Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.
Title
Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA LOMNOCHTHÁIN AN tSLÉIBHE RIFFE. 121. Cidh trácht do thriall an rí agus na ridirí eile i gcuideachtain na hinghine, agus beirid an corn leo, agus iar rochtain an chaisleáin dóibh brisid agus raobaid na doirse, agus thug an inghean deoch d'Fhiannaibh Éireann as an gcorn, agus do cheangladar a lámha dá nguaillibh comh maith agus do bhíodar riamh. Do phóg Osgar an inghean agus d'fhiafruigh dhi cé hí féin. “Atá, inghean do rígh Lochlann mise,” ar sí, “agus isé thóg na caisleáin seo agus thug se a raibh d'ór agus d'airgead agus de sheoidibh uaisle eile aige i dtaisgidh ionnta dhamh-sa, agus a gcúram ar an gcailligh, mar is é d'oil é féin, agus níl tighearna fa'n domhan nach bhfuil a dhíol de spré ann.” 122. D'éirigh an chailleach go moch ar maidin, óir do b'fhada léi gan Conán a bheith aici, agus ar bhféachain amach dhi do chonnairc sí doirse an chaisleáin uile raobtha, agus Fiann Éireann 'n-a seasamh ann, agus an inghean 'n-a bhfochair. D'fhill isteach agus do chuir a culaidh catha uimpi agus tháinig d'ionn- saighe na Féinne. An tan do chonnairc an inghean an oill-phiast chaillighe ag déanamh uirthi do sgread agus adubhairt, “a Dhiarmaid uí Dhuibhne, muna muirbhfidh tusa an chailleach atámaoid uile caillte.” Do bhog agus do bheartuigh Diarmaid an Chroiseach Dhearg, agus thug rogha urchair dhi d'ionnsaighe na Caillighe go ndeachaidh tré n-a cliabh go croidhe. “A Dhé dá n-adhraim,” ar an chailleach, “is mairg dár bhain an t-urchar sain, óir is é seo sleagh Dhiarmada Uí Dhuibhne trasna mo chléibh.” “Is í cheana,” ar Diarmaid. “Maiseadh,” ar sí, “mura
mbeadh an t-urchar sain, do bhainfinn na cinn díbh uile;” agus iar rádh na bhfocal sain do thuit an t-anam aisti. Do phreab Osgar i gcoinne na hinghine agus do phóg go dil agus do díochma í, agus an Fhiann uile mar an gcéadna. 123. Dála Chonáin iar n-imtheacht do'n rígh agus do na laochraibh do bhí i n-a bhfarradh as an dún d'ionnsaighe Fiann nÉireann, do ghabh uamhan agus eagla roimh an gcailligh é, mar do chualaidh do raibh sé ag brath ar theacht fa n-a dháil, adubhairt nár dhíon dó bheith i nd-aon áit de'n ríoghacht sain, agus adubhairt le Corc Leathan-armach agus le Dáire Laoch-armach, dís de thaoiseachaibh teaghlaigh an ríogh, dul leis chum na luinge. Do fhreagradar sain agus d'fhiafruigheadar de créad an fáth a raibh sé ag dul chum na luinge an t-am sain d'oidhche. D'innis Conán dóibh gurab le heagla agus teicheadh roimh an gcailligh dhiabhlaidhe sin do bhí sé, agus nach stadfadh go rachadh go hÉirinn. “Ná fanfaidh tú leis an gcuid eile ded chuideachtain?” ar cách. “Ní fhanfad,” ar Conán, “óir atáim deimhneach go bhfuilid sin iar n-a marbhadh leis an gcailligh, agus go mbeidh sí annso gan mhoill chum mise do mharbhadh mar a gcéadna, agus is briathar dhamh-sa ná beidh mé féin le fagháil aici.” “Is cirte dhuit dul d'fhóirithin do mhuintire,” ar iad., “agus racham-ne leat.” “Is féidir libh-se dul ann,” ar Conán, “má's maith libh féin, acht is deimhneach ná rachad-sa níos foigse ná so dhi go bruinne an bhrátha.” 124. Leis sin do ghluais Conán amach, agus do lean an dís taoiseach é, agus ag gabháil imeall na faithche dhóibh do bhí liag mór cloiche 'n-a sheasamh ar a cheann ann rómpa, agus ar a fheicsin do Chonán do ghabh umhan mór é, óir do shaoil gur bh' í an chailleach do bhí ann, agus do rith chum siubhail go tréan-láidir i luas na gaoithe glan-fhuaire. Do leanadar na gaisgidhigh é agus gan breith aca ar theacht suas leis, acht amháin go rabhadar i n-ionad radhairc dho, agus do bhí Conán deimhneach gur bh'í an chailleach do bhí 'n-a dhiaidh, agus do bhíodar dá leanamhaint choidhche go ndeachaidh sé as a radharc isteach i ndiamhair coille a raibh cead míle i n-a fhad aig níor bh'fhéidir leo radharc d'fhagháil air ó shin ale, agus d'fhilleadar na gaisgidhigh tar a n-ais do'n dún. 125. Dála an ríogh agus na Féinne d'fhanadar i ndún na caillighe an oidhche sin agus an lá 'n-a dhiaidh, agus ní raibh rí na tighearna 'san domhan ag a raibh oiread saidhbhris agus do bhí i ndún na caillighe. Cidh trácht do chuadar tar a n-ais go dún an ríogh, agus do hinnseadh turus Chonáin dóibh, agus is mór an greann agus an chuideachta do rinneadar de'n uamhan sain do ghlac Conán roimh an gcarraig. Acht cheana chuireadar an t-ór agus na séada éagsamhla eile do bhí i ndún na caillighe i luing Lomnochtáin, agus ní raibh moill ortha gan gluaiseacht acht ar feadh Chonáin d'fhagháil, agus bhíodar mar sin go ceann seachtmhaine, agus daoine gach aon lá ar lorg Chonáin, go ndubhairt an rí fa dheireadh, “Is baoghal liom,” ar sé, “gurab é fathach na Cairrge Duibhe do theangmhuigh leis, agus má's é, cuiridh bhar súil dé.” 126. D'fhiafruigh Osgar dhe cé an sórt duine an t-athach sain. “Atá,” ar an rí, “fathach mór reamhar-chnámhach, chomnuigheas 'san gcarraig dhuibh i gceart-lár na coille diamhaire. Atá troigh agus fiche ar aoirde ann, agus an oiread eile ar a leithead, agus ní hionchomhraic laoch 'san domhan leis, agus an crann is mó 'sa gcoill do thairngeochadh as a phréamhachaibh é le neart a láimhe, agus tugann cuairt na críche seo uair 'san mbliadhain, agus ní'l duine ná beathadhach dá dteangmhann leis ná beireann chum siubhail,” “Luighim-se fam armaibh gais- gidh,” ar Osgar, “na rachad go hÉirinn go bráth nó go dtuitfidh sé liom, nó mé leis.” 127. Annsain do ghluaiseadar i dtóraidheacht Chonáin, an t-ochtar féinnnidhe agus an ceathrar ridirí ó'n Domhan Toir, agus gabhaid umpa a gculaidhthe catha, agus téid d'ionnsaighe na coille agus do chuir an rí eolaidhthe leo, agus timcheall meadhóin lae rángadar tosach na coille agus is mall an imtheacht doghnídís le tiughacht agus doircheacht na coille diamhaire sin, go dtáinig deireadh lae ortha, agus do chonnarcadar sgaoth do mhucaibh fiadhaine agus caithid a sleagha leo agus marbhaid trí tuirc agus do-rinneadar morc mór teineadh agus chuire- adar ar thrí bearaibh cruadh-choille le taobh na teineadh iad, agus an tan ba rósta iad d'itheadar a sáith dhíobh, agus chodladar go maidin. Dhá lá dhéag ar an módh sain dóibh
ag tóraidheacht Chonáin, agus iar n-éirghe ghréine an treas lá déag do chonnarcadar an charraig cheann-dubh urghránna chomh dubh leis an ngual ag éirghe i n-aoinfheacht leis an aer. D'innis an t-eolaidhe dhóibh go raibh an charraig sin folamh fúithi agus gurab ann do chomhnuigh an fathach. (Tuilleadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services