NA DEILGNÍ BROID.
BHÍ beirt dearbhráthar ann fad'
ó, clann fheirméire, dar bh'
ainm dóibh Micheál agus Mártan,
is bhí grádh mór aca ar a
chéile, acht bhí an fear do b' óige, Mártan,
ag cailleadh a shláinte, is gan a fhios aca
cér'd bhí air. Bhí sé ag cur imnidhe móire
ar a athair 's ar a mháthair, 's go háirithe ar
Mhicheál. Faoi dheireadh fuair seisean
amach uaidh an fáth a raibh sé chomh breoite
sin. Dubhairt Mártan leis: “Ní'l oidhche
dá dtéidhim amach le féar do bhaint as an
gcruaigh chum a thabhairt do na ba (=buaibh)
nach dtig rud éigin, mar bhéadh muc mhór
alla, eadair (= idir) mo dhá chois, agus árdui-
gheann sé leis ar a dhruim mé, thrí choillte
's gleannta, os cíonn sléibhte is uisge na
tíre, go mbím i riocht laige sul má
dtugann sé ar ais mé ins an áit chéadna.”
“A Mhártain bhoicht,” ars'an fear eile,
“cad chuige nár innsis sin damh-sa cheana?
Ar labhrais leis riamh? Nó ar labhair
seisean leat-sa?”
“Níor labhras,” arsa sic Mártan. “Ní
leigeann an sgannradh dham ceist do chur
air.”
“Anois,” arsa Micheál, “caithfidh tú gan
an teach 'fhágáil ar shiubhal oidhche feasda.
Racha mise in d'áit, agus mo bhriathar dhuit nach
mbainfidh sé leat níos mó.”
D'imthigh Micheál leis chum na ceardchan,
agus chuir sé 'fhiacha (d'fhiachaibh) ar an ngobhainn
dhá bhior ghéara do dhéanamh dhó, a raibh troigh
ar fad ionnta, 's cheangail sé ar dhá sháil a
bhróg iad, mar bhéadh dha spor, 's chuaidh sé
a-bhaile. Ag teacht na hoidhche, chuaidh sé
amach go bun na cruaiche, i n-áit Mhártain,
acht má chuaidh, níor bh'fhada go dtáinig an
púca faoi, 's gur thóig sé i n-áirde leis é.
Ar dtús bhí a chroidhe ina bhéal ag an duine
bocht, acht ghlac sé a mhisneach, thar éis cuim-
niughadh ar Mhártain, is sháith sé an dá bhior
go ceann in dá thaobh an phúca, gur bhain sé
cnead as.
“Ha!” ar sé. “Cá bhfuair tú na deilgní
broid?'
“Nach cuma dhuit,” arsa Micheál, “acht
treabh leat!” ag tabhairt an dara sháthadh
dhó.
“Leag dhíot na deilgní broid,” ar
seisean arís.
“Ná bí ag caint, acht treabh leat!”
dubhairt Micheál, ag tabhairt na mbior dhó
arís.
D'éirigh an púca leis sin, agus é ag cur na
dtinntreach as a bhéal, 's nuair do dhearc
Micheál síos faoi, ba os cionn Locha Uí
Ghadhra do bhíodar.
“Innis dam, a mharcaigh, cad deir na
sean-mhná agá gcaisreacan féin ag dul a
luighe?”
“Nach cuma dhuit, acht treabh leat!” arsa
Micheál.
Bhí a fhios ag an bpúca, dá n-abradh
Micheál aon fhocal amháin urnaighe, go
n-éalóchadh sé féin uaidh mar ghail ghaoithe,
's go mbáithfidhe an marcach ins an loch, acht
bhí Micheál leath chomh críonna leis féin.
Faoi dheireadh, b'éigean do'n phúca túir-
lint do dhéanamh, 's d'fhág sé Micheál 'na
sheasamh ag bun na cruaiche, agus d'imthigh leis
'na lasracha teineadh, 's ní facas choidhche
arís é.
Thug Micheál féar do na ba, is chuaidh sé
isteach. D'fhiafhruigh a mháthair dhe cá raibh
sé chomh fada sin.
“Bhíos ag déanamh marcaigheacht' bige,”
ar sé, “acht is dóich liom nach mhéidh sé le
déanamh níos mó.”
Dhearcadar ar a bhrógaibh, is bhí siad féin
is na spuir faluighthe (foluighthe) le lathaigh
dhuibh 's le múnlach, i n-áit fola. As sin
amach, fuair an dearbhráthair eile biseach, agus
níor bh' fhada go raibh sé chomh maith 'na
shláinte is bhí sé riamh.
Seaghán Ua Ruaidhrí.