Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.

Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN t-SLÉIBHE
RIFFE.



70. Iar sain aontuighid an ceathrar eile
dhóibh agus adubhradar leo calmacht do dhéanamh
agus an nídh do ghabhadar le n-ais do sheasamh.
Annsain do ghabhadar a gculaithe catha
umpa, agus thángadar go faithche an dúna, agus
buailid a sgiatha ag iarraidh comhraic ar an
gceathrar ridirí gaisghidh do bhí istigh. Tigid
an laochradh allmhurdha 'a-a gcoinne agus 'n-a
gcomhdháil, agus thángadar lucht an dúna idir
fhear agus mhnaoi ag féachain an chomhraic sin.



71. Cidh trácht thugadar na curaidhe
calma sain aghaidh ar a chéile, agus do fearadh
gleo gáibhtheach fuilteach faobhrach náimh-
deamhail easgcáirdeamhail eatorra, agus do
thógadar na lámha léidmheacha lán-arrachta
go sár-ghasda agus ba díocrach na buillí agus ba
sanntach an sár-bhualadh do bhí eatorra ó
mhoch maidne go meadhón lae gan fhios
tláchta time ná tarcaisne ag aon do'n
cheathrar seach a chéile comhraic. Do chaith-
eadar an ceathrar allmhurach a n-airm as
a lámhaibh, agus gabhaid ar chompar chléibhe an
cheathrair loach Éireannach, agus d'iadhadar na
dóide daingne do-leóinte do-sgaoilte agus na
lámha ríoghdha ró-reamhra tar chorpaibh na
nÉireannach, gur thógadar ar árd a
ngualann iad agus gur ritheadar leo chum na
dúna, agus ceanglaid agus cruadh-chuibhrid ann-
sain iad, agus cuirid fá'n rígh-cheangal i
bhfochair Chonáin iad.



72. Fiafruigheann an Ridire Dubh do
Chonán cionnus do bhí sé. “Atáim go lag,”
ar Conán, “dom phianadh annso gan biadh
gan deoch gan codladh gan suan, agus is fada
gur mise d'fhágfadh sibhse i bpéin dá mbudh
mé do gheobhadh an treis, óir do bhainfinn na
cinn gan cháirde dhíbh.” “Ní bainfidhear an
ceann díot-sa go dtí i mbárach,” ar an
Ridire Dubh, “agus annsain an uair bheas an


L. 232


ceathrar eile in bhur bhfochair gheobhaidh sibh
uile bás anuasal i n-aoinfheacht, agus a
Chonáin,” ar sé, “do shíleas-sa go bhfaghthá
biadh agus deoch.” “Ní bhfaghaim mo leath-
dhóithin,” ar Conán.



73. Annsain d'orduigh an Ridire biadh a
thabhairt chum Conáin. Tugadh ceathramha
tuirc chuige iar sain, agus an t-an do bhí a bholg
lán adubhairt se, “Dá dtógfaidhe ó'n rígh-
cheangal anois mé, is sámh do choideolainn
go maidin, agus annsain is gairid an mhoill do
bheadh orm gan fuasgladh, óir gidh go
bhfuilim féin agus an ceathrar eile laoch so ar
bhar gcumus nach bhfuil a bheag ná a mhór
eagla orm fós.” “Cia shíleas tú d'anacal
orainn?” ar an Ridire Dubh, “Sílim,” ar
Conán, “na hursana iorghaile agus na leomhain
lonnacha luaith-fheargacha, .i. Osgar an-
ghlonnach mac Oisín, agus mo dhís dearbhráthar
féin, Goll glac-láidir glain-bhéimeanach
gnímh-éachtach agus Garbh garbh-fholtach mór-
aigeanta, agus mo chara ionmhain tar cách
uile, Diarmaid déid-gheal dreach-sholais Ó
Duibhne, ó's é d'fhuasgail orm as gach guais
dá rabhas riamh.” “Is gearr an cháirde,”
ar an Ridire Dubh, “go dtiubharthar annso
chugaibh-se iad.” “Beag a chreidim dod
ghlór,” ar Conán, “óir níl an ceathrar laoch
sain fa'n ngréin dobhéarfadh leo do'n áit-
seo iad dá n-aimhdheoin.”



74. Cidh trácht do thriall an ceathrar
laoch sain, Diarmaid, Goll, Osgar agus Garbh
garbh-fholtach go dún Lomnochtáin, a gcroidhthe
ar bearbhadh le n-a fhaid leo uatha an
mhaidin, agus a muintir a bheith 'san éigin i
rabhadar. Acht cheana, d'éirigh Osgar agus a
dheagh-mhuintir ar amharc an lae ar n-a
bhárach, agus triallaid go hionad an chomhlainn
fa rabharta feirge, agus gidh moch a chuadar
ann do bhí an Ridire Dubh agus a mhuintir ann
rómpa i gculaidh catha agus cruadh-chomhraic, agus
ní ar mhín-chomhráidhtibh do chuadar na leo-
mhain luaith-fheargacha sain, agus a sgiatha móra
míleata rómpa ag díon a gcaomh-chorp, agus
na sleagha beartuighthe le fraoch feirge
'n-a ngeal-dóidibh deagh-thapaidhe deasa,
gurab annsain d'ionnsuigheadar a chéile
mar leomhain ar lán-mhire, le n-a sleaghaibh
sioth-fhada sár-nimhneacha, ionnus gur lúba-
dar iad ó rinn go hurlainn le gach sáthadh
dá dtugaidís ar na sgiathaibh móra míleata
do bhí ag díon a gcaomh-chorp, agus an tan do
bhriseadar na sleagha le hiomad na sáthadh
i n-aghaid na sgiath agus na gcaomh-lúireach do
thairngeadar na cloidhimhthe cros-órdha amach
as a dtruaillibh taisgeada, agus do-rinneadar
comhrac fíochmhar foir-nimhneach, agus urlaidhe
tinneasnach tréan-bhorb, ionnus gur ghear-
radar cuirp agus cneasa a chéile, agus gur chrío-
thadar a raibh láthair le huathbhás an mhóir-
ghleoidh do bhí idir na tréan - leomhnaibh sin.



75. Do bhíodar athaide an aeoir agus badhbha
béil-dearga bric-liath ar foluamhain 'n-a
dtimcheall, agus ba chlos fá na críochaibh ba
chomhneasa dhóibh tuargain na dtonn
dtréan ngarbh agus fuaim-ghearán fuasaoideach
na froach-fhairrge agus bualadh le sleasaibh
cairgeach gceann-gharbh, agus gabhaid ar lead-
radh corp agus cneas a chéile, ionnus go
gcuiridís trí ceatha dhíobh, .i. cioth teineadh
dá n-armaibh, cioth cailce dá sgiathaibh, agus cioth
fola dá gcréachtaibh, ionnus gur truagh le
n-a bhfeicsin an díoth-láithriughadh thugadar
an t-ochtar tréan-mhíleadh sain ar a chéile,
ó thosach an chomhlaoi go meadhón lae.



76. Annsain adubhairt inghean an ríogh,
.i. bean Diarmada, “A Fhianna curata
calma agus a laochradh Éireann nár sáruigheadh
riamh i gcath ná i gcomhlann, cuimhnighidh
uaisle bhar n-athardha, méad bhar meanman,
agus uaibreas bhar n-aignidh, cruas bhar lámh i
gcomhlannaibh, teirce bhar gcarad agus iomad
bhar namhad in bhar dtimcheall.” Ó do
chualadar Fianna glan-áille Gaedheal aith-
easg na ríoghna, gabhann mire meanman agus
aigeanta iad i n-aghaidh a namhad. Iar
sain do ghabh rabharta ró-fheirge na ridirí
allmhurdha fá aon ghaisgidheach fá'n ngréin a
chomhfhad sain do chomhrac a sheasamh 'n-a
n-aghaidh féin, agus teilgid a gcloidhimhthe agus a


L. 233


sgiatha uatha, agus téid go tinneasnach chum na
bhFiann, acht níor lámha áirithe dhóibh sin, óir
beirid an laochradh Éireannach ar chom agus ar
bhrághaid ortha, agus snadhmaid uile a ndóide fa
bhun easnach a chéile, agus tugaid corra cliste
agus fásgtha fearamhla agus treasgartha toll-
bhorba dá chéile, agus rinneadar imreasgáil
dána danardha dúr-chroidheach ionnus gur
chriothnuigh an talamh fa n-a gcosaibh. Do
ghabh an inghean ag láin-ghréasacht agus sár-
mholadh Fiann Éireann agus adubhairt leo gan
an chlú do thuilleadar ar feadh a saoghail
do chailleamhaint i n-aoinfheacht.



77. Iar gclos aithisg na hinghine d'Fian-
na Éireann, do ghabh dásacht meanman
iad, óir tógann Osgar a chéile comhraic ar
árd a ghualainn agus buaileann fa thrasna fa
lár é, agus do cheangail agus do chruaidh-chuibhridh é,
agus iar dtógáil a chinn do, chonnairc sé an
triúr ridirí ceangailte ag Diarmaid ag
Goll, agus ag Garbh. Adubhairt Osgar leis an
dtriúr eile fuireach i bhfeighil na ngais-
gidheach go rachadh sé féin ag iarraidh ceithre
mbior bhfada bhfionn-choille do chum cinn
an cheathrair sin do chur ortha. Annsain do
labhair an Ridire Dubh agus adubhairt. “Ná
cuirthear chum báis sinn, a Fhiann Éireann agus
do-gheobhaidh sibh cíos agus urraim uainn an
feadh mhairfimíd agus a chur chugaibh gach re
bliadhain go hÉirinn, agus bheith ag congnamh
libh in gach ball 'n-a mbeadh riachtanas oraibh
chum monganta d'fhagháil, agus beimid do bhar
réir ó so suas.” “Cia gheobhaidh sin dá
chomhall?” ar Osgar. “Mise sin,” ar rí
an Oileáin Doilbhthe. “Sgaoiltear díobh,”
ar Osgar. “Ná sgaoiltear,” ar Diarmaid,
“óir ar ór ná ar airgead na cruinne ní
leigfinn-se as sain iad nó go dtabharthar
Conán agus an ceathrar féinneadha slán chugam,
agus muna dtiocfaidh gan easbaidh, is deimhin
go gcaillfidh sibh bhar gcinn.’



78. An tan do chonnairc sluagh an dúna
go rabhadar na ridirí ceangailte , do
chuireadar aon gháir éagcaointe ós árd
asta, agus an tan chuala Conán na mór-
ghártha, d'fhiafruigh fáth na liúireacht sain.
Do hinnseadh do gur bh'iad Fiann Éireann
do bhí ceangailte, agus go rabhadar ar a
nguaillibh ag na gaisgidheachaibh eile dá
dtabhairt mar a raibh féin chum na gceann
a sgothadh dhíobh uile ar aon láthair. Iar
n-a chlos sain do Chonán do léig trí liú, agus
trí huaille ós árd as, ionnus gur himeag-
ladh lucht an dúna idir fhear agus mhnaoi iar
gclos nuall-ghártha Chonáin, níor bh'iongnadh
dhóíbh, óir níor bh'eagla gan chúis a ghlacadar,
ór do ghlac rabharta buile Conán, ionnus
gur raobadh na ceanglacha do bhí air leis,
agus do mharbh gach n-aon dá dtárla air, agus thug
aghaidh ar an bhfaithche, agus thárla an sluagh air
ag teacht chum an dúna, agus do ghabh dá
n-oirleach dá leadradh agus dá leonadh dá dheis
agus dá chlí, ionnus gur chuir sgaoileadh
sgaipeadh agus sgannradh ortha.



79. Ba mhór an t-iongnadh leis an
rígh agus leis na gaisgidheachaibh uile cia do
chuir an sgaipeadh sain ar a muintir gur
hinnseadh dhóibh gurab é Conán do bhris agus do
raob na ceangail do bhí air, agus do mharbh gach
aon do lucht an dúna do thárla air. “A
Fhiann Éireann,” ar an Ridire Dubh, “cois-
gidh Conán dínn go sgaoilfidhear dínn, nó
bainfidh sé na cinn dínn.” Annsain do
chuaidh Diarmaid, Goll, Garbh, agus Osgar i
gcoinne Chonáin, dá chósg, agus chuireeadar chum
suaimhnis é, agus is é do thuit de lucht an dúna
le láimh Chonáin do'n ruathar sain trí chéad.
D'fhiafruigh Diarmaid de cionnus do bhí an
ceathrar eile, nó an rabhadar beo. “Atáid,”
ar Conán, “acht atá siad fa dhaoir-cheangal.”
“Maiseadh,” ar Diarmaid, “imthigh-se agus
sgaoil iad.” D'imthigh Conán agus do sgaoil
d'Fhiannaibh Éireann agus do sgaoil Osgar do
na ridiríbh, agus téid uile do'n dún, agus do
bhíodar go súgach so-mheanmnach ann, agus an
ráig sin Chonáin ag déanamh a láin ghrinn
dóibh, agus daingnidheadh doirse an dúna ar
dteacht do'n oidhche.



80. Níor chian dóibh amhlaidh sin an tan


L. 234


do bhuaileadh an dorus go dána dian-láidir,
gur chlos fo'n dún uile gach lán-bhuille dhíobh.
D'fhiafruigh an doirseoir cia do bhí ann.
Adubhairt an t-óglach do bhí amuigh, “Mise,”
ar sé, “an t-aon ghaisgidheach is fearr gail agus
gníomhacht dár shiubhail an domhan, agus is mó
dár chuir de'n domhan fa smacht mo láimhe,
eadhón an Ridire Ór-armach mac ríogh na
hAntuaithe, agus isé is áil liom rí an
Oileáin Doilbhthe agus a mhuintir go leír do
mharbhadh, agus an chríoch a bheith fa smacht mo
láimhe, agus is é sin mo thoisg do'n chrích seo.”
Téid an doirseoir go dtí an rí agus d'innis na
sgéala do bhí aige. “Créad í bhar gcomh-
airle dham, a Fhiann Éireann?” ar an rí.
“Léigthear isteach é,” ar Osgar, “óir ní
chubhaidh a mhac-samhla do chogbháil amuigh.”
Do léigeadh isteach é iar sain, agus an tan do
ráinig i bhfiadhnaise an ríogh do bhauil dorn
dásachtach ar feadh an bhéil air gur bhain
fiacail as, agus tógann ó'n mbord é gur chuir
brúcht fola tar a bhéal amach.



81. D'éirigh Osgar 'n-a chomhdháil agus do
iadhadar na dóide dainge do-leointe tar
dhromannaibh a chéile. Ba bhorb an buaidh-
readh agus ba mhear an measgadh agus do bh'fheardha
an shásg-tharraingt do bheireadh cách ar a céile
ar feadh tréimhse fhada, gur ghlac náire
Osgar fa aoinneach fa'n domhan a chodroma
leis féin an fhaid sin. Leis sin do ghabh
mire mheanman agus dásacht aignidh an rígh-
mhíleadh, go dtug fásgadh fuinneamhamhail ar
an Ridire Ór-armach, agus tógann suas ar
árd a ghualann é, gur bhuail fo tharsna ar
lár é, agus do cheangail go daingean as a
haithle é agus do chuir fo rígh-cheangal dá
phianadh é. “A Ridire Ór-armaigh,” ar
Osgar, “an rabhadar riamh i gcontabhairt níos
mó 'ná ataoi anois? óir do-gheobhair bás
anuasal tríd an easonóir thugais do'n rígh.”
“Ar m'arm gaisgidh go rabhas, gidh deimh-
neach mo bhás d'imirt orm,” ar an Ridire.
“Créad an chontabhairt sin?” ar Osgar.
“Dá bhfaghainn mo thógáil ó'n rígh-cheangal,”
ar an Ridire, “d'inneosainn díbh í.” “Do-
gheobhair go deimhin,” ar Osgar. Do tógadh
an rígh-cheangal annsain de, agus do thionns-
gain a eachtra agus a imtheacht d'innsin i
bhfiadhnaise an ríogh agus uaisle an dúna mar
leanas:—



82. “Iar gcríochnughadh mo ghaisgidh dhamh-sa
fa cheithre hárdaibh an domhain, do ghabhas
neart gach críche dá raibh i gcomhfhogas
dom, agus do chuireas iad fo neart mo láimhe agus
mo chlaidhimh. Triallaim dom' thír dhúthchais
iarrsain, agus do bhí do mhéid mo mheanman gur
mheasas gach críoch fa'n gcruinne do chur
fa'm chumas féin, agus áird-chíos agus cáin do chur
ortha, agus uime sin do chuireas trí chéad long
ar muir go n-a bhfuirinn laochraidhe agus cei-
leabhraim do ríoghacht na hAntuaithe agus
thugas séin agus mo chabhlach cródha aghaidh do'n
bhóchna mhór-thonnach. Naoi lá dhúinn ag
rámhaidheacht ar an sál-mhuir, gur éirigh
anfadh mór ar an bhfairrge, agus do sheasuigh
an stoirm sin ar feadh chúig lá, ionnus gur
briseadh gach long dá raibh 'san gcabhlach
acht an long ina rabhas féin, ionnus go
raibh mé féin agus an fhuireann do bhí im'
fhochair d'ár ruagain ó thuinn go tuinn ar
feadh chúig lá eile, agus i gcionn na haimsire
sin do seoladh isteach i bhfogas do'n tír
sinn, agus do thearna an mhuir uainn i mbeagán
aimsire ionnus gur fágadh an long i gcarn
ghainmhe séideáin.



83. “Is annsain do bhéic an caiptín agus
adubhairt nach raibh dul as againn go deo,
óir ní tháinig aon duine dar seoladh 'san
áit seo riamh beo as, óir sluigthear an
luingeas tríd an ngáinimh sgaoilte seo
síos, agus ní fhéadfadh aon duine siubhal ann
le buigeacht na gainmhe. Leis sin do bhuail
geite agus sgannradh a raibh 'san luing go
ndubhairt an caiptín leo nach raibh aon
aimsir le cailleamhaint aca, óir go raibh
an long ag dul síos cheana féin, agus leis sin
beireann ar chlár agus caitheann amach ar an
ngainimh é, agus rug ar chlár eile agus chuir ar a
ghualainn é, agus dubhairt le gach n-aon


L. 235


déanamh mar do-rinne sé féin, agus annsain
do chuaidh de léim amach ar an gclár do
chaith sé roimhe, agus do leag an dara clár agus do
chuaidh air, agus thóg an céad chlár agus do chaith
roimhe é, agus mar sin do ag tógáil chláir i
n-áit a chéile do réir mar do théidheadh ar
chlár eile. Do rinneas féin aithris air agus
cách eile mar an gcéadna, do réir mar
fhéadadar agus ní raibh sí sluigthe tar a
bórd, agus fá'n am do roicheamar talamh ní
raibh acht barr an chrainn seoil le feicsin.
(Tuilleadh).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services