadhairth chodalta,
A theanga is a bhéal ag sileadh mar stéig,
is cnuimheacha 'na thaobh neaduighthe,
Ní fhágfaid ann bríg ná tapa 'na chroidhe, is
nár dul as d'a bhallaibh sodartha,
Mara dtige go humhal ar mhullach a ghlún, is
na leabhair seo thabhairt chum Donnchaidh.



18.
Chum gach connstábla, íseal is árd, ar feadh
na mór-chuarda réamh-ráidhte
Agus go háirithe chum Thomáis Marasgal,
Micheál Mac Lonnrachda,
Seaghán Ó Srála, agus gach glé greannmhar de'n
éigse iol-bhuadhaigh, is a gcontrárdha,
THESE ARE THEREFORE (is ní
mheasaim gur éagcóir) i n-ainm Ríogh
Seóirse


L. 326


COMMANDING YOU imtheachd chum siu-
bhail ar madhm chum bóthair:
Ná fágaidh cúil tige ar feadh na dúthaighe, ná
triopall luachra,
Gan lorg do'n bhfoghlaidhe do bhraduigh na
leabhair ó Dhonnchadh Ó Buachallaigh.



19.
Agus ná bíodh leachdán, claidhe nó cnocán,
gan spíonadh go dlút dhó,
Ó Chul Caorach go Coill Fhéinne, agus síos go
Sean-ghualainn:
Ná oiread nead circe i gcuirreach ná tuine
gan réabadh 'n bhur gcuardach,
Ná iothlainn chabáisde ó Chúl Chláraigh siar
gó Lios Tuathail.



20.
Sul a ragha sibh i bhfad, ná fágaidh sgairt ar
dhá thaoibh Gháile
Gan tochailt is spiúnadh is lorg go dlút
do'n fhíor-chneámhaire:
Ná bíodh oraibh náire shiubhail re dásachd ná
fós i ndárdal leisge;
Ólaidh balcán, seachnaidh beangán, is ná
bídhidh ar meisge.



21.
Má bhíonn na leabhair seo i gclúid nó i
dtaisgidh aca, tabhair chugham iad
Agus do-bhéarfad-sa urradh ná leigfidh do
spriosán ar bith dul chúcha.
Is é réim bhur gcuardaigh, ó Ghaillim na
gcuan go hÁrd Fearta,
Tréas na mór-chnuic, tré Ghleann Ó Ruachda,
is go Dúthaigh Ealla.



22.
Ná bíodh oraibh sgannradh roimh na Frann-
caigh ag dul go Beanntraighe,
Mar do bhí sean-bhean d'a chur 'na gceann
gurab ann do bheadh campaidhe:
D'a bhrígh sin iompuighidh síos tré Mhús-
graighe agus le hais Abhann Móire,
'S ná fillidh tar ais go dtige sibh ar fad
go Carraig Thuathail.



23.
Ná bíodh pobal ná teach sgoile in bhur mór-
shiubhaltaibh
Gan ruaig is fógra do thabhairt dóibh chum
breithe ar chúl air:
Gurab annamh do-chítear fear d'a ghníomhar-
thaibh ag teachd chum devotion
Domhnach aoibhinn nó lá saoire do láthair
Aifrinn na haltórach.



24.
Bídhidh aireach ins gach bealach 'n-a bhfeicfidh
sibh tréad caorach,
Ar eagla an ghadhaidhe le hiomarca cleas-
aidheachd bheith ag imtheacht faoi chlóca
Mar d'imthigh Sionnach Cille na Manach i
gcroiceann na fóisge
Do ghoideadh ó'n gcaoirigh a huan san oidhche
gan fios d'a comharsain.



25.
Tré chríocha Róisteach lorgaidh an t-eólas
go Sléibhte Eibhlinne,
Agus as sin anoir go Luimneach Luirc, mara
bhfagha sibh radharc air;
Ná déanaidh stad go téachd tar ais go
Droichead Gáile,
Mar is ro-mhór m'amhras gurab ar an
gceanntar so atá an fíor-chneámhaire.
Má tá sé i ndán daoibh i n-aon bheárnain
go dtiocfaidh in bhur líontaibh,
Tugaidh chugham-sa ar bhun dúide é cean-
gailte i gcuíbhreach:
Agus cuirfead miotamas leis go hinn-
eallta daingean do-sgaoilte,
Go ngealaidh a chnámha 's go n-ithid na
sneadha i bhfochair na míol é.



Faoi m' láimh sgríobhtha
An ficheadh lá de'n mhí seo
Láithreach, aois an Tighearna
Ochd gcéad déag
Gan aon bhréig
Agus trí cuir shiar (síos?) leis.



CRÍOCH.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services