Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Duan ann so o Philip Mhac Cuinn Chrosaigh ann.

Title
Duan ann so o Philip Mhac Cuinn Chrosaigh ann.
Author(s)
Mhac Cuinn Chrosaigh, Pilip,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

DUAN ANN SO O PHILIP MHAC
CUINN CHROSAIGH ANN



A dtaisbéntar tuarusgbhail uathmhar laithe anbhráich'
agus an modh ar a dtiocfa críosd do chum an
bhretheamhnais, agus na briathra adéra and.



1. Tuar ferge foighide dhe,
bíodh anoirchill anfhínné:
A dhíomgha ag fás re gach feur,
grás na diongna fa dheradh.



2. Is hí anfhearg mhall is measa,
a chiall is cuís fhaitcheasa:
Tiocfa ríu gan tochd fá athoil,
olc nocha dú gan dióghoil



3. An cheandsachd chaitheas rinde,
is grian angar dhilinde:
Leanfaidh sé fós na folta,
athós ní hé is ionmholta.



4. Anégcoir les dá locadh,
dobhrégnaid sé an seanfhocal:
Gé tá neart de ar gach duine,
acheart is hé is eagluidhe.



5. Fogus dá fherg a hadhaint,
duínn ni cuirthe a gcunntabhairt:
lá na togharma dho theachd,
a chomarrdha atá ag toigheachd.



6. Dereadh do naimser más fhíor
dob fhaide ó fherg annairdriogh:
An domhan an né iná an iudh,
robhadh don te do thuicfiudh.



7. Tiocfaid na síona saobha:
nach aimseara iontaobha:
bheth dhfhotaibh dé nar ndea-
ghaidh,
nocdair hé lé an airrgheanaibh.



8. Sneachda nach edir dh'fhulang,
gaoth is gairbhe urughall:
Cioth teneadh na dhiaidh dha dháil,
biaigh a ndereadh an domhnaín.



9. Béd na croind agus an chré,
ar lasadh alló anfhínné:
Gébha cumha na clacha,
nach bá lugha a lasracha.



10. Achd ge mór ngabhadh do ghebh,
ó fhuachd thall is ó thenedh:
Go buain a gabhal ón ngrén,
an talamh ní fhuair oilbhém.



11. Fearfaid luibhe gach lerge,
deora fola foirrdherge:
Fachan na fola duinne,
fola ar nathar oruinne.



12. Is faide iná feadh radhairc,
rachas uainn sa bhfíormamaint:
Anfhairrge as afalaidhfén,
raghaidh anairde dh'fhoilém.



13. Aluchd thuillte na teneadh,
ar thar gciond do cífedhear:
Sgeul is cruidhe dha gcluinte,
béul gach uaighe osluigthe.


L. 308


14. Gach anam is hé anbhunadh,
tiocfa is trath dhá mothughadh:
Lá an tobhaigh ar ceand a chuirp,
gearr ó nfholaidh a hadhuint.



15. Ní fuícfe ánam na deághla,
micel maor an tighearna:
Asíol uile agus éubha,
duine dhióbh nach duíséubha.



16. Suidhfidh a néullaibh nimhe,
os ciond na nord nainglidhe:
Gairm shlughaidh ar chách cuire,
fáth umhain a iondsuighe.



17. Cneadha báis na mbos dtana,
fearfuid frasa donnfhola:
Sreabha aínmeara anochda,
bhúdh airrgheana iongonta.



18. An ghuin do bhídh na bhonnaibh,
sa heraic nar núrchomhair:
Telgfidh an ghuinsi alló anluain,
nach bá mó acuisle an cheduair.



19. Do ghebha gach duine adhuais,
ón rígh do rér achoguais:
Ar cairde nocha gcuirfe,
a chairde iná achomhuighthe.



20. Ní fhédfa anuile naomh,
dom dhíon dá ndeachdaois déntaobh:
Sa bhráth ar in mbretheamh gcóir,
mhfetheamh a dtráth in tionóil.



21. Breath de mona dheacha leam,
ní shaorfaidh índ ó ifreand:
Sí do ghuidhe an duilimh dhamh,
ar gluínibh muire mhathar.



22. Measfaidh ar tús theachd agcorp,
measfaidh fós bhetf ambochdachd;
Athaigh gar ndénóimhne dho,
énoídhre an athar Iosa.



23. Gach comaoin dar chuir óirne,
a Pháis is ar bpecoighne:
Aigeoraidh ag breth na mbreath,
aideomhaidh gan bheth buidheach.



24. Leanfaidh Iosa is ní hé amháin,
gan biadh gan édach dh'fhagail:
Móide leanas sé a obadh,
feabhas dé fa dhearlagadh.



25. Do bhreth gach eolaigh orra,
debhther ní fhuil eatorra:
Rér gach duine dá mbi bochd,
is rí na huile dh'fhurtochd.



26. Adéra an coimdhe re a chloind,
ní bhfúaras ómaos comoind:
Ge mór dá bhfolaidh fuair me,
cobhair an uair na hégne.



27. Mé an bhráighe ar ambídh árach,
Nár cabhradh ó chompánach:
Nír faomhagh lé mfear paírte,
mo thabhadh feadh mheasláinte.



28. An chumhgach ar cuireadh me,
méd mo tharta uair eile:
Iócaidh thall ann sa tenidh,
gan mhíotain ann d'fhoirighin.



29. An luchd do chungaimh mhe amuigh,
gach uair dá niarraind leabuigh:
Anfuid amoigh uair eile,
uaim ó thoigh na trócaire.



30. Ní bhfuighe sibh ó so amach,
fód dá bhar bhfearand cartach:
Teachd leamsa nocha dú dhaoibh,
adhreamsa atá dho thathaoir.



31. Abriathra troma tearca,
Legfe luchd anésdeachda:
Ar nionráithne na naman,
iolgáirthe mo nuraghall.


L. 309


32. Dealochaid le dia athar,
dés an mhic dá meadhachadh:
la seanaigh na dtrí dteaghlach,
bhúdh hí an deaghail doimheanmnach.



33. Amallachd cuirfe ré agcois,
rachaidh do rér anéolois:
Sealbh dhé asaláimh an lása,
ní hé amháin amíoghrása.



34. Biaidh aca anionadh an riógh,
luícífear nar loc míghníomh:
Aluchd cumtha ga dtámh dhó,
bhúdh lán durchra agus diarghnó.



35. Sgarthar lé débhlénaibh dé,
ar chach mar chuirthear fínne:
Na pobuil do choill agceart,
mar bhoing choguil a cruithneachd.



36. Ná sé taoim sin do tháighleas,
ní cosmhail sa céadáidhneas:
lé aghaol béraidh abhuaidhe,
denamh na dtaom dtrocaire.



37. Arís rachaidh dhá slonnadh,
adéra go ndearnabhair:
Oibreacha de ceand agceand,
sé tóibreacha nach tráigheand.



38. Daoibh do bherim beandachd lais,
ionadh aingil an diómais:
A chland dán coír a ionadh,
an glóir thall do thuilleabhair.



39. Biaidh ar mosgladh ameanama,
adthimcheall an tighearna:
lé triall go tigh an chuiridh,
mian gach fhir dá ióndsidhuighidh.



40. Oirfide a aingil fén,
bind lé hanam gach fírén:
Bhúdh céol cluas agus cridhe,
anduas ó néon áinglidhe.



41. Deoch mhilis an mhúir neamhdha,
dúinn is dámhna soimhenma:
Grádh siór ag duine dhi,
sgo bhfuighe adhíol don dighse.



42. Do bhiath and gach duine dhibh,
ge atá andíol aca dhéntir:
Mac riógh na righe neamhdha,
diol tíre do thighearna.



43. Ar ciond an bhráith bíom ullamh,
cáirde do fóill fuaramar:
Anathchairde ni bhfuigheam,
na hathghairde iondsuigheam.



44. Do thuair adhamh is éubha,
fearg chriosd is cúis aithmhéula:
go lá thogha na dtrí sluagh,
ní bhí anfhola achd gá hatuar.



45. Dambedis dombhreth arneamh,
brathair umhal is aingeal:
Uadh ní bhúdh fherde ar dtebe,
is tuar ferge foighide.



Tuair Ferge Foighide.



[Atá so ar na chur abprionnda, lé maighisdir Seon
uisér ambailé athá Clíath ós cionn an droichid] 1571.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services