Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN t-SLÉIBHE RIFFE. 70. Iar sain aontuighid an ceathrar eile dhóibh agus adubhradar leo calmacht do dhéanamh agus an nídh do ghabhadar le n-ais do sheasamh. Annsain do ghabhadar a gculaithe catha umpa, agus thángadar go faithche an dúna, agus buailid a sgiatha ag iarraidh comhraic ar an gceathrar ridirí gaisghidh do bhí istigh. Tigid an laochradh allmhurdha 'a-a gcoinne agus 'n-a gcomhdháil, agus thángadar lucht an dúna idir fhear agus mhnaoi ag féachain an chomhraic sin. 71. Cidh trácht thugadar na curaidhe calma sain aghaidh ar a chéile, agus do fearadh gleo gáibhtheach fuilteach faobhrach náimh- deamhail easgcáirdeamhail eatorra, agus do thógadar na lámha léidmheacha lán-arrachta go sár-ghasda agus ba díocrach na buillí agus ba sanntach an sár-bhualadh do bhí eatorra ó mhoch maidne go meadhón lae gan fhios tláchta time ná tarcaisne ag aon do'n cheathrar seach a chéile comhraic. Do chaith- eadar an ceathrar allmhurach a n-airm as a lámhaibh, agus gabhaid ar chompar chléibhe an cheathrair loach Éireannach, agus d'iadhadar na dóide daingne do-leóinte do-sgaoilte agus na lámha ríoghdha ró-reamhra tar chorpaibh na nÉireannach, gur thógadar ar árd a ngualann iad agus gur ritheadar leo chum na dúna, agus ceanglaid agus cruadh-chuibhrid ann- sain iad, agus cuirid fá'n rígh-cheangal i bhfochair Chonáin iad. 72. Fiafruigheann an Ridire Dubh do Chonán cionnus do bhí sé. “Atáim go lag,” ar Conán, “dom phianadh annso gan biadh gan deoch gan codladh gan suan, agus is fada gur mise d'fhágfadh sibhse i bpéin dá mbudh mé do gheobhadh an treis, óir do bhainfinn na cinn gan cháirde dhíbh.” “Ní bainfidhear an ceann díot-sa go dtí i mbárach,” ar an Ridire Dubh, “agus annsain an uair bheas an
ceathrar eile in bhur bhfochair gheobhaidh sibh uile bás anuasal i n-aoinfheacht, agus a Chonáin,” ar sé, “do shíleas-sa go bhfaghthá biadh agus deoch.” “Ní bhfaghaim mo leath- dhóithin,” ar Conán. 73. Annsain d'orduigh an Ridire biadh a thabhairt chum Conáin. Tugadh ceathramha tuirc chuige iar sain, agus an t-an do bhí a bholg lán adubhairt se, “Dá dtógfaidhe ó'n rígh- cheangal anois mé, is sámh do choideolainn go maidin, agus annsain is gairid an mhoill do bheadh orm gan fuasgladh, óir gidh go bhfuilim féin agus an ceathrar eile laoch so ar bhar gcumus nach bhfuil a bheag ná a mhór eagla orm fós.” “Cia shíleas tú d'anacal orainn?” ar an Ridire Dubh, “Sílim,” ar Conán, “na hursana iorghaile agus na leomhain lonnacha luaith-fheargacha, .i. Osgar an- ghlonnach mac Oisín, agus mo dhís dearbhráthar féin, Goll glac-láidir glain-bhéimeanach gnímh-éachtach agus Garbh garbh-fholtach mór- aigeanta, agus mo chara ionmhain tar cách uile, Diarmaid déid-gheal dreach-sholais Ó Duibhne, ó's é d'fhuasgail orm as gach guais dá rabhas riamh.” “Is gearr an cháirde,” ar an Ridire Dubh, “go dtiubharthar annso chugaibh-se iad.” “Beag a chreidim dod ghlór,” ar Conán, “óir níl an ceathrar laoch sain fa'n ngréin dobhéarfadh leo do'n áit- seo iad dá n-aimhdheoin.” 74. Cidh trácht do thriall an ceathrar laoch sain, Diarmaid, Goll, Osgar agus Garbh garbh-fholtach go dún Lomnochtáin, a gcroidhthe ar bearbhadh le n-a fhaid leo uatha an mhaidin, agus a muintir a bheith 'san éigin i rabhadar. Acht cheana, d'éirigh Osgar agus a dheagh-mhuintir ar amharc an lae ar n-a bhárach, agus triallaid go hionad an chomhlainn fa rabharta feirge, agus gidh moch a chuadar ann do bhí an Ridire Dubh agus a mhuintir ann rómpa i gculaidh catha agus cruadh-chomhraic, agus ní ar mhín-chomhráidhtibh do chuadar na leo- mhain luaith-fheargacha sain, agus a sgiatha móra míleata rómpa ag díon a gcaomh-chorp, agus na sleagha beartuighthe le fraoch feirge 'n-a ngeal-dóidibh deagh-thapaidhe deasa, gurab annsain d'ionnsuigheadar a chéile mar leomhain ar lán-mhire, le n-a sleaghaibh sioth-fhada sár-nimhneacha, ionnus gur lúba- dar iad ó rinn go hurlainn le gach sáthadh dá dtugaidís ar na sgiathaibh móra míleata do bhí ag díon a gcaomh-chorp, agus an tan do bhriseadar na sleagha le hiomad na sáthadh i n-aghaid na sgiath agus na gcaomh-lúireach do thairngeadar na cloidhimhthe cros-órdha amach as a dtruaillibh taisgeada, agus do-rinneadar comhrac fíochmhar foir-nimhneach, agus urlaidhe tinneasnach tréan-bhorb, ionnus gur ghear- radar cuirp agus cneasa a chéile, agus gur chrío- thadar a raibh láthair le huathbhás an mhóir- ghleoidh do bhí idir na tréan - leomhnaibh sin. 75. Do bhíodar athaide an aeoir agus badhbha béil-dearga bric-liath ar foluamhain 'n-a dtimcheall, agus ba chlos fá na críochaibh ba chomhneasa dhóibh tuargain na dtonn dtréan ngarbh agus fuaim-ghearán fuasaoideach na froach-fhairrge agus bualadh le sleasaibh cairgeach gceann-gharbh, agus gabhaid ar lead- radh corp agus cneas a chéile, ionnus go gcuiridís trí ceatha dhíobh, .i. cioth teineadh dá n-armaibh, cioth cailce dá sgiathaibh, agus cioth fola dá gcréachtaibh, ionnus gur truagh le n-a bhfeicsin an díoth-láithriughadh thugadar an t-ochtar tréan-mhíleadh sain ar a chéile, ó thosach an chomhlaoi go meadhón lae. 76. Annsain adubhairt inghean an ríogh, .i. bean Diarmada, “A Fhianna curata calma agus a laochradh Éireann nár sáruigheadh riamh i gcath ná i gcomhlann, cuimhnighidh uaisle bhar n-athardha, méad bhar meanman, agus uaibreas bhar n-aignidh, cruas bhar lámh i gcomhlannaibh, teirce bhar gcarad agus iomad bhar namhad in bhar dtimcheall.” Ó do chualadar Fianna glan-áille Gaedheal aith- easg na ríoghna, gabhann mire meanman agus aigeanta iad i n-aghaidh a namhad. Iar sain do ghabh rabharta ró-fheirge na ridirí allmhurdha fá aon ghaisgidheach fá'n ngréin a chomhfhad sain do chomhrac a sheasamh 'n-a n-aghaidh féin, agus teilgid a gcloidhimhthe agus a
sgiatha uatha, agus téid go tinneasnach chum na bhFiann, acht níor lámha áirithe dhóibh sin, óir beirid an laochradh Éireannach ar chom agus ar bhrághaid ortha, agus snadhmaid uile a ndóide fa bhun easnach a chéile, agus tugaid corra cliste agus fásgtha fearamhla agus treasgartha toll- bhorba dá chéile, agus rinneadar imreasgáil dána danardha dúr-chroidheach ionnus gur chriothnuigh an talamh fa n-a gcosaibh. Do ghabh an inghean ag láin-ghréasacht agus sár- mholadh Fiann Éireann agus adubhairt leo gan an chlú do thuilleadar ar feadh a saoghail do chailleamhaint i n-aoinfheacht. 77. Iar gclos aithisg na hinghine d'Fian- na Éireann, do ghabh dásacht meanman iad, óir tógann Osgar a chéile comhraic ar árd a ghualainn agus buaileann fa thrasna fa lár é, agus do cheangail agus do chruaidh-chuibhridh é, agus iar dtógáil a chinn do, chonnairc sé an triúr ridirí ceangailte ag Diarmaid ag Goll, agus ag Garbh. Adubhairt Osgar leis an dtriúr eile fuireach i bhfeighil na ngais- gidheach go rachadh sé féin ag iarraidh ceithre mbior bhfada bhfionn-choille do chum cinn an cheathrair sin do chur ortha. Annsain do labhair an Ridire Dubh agus adubhairt. “Ná cuirthear chum báis sinn, a Fhiann Éireann agus do-gheobhaidh sibh cíos agus urraim uainn an feadh mhairfimíd agus a chur chugaibh gach re bliadhain go hÉirinn, agus bheith ag congnamh libh in gach ball 'n-a mbeadh riachtanas oraibh chum monganta d'fhagháil, agus beimid do bhar réir ó so suas.” “Cia gheobhaidh sin dá chomhall?” ar Osgar. “Mise sin,” ar rí an Oileáin Doilbhthe. “Sgaoiltear díobh,” ar Osgar. “Ná sgaoiltear,” ar Diarmaid, “óir ar ór ná ar airgead na cruinne ní leigfinn-se as sain iad nó go dtabharthar Conán agus an ceathrar féinneadha slán chugam, agus muna dtiocfaidh gan easbaidh, is deimhin go gcaillfidh sibh bhar gcinn.’ 78. An tan do chonnairc sluagh an dúna go rabhadar na ridirí ceangailte , do chuireadar aon gháir éagcaointe ós árd asta, agus an tan chuala Conán na mór- ghártha, d'fhiafruigh fáth na liúireacht sain. Do hinnseadh do gur bh'iad Fiann Éireann do bhí ceangailte, agus go rabhadar ar a nguaillibh ag na gaisgidheachaibh eile dá dtabhairt mar a raibh féin chum na gceann a sgothadh dhíobh uile ar aon láthair. Iar n-a chlos sain do Chonán do léig trí liú, agus trí huaille ós árd as, ionnus gur himeag- ladh lucht an dúna idir fhear agus mhnaoi iar gclos nuall-ghártha Chonáin, níor bh'iongnadh dhóíbh, óir níor bh'eagla gan chúis a ghlacadar, ór do ghlac rabharta buile Conán, ionnus gur raobadh na ceanglacha do bhí air leis, agus do mharbh gach n-aon dá dtárla air, agus thug aghaidh ar an bhfaithche, agus thárla an sluagh air ag teacht chum an dúna, agus do ghabh dá n-oirleach dá leadradh agus dá leonadh dá dheis agus dá chlí, ionnus gur chuir sgaoileadh sgaipeadh agus sgannradh ortha. 79. Ba mhór an t-iongnadh leis an rígh agus leis na gaisgidheachaibh uile cia do chuir an sgaipeadh sain ar a muintir gur hinnseadh dhóibh gurab é Conán do bhris agus do raob na ceangail do bhí air, agus do mharbh gach aon do lucht an dúna do thárla air. “A Fhiann Éireann,” ar an Ridire Dubh, “cois- gidh Conán dínn go sgaoilfidhear dínn, nó bainfidh sé na cinn dínn.” Annsain do chuaidh Diarmaid, Goll, Garbh, agus Osgar i gcoinne Chonáin, dá chósg, agus chuireeadar chum suaimhnis é, agus is é do thuit de lucht an dúna le láimh Chonáin do'n ruathar sain trí chéad. D'fhiafruigh Diarmaid de cionnus do bhí an ceathrar eile, nó an rabhadar beo. “Atáid,” ar Conán, “acht atá siad fa dhaoir-cheangal.” “Maiseadh,” ar Diarmaid, “imthigh-se agus sgaoil iad.” D'imthigh Conán agus do sgaoil d'Fhiannaibh Éireann agus do sgaoil Osgar do na ridiríbh, agus téid uile do'n dún, agus do bhíodar go súgach so-mheanmnach ann, agus an ráig sin Chonáin ag déanamh a láin ghrinn dóibh, agus daingnidheadh doirse an dúna ar dteacht do'n oidhche. 80. Níor chian dóibh amhlaidh sin an tan
do bhuaileadh an dorus go dána dian-láidir, gur chlos fo'n dún uile gach lán-bhuille dhíobh. D'fhiafruigh an doirseoir cia do bhí ann. Adubhairt an t-óglach do bhí amuigh, “Mise,” ar sé, “an t-aon ghaisgidheach is fearr gail agus gníomhacht dár shiubhail an domhan, agus is mó dár chuir de'n domhan fa smacht mo láimhe, eadhón an Ridire Ór-armach mac ríogh na hAntuaithe, agus isé is áil liom rí an Oileáin Doilbhthe agus a mhuintir go leír do mharbhadh, agus an chríoch a bheith fa smacht mo láimhe, agus is é sin mo thoisg do'n chrích seo.” Téid an doirseoir go dtí an rí agus d'innis na sgéala do bhí aige. “Créad í bhar gcomh- airle dham, a Fhiann Éireann?” ar an rí. “Léigthear isteach é,” ar Osgar, “óir ní chubhaidh a mhac-samhla do chogbháil amuigh.” Do léigeadh isteach é iar sain, agus an tan do ráinig i bhfiadhnaise an ríogh do bhauil dorn dásachtach ar feadh an bhéil air gur bhain fiacail as, agus tógann ó'n mbord é gur chuir brúcht fola tar a bhéal amach. 81. D'éirigh Osgar 'n-a chomhdháil agus do iadhadar na dóide dainge do-leointe tar dhromannaibh a chéile. Ba bhorb an buaidh- readh agus ba mhear an measgadh agus do bh'fheardha an shásg-tharraingt do bheireadh cách ar a céile ar feadh tréimhse fhada, gur ghlac náire Osgar fa aoinneach fa'n domhan a chodroma leis féin an fhaid sin. Leis sin do ghabh mire mheanman agus dásacht aignidh an rígh- mhíleadh, go dtug fásgadh fuinneamhamhail ar an Ridire Ór-armach, agus tógann suas ar árd a ghualann é, gur bhuail fo tharsna ar lár é, agus do cheangail go daingean as a haithle é agus do chuir fo rígh-cheangal dá phianadh é. “A Ridire Ór-armaigh,” ar Osgar, “an rabhadar riamh i gcontabhairt níos mó 'ná ataoi anois? óir do-gheobhair bás anuasal tríd an easonóir thugais do'n rígh.” “Ar m'arm gaisgidh go rabhas, gidh deimh- neach mo bhás d'imirt orm,” ar an Ridire. “Créad an chontabhairt sin?” ar Osgar. “Dá bhfaghainn mo thógáil ó'n rígh-cheangal,” ar an Ridire, “d'inneosainn díbh í.” “Do- gheobhair go deimhin,” ar Osgar. Do tógadh an rígh-cheangal annsain de, agus do thionns- gain a eachtra agus a imtheacht d'innsin i bhfiadhnaise an ríogh agus uaisle an dúna mar leanas:— 82. “Iar gcríochnughadh mo ghaisgidh dhamh-sa fa cheithre hárdaibh an domhain, do ghabhas neart gach críche dá raibh i gcomhfhogas dom, agus do chuireas iad fo neart mo láimhe agus mo chlaidhimh. Triallaim dom' thír dhúthchais iarrsain, agus do bhí do mhéid mo mheanman gur mheasas gach críoch fa'n gcruinne do chur fa'm chumas féin, agus áird-chíos agus cáin do chur ortha, agus uime sin do chuireas trí chéad long ar muir go n-a bhfuirinn laochraidhe agus cei- leabhraim do ríoghacht na hAntuaithe agus thugas séin agus mo chabhlach cródha aghaidh do'n bhóchna mhór-thonnach. Naoi lá dhúinn ag rámhaidheacht ar an sál-mhuir, gur éirigh anfadh mór ar an bhfairrge, agus do sheasuigh an stoirm sin ar feadh chúig lá, ionnus gur briseadh gach long dá raibh 'san gcabhlach acht an long ina rabhas féin, ionnus go raibh mé féin agus an fhuireann do bhí im' fhochair d'ár ruagain ó thuinn go tuinn ar feadh chúig lá eile, agus i gcionn na haimsire sin do seoladh isteach i bhfogas do'n tír sinn, agus do thearna an mhuir uainn i mbeagán aimsire ionnus gur fágadh an long i gcarn ghainmhe séideáin. 83. “Is annsain do bhéic an caiptín agus adubhairt nach raibh dul as againn go deo, óir ní tháinig aon duine dar seoladh 'san áit seo riamh beo as, óir sluigthear an luingeas tríd an ngáinimh sgaoilte seo síos, agus ní fhéadfadh aon duine siubhal ann le buigeacht na gainmhe. Leis sin do bhuail geite agus sgannradh a raibh 'san luing go ndubhairt an caiptín leo nach raibh aon aimsir le cailleamhaint aca, óir go raibh an long ag dul síos cheana féin, agus leis sin beireann ar chlár agus caitheann amach ar an ngainimh é, agus rug ar chlár eile agus chuir ar a ghualainn é, agus dubhairt le gach n-aon
déanamh mar do-rinne sé féin, agus annsain do chuaidh de léim amach ar an gclár do chaith sé roimhe, agus do leag an dara clár agus do chuaidh air, agus thóg an céad chlár agus do chaith roimhe é, agus mar sin do ag tógáil chláir i n-áit a chéile do réir mar do théidheadh ar chlár eile. Do rinneas féin aithris air agus cách eile mar an gcéadna, do réir mar fhéadadar agus ní raibh sí sluigthe tar a bórd, agus fá'n am do roicheamar talamh ní raibh acht barr an chrainn seoil le feicsin. (Tuilleadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services