Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.

Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN t-SLÉIBHE
RIFFE.



155. Cidh trácht do pósadh inghean an ríogh
agus an Gaisgidheach Ór-armach le chéile, agus thug
an rí seoide agus maoine iomdha, uaisle agus
mórán éadála dóibh, agus d'ullmhuigh Fiann
Éireann long Lomnochtain chum triall go
hÉirinn. Cidh trácht ar mbeith dhóibh ag
gabháil ceada ag an rígh agus ag a mhuintir,
tháinig sgéala chuca go raibh fiadh ballach
beann-chorcra ar an bhfaithche agus stíoc do
gach uile dhath air, agus adharca óir air, agus ceithre
cosa airgid faoi, agus gurab é budh áille dá
bhfaca súil daonna d'ainmhintibh riamh.
Tháinig an rí, agus an laochradh sain uile ar an
bhfaithche, acht amháin Conán do bhí ar a
leabaidh leighis. Do sgaoileadh na coin agus n
gadhair i ndiaidh an fhiaidh, agus do leanadar é
tar mhaoilin cnoc agus sliabh ndiamhair ndo-
eolais, agus do leanadar an laochradh é mar
an gcéadna. Níor chian dóibh mar sin gur
éirigh ceo 'n-a dtimcheall ionnus nach bhfaca
aon dís díobh a chéile, agus do seoladh an
t-ochtar sain d'Fhiannaibh Éireann i gcoill
dorcha aimhréidh agus do bhíodar cian d'aimsir
ag oibriughadh tré gach achrann dá dtárla
dhóibh go rángadar trí caisleán do bhí 'san
gcoill, agus triallaid chum an chaisleáin do b'
fhoigse dhóibh agus do chonarcadar an aon bhean
do b'áille de mhnáibh an domhain go
coimh-iomlán, 'n-a seasamh i ndoras an
chaisleáin agus coinneal ar lasadh 'n-a láimh.



116. Do bheannuigheadar di agus d'fhiafrui-
gheadar di cia an áit 'n-a rabhadar, nó cia
ba triath nó ba tighearna air. “Atá,”
ar an inghean, “namhaid díbh-se, eadhón
Oillphiast na gCaisleán nDiamhair, .i.
deirbhshiúr Lomnochtáin, agus is í do bhí 'n-a
fiadh agaibh-se dá fiadhach do bhar mealleadh
annso, agus do chuir sí an ceo úd in bhar
dtimcheall chum sibh do dheaghailt ó'n gcuid
eile chum feille oraibh, agus ná tigidh isteach i
n-aon chaisleán díobh so, acht triallaidh de
luas cos as an áit seo.” “Níor ghabh eagla
ná anbhfainne sinne riamh,” ar Osgar, “agus
ata de ró-mhéad ár dtarta go mb'fhearr
linn bás d'fhagháil 'ná a fhulang níos sia.”
“Atáim dá fhógra dhíbh,” ar sí, “ná blaisidh
braon dá cuid dighe nó beidh sibh ina
aithreachas.” “Ní féidir an sgéal a bheith
níos meas,” ar Goll, “óir muna bhfagham
deoch gheobhmaoid bás de'n tart.



117. Ach cheana téid isteach do'n
chaisleán agus do bhí cailleach mhór mheirgeach
rómpa istigh, agus do chuir sí fáilte rómpa, agus
adubhairt leis an inghin dul agus deoch a
thabhairt chum na laochraidhe. “Ní thiubhrad,”
ar an inghean. “Tigidh liom,” ar an
chailleach, “cum an chaisleáin seo amuigh
mar a bhfuil an deoch.” Téid siad léi
iarsain, agus thug an chailleach soitheach do
dhigh bhlasta chuca, agus iar n-ól na dighe do'n
fhear dhéidheanach do thuiteadar a lámha ó
na guaillibh díobh uile. Annsain do-rinne
an chailleach gáire agus d'fhiafruigh dhíobh
cionnus do bhíodar. Do fhreagair Goll agus
adubhairt, “Atámaoid go tubaisteach.”
“Beidh sibh níos meas,” ar sí, “óir
bhéarfad-sa bás gráineamhail díbh i n-éiric
mo dhearbhráthar mhait agus a mhná do thuit libh,
eadhón Lomnochtán Sléibhe Riffe, agus ní'l
de cháirde agaibh acht ar fhad Chonáin
Mhaoil do thabhairt liom.”


L. 294


118. Iarsain d'imthigh an chailleach uatha
d'éis glais do chur ortha, agus d'fhás iad go
dubhach dubrónach. Mar sain dóibh go
dtáinig an inghean chuca, agus do chuir a
ceann isteach tré an fhuinneoig do bhí ar an
gcaisleán, agus d'fhiafruigh díobh cionnus do
bhíodar. “Atámaoid go tréith lag,” do
ráidh Osgair, “óir do thuiteadar na lámha
dhínn.” “Truagh sain,” ar sí, “laochradh
comh breágh libh do thuitim amhlaidh, agus ní'l
fagháil leighis go bráth dhíbh gan deoch
d'fhagháil as corn na mbuadh, agus ní'l de
cháirde agaibh acht Conán a thabhairt léi,
agus dá mbeadh sluagh an domhain ag gabháil
de chlaidhmhibh uirthi ní dheargfadh siad uirthi
gan Gha Dhearg Dhiarmada Uí Dhuibhne, agus
rachad-sa go dtí an rí ag iarraidh an chuirn
an tan rachas an chailleach 'n-a codladh,
óir,” ar sí, “thugas grádh ró-mhór d'Osgar
sul chonnairc mé riamh é le méad a chlú agus
a ghaisgidh, agus níos mó an tan chonnairc mé
annso é, agus ní'l rí an flaith 'san domhan is
mó saidhbhreas 'ná mé, agus is leat-sa an
t-iomlán de, má gheobhair liom mar mhnaoi,
a Osgair.” Do labhair Osgar agus adubhairt
go mbudh í a rogha tar mhnáibh an domhain.



119. An tán do chuaidh an chailleach chum
suain, do chuaidh an inghean agus a cumhal
coimhdeachta go dún ríogh Oileáin na mBeo,
agus buailid ag an doras. D'fhiafruigh an
doirseoir cia bhí ann. “Teachtaireacht atá
againn ó Fhiannaibh Éireann,” ar sí. Do
léigeadh isteach iad do láthair an ríogh agus na
maithe eile do bhí tar éis teacht isteach an
tan do chuaidh dhíobh teagmháil le Fiannaibh
Éireann iar ndéanamh iomaid chuarduighthe
dá lorg, agus do bhíodar lán de lúthgháir ó
sgéal d'fhagháil uatha. D'umhluigh an inghean
do, agus d'innis gur baineadh na lámha ó
na guaillibh d'Fhiannaibh Éireann tré
dhraoidheacht agus feill-bheart deirbhsheathar
Lomnochtáin. “Beag a chreidim-se ded
ghlór,” ar Conán Maol, “óir ní bhainfidís
fir an domhain na lámha den ochtar úd.”
“Dá mhéid do dhóchas asta,” ar an inghean,
“do bhain aon chailleach amháin na lámha
dhíobh uile, agus dá mbeitheá-sa 'n-a bhfochair“
- “Is beag m'iongantas anois,” ar Conán,
“iad ag cailleamhaint a lámh, agus fós dá
gcaillfidís a gcosa le dul do chomhrac le
cailligh.”



120. Do ghabh an rí agus an Laochradh a
gculaidhthe catha umpa, agus dubhairt le Conán
teacht leo d'fhóirthin a charad. Dubhairt
Conán ná rachadh le n-a mharthain i n-aon
áit i mbeadh cailleach. “Is fada gurab
iad-san d'fhágfadh thusa i ngéibheann gan
fóirthin ort,” ar an Ridire Dubh, “agus tar
linne anois sul thiocfas an chailleach fad'
dháil, óir is cirte dhuit-se fóirthin ortha 'ná
dhúinne, mórmhór ó bhímís ag cognamh
leat.” “Dar mo bhriathar,” a Conán,” ní
beag liom 'mh'fhogseacht di, agus ní feirrde
sibhse dul ann, óir ó bhuaidh sí ortha súd, is
deimhin ná buaidhfeadh sluagh an domhain
uirthi, agus má tá sibhse gan chéill ní hadhbhar
sain go mbeinn-se amhlaidh.”



(Tuilleadh).




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services