Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN t-SLÉIBHE RIFFE. 96. “Ar n-a bhárach do bhí mé ag siubhal tríd an ngleann mí-ádharach sain, agus níor chian dam go bhfaca mé óglach mór míleata mear-chalma dom' ionnsaighe i dtrealamh troda agus cruadh-chomhraic, agus ar dteacht i bhfogus dam, d'iarr comhrac orm. D'ionn- suigheamar a chéile mar dhá leomhan lonnacha luaith-fheargacha, acht do b'é críoch an chomhraic sin gur cheanglas é go dian dain- gean dochraideach, agus dubhras go mbainfinn a cheann de gan mhoill muna dtugadh sgéala dhamh cia 'r bh'é féin. D'innis sé dhamh annsain gur bh' é féin Ridire an Chlaidhimh Órdha mac ríogh Fionn-mhara, agus nár fhág críoch gan siubhal ná oileán gan taisteal ag cur a chlú agus a ghaisgidh, ' agus mo bhriathar,' ar sé, 'níor cuireadh i ngeimheal mé roimhe seo, acht amháin ceangal eile thug Gruagach an Oileáin Órdha orm, agus do cheanglóchadh an laoch sain fir an bheatha uile.' Do sgaoil mé Ridire an Chlaidhimh Órdha annsain, agus thug mionna agus briathar nach sgarfadh liom go cionn bliadhna. D'fhiafuigh mé dhe créad do thug 'san ngleann sain é. D'innis dam an tan cheangail Gruagach an Oileáin Órdha é gur chuir téada fa n-a osglaibh agus gur sgaoil le fánaidh an ghleanna sain é. 97. “Cidh trácht do bhíomar araon ag siubhal an ghleanna gan biadh gan deoch, agus ní fada do bhíomar amhlaidh sin an tan do chonnarcamar an dún ba bhreághtha dá bhfaca mise riamh, agus do cuireadh fáilte rómhainn ann, agus tugadh biadh agus deoch chugainn. D'fhiaf- ruigh mé de'n bhantracht créad an fáth go raibh an oiread sain ban 'san dún agus gan aon fhear 'n-a bhfarradh, óir ní fhacamar fear ar bith ann. Do fhreagair bean do'n bhantrach mé, agus adubhairt gur Ghleann Dubh dob' ainm do'n ghleann sain, agus nár fhág aon duine dá dtáinig ann é le trí chéad bliadhain, agus ná fágfadh an fhaid agus mhairfeadh Gruagach an Ghleanna Duibh, ‘agus atáid deich míle gaisgidheach galach gnímh-éachtach fa dhraoidheacht aige 'san ngleann so, agus ní'l fagháil fuasgalta ortha féin na orainne choidhche nó go dtiocfaidh gaisgidheach éigin do bhéarfaidh buaidh air an ngruagach i ngcomhrac aoinfhir, agus annsain eireochaidh an gleann comh hárd leis an talamh ar gach taobh de, agus soillseochaidh an ghrian air, óir níor thaitnigh an ghrian ar an ngleann so le trí chéad bliadhain, acht an spéir dubh dorcha os a chionn, agus,’ ar sise,‘ní'l laoch fa'n domhan ionchomhraic leis an ngruagach, óir ní dheargann arm ar aon bhall dá bhallaibh acht amháin a shúil chlé, agus is inghean d'Fhearghus ó Finn, áird-rí Uladh, mise,’ ar sí, ‘agus atáid ceathrar eile do chlannaibh righthe Éireann im fhochair annso, agus iomad eile d'ingheanaibh ríogh agus ró-thighearna mar aon linn, agus is mór an díoghbháil do rinne tusa dhúinn tré mharbhadh an éin do thug do'n ghleann so thu, óir is é an t-éan úd do thugadh na gaisgidhigh do'n ghleann so, mar shúil go dtiocfadh le gaisgidheach éigin díobh buaidh do bhreith ar an ngruagach i gcomhrac, agus rinne d'fhuasgladh as an ngleann so i bhfuilimíd. Acht anois atámaoid réidh le haon chabhair d'fhagháil go deireadh an domhain.’
98. “Adubharas leis an ríoghain gan aon doilgheas a bheith uirthi, óir go raibh sé i ndán do'n éan gan d'fhad saoghail a bheith aige acht go dtiubhradh sé gaisgidheach leis do'n ghleann so do bhuaidhfeadh ar an ngruagach, agus gur dóigh gur mé féin an laoch sain, ó's mé do mharbh an t-éan. ‘Dá bhrígh sin atá súil agam le sibh-se d'fhuasgladh as an mbraighdeanas i n-a bhfuil sibh.’ Adubhairt inghean ríogh Uladh go rachadh sí féin liom, agus go mb'fhéidir go mbudh mhaith an congnamh dham í. Do chodlas féin agus Ridire an Chlaidhimh Órdha go maidin ar n-a bhárach, agus iar n-éirghe dham tar éis mo thuirse do chur dhíomh, do cheanglas mo chorp 'n-a chaith-éideadh, agus thriallas féin agus mo chomh- ghaisgidheach agus inghean ríogh Uladh go faithche Ghruagaigh an Ghleanna Duibh. 99. “Do bhí bile ar lár na faithche agus clog mór i mbarr an bhile sin, agus slabhradh airgid as an chlog sain anuas. Adubhairt inghean ríogh Uladh liom-sa an clog do bhuain. Do-rinneas amhlaidh, agus níor chian dúinn go bhfacamar laoch mór míleata mear-chalma déid-gheal dath-álainn ag teacht chugainn le fraoch feirge, agus dob'é féin an bheithir bheodha agus an leomhan luaith-fheargach, agus an nathair nimhe neimh-eaglach, agus an dragan dian dásachtach, agus an curadh nár traochadh riamh i gcomhrac, .i. Gruagach an Ghleanna Duibh; agus iar dteacht i láthair dho, d'iarr comhrac agus níor diúltadh dho, óir d'ionnsuigheamar a chéile mar dhá leomhan ar luinne, nó mar dhá dhragan dásachta, agus do rinneamar comhrac faobhrach fuilteach neart-chalma athaidh fhada de'n lá sain, agus gach sáith sleighe nó béim claidhimh dá dtugainn ar an ngruagach ní dhéanadh fuiliughadh ná foirdheagadh air, agus mo chréachta-sa ag sileadh fola flann-ruaidhe ó bhéimeannaibh an Ghruagaigh. 'Cuimhnigh, a mhacaoimh,' ar inghean ríogh Uladh, 'nach deargann arm ar an nGruagach.' Is fíor sain,' arsa mise, agus leis sin do ghabh mire meanman mé agus do ritheas isteach ar an ngruagach, agus do threasgras fúm é, agus thugas saith nimhe sleighe 'san tsúil chlé air, gur chuir búithre uathbhásach as ba chlos ar feadh an ghleanna, gur thuit an anam as ar an láthair sin. 100. “Annsain d'éirigh gaoth agus stoirm criothnughadh talmhan agus toirneach fhuathmhar, ionnus gur shíleamar go dtiocfadh an spéir chum talmhan, agus d'éirigh an gleann comh hard leis an talamh ar gach taobh de. Is annsain do chiúnuigh an ghaoth agus do ghlan an spéir os ár gcionn, agus do shoillsigh an ghrian go taitneamhach, agus d'imthigh an draoidheacht de'n ghleann, ionnus, an mhuintir do bhí le cian d'aimsir ann, go dtángadar chugainn go lúthgháireach, agus fearaid fíorchaoin fáilte rómhainn do'n Oileán, agus iad ag breith bhuidh- eachais liom-sa trés an bhfuasgladh thugas dóibh, agus chaitheamar coighthighis ar mhís go subhach soilbhir. Acht chean do pósadh na cúig cead bean do bhí ann, agus do phós mé féin inghean ríogh Uladh, óir ní fhacas a macsamhail i n-ar thaisteal mé de'n domhan ar mhéin ar chruth agus ar chaoin-deilbh, agus do thairg mé a rogha mná do Ghaisgidheach an Chlaidhimh Órdha, acht adubhairt seisean liom ná pósfadh aon bhean go bráth acht inghean Ghruagaigh an Ghleanna Ghuirm, agus go raibh a grádh sain comh mór sain ceangailte 'n-a chroidhe agus i n-aigneadh de ló agus d'oidhche, go raibh sé deimhneach bás d'fhagháil muna bhfaghadh í, agus gurab dá hiarraidh do chuaidh se an uair do cheangail an gruagach é. Adubhairt féin ná léigfinn bás do, agus do rachainn leis dá tochmarc agus dá buain amach ar ais nó ar éigean. Adubhradar na gaisgighigh eile go rachadaois féin linn. 101. “Do ghléasamar ár luingeas agus ár leathan-bharca bronn-fhairringe agus do sheolamar amach ar chraos mara agus níor comhnuigheadh linn gur ghabhamar cuan agus caladh 'san Oileán Ghorm, agus do ghluaiseamar rómhainn gur roicheamar faithche an dúna, agus chuireas-sa Con Crithir, gaisgidheach ó Éirinn chum an ghruagaigh
ag iarraidh a inghine mar mhnaoi do ghaisgidheach an Chlaidhimh Órdha, nó muna dtughadh, go dtiubhrainn ár sluaigh, díth dhaoine, agus uireasbaidh fear-óglach ortha. Do ghluais Conn Crithir agus do chuaidh do láthair an ghruagaigh agus d'aithris a uraghall do. Adubhairt an gruagach dá mbeidís fir an domhain ar aon mhachaire nach dtiubhradh féin bean ná aon nídh eile uaidh dá aimhdheoin, agus go dtiubhradh cath dhóibh ar n-a bhárach. Tháinig Conn tar a ais agus d'aithris gach ar chan an gruagach leis. 102. “Acht cheana thugamar as an oidhche sin, agus i moch na maidine ar n-a bhárach tháinig an gruagach agus dá fhichid míle do ghléire ghlan-shluaigh agus d'fhógair cath orainn. Do fhreagramar-ne go héasgaidh neimh-eaglach é, agus thangamar i n-aghaidh a chéile agus rinneamar comhrac calma cruadh-dhaingeantach fuilteach fír-thréan, ionnus gurab iomdha lámh ar n-a leonadh agus taobh ar n-a tolladh agus colann ar n-a ciorrbhadh do bhí ann, agus do b'iomdha srotha fola flann-ruaidhe do bhí ar n-a tosgadh tré chréachtaibh na rígh-mhíleadh. Annsain do mhéaduigheadar na curadha a meanma agus do chruaidheadar a gcroidhthe agus do luathuigheadar a lámha agus do thromuigheadar a mbuillí, go ndearna gach tréin-fhear dom mhuintir-se agus do na hallmhurchaibh gníomh gaisgidh ós árd. 103. “An tan do mhothuigheas féin ársaidheacht na n-allmhurach i m-aghaidh d'ionsuigh mé an cath fa rabharta feirge agus fa chonfadh catha agus árdaigeanta, gur ghabhas dá múchadh, dá ndian-sgaoileadh dom dheis agus dom chlí, ionnus nár sgar mé de'n ruathar sain gur rángas an cró catha 'n-a raibh Gruagach an Gleanna Guirm, agus an tan do chonnairc an gruagach an t-ainghein do thugas-sa ar a mhuintir, do dhruid im choinne, agus d'ionnsuigheamar a chéile go danardha dúr-chroidheach tinneasnach tolgánach, agus do fearadh imreasán créachtmhar eadrainn. Gidheadh do b'é críoch an chomhraic an gruagach do thuitim liom fa dheoidh, agus do ritheas annsain ag dícheannadh na n-ollmhurach, gur chuireas ár agus easbaidh ortha, agus gur ghlacadar teicheadh agus raon madhma, agus do leanas agus mo mhuintir iad isteach 'san gcathair, agus do mharbhamar iad acht fír-bheagán do ghabh coimirce agam-sa, agus thugas inghean an ghruagaigh mar mhnaoi agus mar bhain-chéile do Ridire an Chlaidhimh Órdha, agus do rinne mé rí ar an Oileán nGorm de, agus is easbadhach dítheach do bhí mo mhuintir féin tar éis an chaith-ghleó sain, óir ní raibh beó de'n deich míle laoch do chuaidh liom chum an chatha acht aon mhíle amháin. (Tuilleadh.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services