Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Snaidhm ar Bundún.
Title
Snaidhm ar Bundún.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SNAIDHM AR BUNDÚN. Ins an tsean-aimsir bhí fear agus a bhean 'na gcomhnaidhe ar Dhruim- na-Leasan, míle go leith taobh thiar de Bhealach-a'-Doirín i gCon- dae Mhuigheó, dar bh'ainm dóibh Séamus agus Nóra. Ní rabhadar i bhfad pósta, agus ba lánamha bhreágh fiúntach gheana- mhail do bhí ionnta, agus mar go dtugadar freasdal maith dúthrachtach dá ngnaithe, bhí an saoghal ag éirghe go maith sásta leó. Tráthnóna breágh earraigh bhí Séamus amuigh a' forsadh coirce, is Nóra 'na suidhe ag a túirne, a' sníomh, 's í a smaoineadh le droich-mhisneach ar an méid lín do bhí go fóill gan sníomh aici, agus gan a fhios aici cia mar gheabhadh sí an t-am le n-a dhéanamh. Mar sin di sgathadh maith, gur caochadh an dorus, is siúd isteach chuici falmaire mór de dhuine uasal, is fallaing ar a bhrághaid, síos go talamh. Chuir Nóra fáilte roimhe, mar ba dual. “Anois a Nóra,” ar seisean, “tá a fhios agam adhbhar d'imnidhe. Is é Snaidhm ar Bundún m'ainm-se, agus má bhéarfaidh tú dham-sa an mhéid lín atá le sníomh agat, béarfaidh mé ar ais chugat é an tráth so i mbárach, gach uile ribe dhe sníomhtha 'na shnáth.” “Má 's eadh, bhéarfad agus fáilte,” arsa Nóra, “is beidh mé go h-an-bhuidheach dhíot.” “Fan,” ar seisean. “Ta aon choingheall amháin le cur ort, 's é sin, muna mbeidh m'ainm agat ar filleadh dham, caithfidh tú imtheacht liom-sa mar mhnaoi.” “Och, ní baoghal dam sin,” ar sise. “Is furusa cuimhniughadh ar Snaidhm ar Bundún.” Sgar sé a fhallaing ar an urlár leis seo, is chuaidh Nóra ar an bhfaradh is chaith sí anuas chuige na bearta lín, is bhailigh sé isteach ins an bhfallaing iad, is d'árduigh leis ar a dhruim iad. Bhí sé imthighthe sul ar fhéad Nóra teacht anuas de'n fharadh nó níos mó cainte do dhéanamh leis. Tamall 'na dhiaidh seo tháinic Séamus a-bhaile ó n-a chuid oibre, is d'itheadar a suipéir, is bhí Nóra áthasach go leór de chionn go mbéadh an sníomhachán críochnuighthe aici lá ar n-a bhárach. Acht má bhí, níor innis sí do Séamus cad do rinne sí leis an líon, mar gur leisg léithi a admháil dó go raibh sí chomh díchéillidh sin. Ar dul a (= do) luighe doibh i n-am codalta, do buaileadh ar Nóra, mar bhuail- feá dhá chlár an domhain ar a chéile, gur dhearmaid sí ainm an fhir mhóir, agus annsin do bhí an brón agus an bhuadhairt uirri. Ní raibh aici dul 'un a leaptha, is b'éigean di dul amach ar leithsgéal tinnis cinn nó urnuighthe do dhéanamh. Bhí an ghealach 'na suidhe, is shiubhail Nóra bhocht síos le hais claidhe sgeach do bhí ag binn an tighe, go dtáinic sí go páirc an leasa, is thoisigh sí ar dheichneabhar dá paid- rín. Níor bhreathnuigh sí cia (= cá) raibh sí ag dul, go gcualaidh sí munbhar beag caoin,
mar bhéadh daoine ag caint i bhfad uaithi. Acht tháinic sgáthmhaireacht uirri nuair ba léir di gur bh' ag cois an leasa do bhí sí a' siubhal, is gur amach as do bhí an fuaim a' teacht. Ba cosmhail é le buidhin bhan ag sníomh, is iad a' gabháil chrónáin bhig d'abhrán. Chuir sí cluas uirri fhéin ag éisteacht leis go grinn, gur fhéad sí beach na dtuirní do chloistin. B'iad focla an chrónáin do bhíodar a ghabháil:— Cíor slám, sníomh slám, Beidh bean ag Snaidhm ar Bundún. Ba leór sin do Nóra. D'imthigh sí a-bhaile, is chodail sí go suaimhneach go dtí maidin, is ba mór an stró do bhí uirri, ar éirghe dhi, mar nár leig sí do'n ainm bun- dúnach sin dul ar dearmad uaithi ins an oidhche. Ag tuitim na h-oidhche, tháinic an duine uasal do réir a gheallamhna, agus chaith sé an fhallaing dá dhruim i lár an urláir, is é lán de shnáth. “Sin anois cugat do chuid lín sníomhtha, a Nóra,” ar sé. “Maiseadh, go raibh mile maith chugad, a Shnaidhm ar Bundún,” arsa Nóra. Sgeit sé suas go feargach, agus thiompuigh ar a chois, is amach leis gan focal. Ghlaoidh Nóra 'na dhiaidh, “Arú fan le d'fhallaing, a Shnaidhm ar Bundún!“ Acht bhí sé imthigthe, is ní fhacaidh sí radharc air choidhche feasda. Seaghán Ó Ruaidhrí.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services