Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Historical Relic. Leitir Sheón Néilson chum a mhná.
Title
An Historical Relic. Leitir Sheón Néilson chum a mhná.
Author(s)
Néilson, Seón,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN HISTORICAL RELIC. Litir Sheón Néilson chun a mhná. 1. Tabhair mo bheannacht go Dún Dalc, A fhir do rachas go tír Ó Néill, Tabhair mo bheannacht fós Do chineadh mo bhean is dó féin. II. Abair leis tá me slán, Marget Caisiol grádh mo hear, Eision tall is mise bhos, Deir mo chroidhe bocht, “Alas!” III. B'éigin damsa fágail mo bhean, 'S gan gabhail mo chead leis, No fuireach d'éis O Néill as tír Och a Criosd is bocht sin. IV. Deir móran a nDun Dalc, Gur leamh nach rinne me fill, dá ma leósan Uí Néill Dar by my faith thucad siad linn. V. Acht tá eagla mór ar mise féin, Gidh fearr Ui Néill no gach nídh, Gur peacadh mortal do rinne mé, Gruaim do cur ar suil mo mhnaoi. VI. Mur do smuainim....bocht Is air gach och do ní sé, Bi fliuch go bráth air mo shúil, Ach an uair do chím Ui Néill. VII. Mar do smuainim ar Richard Óg Sginnidh octar deór anuas; Mar chím ar báll Uí Néill, Beirid mo chroidhe léim suas. VIII. Do gheibh mise Ui Néill Mass ané agus Mass aniogh, 'Sni aibeoradh ministeir gallta liom, “Richard Nelson, come to Church.” IX. Bi mise is mo dís cú Ag cur lúb air cúl an fox, Ar muin each le cois Ó Néill ag éisdeacht le géim na Dogs. X. 'S trúagh nach bhfuil Marréud Óg Farrum anois ag ól deoch, Budh happy mise mur atáim, 'S ní déanainn go bráth, “och!” XI. Is trúagh gan a Sradbaile bfos 'Náit Lovain ann so muith Is clann Caisil ar an tsráid 'Náit na fear labhras Dutch. XII. Is truagh nach é Margréd Óg, Do bhí na good-wife san toigh so 'réir, 'S truagh nach í Richard Óg Do tig le deoch ar bórd Ui Néill. XIII. 'S truagh liom, na fágham bás, Ar son mo mna is ar son mo chlann, Is go tréigfinn féin a bhfuil a bhfos Ar son o Néill sa bhfuil thall. XIV. Tugthar chugam deoch don fíon Is piopa do tum bac maith, Ni ní gruaim feasda ar mo shúil; Tabhair mo beannacht go Dun Dalc. An t-Abhran. Beir mo ghiolla mo litir go hÉirinn siar, agus aithris do sisi ga bhfuil mise le brón na dhiaigh Beir uaim hicidh go bhfuil mise slán sdar fíadh 'S nach bhfuil ann sa cruinne aon duine is fearr no Niall. From a MS. in the Royal Library, Copenhagen(No. 173, nye Kongelige Samling). On page 55 occurs the note:— Iar na ghraifneadh re Muiris ó Gorman Do chum úsaide Phádruicc h-Choncheanuinn agus ar na Chriochnughadh an .x. lá do December aois an Tigearna an tan sin M. D. cc. lx. ííí. The MS. contains Fenian ballads and a number of later poems. W.A. CRAIGIE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services