Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Duan ann so o Philip Mhac Cuinn Chrosaigh ann.
Title
Duan ann so o Philip Mhac Cuinn Chrosaigh ann.
Author(s)
Mhac Cuinn Chrosaigh, Pilip,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
DUAN ANN SO O PHILIP MHAC CUINN CHROSAIGH ANN A dtaisbéntar tuarusgbhail uathmhar laithe anbhráich' agus an modh ar a dtiocfa críosd do chum an bhretheamhnais, agus na briathra adéra and. 1. Tuar ferge foighide dhe, bíodh anoirchill anfhínné: A dhíomgha ag fás re gach feur, grás na diongna fa dheradh. 2. Is hí anfhearg mhall is measa, a chiall is cuís fhaitcheasa: Tiocfa ríu gan tochd fá athoil, olc nocha dú gan dióghoil 3. An cheandsachd chaitheas rinde, is grian angar dhilinde: Leanfaidh sé fós na folta, athós ní hé is ionmholta. 4. Anégcoir les dá locadh, dobhrégnaid sé an seanfhocal: Gé tá neart de ar gach duine, acheart is hé is eagluidhe. 5. Fogus dá fherg a hadhaint, duínn ni cuirthe a gcunntabhairt: lá na togharma dho theachd, a chomarrdha atá ag toigheachd. 6. Dereadh do naimser más fhíor dob fhaide ó fherg annairdriogh: An domhan an né iná an iudh, robhadh don te do thuicfiudh. 7. Tiocfaid na síona saobha: nach aimseara iontaobha: bheth dhfhotaibh dé nar ndea- ghaidh, nocdair hé lé an airrgheanaibh. 8. Sneachda nach edir dh'fhulang, gaoth is gairbhe urughall: Cioth teneadh na dhiaidh dha dháil, biaigh a ndereadh an domhnaín. 9. Béd na croind agus an chré, ar lasadh alló anfhínné: Gébha cumha na clacha, nach bá lugha a lasracha. 10. Achd ge mór ngabhadh do ghebh, ó fhuachd thall is ó thenedh: Go buain a gabhal ón ngrén, an talamh ní fhuair oilbhém. 11. Fearfaid luibhe gach lerge, deora fola foirrdherge: Fachan na fola duinne, fola ar nathar oruinne. 12. Is faide iná feadh radhairc, rachas uainn sa bhfíormamaint: Anfhairrge as afalaidhfén, raghaidh anairde dh'fhoilém. 13. Aluchd thuillte na teneadh, ar thar gciond do cífedhear: Sgeul is cruidhe dha gcluinte, béul gach uaighe osluigthe.
14. Gach anam is hé anbhunadh, tiocfa is trath dhá mothughadh: Lá an tobhaigh ar ceand a chuirp, gearr ó nfholaidh a hadhuint. 15. Ní fuícfe ánam na deághla, micel maor an tighearna: Asíol uile agus éubha, duine dhióbh nach duíséubha. 16. Suidhfidh a néullaibh nimhe, os ciond na nord nainglidhe: Gairm shlughaidh ar chách cuire, fáth umhain a iondsuighe. 17. Cneadha báis na mbos dtana, fearfuid frasa donnfhola: Sreabha aínmeara anochda, bhúdh airrgheana iongonta. 18. An ghuin do bhídh na bhonnaibh, sa heraic nar núrchomhair: Telgfidh an ghuinsi alló anluain, nach bá mó acuisle an cheduair. 19. Do ghebha gach duine adhuais, ón rígh do rér achoguais: Ar cairde nocha gcuirfe, a chairde iná achomhuighthe. 20. Ní fhédfa anuile naomh, dom dhíon dá ndeachdaois déntaobh: Sa bhráth ar in mbretheamh gcóir, mhfetheamh a dtráth in tionóil. 21. Breath de mona dheacha leam, ní shaorfaidh índ ó ifreand: Sí do ghuidhe an duilimh dhamh, ar gluínibh muire mhathar. 22. Measfaidh ar tús theachd agcorp, measfaidh fós bhetf ambochdachd; Athaigh gar ndénóimhne dho, énoídhre an athar Iosa. 23. Gach comaoin dar chuir óirne, a Pháis is ar bpecoighne: Aigeoraidh ag breth na mbreath, aideomhaidh gan bheth buidheach. 24. Leanfaidh Iosa is ní hé amháin, gan biadh gan édach dh'fhagail: Móide leanas sé a obadh, feabhas dé fa dhearlagadh. 25. Do bhreth gach eolaigh orra, debhther ní fhuil eatorra: Rér gach duine dá mbi bochd, is rí na huile dh'fhurtochd. 26. Adéra an coimdhe re a chloind, ní bhfúaras ómaos comoind: Ge mór dá bhfolaidh fuair me, cobhair an uair na hégne. 27. Mé an bhráighe ar ambídh árach, Nár cabhradh ó chompánach: Nír faomhagh lé mfear paírte, mo thabhadh feadh mheasláinte. 28. An chumhgach ar cuireadh me, méd mo tharta uair eile: Iócaidh thall ann sa tenidh, gan mhíotain ann d'fhoirighin. 29. An luchd do chungaimh mhe amuigh, gach uair dá niarraind leabuigh: Anfuid amoigh uair eile, uaim ó thoigh na trócaire. 30. Ní bhfuighe sibh ó so amach, fód dá bhar bhfearand cartach: Teachd leamsa nocha dú dhaoibh, adhreamsa atá dho thathaoir. 31. Abriathra troma tearca, Legfe luchd anésdeachda: Ar nionráithne na naman, iolgáirthe mo nuraghall.
32. Dealochaid le dia athar, dés an mhic dá meadhachadh: la seanaigh na dtrí dteaghlach, bhúdh hí an deaghail doimheanmnach. 33. Amallachd cuirfe ré agcois, rachaidh do rér anéolois: Sealbh dhé asaláimh an lása, ní hé amháin amíoghrása. 34. Biaidh aca anionadh an riógh, luícífear nar loc míghníomh: Aluchd cumtha ga dtámh dhó, bhúdh lán durchra agus diarghnó. 35. Sgarthar lé débhlénaibh dé, ar chach mar chuirthear fínne: Na pobuil do choill agceart, mar bhoing choguil a cruithneachd. 36. Ná sé taoim sin do tháighleas, ní cosmhail sa céadáidhneas: lé aghaol béraidh abhuaidhe, denamh na dtaom dtrocaire. 37. Arís rachaidh dhá slonnadh, adéra go ndearnabhair: Oibreacha de ceand agceand, sé tóibreacha nach tráigheand. 38. Daoibh do bherim beandachd lais, ionadh aingil an diómais: A chland dán coír a ionadh, an glóir thall do thuilleabhair. 39. Biaidh ar mosgladh ameanama, adthimcheall an tighearna: lé triall go tigh an chuiridh, mian gach fhir dá ióndsidhuighidh. 40. Oirfide a aingil fén, bind lé hanam gach fírén: Bhúdh céol cluas agus cridhe, anduas ó néon áinglidhe. 41. Deoch mhilis an mhúir neamhdha, dúinn is dámhna soimhenma: Grádh siór ag duine dhi, sgo bhfuighe adhíol don dighse. 42. Do bhiath and gach duine dhibh, ge atá andíol aca dhéntir: Mac riógh na righe neamhdha, diol tíre do thighearna. 43. Ar ciond an bhráith bíom ullamh, cáirde do fóill fuaramar: Anathchairde ni bhfuigheam, na hathghairde iondsuigheam. 44. Do thuair adhamh is éubha, fearg chriosd is cúis aithmhéula: go lá thogha na dtrí sluagh, ní bhí anfhola achd gá hatuar. 45. Dambedis dombhreth arneamh, brathair umhal is aingeal: Uadh ní bhúdh fherde ar dtebe, is tuar ferge foighide. Tuair Ferge Foighide. [Atá so ar na chur abprionnda, lé maighisdir Seon uisér ambailé athá Clíath ós cionn an droichid] 1571.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services