AN CRÚISCÍN LÁN.
I.
Is fada dhom ar an mbaile-seo im' chomh-
naidhe ar sráid
Ag raidireacht 's ag mealladh ban 's ag ól
dighe ar chlár;
Nuair a mheas mná an ghleanna-so mo
phócaidhe bheith lán,
'S amhlaidh bhí an aindise aru! eadrainn
agus fóiríor atá!
Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé
lán.
2.
Is fada é mo thriall, aru! siar ar Éirinn
Cois leasa 's mé go h-uaigneach agus gan aon
tínt do'n eudach;
Is é rádh mo dhaoine agus muintire mo
chéile
Gur olc an dóigh mhná mé agus clann do bheith
am' éileamh,
Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé
lán.
3.
Is é deir mo bhean liom, “Ar buile 'taoi, a
Dhomhnaill?
Téanam a bhaile má ólais do dhóthain.”
“Do'n diabhal do bheirim thu agus a maireann
dod' chomhgas,
Agus beidh bean eile agam ar gach baile-
phuirt do gheobhad í,
Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh
sé lán.”
4.
Paróiste na Dríbsighe atá trí n-a chéile,
Agus Conntae Cheatharla' gan tapa chum
aon éin aca (?)
Gan gunna, gan claidheamh, gan píce chum
éirligh,
Gur buaileadh 'sa dríb iad ag sean-phuic
an bheurla,
Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé
lán.
5.
Nár fhaghad-sa bás choidhche agus nár fhágad
an saoghal-so
Go bhfeicidh mé na Sasanaigh ag dul ar
lorg déirce,
Rámhainn ar a ngualainn ag tuilleadh pádha
an lae-seo
Agus bróga boga fliucha ortha mar tá ar
chlannaibh Gaedheal bocht,
Agus fagham arís an crúiscín agus bíodh sé
lán.
TAGRA.
Domhnall O Conchobhair do chuir síos an
t-abhrán ó bhéal-rádh Phádraig Cúipéir. Ní'l
acht tamall gearr ó chualamar Connachtach
éigin dá rádh gur seanfhocal é go mbíonn
cúig innsint ar gach sgéal agus dá ghabháil
déag ar gach abhrán. Maiseadh, sin gabháil
dá bhfuil an abhrán an Chrúiscín Láin.
R. 1, L. 4, tá an iomarca siollaidhe sa
líne seo.
4, I. Paróiste na Dríbsighe, i gconndae
Chorcaighe. Tuairim is eadh é sin. “Par-
óiste an dríb seo” bhí san abhrán.
4, 2. Ní léir aon chiall insna foclaibh
sin “gan tapa chum aon éin aca.”
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11