Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.

Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN t-SLÉIBHE
RIFFE.



84. “Is amhlaidh do bhí an cuan sain, do
bhí aoirde seacht gcaisleán agus a mbeith os
cionn a chéile ins an gcarraig do bhí leis
an bhfairrge fad ár radhairc ar gach taobh
dínn, agus í sin comh sleamhain le com eascon
agus gan conair ná cosán chum gabhála thairsi
acht cuasán do bhí ag teacht amach ó bhun na
carraige agus sruthán abhann ag teacht ar a
lorg. Is í comhairle ar ar chinneamar
fuireach annsain go teacht do'n abhainn
isteach agus gach aon a dhul ar chlár agus imtheacht
leis an taoide ar lorg na habhann in gibé
áir do bhéarfadh sí sinn. Níor chian dúinn
gur éirigh an taoide agus gur bhrúcht isteach ar
lorg an chuasáin, agus do lingeamair-ne ar
na clárachaibh go díosgair deagh-thapaidh, agus
do bhí an oidhche ann an tan sain. Cidh
tacht do fuaduigheadh sinn ar lorg an
tsrotha mar luas feirbe, gur stad an
fhairrge uainn, gur fhág 'san stuth sinn, agus
dar bhar lámha-sa, a uaisle, gur mheasa
dhúinn ar ghabhamar thríd an oidhche sin, 'ná
ar bhain dúinn ar feadh far saoghail roimhe
sin, dár mbualadh agus dár mbrúdh i n-aghaidh
na gcairrgeach ar gach taobh de'n chuasán,
ionnus nár mhair dom' mhuintir fa'n am sain
acht fiche fear.



85. “D'fhanamar annsain gur éirigh an
lá, agus is amhlaidh fuaramar sinn féin i
ngleann adhuathmhar idir cairrgibh ar gach
taobh dínn, nár bh'fhéidir gabháil tharsa le
n-a n-aoirde, agus sinne tréith meirbh lag, le
hanfhorlann agus le hocras, óir níor itheamar
greim le dá lá go n-oidhche. Do ghluais-
eamar ar lorg na habhann, agus mharbhamar
chúig bhradáin, agus do bhí do mhéad ár n-ocrais
nar fhanamar le n-a mbruthadh acht a n-ithe
mar do bhíodar. Gidheadh níor bh'fhada gur
roicheamar comhthrom talmhan agus machairí
ríedhe ró-áille, agus do b'aoibhinn le n-a
bhfeiscin iad. Gabhmaoid ag siubhal na tíre
agus ní fhacamar neach fir ná mná ar feadh an


L. 249


dá lá do bhíomar dá taisteal gan biadh
gan deoch, agus fa'n am sain do cailleadh
cúigear eile dem mhuintir. Annsain do
chuaidh neach dár gcuideachtain ar mhaoilinn
árd-chnuic, go bhfaca i bhfad uaidh caisleán
ceann-árd ar bhruach coille, agus triallamaoid
dá ionsaighe agus iar ndul isteach dúinn ní
bhfuaramar aonduine rómhainn ann, acht
morc mór teineadh. Suidhmíd síos lán do
thart agus d'ocras agus ar fhéachain seachad dúinn
do chonnarcamar carn mór cnámh i leath-
taoibh an chaisleáin agus dá fhichid do bhearaibh
fada imreamhra ar thaobh na teineadh.



86. “Níor chian dúinn amhlaidh sin go
gcualamar trost agus torann adhbhal-mhór, agus
is é do bhí ann athach urghránn ba mhó de'n
Adhamh-chloinn, óir níor bh'aoirde seol-chrann
luinge lán-mhóire 'na é, agus bannlamh ar fhad
in gach fiacail dá raibh 'n-a chlaib-bhéal, agus
leithead méise móire in gach súile leis. Do
shuidh síos agus d'fhéach orainn go lán-ghruama,
agus síneann an lámh lán-leabhair d'ár
n-ionnsaighe, agus do thóg fear dem' mhuintir
agus do sháith ceann de na bearaibh sin tríd, agus
beireann ar an dara fear agus do rinne an
nídh céadna leis. Is é críoch an sgéil gur
chuir seisear fear ar gach bior do dhá bhior
agus greadann móir-theine leo dá róstadh; agus
an tan do bhíodar ullamh aige, stracann a
gcuid feóla dhíobh, agus do shluig í 'n-a móir-
greamannaibh 'n-a chraos go raibh sathach, agus
annsain do shín ar leabaidh mhóir fhada do
bhí ar thaobh na bruidhne agus do thuit 'n-a
chodladh.



87. “Ní raibh beó annsain dem' mhuintir
acht mé féin agus an caiptín agus dís fhear, agus do
labhras leó agus adubhart gurab é an díol
céadna do bhéarfadh an dúil diabhlaidhe agus
an t-athach brúideamhail sin orainn ar
maidin ar n-a bhárach, muna dtigeadh linn é
mharbhadh an oidhche sin, agus is é nídh do cinneadh
linn do dhéanamh, breith ar bhior gach duine
againn, agus a ndeargadh insa teinidh agus na
ceithre beara do sháthadh i n-aoinfheacht ann.
Do rinneamar amhlaidh sin, agus do sháitheamar
i n-aoinfheacht tré n-a chroidhe iad. Do chuir
an t-athach aon sgread amháin as do chrioth-
nuigh an caisleán ó bhonn go bathas, agus
tuiteann an anam as ar an láthair.



88. “Comh luath agus do chonnarcamar an lá,
d'fhágamar an caisleán, agus do thriallamar
d'ionnsaighe na fairrge, agus do bhíomar ag
siubhal ar feadh an lae gan teangmháil le
duine ná ainmhidhe, agus sinn ag síor-amharc i
n-ár dtimcheall, ag súil le luing nó bád
do bhéarfadh as an oileán sinn, óir do
bhíomar gan bhiadh gan deoch do chaitheamh ó
d'fhágamar an long, acht an méid amh-éisg
d'itheamar; agus an tan tháinig an oidhche do
chuadhmar i mbarr crainn cheann-áird, d'ár
ndíon féin ar bheathadhachaibh éigcéillidhe.
Níor chian dúinn amhlaidh sin an tan tháinig
oill-phiast mhór adhbhal as an bhfairrge,
agus triallann d'ionnsaighe an chrainn, do shín
suas a ceann agus do shluig duine dem'
mhuintir-se siar 'n-a chraos, agus do thriall chun
na fairrge arís. Do dhruideamar annsan
'san gcochall uachtarach de'n chrann, agus ba
ghairid annsan dúinn an tan tháinig an
oill-phiast an dara feacht, agus do shín suas a
ceann agus do shluig an dara fear agus d'imthigh
arís. Ní raibh beó annsain acht beirt
againn, agus thángamar anuas as an gcrann
iar n-imtheacht do'n oill-phéist, agus chuadhmar
isteach ndlúth na coille go dtáinig soillse
an lae, agus ní dhearnamhar mórán staid
annsain go rangamar an fhairrge do'n
taobh thiar do'n oileán.



89. “Níor chian dúinn annsain go
bhfacamar caisleán tamall uainn, amhail
an caisleán do bhí ag an athach thug díth ár
muintire, agus adubhairt an caiptín gur chóir
dúinn dul dá ionnsaighe. Adubhras-sa gur
bhaoghal dúinn dul ann, ar eagla gur fathach
eile do bhí ann, agus ba mhaith an tuigsin dam,
óir níor chian go bhfacamar an triall
chugainn cois na fairrge ainmhidhe eile mar
an athach d'ith ar muintir. Tháinig mar a


L. 250


rabhamar agus níor labhair focal linn, acht a
lámh do bhualadh ionnain, agus duine againn
do bhreith in gach láimh leis, agus rug leis do'n
chaisleán istigh, agus do bhí a bhean 'sa thriúr
inghean istigh, agus d'fhéachadar orainn go
hiongantach, agus do rug an inghean do b'óige
orm-sa agus thóg suas chum a brollaigh mé
amhail thógfadh bean leanbh i gcionn a
bhliadhna, agus do bhí sí dom' phógadh agus ag
súgradh liom agus chuaidh mar a raibh a máthair,
agus bhí ag caint léi feadh tamaill, agus annsain
do chuadar araon mar a raibh an fathach, agus
bhíodar i bhfad ag caint leis, agus níor thuigeas-
sa aon fhocal dá ndubhradar, acht gur aithin
mé n-a dhiaidh sin gur dom' iarraidh féin
ar a hathair mar bhréagán do bhí an inghean,
óir do ghluais sí gonuige a hathair liom, agus
mé ar a cuisle agus í dom phógadh agus ag súgradh
liom. Níor chian dúinn iarsain go rug an
t-athach ar mo chaiptín agus do stath a chuid
éadaigh dhe agus do sháith bior ann, agus chuir leis
an teinidh dá róstadh é, agus do bhí coire fa
n-a lán d'fheóil tuirc dá bruthadh ann ar
an teinidh, agus an tan do bhí an fheóil bruithte
do thógadar suas í agus d'alpadar í, agus d'itheas-
sa mo sháith de'n fheóil do bhí insa gcoire agus
téid siad a chodladh iarsain.



90. “Acht cheana do bheireadh an inghean
amach mé gach aon lá ag leagadh nead na
n-éan do bhí go hiomadamhail cois na
fairrge, agus do bhí gean ró-mhór aici dham, agus dar
mo láimh, a uaisle, ní raibh aon mhí-ghreann
agam-sa dhise, óir ní raibh innti acht deich
dtroighthe ar aoirde, agus do bhí sí níos cumtha
'ná na hathaigh eile. Cidh trácht do chaitheas
bliadhain amhlaidh sin, agus go deimhin ba shia an
bhliadhain sin 'ná aon deich mbiadhana do
chaitheas riamh, do bhrígh gurab é cothughadh do
bhí orm ar feadh haimsire sin feóil muc
bhfiadhain agus cuirp dhaoine dá mbruthadh go
minic 'n-a bhfochair.



91. “Lá n-aon dá rabhamar ar bhruach na
mara mar a raibh curachán an fhir mhóir, do
ghabh an inghean ag gol 's ag caoi go
géar, agus do b'iongnadh liom fáth a ghuil, óir
ní fhacas riamh roimhe sin í acht greannmhar
suairc neamh-urchóideach. D'fhiafruigheas-sa
fáth a dubróin di. 'Ní gan fáth,' ar sise,
'Grádh do thugas-sa dhuit, agus is maith atá a
fhios agam go bhfuil m'athair ar tí báis
ghráineamhla do thabhairt duit.' Ar gclos
an sgéil sin damh-sa do ghabh misneach agus
meanma ró-mhór mé, óir ní raibh tuaraim
aga go bhfuighinn an t-oileán d'fhágáil go
bráth, do bhrígh ná léigfadh an inghean feadh
urchair saighde as a radharc mé, agus an tráth
d'innis sí fath a heolchaire dhamh, do bhíos
deimhneach go bhfuighinn slighe chum gluaiste.
‘Is súgach ata tú le hucht do bháis,’ ar sí.
‘Ní'l aon mhaith dham buidhreadh aignidh bheith
orm,’ ar mise, ‘agus má ghní tusa mo
chomhairle, beimíd araon slán.’



92. “‘Créad an chomhairle sin?’ ar sise.
‘Atá,’ ar mise, ‘sinn araon d'imtheacht
chum fairrge, agus béarfad liom thu dom'
ríoghacht féin, agus déan-fad bainríoghain díot
uirthi.’ D'aontuigh sise dul i n-aon áit
de'n domhan liom, agus cheapamar an mhaidin
iar n-a bhárach, an tan do rachadh a hathair
do'n choill, éalódh chum an churacháin. Acht
cheana do chaitheamar an aimsir amach go
maidin iar n-a bhárach, agus go moch lae agus lán-
tsoillse d'imthigh an t-athach fa'n gcoill, agus an
tan d'imthigh an t-athach do ghabhas féin m'arm
gaisgidh umam, agus do thriallas féin agus n
inghean chum an churacháin, agus thiomáineamar
amach ar muir agus ar mór-fhairrge.



93. “Do lean a deirbhshiúr ba shine sinn,
óir do b'iongnadh léi cá rabhamar ag dul
chomh moch sain, aug iar n-imtheach amach ó'n
gcuan dúinn, tháinig sí ar an gcarraig os ár
gcionn, agus do chuir trí glaoidh allta os árd
aisti ar a hathair, agus níor bh'fhada go dtáinig
an t-athach os ar gcionn ar mhullach na haille
agus do chuir uaill os árd as, ionnus gur
tuigeadh linn go gcualathas ar feadh trí
rann an domhain é, agus do theilg é féin amach
'sa mhuir agus do shnámhaigh 'n-ár ndiaidh, agus gidh
go rabhamairne ag gluaiseacht go tréan agus


L. 251


neart gaoithe agus taoide linn, is tréine 'ná
sain do ghluais an t-athach, óir do bheireadh
sé seacht bpéirse leis de gach tréan-
orleóig, agus thuigeamar go rabhamar caillte.



94. “Acht chean ní fada chuadhmar an tan
tháinig an fathach suas linn, agus buaileann a
lámh i mbráthaidh an churaigh, agus do bhí ag éirghe
suas leis. Air sin do thugas-sa béim
claidhimh dho gur bhaineas an lámh ó'n ngual-
ainn de. Leis sin do thuit síos arís 'san
bhfairrge, gidheadh ní stad uainn do rinne
acht sinn do leanamhaint, agus an tan do rig sé
an curach arís, d'éirigh de léim as a chorp agus
bhuail a ucht ar bhord an churaigh. Annsain
do chuireas-sa mo dhá láimh 'san gclaidheamh
agus bhuaileas i gcaol na colna agus i ramhar a
mhuinéil é, gur bhaineas a cheann dá cholainn
agus do thuit síos go grian agus go grinneall na
fairrge, agus is lúthgháireach láin-meanmnach do
bhí an inghean ó chailleamhaint a hathar, agus
beireann idir a dá láimh orm agus do phóg go
dil agus go díochra mé, agus annsain do ghabhamar
ag taisteal na fairrge, agus rinneamar
iomramh tréan amach ó'n tír.



95. “Níor chian dúinn an t-an do dhorchuigh
an spéir os ár gcionn comh dubh leis an
oidhche, agus is é nídh do bhí ann ainmhidh éin dá
dtuthaoi an liath-charraig, agus buaileann a
crága com-ingneacha ionnam i n-achrann, agus
tógann léi suas ins an aer mé comh hárd
sain gur chaill mé radharc talmhan agus uisge,
agus níor chomhnuigh liom gur thuiling i ngleann
doinin dorcha fuathmhar, agus do sgaoil annsain
as a crágaibh mé, agus do chrom dá gobadh agus da
crothadh féin; agus mar fuaras-sa mar sin í agus
a cúl liom, do tharraigeas mo chlaidheamh
as a thruaill agus thugas buille athasach dhi 'sán
muineál gur bhaineas a ceann di. Annsain
d'imthigh mé tríd an ngleann, agus is amhlaidh
bhí an gleann sain, lán d'ainmhintibh fuathmhara
agus do nathrachaibh nimhe, leomhain agus ceithreacha,
geilte glinne, agus deamhain aeóir, agus do
ghabhas dá leadradh dom dheis agus dom chlí go
dtáinig an oidhche orm.
(Tuilleadh.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services