Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Historical Relic. Leitir Sheón Néilson chum a mhná.

Title
An Historical Relic. Leitir Sheón Néilson chum a mhná.
Author(s)
Néilson, Seón,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 286


AN HISTORICAL RELIC.



Litir Sheón Néilson chun a mhná.



1.
Tabhair mo bheannacht go Dún Dalc,
A fhir do rachas go tír Ó Néill,
Tabhair mo bheannacht fós
Do chineadh mo bhean is dó féin.



II.
Abair leis tá me slán,
Marget Caisiol grádh mo hear,
Eision tall is mise bhos,
Deir mo chroidhe bocht, “Alas!”



III.
B'éigin damsa fágail mo bhean,
'S gan gabhail mo chead leis,
No fuireach d'éis O Néill as tír
Och a Criosd is bocht sin.



IV.
Deir móran a nDun Dalc,
Gur leamh nach rinne me fill,
dá ma leósan Uí Néill
Dar by my faith thucad siad linn.



V.
Acht tá eagla mór ar mise féin,
Gidh fearr Ui Néill no gach nídh,
Gur peacadh mortal do rinne mé,
Gruaim do cur ar suil mo mhnaoi.



VI.
Mur do smuainim....bocht
Is air gach och do ní sé,
Bi fliuch go bráth air mo shúil,
Ach an uair do chím Ui Néill.



VII.
Mar do smuainim ar Richard Óg
Sginnidh octar deór anuas;
Mar chím ar báll Uí Néill,
Beirid mo chroidhe léim suas.



VIII.
Do gheibh mise Ui Néill
Mass ané agus Mass aniogh,
'Sni aibeoradh ministeir gallta liom,
“Richard Nelson, come to Church.”



IX.
Bi mise is mo dís cú
Ag cur lúb air cúl an fox,
Ar muin each le cois Ó Néill
ag éisdeacht le géim na Dogs.



X.
'S trúagh nach bhfuil Marréud Óg
Farrum anois ag ól deoch,
Budh happy mise mur atáim,
'S ní déanainn go bráth, “och!”



XI.
Is trúagh gan a Sradbaile bfos
'Náit Lovain ann so muith
Is clann Caisil ar an tsráid
'Náit na fear labhras Dutch.



XII.
Is truagh nach é Margréd Óg,
Do bhí na good-wife san toigh so 'réir,
'S truagh nach í Richard Óg
Do tig le deoch ar bórd Ui Néill.



XIII.
'S truagh liom, na fágham bás,
Ar son mo mna is ar son mo chlann,
Is go tréigfinn féin a bhfuil a bhfos
Ar son o Néill sa bhfuil thall.



XIV.
Tugthar chugam deoch don fíon
Is piopa do tum bac maith,
Ni ní gruaim feasda ar mo shúil;
Tabhair mo beannacht go Dun Dalc.



An t-Abhran.



Beir mo ghiolla mo litir go hÉirinn siar,
agus aithris do sisi ga bhfuil mise le brón na
dhiaigh
Beir uaim hicidh go bhfuil mise slán sdar
fíadh
'S nach bhfuil ann sa cruinne aon duine is
fearr no Niall.



From a MS. in the Royal Library, Copenhagen(No.
173, nye Kongelige Samling). On page 55 occurs the
note:—



Iar na ghraifneadh re Muiris ó Gorman
Do chum úsaide Phádruicc h-Choncheanuinn agus ar na
Chriochnughadh an .x. lá do December aois an
Tigearna an tan sin M. D. cc. lx. ííí.



The MS. contains Fenian ballads and a number of
later poems.



W.A. CRAIGIE.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services