Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nochttar an Claidheamh

Title
Nochttar an Claidheamh
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Nochttar an Claidheamh



Tá dhá thréith ar an gClaidheamh so - faobhar agus
solus. Teasduigheann an faobhar ó'n dream do
bheir fuath do'n Ghaedhilg. Tuigeann an dream soin
gurab í an Ghaedhilg anam na hÉireann, agus má
imthigheann an Ghaedhilg, nach Éire is ceart do thabhairt
uirri feasda acht Sasana Thiar. Bhí lá nár bheag leó
cead a gcinn do thabhairt do mhuinntir na hÉireann
agus go mór mór do mhuinntir na Gaedhilge, óir níor
b'fhearr leó díth ná millead dá bhféadfaidís féin
d'imirt ar Éirinn ná an díth agus an milleadh do bhí
dhá n-imirt uirri ag a cloinn féin. Bhí an sgéal go
sásta aca. Tháinig a suan orra. Nuair dúisigheadh iad,
níor bh'é an sgéal céadna aca é. Bhí anam na
hÉireann ina dúiseacht rómpa. Tá siad ar buile le
tamall, agus ar nós daoine buile, tá gach ainm is
measa ná a chéile aca dhá thabhairt ar an nGaedhilg.
Sin mar is fearr linn an sgéal, lucht uilc agus
an eólais bheith 'n-ár n-aghaidh, agus iad ar dearg-bhuile.
Teasduigheann faobhar uatha.



Tá dream eile ann. Dream fuar-the. Dream atá
idir breac agus riabhach, mar bhíd na losganna san
bhfoghmhair. Dream na leimhe agus an lag-bhrighe. Easbuidh
eólais atá ortha-san. Déanfaidh an Claidheamh so
solus dóibh agus déanfaidh an solus eólas dóibh. Cuirfidh
sé ar an slighe dhírigh iad.



Tá an tríomhadh dream ann. An dream ag a bhfuil
an Claidheamh so ina láimh. Is iad atá ar an dream
soin, muinntir na Gaedhilge agus muinntir Chonnartha na
Gaedhilge go háirithe. Is maith is eól do shliocht bhur
sinnsear an Claidheamh do imirt, an faobhar do
dhíriughadh, agus don solus do leathadh. Seo dhaoibh an
Claidheamh, máiseadh. Nár thagaidh maoile ar a fhaobhar
'fhad is tá námha do'n Ghaedhilg thuas. Nár thagaidh
smúid ar a stiúr fhad is tá mac nó inghean de
Chlannaibh Gaedheal nach léir dhóibh mór-mhaitheas na
Gaedhilge.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services