Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nochttar an Claidheamh
Title
Nochttar an Claidheamh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Nochttar an Claidheamh Tá dhá thréith ar an gClaidheamh so - faobhar agus solus. Teasduigheann an faobhar ó'n dream do bheir fuath do'n Ghaedhilg. Tuigeann an dream soin gurab í an Ghaedhilg anam na hÉireann, agus má imthigheann an Ghaedhilg, nach Éire is ceart do thabhairt uirri feasda acht Sasana Thiar. Bhí lá nár bheag leó cead a gcinn do thabhairt do mhuinntir na hÉireann agus go mór mór do mhuinntir na Gaedhilge, óir níor b'fhearr leó díth ná millead dá bhféadfaidís féin d'imirt ar Éirinn ná an díth agus an milleadh do bhí dhá n-imirt uirri ag a cloinn féin. Bhí an sgéal go sásta aca. Tháinig a suan orra. Nuair dúisigheadh iad, níor bh'é an sgéal céadna aca é. Bhí anam na hÉireann ina dúiseacht rómpa. Tá siad ar buile le tamall, agus ar nós daoine buile, tá gach ainm is measa ná a chéile aca dhá thabhairt ar an nGaedhilg. Sin mar is fearr linn an sgéal, lucht uilc agus an eólais bheith 'n-ár n-aghaidh, agus iad ar dearg-bhuile. Teasduigheann faobhar uatha. Tá dream eile ann. Dream fuar-the. Dream atá idir breac agus riabhach, mar bhíd na losganna san bhfoghmhair. Dream na leimhe agus an lag-bhrighe. Easbuidh eólais atá ortha-san. Déanfaidh an Claidheamh so solus dóibh agus déanfaidh an solus eólas dóibh. Cuirfidh sé ar an slighe dhírigh iad. Tá an tríomhadh dream ann. An dream ag a bhfuil an Claidheamh so ina láimh. Is iad atá ar an dream soin, muinntir na Gaedhilge agus muinntir Chonnartha na Gaedhilge go háirithe. Is maith is eól do shliocht bhur sinnsear an Claidheamh do imirt, an faobhar do dhíriughadh, agus don solus do leathadh. Seo dhaoibh an Claidheamh, máiseadh. Nár thagaidh maoile ar a fhaobhar 'fhad is tá námha do'n Ghaedhilg thuas. Nár thagaidh smúid ar a stiúr fhad is tá mac nó inghean de Chlannaibh Gaedheal nach léir dhóibh mór-mhaitheas na Gaedhilge.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services