Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Éistidh lem' Ghlórthaibh.
Title
Éistidh lem' Ghlórthaibh.
Author(s)
Mac Domhnaill, Seaghán Clárach,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“Éistidh Lem' Ghlórthaibh.” [Seaghán Clárach Mac Domhnaill cct: ar litir-sgéil .i. newspaper. Is dócha gurab é páipéar luaidhtear annso, “Dublin Newsletter,” agus b' fhin é an céad pháipéar nuaidheachta do cló-bhuaileadh riamh i n-Éirinn.] Éistidh lem' ghlórthaibh, a mhóir-shliocht Míléisis, Is díbh-se ba deónach liom sgeólta spaipeadh; Bhur saoithe gidh leóinte, bhur leóghain, 's bhur laochradh, I gCrích Inse Fódla gan fód fan fearann. Tá an báire le Pilib ar muir is ar tír; Ní táire dho a thuisleadh do'n fhuirinn má's fíor; Tá sgeimhleadh agus sgóladh aco ar fhóirnibh an éithigh, 'S eiséirghe an Chomhataigh gach ló d'á leagadh. Tá fír-neart, tá fórsa, tá fóirseadh, tá séideadh, Agus domhain-ghearradh drónlann, gach ló le fada, Ag sír-ghreadadh Seóirse go treórach gan traochadh, Tá a fhlit briste bréoite 's ní'l fóirthin aca. An méad sin d'á fhuirinn d'ar imthigh i gcían, Is léir nár leigeadh aon duine aca aniar; Beidh cuimhne go deo aca ar ghleó Chartagéna 'S ar slíobadh a seóltadh i bPórt Sebas- ian. Tá Babharia comhachtach i gcoróin 's i gcéimibh, 'Na impire ar an Eóraip, sin sgeól nár measadh; Tá suidheachán a shlóighte ar bórdaibh Bhiéna, Tá an Ríogan go deórach 'san tóir, d'a tafann; Tá Khébhen-huller gan chumas gan chrích, Ag bréslau cuireadh an briseadh ar a bhuidhin;
Tá Pruisia agus Póland i bpórtaibh Silésia, Sin choidhche sliocht Leópold fá cheo na mallacht. Tá Montemur modhmharach go tréorach ag téarnamh Go luingseach, go leoghantach, go lóghmhar, lasmhar, Le teintibh, le tóirnigh, le tórmach, le tréine, le saoithibh, le slóightibh, le ceóltaibh catha; Mantua agus Milan táid tuillte d'á bhuidhin, Tá Tuscainí ag tuitim chum Pilib gan mhoill; Tá Carolus cródha, an Rí nósmhar, san Naples, Ba ghníomhach i ngleo chnuic i gcomhair le n' athair. Tá Laoiseach na lóchrann go león-bhuilleach léidmheach, Go díoghatasach dó-bhriste i ndóchas dain- gean; Tá a mhuintir le dóirsibh Hanóbher is Brémen; Tá cuig ar Hugónots, ní leómhaid preabadh. Tá sé anois ullamh le nochtadh na lann, Le cárnadh, agus cogadh, agus cosgairt na gceann Do shíneadh le Seóirse, gan ró-thuirse ar aon-chor; Sin críoch ar mo sgeóltaibh — tá an brón ar Bhreatain. A Chríoch sain.
(291)L Nóta (284), Lughnasadh, '98, ó'n mBuachaillin mBuidhe. Tarr Slán, a Bhuachaillin! Connachtach thusa, agus is duitse ba dhéanta an ceartughadh. "Má's Mac é, is mithid." Ba mhinic mé féin ag smuaineadh ar na tuathalaibh seo, acht níor leis an sgáthmhaireacht dam iad do cheartughadh. Tá caoi eile ar gach rádh aca, agus níor tugadh aon aire dhóibh fós. Do réir Chonnachtachais "cé budh é féin" is é adeirthear i n-áit "cé'r bh'é féin." Do réir Mhuimhneachais is féidir do "bhi" bheith 'sa' dara rádh, acht má'seadh féin, caithfear é ghléasadh mar so: "bhi a mhac AR an bhfear dob' fhearr de'n méad sin." Is ionann sain agus "b'é a mhac an fear bob' fhearr de'n méad sin." Ní hionann é agus "bhi a mhac ar na fearabih dob' fhearr, etc.," ó's i ciall ata leis sin "budh (duine) de na fearaibh dob' fhearr a mhac." Don'n uathadh bhítear ag tagairt, má deirtear "ar an bhfear" agus ar an gléas le "bhi" (nó "tá") do cheangailt de "an fear." Acht do'n iolradh bhaineas "ar na fearaibh." - GALIAN. (293). A shaoi dhil - Oireann dom ceist do chur ort- augs beidhead an-bhuidheach dhiot ma bheirir freagra orm ins an Irisleabhar comh lauth as is feidir leat. Ni thig liom fós an cheist seo chur chugat i nGedhilg, caithfidh méi i sgriobhadh i mBeurla. In Eachtra Lomnochtain, sec. 70, "thangadar lucht an duna idir fhear agus mhnaoi" Taim ag foghluim Gaedhilge liom fein, agus muna dtugaidh tu cabhair dom, ni fheadar cionnus do gheabhad an míniughadh sin. Do thoisigh me an Ghaedhilg an Eanair seo chuaidh tharainn agus ta suil agam go dtioc- faidh liom sgriobhadh chugat i nGaedhilg go leir bliad- hain ó'n trath so. - BLATHNAID.
(300). I dtaoibh an nóta sin do bhi ag an mBuachaillin Buidhe ar dhá alt ann san Sgeuluidhe Gaedhealach .i. "dubhairt sé leis na daoinibh cia bhi se féin," agus "bhi a mhac an fear do b'fhearr de'n meád sin," leigfidh sé dham a rádh arís, gur ab mar sin go díreach do labhair an Sgeuluidhe, Mártain Ruadh O Giollarnáth i gconndae na Gaillimhe, iad. Do sgriobh mé na sgeulta sin ó n-a bheul féin, go han-phoncumhail, gan aon deifir orm, agus níor chuir mé síos focal na siolla, ná litir acht go díreach mar do labhair sé féin iad. Ná measadh an Buachaillin Buidhe nár thuig mé gur droch-ghraimeár do bhi ionntu, agus bhi sé chomh forus damh-sa huile orlach, a n-athrughadh, agus leigean dóibh seasamh mar tá siad - acht amhain nach n-athróchainn aon fhocal do tháinig ó bheul Mhártain Ruaidh. Chifidh an Buachaillín Buidhe ann sna nótaibh do sgriobh mé ar na sgeultaibh sin go dtug mé fá deara, agus gur thaisbeán me do lucht stuidéarachta, gur droch-ghraiméar do bhi ann san dá alt sin. Agus chifidh sé mar an gceudna gur labhair mé mar so: Tá sin le feicsint san athrughadh do rinne mé ar na sgeultaibh sin. Agus ma ta aon amhras fós ar an mBuachaillin, tig liom an sgeul do chur chuige ar an bpaipear air ar sgriobh mé síos é ar dtús, focal ar fhocal ó bheul Mhartain. - AN CHRAOIBHIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services