Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Bháis Mhí-Nádúrtha.
Title
A Bháis Mhí-Nádúrtha.
Author(s)
Ua Súilleabháin, Amhlaibh,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
A BHÁIS MHÍ-NÁDÚRTHA. A bháis mhí-nádúrtha! chím do neart Ó tháinig mé isteach do'n tsaoghal, Acht má leanaim díreach an tslighe cheart Dom anam aon dubhach ní baoghal. Is óg do rinnis díom dílleachtaidhe Nuair rugais mo shinsir uaim; Cidh gur an-bheag 'na ndiaidh mo chaoi; Níor chuireas ann puinn de shuaim. Mo dhearbhráthair Pádraic, an buachaill breágh 'Gur mo dheirbhshiúr Máire shéimh, Do mhairbhis iad le gorta is gábhadh, Is d'fhágbhais a ndreach gan sgéimh. Cuireadh iad i bparáisde Cill-Chrocháin I mainistir Achaidh Mhóir Le taobh na tuinne ag Daire Fhionáin I reilig a sinsear chóir. Do ritheas monuar! ó Inis Fáil Nuair dhearcas le brón do laomh; Óir ni raibh am chumas buaidh ort d'fhagháil Le Sasanaibh ar do thaobh. Acht do leanais mé anall tar sáil Is chuiris i n-umhail dom do réim; Ní raibh aon mhaitheas dom dul ód dháil Nó teicheadh aon lá ód bhéim. Rugais leat mo thriúr deas mac Is 'na ndiaidh mo dhís inghean; Tá an cúigear agat thíos faoi leic Is mise go dubhach lem bhuidhin. Do bhainis di urlabhra a béil Is as a taobh deas a lúth; Níor fhágbhais aici aon chuid dá céill; Do líon sin go léir mo chumha. Sin é an buille is truime fós Do thugais dom athrúghadh indé; Mo chéile geanamhail gan aon droch-nós Do rugais leó faoí 'n gcré. Anois, a Bháis, táim ullamh le teacht; Is cuma liom theas nó thuaidh; Cóimhlíonfad aitheanta Dé 's a reacht Chum go sínfear mé san uaigh. 'Gus tá mo dhóchas le dul ar neamh Is bheith i ríoghacht Dé go deó; Ní bhfaghaim san tsaoghal so acht baois leamh, Cathughadh anacrach is gleó. Amhlaoibh Ua Súilleabháin, Holliston, Massachusetts, U.S.A. 10 Feabhra, 1898.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services