Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Leabharlann Gaedhilge le haghaidh Árann.
Title
Leabharlann Gaedhilge le haghaidh Árann.
Author(s)
Mhac Conceannainn, Tomás,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LEABHARLANN GAEDHILGE LE HAGHAIDH ÁRANN. A FHIR an Irisleabháir — Mar gheall ar an obair atá déanta ag Connradh na Gaedhilge ar feadh na dtrí nó ceathair de bhliadhantaibh seo chuaidh tharainn, tá spéis agus suim mhór dhá chur ag na daoinibh i n-a dteangaidh nádúrtha féin. Tá an spéis sin ag siubhal anois go tréan agus go bríoghmhar lé neart electreach agus sílim-se ó thárla gur chuireamar an tsuim sin ionnta go bhfuil sé riactanach orainn leabhra foilleamhnacha do fhagháil dóibh. Má dúisighthear daoine as a gcodladh agus tart na foghlama do chur órtha agus gan aon deis ná iarracht do thabhairt dóibh leis an tart sin do chosg, deirim-se gurab é an cineál pionúise is milltighe, is cruaidhe agus is géire cuireadh ar dhuine ar bith riamh. Tá tart na foghlama aithbheodhuighthe anois i nÁrainn agus táthar ag iarraidh leabhar ann le eólus d'fhagháil. Le go bhfuighmíd leabhra 'na dteangaidh féin 'seadh tá mé ag cur na litre seo chugat le súil go dtiubhradh do chuid leaghthóir congnamh dhúinn. B'fhéidir go mbadh chóir dhom a chur i gcéill dóibh nach dteastuigheann leabhra Béarla uainn agus ní'lmíd 'gá n-éiliughadh. Ní Sacsanaigh atá ionnainn fós, buidheachas lé Dia. Ní'lmíd saluighthe le béasaibh na teangadh Gallda fós, cé gur deimhin go bhfuil na “sgoilte náisiúnta” againn, agus is ro- dheacair an fíor-spiorad do chongbháil beó i n-áit ar bith i mbeidh na pláigheanna uathbhásacha sin. Ní theastuigheann uainn acht rud éigin le léaghadh i n-ár dteangaidh féin — an teanga thuigimíd agus an chanamhaint a bhfuil meas agus grádh agus cion againn uirri. 'Sé an neamh-eolas seo ar bhéasaibh agus chleachtadhaibh gránna ar námhad spreagas agus thugas misneach dom go mbeidh na hÁirneacha mar bhíodar “is na haimsearaibh sona chuaid thart,” 'na réalt eólais ag macaibh léighinn na tíre. Baisteadh “Oileáin na Naomh agus na n-Ollamh” ar Árainn aon uair amháin agus fuair Éire go léir an t-ainm sin ó shoin. Ní'l amhras ar bith nach raibh suidheachán oideachais annso 'na raibh fáilte roimh gach uile dhuine, cathaoir fhoghlama an-bharrach iongantach i gcúis creidimh agus gac uile ealadhan d'á raibh fios ag na daoinibh air san am sin. Ní'l againn acht breathnughadh ar na seacht dteampallaibh, nó b'fhearr liom a rádh ar an méid atá fágtha dhíobh, lé n-a chruthughadh dhúinn go raibh coláistí agus mainistrí i n-Árainn, agus tá sé mar sheanchus i mbéal na ndaoine go raibh mórán mac léighinn ann aon uair amháin, agus go deimhin ní iongantas ar bith é sin, mar bhíodar iargcúlta agus ar
an ádhbhar sin cosainte agus cumhduighthe ó sgrios na Lochlannach agus ó dhroch-bheartaibh agus o dhiabhlaidheacht na Normannach nuair bhí mainistrí Beannchoir, Leasa Móir agus Árda Macha i ngábhadh agus i gcontabhairt. An iongantas ar bith é mar sin gur congbhui- gheadh cion agus meas agus grádh ar na sean- sgéaltaibh agus ar bhéal-oideas tré dhonas, anfadh agus cruatan. Ní fhéadfainn a innseacht caidé an bród chuireas sé orainn gur i n-Árainn d'ól an t-Athair Eoghan Ó Gramhna agus Eóin Mac Néill an chéad deoch ag tobar na Gaedhilge. Sin iad beagán de na neithibh chaithfeas lóchrann an tseanchuis agus na naomhuigheachta ar Árainn. Tá do chongnamh ag teastáil uainn, a léaghthóir chneasda mhacánta, go gcoisneóchar agus go n-athghlanfar agus go líonfar lampa an eolais a criothnuigheadh go minic acht nár múcadh riamh. Tá againn anois féin fear umhal bocht síbhéalta cneasda macánta darab ainm Marcus Ó Flaithbheartaigh. Tá sé ina fhile, 'na sgoláire agus 'na dhuanaire. Is fear é a bhfuil eólas aige ar gach uile shórt ceiste, neithibh agus ealadhan, agus mac léighinn ar bith thiocfas go hÁrainn feicfidh sé go bhfuil mála agus cisde seanchuis Mharcuis Mhichíl lán go béal. Ní hé amháin go bhfuil sé eólgas- ach ar an teangaidh mar labharthar anois í acht tá sé foghlamtha ar an meadhón-Ghaedhilg agus ar an sean-Ghaedhilg mar an gcéadna. Le suil na n-Árann do dhéanamh 'na gcoláistibh Gaedhealacha mar bhíodar ins an tsean-aimsir, le go gcoingbheóchthar an teanga glan láidir bríoghmhar, le go gcuirfear croidhe cnuais an leabharlainn ann 'nar dteangaidh féin agus le grádh do'n fhoghluim do chongbháil 'nár measg 'seadh támuid ag iarraidh do chongnaimh, do chabhra agus do chuidighthe. Mar dubhramar cheana, ní theastuigheann leabhra Béarla uainn agus ní'lmíd dá n-éiliugadh. Leabhra Gaedhilge nó airgead le n-a gceannach 'seadh theastuigheas uainn agus má fhaghmuid iad déanfamuid leabharlann Árann Gaedhealach, ní hé amháin i n-ainm agus i mbrígh acht ins gach uile bhealach, slighe, míniughadh agus céill de'n fhocal sin. Glacfa- muid go bhuidheach beannachtach cuidiughadh ar bith do cuirfear chugainn, má's beag mór é, agus admhóchamuid i “bhFáinne an Lae” é. Duine ar bith ar mian leis í chothughadh agus greim láidir daingean do congbháil orra, cuidiugheadh sé linn i mbealach ar bith is mian leis. Ba cheart litreacha agus leabhra do chur go dtí Inis Meadhóin Árann i gCondae na Gaillimhe ag bhur gcaraid i gCúis na Gaedhilge. Tomás Mhac Conceannainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services