Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.

Title
Eachtra Lomnochtáin an tSléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA LOMNOCHTHÁIN AN tSLÉIBHE
RIFFE.



121. Cidh trácht do thriall an rí agus na
ridirí eile i gcuideachtain na hinghine, agus
beirid an corn leo, agus iar rochtain an
chaisleáin dóibh brisid agus raobaid na doirse,
agus thug an inghean deoch d'Fhiannaibh Éireann
as an gcorn, agus do cheangladar a lámha dá
nguaillibh comh maith agus do bhíodar riamh. Do
phóg Osgar an inghean agus d'fhiafruigh dhi cé hí
féin. “Atá, inghean do rígh Lochlann mise,”
ar sí, “agus isé thóg na caisleáin seo agus thug
se a raibh d'ór agus d'airgead agus de sheoidibh
uaisle eile aige i dtaisgidh ionnta dhamh-sa,
agus a gcúram ar an gcailligh, mar is é d'oil é
féin, agus níl tighearna fa'n domhan nach bhfuil
a dhíol de spré ann.”



122. D'éirigh an chailleach go moch ar
maidin, óir do b'fhada léi gan Conán a
bheith aici, agus ar bhféachain amach dhi do
chonnairc sí doirse an chaisleáin uile
raobtha, agus Fiann Éireann 'n-a seasamh ann,
agus an inghean 'n-a bhfochair. D'fhill isteach agus
do chuir a culaidh catha uimpi agus tháinig d'ionn-
saighe na Féinne. An tan do chonnairc an
inghean an oill-phiast chaillighe ag déanamh
uirthi do sgread agus adubhairt, “a Dhiarmaid
uí Dhuibhne, muna muirbhfidh tusa an
chailleach atámaoid uile caillte.” Do bhog
agus do bheartuigh Diarmaid an Chroiseach
Dhearg, agus thug rogha urchair dhi d'ionnsaighe
na Caillighe go ndeachaidh tré n-a cliabh go
croidhe. “A Dhé dá n-adhraim,” ar an
chailleach, “is mairg dár bhain an t-urchar
sain, óir is é seo sleagh Dhiarmada Uí
Dhuibhne trasna mo chléibh.” “Is í cheana,”
ar Diarmaid. “Maiseadh,” ar sí, “mura


L. 315


mbeadh an t-urchar sain, do bhainfinn na
cinn díbh uile;” agus iar rádh na bhfocal sain
do thuit an t-anam aisti. Do phreab Osgar
i gcoinne na hinghine agus do phóg go dil agus do
díochma í, agus an Fhiann uile mar an gcéadna.



123. Dála Chonáin iar n-imtheacht do'n
rígh agus do na laochraibh do bhí i n-a bhfarradh as
an dún d'ionnsaighe Fiann nÉireann, do
ghabh uamhan agus eagla roimh an gcailligh é,
mar do chualaidh do raibh sé ag brath ar
theacht fa n-a dháil, adubhairt nár dhíon dó
bheith i nd-aon áit de'n ríoghacht sain, agus
adubhairt le Corc Leathan-armach agus le
Dáire Laoch-armach, dís de thaoiseachaibh
teaghlaigh an ríogh, dul leis chum na luinge.
Do fhreagradar sain agus d'fhiafruigheadar de
créad an fáth a raibh sé ag dul chum na
luinge an t-am sain d'oidhche. D'innis
Conán dóibh gurab le heagla agus teicheadh
roimh an gcailligh dhiabhlaidhe sin do bhí sé, agus
nach stadfadh go rachadh go hÉirinn. “Ná
fanfaidh tú leis an gcuid eile ded
chuideachtain?” ar cách. “Ní fhanfad,” ar
Conán, “óir atáim deimhneach go bhfuilid sin
iar n-a marbhadh leis an gcailligh, agus go
mbeidh sí annso gan mhoill chum mise do
mharbhadh mar a gcéadna, agus is briathar
dhamh-sa ná beidh mé féin le fagháil aici.”
“Is cirte dhuit dul d'fhóirithin do mhuintire,”
ar iad., “agus racham-ne leat.” “Is féidir
libh-se dul ann,” ar Conán, “má's maith
libh féin, acht is deimhneach ná rachad-sa
níos foigse ná so dhi go bruinne an
bhrátha.”



124. Leis sin do ghluais Conán amach, agus
do lean an dís taoiseach é, agus ag gabháil
imeall na faithche dhóibh do bhí liag mór cloiche
'n-a sheasamh ar a cheann ann rómpa, agus ar
a fheicsin do Chonán do ghabh umhan mór é,
óir do shaoil gur bh' í an chailleach do bhí
ann, agus do rith chum siubhail go tréan-láidir
i luas na gaoithe glan-fhuaire. Do
leanadar na gaisgidhigh é agus gan breith aca
ar theacht suas leis, acht amháin go rabhadar
i n-ionad radhairc dho, agus do bhí Conán
deimhneach gur bh'í an chailleach do bhí 'n-a
dhiaidh, agus do bhíodar dá leanamhaint choidhche
go ndeachaidh sé as a radharc isteach i
ndiamhair coille a raibh cead míle i n-a
fhad aig níor bh'fhéidir leo radharc d'fhagháil
air ó shin ale, agus d'fhilleadar na gaisgidhigh
tar a n-ais do'n dún.



125. Dála an ríogh agus na Féinne d'fhanadar
i ndún na caillighe an oidhche sin agus an lá
'n-a dhiaidh, agus ní raibh rí na tighearna 'san
domhan ag a raibh oiread saidhbhris agus do bhí i
ndún na caillighe. Cidh trácht do chuadar
tar a n-ais go dún an ríogh, agus do hinnseadh
turus Chonáin dóibh, agus is mór an greann agus
an chuideachta do rinneadar de'n uamhan
sain do ghlac Conán roimh an gcarraig.
Acht cheana chuireadar an t-ór agus na séada
éagsamhla eile do bhí i ndún na caillighe i
luing Lomnochtáin, agus ní raibh moill ortha
gan gluaiseacht acht ar feadh Chonáin
d'fhagháil, agus bhíodar mar sin go ceann
seachtmhaine, agus daoine gach aon lá ar lorg
Chonáin, go ndubhairt an rí fa dheireadh,
“Is baoghal liom,” ar sé, “gurab é fathach
na Cairrge Duibhe do theangmhuigh leis, agus
má's é, cuiridh bhar súil dé.”



126. D'fhiafruigh Osgar dhe cé an sórt
duine an t-athach sain. “Atá,” ar an rí,
“fathach mór reamhar-chnámhach, chomnuigheas
'san gcarraig dhuibh i gceart-lár na coille
diamhaire. Atá troigh agus fiche ar aoirde
ann, agus an oiread eile ar a leithead, agus ní
hionchomhraic laoch 'san domhan leis, agus an
crann is mó 'sa gcoill do thairngeochadh
as a phréamhachaibh é le neart a láimhe, agus
tugann cuairt na críche seo uair 'san
mbliadhain, agus ní'l duine ná beathadhach dá
dteangmhann leis ná beireann chum
siubhail,” “Luighim-se fam armaibh gais-
gidh,” ar Osgar, “na rachad go hÉirinn go
bráth nó go dtuitfidh sé liom, nó mé
leis.”



127. Annsain do ghluaiseadar i
dtóraidheacht Chonáin, an t-ochtar féinnnidhe
agus an ceathrar ridirí ó'n Domhan Toir, agus
gabhaid umpa a gculaidhthe catha, agus téid
d'ionnsaighe na coille agus do chuir an rí
eolaidhthe leo, agus timcheall meadhóin lae
rángadar tosach na coille agus is mall an
imtheacht doghnídís le tiughacht agus doircheacht
na coille diamhaire sin, go dtáinig
deireadh lae ortha, agus do chonnarcadar
sgaoth do mhucaibh fiadhaine agus caithid a
sleagha leo agus marbhaid trí tuirc agus
do-rinneadar morc mór teineadh agus chuire-
adar ar thrí bearaibh cruadh-choille le taobh
na teineadh iad, agus an tan ba rósta iad
d'itheadar a sáith dhíobh, agus chodladar go
maidin. Dhá lá dhéag ar an módh sain dóibh


L. 316


ag tóraidheacht Chonáin, agus iar n-éirghe
ghréine an treas lá déag do chonnarcadar
an charraig cheann-dubh urghránna chomh dubh
leis an ngual ag éirghe i n-aoinfheacht leis
an aer. D'innis an t-eolaidhe dhóibh go
raibh an charraig sin folamh fúithi agus gurab
ann do chomhnuigh an fathach.



(Tuilleadh).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services