Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Snaidhm ar Bundún.

Title
Snaidhm ar Bundún.
Author(s)
Ua Ruaidhrí, Seaghán,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SNAIDHM AR BUNDÚN.



Ins an tsean-aimsir bhí fear agus a
bhean 'na gcomhnaidhe ar Dhruim-
na-Leasan, míle go leith taobh
thiar de Bhealach-a'-Doirín i gCon-
dae Mhuigheó, dar bh'ainm dóibh
Séamus agus Nóra. Ní rabhadar i bhfad
pósta, agus ba lánamha bhreágh fiúntach gheana-
mhail do bhí ionnta, agus mar go dtugadar
freasdal maith dúthrachtach dá ngnaithe, bhí
an saoghal ag éirghe go maith sásta leó.



Tráthnóna breágh earraigh bhí Séamus
amuigh a' forsadh coirce, is Nóra 'na suidhe
ag a túirne, a' sníomh, 's í a smaoineadh le
droich-mhisneach ar an méid lín do bhí go
fóill gan sníomh aici, agus gan a fhios aici cia
mar gheabhadh sí an t-am le n-a dhéanamh.
Mar sin di sgathadh maith, gur caochadh an
dorus, is siúd isteach chuici falmaire mór de
dhuine uasal, is fallaing ar a bhrághaid,
síos go talamh. Chuir Nóra fáilte roimhe,
mar ba dual.



“Anois a Nóra,” ar seisean, “tá a fhios
agam adhbhar d'imnidhe. Is é Snaidhm ar
Bundún m'ainm-se, agus má bhéarfaidh tú
dham-sa an mhéid lín atá le sníomh agat,
béarfaidh mé ar ais chugat é an tráth so i
mbárach, gach uile ribe dhe sníomhtha 'na
shnáth.”



“Má 's eadh, bhéarfad agus fáilte,” arsa
Nóra, “is beidh mé go h-an-bhuidheach dhíot.”



“Fan,” ar seisean. “Ta aon choingheall
amháin le cur ort, 's é sin, muna mbeidh
m'ainm agat ar filleadh dham, caithfidh tú
imtheacht liom-sa mar mhnaoi.”



“Och, ní baoghal dam sin,” ar sise. “Is
furusa cuimhniughadh ar Snaidhm ar Bundún.”



Sgar sé a fhallaing ar an urlár leis
seo, is chuaidh Nóra ar an bhfaradh is chaith
sí anuas chuige na bearta lín, is bhailigh sé
isteach ins an bhfallaing iad, is d'árduigh
leis ar a dhruim iad. Bhí sé imthighthe sul
ar fhéad Nóra teacht anuas de'n fharadh nó
níos mó cainte do dhéanamh leis.



Tamall 'na dhiaidh seo tháinic Séamus
a-bhaile ó n-a chuid oibre, is d'itheadar a
suipéir, is bhí Nóra áthasach go leór de
chionn go mbéadh an sníomhachán críochnuighthe
aici lá ar n-a bhárach. Acht má bhí, níor
innis sí do Séamus cad do rinne sí leis an
líon, mar gur leisg léithi a admháil dó go
raibh sí chomh díchéillidh sin.



Ar dul a (= do) luighe doibh i n-am
codalta, do buaileadh ar Nóra, mar bhuail-
feá dhá chlár an domhain ar a chéile, gur
dhearmaid sí ainm an fhir mhóir, agus annsin do
bhí an brón agus an bhuadhairt uirri. Ní raibh
aici dul 'un a leaptha, is b'éigean di dul
amach ar leithsgéal tinnis cinn nó urnuighthe
do dhéanamh.



Bhí an ghealach 'na suidhe, is shiubhail Nóra
bhocht síos le hais claidhe sgeach do bhí ag
binn an tighe, go dtáinic sí go páirc an
leasa, is thoisigh sí ar dheichneabhar dá paid-
rín. Níor bhreathnuigh sí cia (= cá) raibh sí
ag dul, go gcualaidh sí munbhar beag caoin,


L. 223


mar bhéadh daoine ag caint i bhfad uaithi.
Acht tháinic sgáthmhaireacht uirri nuair ba
léir di gur bh' ag cois an leasa do bhí sí a'
siubhal, is gur amach as do bhí an fuaim a'
teacht. Ba cosmhail é le buidhin bhan ag
sníomh, is iad a' gabháil chrónáin bhig d'abhrán.
Chuir sí cluas uirri fhéin ag éisteacht leis
go grinn, gur fhéad sí beach na dtuirní do
chloistin. B'iad focla an chrónáin do
bhíodar a ghabháil:—



Cíor slám, sníomh slám,
Beidh bean ag Snaidhm ar Bundún.



Ba leór sin do Nóra. D'imthigh sí
a-bhaile, is chodail sí go suaimhneach go dtí
maidin, is ba mór an stró do bhí uirri, ar
éirghe dhi, mar nár leig sí do'n ainm bun-
dúnach sin dul ar dearmad uaithi ins an
oidhche.



Ag tuitim na h-oidhche, tháinic an duine
uasal do réir a gheallamhna, agus chaith sé an
fhallaing dá dhruim i lár an urláir, is é
lán de shnáth.



“Sin anois cugat do chuid lín sníomhtha,
a Nóra,” ar sé.



“Maiseadh, go raibh mile maith chugad, a
Shnaidhm ar Bundún,” arsa Nóra.



Sgeit sé suas go feargach, agus thiompuigh
ar a chois, is amach leis gan focal.



Ghlaoidh Nóra 'na dhiaidh, “Arú fan le
d'fhallaing, a Shnaidhm ar Bundún!“



Acht bhí sé imthigthe, is ní fhacaidh sí radharc
air choidhche feasda.



Seaghán Ó Ruaidhrí.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services