Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Crúiscín Lán.
Title
An Crúiscín Lán.
Author(s)
Féach bailitheoir / aithriseoir,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Collector
O Conchobhair, Domhnall
Contributor
Cúipéir, Pádraig
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN CRÚISCÍN LÁN. I. Is fada dhom ar an mbaile-seo im' chomh- naidhe ar sráid Ag raidireacht 's ag mealladh ban 's ag ól dighe ar chlár; Nuair a mheas mná an ghleanna-so mo phócaidhe bheith lán, 'S amhlaidh bhí an aindise aru! eadrainn agus fóiríor atá! Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé lán. 2. Is fada é mo thriall, aru! siar ar Éirinn Cois leasa 's mé go h-uaigneach agus gan aon tínt do'n eudach; Is é rádh mo dhaoine agus muintire mo chéile Gur olc an dóigh mhná mé agus clann do bheith am' éileamh, Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé lán. 3. Is é deir mo bhean liom, “Ar buile 'taoi, a Dhomhnaill? Téanam a bhaile má ólais do dhóthain.” “Do'n diabhal do bheirim thu agus a maireann dod' chomhgas, Agus beidh bean eile agam ar gach baile- phuirt do gheobhad í, Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé lán.” 4. Paróiste na Dríbsighe atá trí n-a chéile, Agus Conntae Cheatharla' gan tapa chum aon éin aca (?) Gan gunna, gan claidheamh, gan píce chum éirligh, Gur buaileadh 'sa dríb iad ag sean-phuic an bheurla, Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé lán. 5. Nár fhaghad-sa bás choidhche agus nár fhágad an saoghal-so Go bhfeicidh mé na Sasanaigh ag dul ar lorg déirce, Rámhainn ar a ngualainn ag tuilleadh pádha an lae-seo Agus bróga boga fliucha ortha mar tá ar chlannaibh Gaedheal bocht, Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé lán. TAGRA. Domhnall O Conchobhair do chuir síos an t-abhrán ó bhéal-rádh Phádraig Cúipéir. Ní'l acht tamall gearr ó chualamar Connachtach éigin dá rádh gur seanfhocal é go mbíonn cúig innsint ar gach sgéal agus dá ghabháil déag ar gach abhrán. Maiseadh, sin gabháil dá bhfuil an abhrán an Chrúiscín Láin. R. 1, L. 4, tá an iomarca siollaidhe sa líne seo.
4, I. Paróiste na Dríbsighe, i gconndae Chorcaighe. Tuairim is eadh é sin. “Par- óiste an dríb seo” bhí san abhrán. 4, 2. Ní léir aon chiall insna foclaibh sin “gan tapa chum aon éin aca.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services