Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN t-SLÉIBHE RIFFE. 84. “Is amhlaidh do bhí an cuan sain, do bhí aoirde seacht gcaisleán agus a mbeith os cionn a chéile ins an gcarraig do bhí leis an bhfairrge fad ár radhairc ar gach taobh dínn, agus í sin comh sleamhain le com eascon agus gan conair ná cosán chum gabhála thairsi acht cuasán do bhí ag teacht amach ó bhun na carraige agus sruthán abhann ag teacht ar a lorg. Is í comhairle ar ar chinneamar fuireach annsain go teacht do'n abhainn isteach agus gach aon a dhul ar chlár agus imtheacht leis an taoide ar lorg na habhann in gibé áir do bhéarfadh sí sinn. Níor chian dúinn gur éirigh an taoide agus gur bhrúcht isteach ar lorg an chuasáin, agus do lingeamair-ne ar na clárachaibh go díosgair deagh-thapaidh, agus do bhí an oidhche ann an tan sain. Cidh tacht do fuaduigheadh sinn ar lorg an tsrotha mar luas feirbe, gur stad an fhairrge uainn, gur fhág 'san stuth sinn, agus dar bhar lámha-sa, a uaisle, gur mheasa dhúinn ar ghabhamar thríd an oidhche sin, 'ná ar bhain dúinn ar feadh far saoghail roimhe sin, dár mbualadh agus dár mbrúdh i n-aghaidh na gcairrgeach ar gach taobh de'n chuasán, ionnus nár mhair dom' mhuintir fa'n am sain acht fiche fear. 85. “D'fhanamar annsain gur éirigh an lá, agus is amhlaidh fuaramar sinn féin i ngleann adhuathmhar idir cairrgibh ar gach taobh dínn, nár bh'fhéidir gabháil tharsa le n-a n-aoirde, agus sinne tréith meirbh lag, le hanfhorlann agus le hocras, óir níor itheamar greim le dá lá go n-oidhche. Do ghluais- eamar ar lorg na habhann, agus mharbhamar chúig bhradáin, agus do bhí do mhéad ár n-ocrais nar fhanamar le n-a mbruthadh acht a n-ithe mar do bhíodar. Gidheadh níor bh'fhada gur roicheamar comhthrom talmhan agus machairí ríedhe ró-áille, agus do b'aoibhinn le n-a bhfeiscin iad. Gabhmaoid ag siubhal na tíre agus ní fhacamar neach fir ná mná ar feadh an
dá lá do bhíomar dá taisteal gan biadh gan deoch, agus fa'n am sain do cailleadh cúigear eile dem mhuintir. Annsain do chuaidh neach dár gcuideachtain ar mhaoilinn árd-chnuic, go bhfaca i bhfad uaidh caisleán ceann-árd ar bhruach coille, agus triallamaoid dá ionsaighe agus iar ndul isteach dúinn ní bhfuaramar aonduine rómhainn ann, acht morc mór teineadh. Suidhmíd síos lán do thart agus d'ocras agus ar fhéachain seachad dúinn do chonnarcamar carn mór cnámh i leath- taoibh an chaisleáin agus dá fhichid do bhearaibh fada imreamhra ar thaobh na teineadh. 86. “Níor chian dúinn amhlaidh sin go gcualamar trost agus torann adhbhal-mhór, agus is é do bhí ann athach urghránn ba mhó de'n Adhamh-chloinn, óir níor bh'aoirde seol-chrann luinge lán-mhóire 'na é, agus bannlamh ar fhad in gach fiacail dá raibh 'n-a chlaib-bhéal, agus leithead méise móire in gach súile leis. Do shuidh síos agus d'fhéach orainn go lán-ghruama, agus síneann an lámh lán-leabhair d'ár n-ionnsaighe, agus do thóg fear dem' mhuintir agus do sháith ceann de na bearaibh sin tríd, agus beireann ar an dara fear agus do rinne an nídh céadna leis. Is é críoch an sgéil gur chuir seisear fear ar gach bior do dhá bhior agus greadann móir-theine leo dá róstadh; agus an tan do bhíodar ullamh aige, stracann a gcuid feóla dhíobh, agus do shluig í 'n-a móir- greamannaibh 'n-a chraos go raibh sathach, agus annsain do shín ar leabaidh mhóir fhada do bhí ar thaobh na bruidhne agus do thuit 'n-a chodladh. 87. “Ní raibh beó annsain dem' mhuintir acht mé féin agus an caiptín agus dís fhear, agus do labhras leó agus adubhart gurab é an díol céadna do bhéarfadh an dúil diabhlaidhe agus an t-athach brúideamhail sin orainn ar maidin ar n-a bhárach, muna dtigeadh linn é mharbhadh an oidhche sin, agus is é nídh do cinneadh linn do dhéanamh, breith ar bhior gach duine againn, agus a ndeargadh insa teinidh agus na ceithre beara do sháthadh i n-aoinfheacht ann. Do rinneamar amhlaidh sin, agus do sháitheamar i n-aoinfheacht tré n-a chroidhe iad. Do chuir an t-athach aon sgread amháin as do chrioth- nuigh an caisleán ó bhonn go bathas, agus tuiteann an anam as ar an láthair. 88. “Comh luath agus do chonnarcamar an lá, d'fhágamar an caisleán, agus do thriallamar d'ionnsaighe na fairrge, agus do bhíomar ag siubhal ar feadh an lae gan teangmháil le duine ná ainmhidhe, agus sinn ag síor-amharc i n-ár dtimcheall, ag súil le luing nó bád do bhéarfadh as an oileán sinn, óir do bhíomar gan bhiadh gan deoch do chaitheamh ó d'fhágamar an long, acht an méid amh-éisg d'itheamar; agus an tan tháinig an oidhche do chuadhmar i mbarr crainn cheann-áird, d'ár ndíon féin ar bheathadhachaibh éigcéillidhe. Níor chian dúinn amhlaidh sin an tan tháinig oill-phiast mhór adhbhal as an bhfairrge, agus triallann d'ionnsaighe an chrainn, do shín suas a ceann agus do shluig duine dem' mhuintir-se siar 'n-a chraos, agus do thriall chun na fairrge arís. Do dhruideamar annsan 'san gcochall uachtarach de'n chrann, agus ba ghairid annsan dúinn an tan tháinig an oill-phiast an dara feacht, agus do shín suas a ceann agus do shluig an dara fear agus d'imthigh arís. Ní raibh beó annsain acht beirt againn, agus thángamar anuas as an gcrann iar n-imtheacht do'n oill-phéist, agus chuadhmar isteach ndlúth na coille go dtáinig soillse an lae, agus ní dhearnamhar mórán staid annsain go rangamar an fhairrge do'n taobh thiar do'n oileán. 89. “Níor chian dúinn annsain go bhfacamar caisleán tamall uainn, amhail an caisleán do bhí ag an athach thug díth ár muintire, agus adubhairt an caiptín gur chóir dúinn dul dá ionnsaighe. Adubhras-sa gur bhaoghal dúinn dul ann, ar eagla gur fathach eile do bhí ann, agus ba mhaith an tuigsin dam, óir níor chian go bhfacamar an triall chugainn cois na fairrge ainmhidhe eile mar an athach d'ith ar muintir. Tháinig mar a
rabhamar agus níor labhair focal linn, acht a lámh do bhualadh ionnain, agus duine againn do bhreith in gach láimh leis, agus rug leis do'n chaisleán istigh, agus do bhí a bhean 'sa thriúr inghean istigh, agus d'fhéachadar orainn go hiongantach, agus do rug an inghean do b'óige orm-sa agus thóg suas chum a brollaigh mé amhail thógfadh bean leanbh i gcionn a bhliadhna, agus do bhí sí dom' phógadh agus ag súgradh liom agus chuaidh mar a raibh a máthair, agus bhí ag caint léi feadh tamaill, agus annsain do chuadar araon mar a raibh an fathach, agus bhíodar i bhfad ag caint leis, agus níor thuigeas- sa aon fhocal dá ndubhradar, acht gur aithin mé n-a dhiaidh sin gur dom' iarraidh féin ar a hathair mar bhréagán do bhí an inghean, óir do ghluais sí gonuige a hathair liom, agus mé ar a cuisle agus í dom phógadh agus ag súgradh liom. Níor chian dúinn iarsain go rug an t-athach ar mo chaiptín agus do stath a chuid éadaigh dhe agus do sháith bior ann, agus chuir leis an teinidh dá róstadh é, agus do bhí coire fa n-a lán d'fheóil tuirc dá bruthadh ann ar an teinidh, agus an tan do bhí an fheóil bruithte do thógadar suas í agus d'alpadar í, agus d'itheas- sa mo sháith de'n fheóil do bhí insa gcoire agus téid siad a chodladh iarsain. 90. “Acht cheana do bheireadh an inghean amach mé gach aon lá ag leagadh nead na n-éan do bhí go hiomadamhail cois na fairrge, agus do bhí gean ró-mhór aici dham, agus dar mo láimh, a uaisle, ní raibh aon mhí-ghreann agam-sa dhise, óir ní raibh innti acht deich dtroighthe ar aoirde, agus do bhí sí níos cumtha 'ná na hathaigh eile. Cidh trácht do chaitheas bliadhain amhlaidh sin, agus go deimhin ba shia an bhliadhain sin 'ná aon deich mbiadhana do chaitheas riamh, do bhrígh gurab é cothughadh do bhí orm ar feadh haimsire sin feóil muc bhfiadhain agus cuirp dhaoine dá mbruthadh go minic 'n-a bhfochair. 91. “Lá n-aon dá rabhamar ar bhruach na mara mar a raibh curachán an fhir mhóir, do ghabh an inghean ag gol 's ag caoi go géar, agus do b'iongnadh liom fáth a ghuil, óir ní fhacas riamh roimhe sin í acht greannmhar suairc neamh-urchóideach. D'fhiafruigheas-sa fáth a dubróin di. 'Ní gan fáth,' ar sise, 'Grádh do thugas-sa dhuit, agus is maith atá a fhios agam go bhfuil m'athair ar tí báis ghráineamhla do thabhairt duit.' Ar gclos an sgéil sin damh-sa do ghabh misneach agus meanma ró-mhór mé, óir ní raibh tuaraim aga go bhfuighinn an t-oileán d'fhágáil go bráth, do bhrígh ná léigfadh an inghean feadh urchair saighde as a radharc mé, agus an tráth d'innis sí fath a heolchaire dhamh, do bhíos deimhneach go bhfuighinn slighe chum gluaiste. ‘Is súgach ata tú le hucht do bháis,’ ar sí. ‘Ní'l aon mhaith dham buidhreadh aignidh bheith orm,’ ar mise, ‘agus má ghní tusa mo chomhairle, beimíd araon slán.’ 92. “‘Créad an chomhairle sin?’ ar sise. ‘Atá,’ ar mise, ‘sinn araon d'imtheacht chum fairrge, agus béarfad liom thu dom' ríoghacht féin, agus déan-fad bainríoghain díot uirthi.’ D'aontuigh sise dul i n-aon áit de'n domhan liom, agus cheapamar an mhaidin iar n-a bhárach, an tan do rachadh a hathair do'n choill, éalódh chum an churacháin. Acht cheana do chaitheamar an aimsir amach go maidin iar n-a bhárach, agus go moch lae agus lán- tsoillse d'imthigh an t-athach fa'n gcoill, agus an tan d'imthigh an t-athach do ghabhas féin m'arm gaisgidh umam, agus do thriallas féin agus n inghean chum an churacháin, agus thiomáineamar amach ar muir agus ar mór-fhairrge. 93. “Do lean a deirbhshiúr ba shine sinn, óir do b'iongnadh léi cá rabhamar ag dul chomh moch sain, aug iar n-imtheach amach ó'n gcuan dúinn, tháinig sí ar an gcarraig os ár gcionn, agus do chuir trí glaoidh allta os árd aisti ar a hathair, agus níor bh'fhada go dtáinig an t-athach os ar gcionn ar mhullach na haille agus do chuir uaill os árd as, ionnus gur tuigeadh linn go gcualathas ar feadh trí rann an domhain é, agus do theilg é féin amach 'sa mhuir agus do shnámhaigh 'n-ár ndiaidh, agus gidh go rabhamairne ag gluaiseacht go tréan agus
neart gaoithe agus taoide linn, is tréine 'ná sain do ghluais an t-athach, óir do bheireadh sé seacht bpéirse leis de gach tréan- orleóig, agus thuigeamar go rabhamar caillte. 94. “Acht chean ní fada chuadhmar an tan tháinig an fathach suas linn, agus buaileann a lámh i mbráthaidh an churaigh, agus do bhí ag éirghe suas leis. Air sin do thugas-sa béim claidhimh dho gur bhaineas an lámh ó'n ngual- ainn de. Leis sin do thuit síos arís 'san bhfairrge, gidheadh ní stad uainn do rinne acht sinn do leanamhaint, agus an tan do rig sé an curach arís, d'éirigh de léim as a chorp agus bhuail a ucht ar bhord an churaigh. Annsain do chuireas-sa mo dhá láimh 'san gclaidheamh agus bhuaileas i gcaol na colna agus i ramhar a mhuinéil é, gur bhaineas a cheann dá cholainn agus do thuit síos go grian agus go grinneall na fairrge, agus is lúthgháireach láin-meanmnach do bhí an inghean ó chailleamhaint a hathar, agus beireann idir a dá láimh orm agus do phóg go dil agus go díochra mé, agus annsain do ghabhamar ag taisteal na fairrge, agus rinneamar iomramh tréan amach ó'n tír. 95. “Níor chian dúinn an t-an do dhorchuigh an spéir os ár gcionn comh dubh leis an oidhche, agus is é nídh do bhí ann ainmhidh éin dá dtuthaoi an liath-charraig, agus buaileann a crága com-ingneacha ionnam i n-achrann, agus tógann léi suas ins an aer mé comh hárd sain gur chaill mé radharc talmhan agus uisge, agus níor chomhnuigh liom gur thuiling i ngleann doinin dorcha fuathmhar, agus do sgaoil annsain as a crágaibh mé, agus do chrom dá gobadh agus da crothadh féin; agus mar fuaras-sa mar sin í agus a cúl liom, do tharraigeas mo chlaidheamh as a thruaill agus thugas buille athasach dhi 'sán muineál gur bhaineas a ceann di. Annsain d'imthigh mé tríd an ngleann, agus is amhlaidh bhí an gleann sain, lán d'ainmhintibh fuathmhara agus do nathrachaibh nimhe, leomhain agus ceithreacha, geilte glinne, agus deamhain aeóir, agus do ghabhas dá leadradh dom dheis agus dom chlí go dtáinig an oidhche orm. (Tuilleadh.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services