Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Deilgní Broid.
Title
Na Deilgní Broid.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1899
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NA DEILGNÍ BROID. BHÍ beirt dearbhráthar ann fad' ó, clann fheirméire, dar bh' ainm dóibh Micheál agus Mártan, is bhí grádh mór aca ar a chéile, acht bhí an fear do b' óige, Mártan, ag cailleadh a shláinte, is gan a fhios aca cér'd bhí air. Bhí sé ag cur imnidhe móire ar a athair 's ar a mháthair, 's go háirithe ar Mhicheál. Faoi dheireadh fuair seisean amach uaidh an fáth a raibh sé chomh breoite sin. Dubhairt Mártan leis: “Ní'l oidhche dá dtéidhim amach le féar do bhaint as an gcruaigh chum a thabhairt do na ba (=buaibh) nach dtig rud éigin, mar bhéadh muc mhór alla, eadair (= idir) mo dhá chois, agus árdui- gheann sé leis ar a dhruim mé, thrí choillte 's gleannta, os cíonn sléibhte is uisge na tíre, go mbím i riocht laige sul má dtugann sé ar ais mé ins an áit chéadna.” “A Mhártain bhoicht,” ars'an fear eile, “cad chuige nár innsis sin damh-sa cheana? Ar labhrais leis riamh? Nó ar labhair seisean leat-sa?” “Níor labhras,” arsa sic Mártan. “Ní leigeann an sgannradh dham ceist do chur air.” “Anois,” arsa Micheál, “caithfidh tú gan an teach 'fhágáil ar shiubhal oidhche feasda. Racha mise in d'áit, agus mo bhriathar dhuit nach mbainfidh sé leat níos mó.” D'imthigh Micheál leis chum na ceardchan, agus chuir sé 'fhiacha (d'fhiachaibh) ar an ngobhainn dhá bhior ghéara do dhéanamh dhó, a raibh troigh ar fad ionnta, 's cheangail sé ar dhá sháil a bhróg iad, mar bhéadh dha spor, 's chuaidh sé a-bhaile. Ag teacht na hoidhche, chuaidh sé amach go bun na cruaiche, i n-áit Mhártain, acht má chuaidh, níor bh'fhada go dtáinig an púca faoi, 's gur thóig sé i n-áirde leis é. Ar dtús bhí a chroidhe ina bhéal ag an duine bocht, acht ghlac sé a mhisneach, thar éis cuim- niughadh ar Mhártain, is sháith sé an dá bhior go ceann in dá thaobh an phúca, gur bhain sé cnead as. “Ha!” ar sé. “Cá bhfuair tú na deilgní broid?' “Nach cuma dhuit,” arsa Micheál, “acht treabh leat!” ag tabhairt an dara sháthadh dhó. “Leag dhíot na deilgní broid,” ar seisean arís. “Ná bí ag caint, acht treabh leat!” dubhairt Micheál, ag tabhairt na mbior dhó arís. D'éirigh an púca leis sin, agus é ag cur na dtinntreach as a bhéal, 's nuair do dhearc Micheál síos faoi, ba os cionn Locha Uí Ghadhra do bhíodar. “Innis dam, a mharcaigh, cad deir na sean-mhná agá gcaisreacan féin ag dul a luighe?” “Nach cuma dhuit, acht treabh leat!” arsa Micheál.
Bhí a fhios ag an bpúca, dá n-abradh Micheál aon fhocal amháin urnaighe, go n-éalóchadh sé féin uaidh mar ghail ghaoithe, 's go mbáithfidhe an marcach ins an loch, acht bhí Micheál leath chomh críonna leis féin. Faoi dheireadh, b'éigean do'n phúca túir- lint do dhéanamh, 's d'fhág sé Micheál 'na sheasamh ag bun na cruaiche, agus d'imthigh leis 'na lasracha teineadh, 's ní facas choidhche arís é. Thug Micheál féar do na ba, is chuaidh sé isteach. D'fhiafhruigh a mháthair dhe cá raibh sé chomh fada sin. “Bhíos ag déanamh marcaigheacht' bige,” ar sé, “acht is dóich liom nach mhéidh sé le déanamh níos mó.” Dhearcadar ar a bhrógaibh, is bhí siad féin is na spuir faluighthe (foluighthe) le lathaigh dhuibh 's le múnlach, i n-áit fola. As sin amach, fuair an dearbhráthair eile biseach, agus níor bh' fhada go raibh sé chomh maith 'na shláinte is bhí sé riamh. Seaghán Ua Ruaidhrí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services