Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN t-SLÉIBHE RIFFE. 155. Cidh trácht do pósadh inghean an ríogh agus an Gaisgidheach Ór-armach le chéile, agus thug an rí seoide agus maoine iomdha, uaisle agus mórán éadála dóibh, agus d'ullmhuigh Fiann Éireann long Lomnochtain chum triall go hÉirinn. Cidh trácht ar mbeith dhóibh ag gabháil ceada ag an rígh agus ag a mhuintir, tháinig sgéala chuca go raibh fiadh ballach beann-chorcra ar an bhfaithche agus stíoc do gach uile dhath air, agus adharca óir air, agus ceithre cosa airgid faoi, agus gurab é budh áille dá bhfaca súil daonna d'ainmhintibh riamh. Tháinig an rí, agus an laochradh sain uile ar an bhfaithche, acht amháin Conán do bhí ar a leabaidh leighis. Do sgaoileadh na coin agus n gadhair i ndiaidh an fhiaidh, agus do leanadar é tar mhaoilin cnoc agus sliabh ndiamhair ndo- eolais, agus do leanadar an laochradh é mar an gcéadna. Níor chian dóibh mar sin gur éirigh ceo 'n-a dtimcheall ionnus nach bhfaca aon dís díobh a chéile, agus do seoladh an t-ochtar sain d'Fhiannaibh Éireann i gcoill dorcha aimhréidh agus do bhíodar cian d'aimsir ag oibriughadh tré gach achrann dá dtárla dhóibh go rángadar trí caisleán do bhí 'san gcoill, agus triallaid chum an chaisleáin do b' fhoigse dhóibh agus do chonarcadar an aon bhean do b'áille de mhnáibh an domhain go coimh-iomlán, 'n-a seasamh i ndoras an chaisleáin agus coinneal ar lasadh 'n-a láimh. 116. Do bheannuigheadar di agus d'fhiafrui- gheadar di cia an áit 'n-a rabhadar, nó cia ba triath nó ba tighearna air. “Atá,” ar an inghean, “namhaid díbh-se, eadhón Oillphiast na gCaisleán nDiamhair, .i. deirbhshiúr Lomnochtáin, agus is í do bhí 'n-a fiadh agaibh-se dá fiadhach do bhar mealleadh annso, agus do chuir sí an ceo úd in bhar dtimcheall chum sibh do dheaghailt ó'n gcuid eile chum feille oraibh, agus ná tigidh isteach i n-aon chaisleán díobh so, acht triallaidh de luas cos as an áit seo.” “Níor ghabh eagla ná anbhfainne sinne riamh,” ar Osgar, “agus ata de ró-mhéad ár dtarta go mb'fhearr linn bás d'fhagháil 'ná a fhulang níos sia.” “Atáim dá fhógra dhíbh,” ar sí, “ná blaisidh braon dá cuid dighe nó beidh sibh ina aithreachas.” “Ní féidir an sgéal a bheith níos meas,” ar Goll, “óir muna bhfagham deoch gheobhmaoid bás de'n tart. 117. Ach cheana téid isteach do'n chaisleán agus do bhí cailleach mhór mheirgeach rómpa istigh, agus do chuir sí fáilte rómpa, agus adubhairt leis an inghin dul agus deoch a thabhairt chum na laochraidhe. “Ní thiubhrad,” ar an inghean. “Tigidh liom,” ar an chailleach, “cum an chaisleáin seo amuigh mar a bhfuil an deoch.” Téid siad léi iarsain, agus thug an chailleach soitheach do dhigh bhlasta chuca, agus iar n-ól na dighe do'n fhear dhéidheanach do thuiteadar a lámha ó na guaillibh díobh uile. Annsain do-rinne an chailleach gáire agus d'fhiafruigh dhíobh cionnus do bhíodar. Do fhreagair Goll agus adubhairt, “Atámaoid go tubaisteach.” “Beidh sibh níos meas,” ar sí, “óir bhéarfad-sa bás gráineamhail díbh i n-éiric mo dhearbhráthar mhait agus a mhná do thuit libh, eadhón Lomnochtán Sléibhe Riffe, agus ní'l de cháirde agaibh acht ar fhad Chonáin Mhaoil do thabhairt liom.”
118. Iarsain d'imthigh an chailleach uatha d'éis glais do chur ortha, agus d'fhás iad go dubhach dubrónach. Mar sain dóibh go dtáinig an inghean chuca, agus do chuir a ceann isteach tré an fhuinneoig do bhí ar an gcaisleán, agus d'fhiafruigh díobh cionnus do bhíodar. “Atámaoid go tréith lag,” do ráidh Osgair, “óir do thuiteadar na lámha dhínn.” “Truagh sain,” ar sí, “laochradh comh breágh libh do thuitim amhlaidh, agus ní'l fagháil leighis go bráth dhíbh gan deoch d'fhagháil as corn na mbuadh, agus ní'l de cháirde agaibh acht Conán a thabhairt léi, agus dá mbeadh sluagh an domhain ag gabháil de chlaidhmhibh uirthi ní dheargfadh siad uirthi gan Gha Dhearg Dhiarmada Uí Dhuibhne, agus rachad-sa go dtí an rí ag iarraidh an chuirn an tan rachas an chailleach 'n-a codladh, óir,” ar sí, “thugas grádh ró-mhór d'Osgar sul chonnairc mé riamh é le méad a chlú agus a ghaisgidh, agus níos mó an tan chonnairc mé annso é, agus ní'l rí an flaith 'san domhan is mó saidhbhreas 'ná mé, agus is leat-sa an t-iomlán de, má gheobhair liom mar mhnaoi, a Osgair.” Do labhair Osgar agus adubhairt go mbudh í a rogha tar mhnáibh an domhain. 119. An tán do chuaidh an chailleach chum suain, do chuaidh an inghean agus a cumhal coimhdeachta go dún ríogh Oileáin na mBeo, agus buailid ag an doras. D'fhiafruigh an doirseoir cia bhí ann. “Teachtaireacht atá againn ó Fhiannaibh Éireann,” ar sí. Do léigeadh isteach iad do láthair an ríogh agus na maithe eile do bhí tar éis teacht isteach an tan do chuaidh dhíobh teagmháil le Fiannaibh Éireann iar ndéanamh iomaid chuarduighthe dá lorg, agus do bhíodar lán de lúthgháir ó sgéal d'fhagháil uatha. D'umhluigh an inghean do, agus d'innis gur baineadh na lámha ó na guaillibh d'Fhiannaibh Éireann tré dhraoidheacht agus feill-bheart deirbhsheathar Lomnochtáin. “Beag a chreidim-se ded ghlór,” ar Conán Maol, “óir ní bhainfidís fir an domhain na lámha den ochtar úd.” “Dá mhéid do dhóchas asta,” ar an inghean, “do bhain aon chailleach amháin na lámha dhíobh uile, agus dá mbeitheá-sa 'n-a bhfochair“ - “Is beag m'iongantas anois,” ar Conán, “iad ag cailleamhaint a lámh, agus fós dá gcaillfidís a gcosa le dul do chomhrac le cailligh.” 120. Do ghabh an rí agus an Laochradh a gculaidhthe catha umpa, agus dubhairt le Conán teacht leo d'fhóirthin a charad. Dubhairt Conán ná rachadh le n-a mharthain i n-aon áit i mbeadh cailleach. “Is fada gurab iad-san d'fhágfadh thusa i ngéibheann gan fóirthin ort,” ar an Ridire Dubh, “agus tar linne anois sul thiocfas an chailleach fad' dháil, óir is cirte dhuit-se fóirthin ortha 'ná dhúinne, mórmhór ó bhímís ag cognamh leat.” “Dar mo bhriathar,” a Conán,” ní beag liom 'mh'fhogseacht di, agus ní feirrde sibhse dul ann, óir ó bhuaidh sí ortha súd, is deimhin ná buaidhfeadh sluagh an domhain uirthi, agus má tá sibhse gan chéill ní hadhbhar sain go mbeinn-se amhlaidh.” (Tuilleadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services