“Éistidh Lem' Ghlórthaibh.”
[Seaghán Clárach Mac Domhnaill cct: ar
litir-sgéil .i. newspaper. Is dócha gurab é
páipéar luaidhtear annso, “Dublin
Newsletter,” agus b' fhin é an céad pháipéar
nuaidheachta do cló-bhuaileadh riamh i
n-Éirinn.]
Éistidh lem' ghlórthaibh, a mhóir-shliocht Míléisis,
Is díbh-se ba deónach liom sgeólta
spaipeadh;
Bhur saoithe gidh leóinte, bhur leóghain, 's
bhur laochradh,
I gCrích Inse Fódla gan fód fan fearann.
Tá an báire le Pilib ar muir is ar tír;
Ní táire dho a thuisleadh do'n fhuirinn má's
fíor;
Tá sgeimhleadh agus sgóladh aco ar fhóirnibh an éithigh,
'S eiséirghe an Chomhataigh gach ló d'á
leagadh.
Tá fír-neart, tá fórsa, tá fóirseadh, tá
séideadh,
Agus domhain-ghearradh drónlann, gach ló
le fada,
Ag sír-ghreadadh Seóirse go treórach gan
traochadh,
Tá a fhlit briste bréoite 's ní'l fóirthin
aca.
An méad sin d'á fhuirinn d'ar imthigh i gcían,
Is léir nár leigeadh aon duine aca aniar;
Beidh cuimhne go deo aca ar ghleó Chartagéna
'S ar slíobadh a seóltadh i bPórt Sebas-
ian.
Tá Babharia comhachtach i gcoróin 's i gcéimibh,
'Na impire ar an Eóraip, sin sgeól nár
measadh;
Tá suidheachán a shlóighte ar bórdaibh Bhiéna,
Tá an Ríogan go deórach 'san tóir, d'a
tafann;
Tá Khébhen-huller gan chumas gan chrích,
Ag bréslau cuireadh an briseadh ar a
bhuidhin;
Tá Pruisia agus Póland i bpórtaibh Silésia,
Sin choidhche sliocht Leópold fá cheo na
mallacht.
Tá Montemur modhmharach go tréorach ag
téarnamh
Go luingseach, go leoghantach, go lóghmhar,
lasmhar,
Le teintibh, le tóirnigh, le tórmach, le tréine,
le saoithibh, le slóightibh, le ceóltaibh catha;
Mantua agus Milan táid tuillte d'á bhuidhin,
Tá Tuscainí ag tuitim chum Pilib gan mhoill;
Tá Carolus cródha, an Rí nósmhar, san
Naples,
Ba ghníomhach i ngleo chnuic i gcomhair le n'
athair.
Tá Laoiseach na lóchrann go león-bhuilleach
léidmheach,
Go díoghatasach dó-bhriste i ndóchas dain-
gean;
Tá a mhuintir le dóirsibh Hanóbher is
Brémen;
Tá cuig ar Hugónots, ní leómhaid
preabadh.
Tá sé anois ullamh le nochtadh na lann,
Le cárnadh, agus cogadh, agus cosgairt na
gceann
Do shíneadh le Seóirse, gan ró-thuirse ar
aon-chor;
Sin críoch ar mo sgeóltaibh — tá an brón
ar Bhreatain.
A Chríoch sain.
(291)L Nóta (284), Lughnasadh, '98, ó'n mBuachaillin
mBuidhe. Tarr Slán, a Bhuachaillin! Connachtach
thusa, agus is duitse ba dhéanta an ceartughadh. "Má's
Mac é, is mithid." Ba mhinic mé féin ag smuaineadh
ar na tuathalaibh seo, acht níor leis an sgáthmhaireacht
dam iad do cheartughadh. Tá caoi eile ar gach rádh
aca, agus níor tugadh aon aire dhóibh fós. Do réir
Chonnachtachais "cé budh é féin" is é adeirthear i n-áit
"cé'r bh'é féin." Do réir Mhuimhneachais is féidir do
"bhi" bheith 'sa' dara rádh, acht má'seadh féin,
caithfear é ghléasadh mar so: "bhi a mhac AR an
bhfear dob' fhearr de'n méad sin." Is ionann sain
agus "b'é a mhac an fear bob' fhearr de'n méad
sin." Ní hionann é agus "bhi a mhac ar na fearabih
dob' fhearr, etc.," ó's i ciall ata leis sin "budh (duine)
de na fearaibh dob' fhearr a mhac." Don'n uathadh
bhítear ag tagairt, má deirtear "ar an bhfear" agus ar an
gléas le "bhi" (nó "tá") do cheangailt de "an fear."
Acht do'n iolradh bhaineas "ar na fearaibh." - GALIAN.
(293). A shaoi dhil - Oireann dom ceist do chur ort-
augs beidhead an-bhuidheach dhiot ma bheirir freagra orm
ins an Irisleabhar comh lauth as is feidir leat. Ni thig
liom fós an cheist seo chur chugat i nGedhilg, caithfidh
méi i sgriobhadh i mBeurla. In Eachtra Lomnochtain,
sec. 70, "thangadar lucht an duna idir fhear agus
mhnaoi"
Taim ag foghluim Gaedhilge liom fein, agus muna
dtugaidh tu cabhair dom, ni fheadar cionnus do gheabhad
an míniughadh sin. Do thoisigh me an Ghaedhilg an
Eanair seo chuaidh tharainn agus ta suil agam go dtioc-
faidh liom sgriobhadh chugat i nGaedhilg go leir bliad-
hain ó'n trath so. - BLATHNAID.
(300). I dtaoibh an nóta sin do bhi ag an mBuachaillin
Buidhe ar dhá alt ann san Sgeuluidhe Gaedhealach .i.
"dubhairt sé leis na daoinibh cia bhi se féin," agus "bhi
a mhac an fear do b'fhearr de'n meád sin," leigfidh sé
dham a rádh arís, gur ab mar sin go díreach do labhair an
Sgeuluidhe, Mártain Ruadh O Giollarnáth i gconndae na
Gaillimhe, iad. Do sgriobh mé na sgeulta sin ó n-a
bheul féin, go han-phoncumhail, gan aon deifir orm, agus
níor chuir mé síos focal na siolla, ná litir acht go díreach
mar do labhair sé féin iad. Ná measadh an Buachaillin
Buidhe nár thuig mé gur droch-ghraimeár do bhi
ionntu, agus bhi sé chomh forus damh-sa huile orlach,
a n-athrughadh, agus leigean dóibh seasamh mar tá siad
- acht amhain nach n-athróchainn aon fhocal do
tháinig ó bheul Mhártain Ruaidh. Chifidh an Buachaillín
Buidhe ann sna nótaibh do sgriobh mé ar na sgeultaibh
sin go dtug mé fá deara, agus gur thaisbeán me do lucht
stuidéarachta, gur droch-ghraiméar do bhi ann san dá alt
sin. Agus chifidh sé mar an gceudna gur labhair mé mar
so:
Tá sin le feicsint san
athrughadh do rinne mé ar na sgeultaibh sin. Agus ma
ta aon amhras fós ar an mBuachaillin, tig liom an sgeul
do chur chuige ar an bpaipear air ar sgriobh mé síos
é ar dtús, focal ar fhocal ó bheul Mhartain. - AN
CHRAOIBHIN.