LEABHARLANN GAEDHILGE LE
HAGHAIDH ÁRANN.
A FHIR an Irisleabháir — Mar
gheall ar an obair atá déanta
ag Connradh na Gaedhilge ar
feadh na dtrí nó ceathair de
bhliadhantaibh seo chuaidh tharainn, tá
spéis agus suim mhór dhá chur ag na
daoinibh i n-a dteangaidh nádúrtha
féin. Tá an spéis sin ag siubhal anois go
tréan agus go bríoghmhar lé neart electreach agus
sílim-se ó thárla gur chuireamar an tsuim
sin ionnta go bhfuil sé riactanach orainn
leabhra foilleamhnacha do fhagháil dóibh.
Má dúisighthear daoine as a gcodladh agus
tart na foghlama do chur órtha agus gan aon
deis ná iarracht do thabhairt dóibh leis an
tart sin do chosg, deirim-se gurab é an
cineál pionúise is milltighe, is cruaidhe agus is
géire cuireadh ar dhuine ar bith riamh.
Tá tart na foghlama aithbheodhuighthe anois
i nÁrainn agus táthar ag iarraidh leabhar ann
le eólus d'fhagháil.
Le go bhfuighmíd leabhra 'na dteangaidh
féin 'seadh tá mé ag cur na litre seo
chugat le súil go dtiubhradh do chuid
leaghthóir congnamh dhúinn.
B'fhéidir go mbadh chóir dhom a chur i
gcéill dóibh nach dteastuigheann leabhra
Béarla uainn agus ní'lmíd 'gá n-éiliughadh.
Ní Sacsanaigh atá ionnainn fós,
buidheachas lé Dia.
Ní'lmíd saluighthe le béasaibh na teangadh
Gallda fós, cé gur deimhin go bhfuil na
“sgoilte náisiúnta” againn, agus is ro-
dheacair an fíor-spiorad do chongbháil
beó i n-áit ar bith i mbeidh na pláigheanna
uathbhásacha sin. Ní theastuigheann uainn
acht rud éigin le léaghadh i n-ár dteangaidh
féin — an teanga thuigimíd agus an chanamhaint
a bhfuil meas agus grádh agus cion againn uirri.
'Sé an neamh-eolas seo ar bhéasaibh agus
chleachtadhaibh gránna ar námhad spreagas agus
thugas misneach dom go mbeidh na hÁirneacha
mar bhíodar “is na haimsearaibh sona chuaid
thart,” 'na réalt eólais ag macaibh léighinn
na tíre. Baisteadh “Oileáin na Naomh agus
na n-Ollamh” ar Árainn aon uair amháin agus
fuair Éire go léir an t-ainm sin ó shoin.
Ní'l amhras ar bith nach raibh suidheachán
oideachais annso 'na raibh fáilte roimh gach
uile dhuine, cathaoir fhoghlama an-bharrach
iongantach i gcúis creidimh agus gac uile
ealadhan d'á raibh fios ag na daoinibh air
san am sin.
Ní'l againn acht breathnughadh ar na seacht
dteampallaibh, nó b'fhearr liom a rádh ar
an méid atá fágtha dhíobh, lé n-a chruthughadh
dhúinn go raibh coláistí agus mainistrí i
n-Árainn, agus tá sé mar sheanchus i mbéal na
ndaoine go raibh mórán mac léighinn ann
aon uair amháin, agus go deimhin ní iongantas
ar bith é sin, mar bhíodar iargcúlta agus ar
an ádhbhar sin cosainte agus cumhduighthe ó
sgrios na Lochlannach agus ó dhroch-bheartaibh agus
o dhiabhlaidheacht na Normannach nuair bhí
mainistrí Beannchoir, Leasa Móir agus Árda
Macha i ngábhadh agus i gcontabhairt. An
iongantas ar bith é mar sin gur congbhui-
gheadh cion agus meas agus grádh ar na sean-
sgéaltaibh agus ar bhéal-oideas tré dhonas,
anfadh agus cruatan. Ní fhéadfainn a innseacht
caidé an bród chuireas sé orainn gur i
n-Árainn d'ól an t-Athair Eoghan Ó Gramhna
agus Eóin Mac Néill an chéad deoch ag tobar
na Gaedhilge. Sin iad beagán de na
neithibh chaithfeas lóchrann an tseanchuis agus na
naomhuigheachta ar Árainn.
Tá do chongnamh ag teastáil uainn, a
léaghthóir chneasda mhacánta, go gcoisneóchar
agus go n-athghlanfar agus go líonfar lampa an
eolais a criothnuigheadh go minic acht nár
múcadh riamh.
Tá againn anois féin fear umhal bocht
síbhéalta cneasda macánta darab ainm
Marcus Ó Flaithbheartaigh. Tá sé ina fhile,
'na sgoláire agus 'na dhuanaire. Is fear é a
bhfuil eólas aige ar gach uile shórt ceiste,
neithibh agus ealadhan, agus mac léighinn ar bith
thiocfas go hÁrainn feicfidh sé go bhfuil
mála agus cisde seanchuis Mharcuis Mhichíl lán
go béal. Ní hé amháin go bhfuil sé eólgas-
ach ar an teangaidh mar labharthar anois í
acht tá sé foghlamtha ar an meadhón-Ghaedhilg
agus ar an sean-Ghaedhilg mar an gcéadna.
Le suil na n-Árann do dhéanamh 'na
gcoláistibh Gaedhealacha mar bhíodar ins
an tsean-aimsir, le go gcoingbheóchthar an
teanga glan láidir bríoghmhar, le go
gcuirfear croidhe cnuais an leabharlainn
ann 'nar dteangaidh féin agus le grádh do'n
fhoghluim do chongbháil 'nár measg 'seadh
támuid ag iarraidh do chongnaimh, do chabhra
agus do chuidighthe.
Mar dubhramar cheana, ní theastuigheann
leabhra Béarla uainn agus ní'lmíd dá
n-éiliugadh. Leabhra Gaedhilge nó airgead
le n-a gceannach 'seadh theastuigheas uainn
agus má fhaghmuid iad déanfamuid leabharlann
Árann Gaedhealach, ní hé amháin i n-ainm agus
i mbrígh acht ins gach uile bhealach, slighe,
míniughadh agus céill de'n fhocal sin. Glacfa-
muid go bhuidheach beannachtach cuidiughadh ar
bith do cuirfear chugainn, má's beag mór é,
agus admhóchamuid i “bhFáinne an Lae” é.
Duine ar bith ar mian leis í chothughadh agus
greim láidir daingean do congbháil orra,
cuidiugheadh sé linn i mbealach ar bith is
mian leis. Ba cheart litreacha agus leabhra do
chur go dtí Inis Meadhóin Árann i gCondae
na Gaillimhe ag bhur gcaraid i gCúis na
Gaedhilge.
Tomás Mhac Conceannainn.