A BHÁIS MHÍ-NÁDÚRTHA.
A bháis mhí-nádúrtha! chím do neart
Ó tháinig mé isteach do'n tsaoghal,
Acht má leanaim díreach an tslighe cheart
Dom anam aon dubhach ní baoghal.
Is óg do rinnis díom dílleachtaidhe
Nuair rugais mo shinsir uaim;
Cidh gur an-bheag 'na ndiaidh mo chaoi;
Níor chuireas ann puinn de shuaim.
Mo dhearbhráthair Pádraic, an buachaill
breágh
'Gur mo dheirbhshiúr Máire shéimh,
Do mhairbhis iad le gorta is gábhadh,
Is d'fhágbhais a ndreach gan sgéimh.
Cuireadh iad i bparáisde Cill-Chrocháin
I mainistir Achaidh Mhóir
Le taobh na tuinne ag Daire Fhionáin
I reilig a sinsear chóir.
Do ritheas monuar! ó Inis Fáil
Nuair dhearcas le brón do laomh;
Óir ni raibh am chumas buaidh ort d'fhagháil
Le Sasanaibh ar do thaobh.
Acht do leanais mé anall tar sáil
Is chuiris i n-umhail dom do réim;
Ní raibh aon mhaitheas dom dul ód dháil
Nó teicheadh aon lá ód bhéim.
Rugais leat mo thriúr deas mac
Is 'na ndiaidh mo dhís inghean;
Tá an cúigear agat thíos faoi leic
Is mise go dubhach lem bhuidhin.
Do bhainis di urlabhra a béil
Is as a taobh deas a lúth;
Níor fhágbhais aici aon chuid dá céill;
Do líon sin go léir mo chumha.
Sin é an buille is truime fós
Do thugais dom athrúghadh indé;
Mo chéile geanamhail gan aon droch-nós
Do rugais leó faoí 'n gcré.
Anois, a Bháis, táim ullamh le teacht;
Is cuma liom theas nó thuaidh;
Cóimhlíonfad aitheanta Dé 's a reacht
Chum go sínfear mé san uaigh.
'Gus tá mo dhóchas le dul ar neamh
Is bheith i ríoghacht Dé go deó;
Ní bhfaghaim san tsaoghal so acht baois leamh,
Cathughadh anacrach is gleó.
Amhlaoibh Ua Súilleabháin,
Holliston, Massachusetts, U.S.A.
10 Feabhra, 1898.