Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.

Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN t-SLÉIBHE
RIFFE.



96. “Ar n-a bhárach do bhí mé ag siubhal
tríd an ngleann mí-ádharach sain, agus níor
chian dam go bhfaca mé óglach mór míleata
mear-chalma dom' ionnsaighe i dtrealamh
troda agus cruadh-chomhraic, agus ar dteacht i
bhfogus dam, d'iarr comhrac orm. D'ionn-
suigheamar a chéile mar dhá leomhan lonnacha
luaith-fheargacha, acht do b'é críoch an
chomhraic sin gur cheanglas é go dian dain-
gean dochraideach, agus dubhras go mbainfinn a
cheann de gan mhoill muna dtugadh sgéala
dhamh cia 'r bh'é féin. D'innis sé dhamh
annsain gur bh' é féin Ridire an Chlaidhimh
Órdha mac ríogh Fionn-mhara, agus nár fhág críoch
gan siubhal ná oileán gan taisteal ag cur
a chlú agus a ghaisgidh, ' agus mo bhriathar,' ar
sé, 'níor cuireadh i ngeimheal mé roimhe
seo, acht amháin ceangal eile thug Gruagach
an Oileáin Órdha orm, agus do cheanglóchadh an
laoch sain fir an bheatha uile.' Do sgaoil
mé Ridire an Chlaidhimh Órdha annsain, agus thug
mionna agus briathar nach sgarfadh liom go
cionn bliadhna. D'fhiafuigh mé dhe créad
do thug 'san ngleann sain é. D'innis dam
an tan cheangail Gruagach an Oileáin Órdha
é gur chuir téada fa n-a osglaibh agus gur
sgaoil le fánaidh an ghleanna sain é.



97. “Cidh trácht do bhíomar araon ag
siubhal an ghleanna gan biadh gan deoch, agus
ní fada do bhíomar amhlaidh sin an tan do
chonnarcamar an dún ba bhreághtha dá bhfaca
mise riamh, agus do cuireadh fáilte rómhainn
ann, agus tugadh biadh agus deoch chugainn. D'fhiaf-
ruigh mé de'n bhantracht créad an fáth go
raibh an oiread sain ban 'san dún agus gan
aon fhear 'n-a bhfarradh, óir ní fhacamar
fear ar bith ann. Do fhreagair bean do'n
bhantrach mé, agus adubhairt gur Ghleann Dubh
dob' ainm do'n ghleann sain, agus nár fhág
aon duine dá dtáinig ann é le trí chéad
bliadhain, agus ná fágfadh an fhaid agus mhairfeadh
Gruagach an Ghleanna Duibh, ‘agus atáid deich
míle gaisgidheach galach gnímh-éachtach fa
dhraoidheacht aige 'san ngleann so, agus ní'l
fagháil fuasgalta ortha féin na orainne
choidhche nó go dtiocfaidh gaisgidheach éigin
do bhéarfaidh buaidh air an ngruagach i
ngcomhrac aoinfhir, agus annsain eireochaidh an
gleann comh hárd leis an talamh ar gach
taobh de, agus soillseochaidh an ghrian air, óir
níor thaitnigh an ghrian ar an ngleann so le
trí chéad bliadhain, acht an spéir dubh dorcha
os a chionn, agus,’ ar sise,‘ní'l laoch fa'n
domhan ionchomhraic leis an ngruagach, óir
ní dheargann arm ar aon bhall dá bhallaibh
acht amháin a shúil chlé, agus is inghean d'Fhearghus
ó Finn, áird-rí Uladh, mise,’ ar sí, ‘agus atáid
ceathrar eile do chlannaibh righthe Éireann im
fhochair annso, agus iomad eile d'ingheanaibh
ríogh agus ró-thighearna mar aon linn, agus is mór
an díoghbháil do rinne tusa dhúinn tré
mharbhadh an éin do thug do'n ghleann so thu,
óir is é an t-éan úd do thugadh na gaisgidhigh
do'n ghleann so, mar shúil go dtiocfadh le
gaisgidheach éigin díobh buaidh do bhreith ar
an ngruagach i gcomhrac, agus rinne d'fhuasgladh
as an ngleann so i bhfuilimíd. Acht anois
atámaoid réidh le haon chabhair d'fhagháil go
deireadh an domhain.’


L. 266


98. “Adubharas leis an ríoghain gan aon
doilgheas a bheith uirthi, óir go raibh sé i ndán
do'n éan gan d'fhad saoghail a bheith aige
acht go dtiubhradh sé gaisgidheach leis do'n
ghleann so do bhuaidhfeadh ar an ngruagach,
agus gur dóigh gur mé féin an laoch sain, ó's
mé do mharbh an t-éan. ‘Dá bhrígh sin
atá súil agam le sibh-se d'fhuasgladh as an
mbraighdeanas i n-a bhfuil sibh.’ Adubhairt
inghean ríogh Uladh go rachadh sí féin liom, agus
go mb'fhéidir go mbudh mhaith an congnamh
dham í. Do chodlas féin agus Ridire an
Chlaidhimh Órdha go maidin ar n-a bhárach,
agus iar n-éirghe dham tar éis mo thuirse
do chur dhíomh, do cheanglas mo chorp 'n-a
chaith-éideadh, agus thriallas féin agus mo chomh-
ghaisgidheach agus inghean ríogh Uladh go faithche
Ghruagaigh an Ghleanna Duibh.



99. “Do bhí bile ar lár na faithche agus clog
mór i mbarr an bhile sin, agus slabhradh airgid
as an chlog sain anuas. Adubhairt inghean
ríogh Uladh liom-sa an clog do bhuain.
Do-rinneas amhlaidh, agus níor chian dúinn go
bhfacamar laoch mór míleata mear-chalma
déid-gheal dath-álainn ag teacht chugainn
le fraoch feirge, agus dob'é féin an bheithir
bheodha agus an leomhan luaith-fheargach, agus an
nathair nimhe neimh-eaglach, agus an dragan dian
dásachtach, agus an curadh nár traochadh riamh i
gcomhrac, .i. Gruagach an Ghleanna Duibh; agus
iar dteacht i láthair dho, d'iarr comhrac agus
níor diúltadh dho, óir d'ionnsuigheamar a
chéile mar dhá leomhan ar luinne, nó mar dhá
dhragan dásachta, agus do rinneamar comhrac
faobhrach fuilteach neart-chalma athaidh fhada
de'n lá sain, agus gach sáith sleighe nó béim
claidhimh dá dtugainn ar an ngruagach ní
dhéanadh fuiliughadh ná foirdheagadh air, agus
mo chréachta-sa ag sileadh fola flann-ruaidhe
ó bhéimeannaibh an Ghruagaigh. 'Cuimhnigh,
a mhacaoimh,' ar inghean ríogh Uladh, 'nach
deargann arm ar an nGruagach.' Is fíor
sain,' arsa mise, agus leis sin do ghabh mire
meanman mé agus do ritheas isteach ar an
ngruagach, agus do threasgras fúm é, agus thugas
saith nimhe sleighe 'san tsúil chlé air, gur
chuir búithre uathbhásach as ba chlos ar feadh
an ghleanna, gur thuit an anam as ar an
láthair sin.



100. “Annsain d'éirigh gaoth agus stoirm
criothnughadh talmhan agus toirneach fhuathmhar,
ionnus gur shíleamar go dtiocfadh an spéir
chum talmhan, agus d'éirigh an gleann comh
hard leis an talamh ar gach taobh de. Is
annsain do chiúnuigh an ghaoth agus do ghlan an
spéir os ár gcionn, agus do shoillsigh an ghrian
go taitneamhach, agus d'imthigh an draoidheacht
de'n ghleann, ionnus, an mhuintir do bhí le
cian d'aimsir ann, go dtángadar chugainn
go lúthgháireach, agus fearaid fíorchaoin fáilte
rómhainn do'n Oileán, agus iad ag breith bhuidh-
eachais liom-sa trés an bhfuasgladh thugas
dóibh, agus chaitheamar coighthighis ar mhís go
subhach soilbhir. Acht chean do pósadh na
cúig cead bean do bhí ann, agus do phós mé
féin inghean ríogh Uladh, óir ní fhacas a
macsamhail i n-ar thaisteal mé de'n domhan
ar mhéin ar chruth agus ar chaoin-deilbh, agus do
thairg mé a rogha mná do Ghaisgidheach an
Chlaidhimh Órdha, acht adubhairt seisean liom
ná pósfadh aon bhean go bráth acht inghean
Ghruagaigh an Ghleanna Ghuirm, agus go raibh a
grádh sain comh mór sain ceangailte 'n-a
chroidhe agus i n-aigneadh de ló agus d'oidhche,
go raibh sé deimhneach bás d'fhagháil muna
bhfaghadh í, agus gurab dá hiarraidh do chuaidh
se an uair do cheangail an gruagach é.
Adubhairt féin ná léigfinn bás do, agus do
rachainn leis dá tochmarc agus dá buain amach
ar ais nó ar éigean. Adubhradar na
gaisgighigh eile go rachadaois féin linn.



101. “Do ghléasamar ár luingeas agus ár
leathan-bharca bronn-fhairringe agus do
sheolamar amach ar chraos mara agus níor
comhnuigheadh linn gur ghabhamar cuan
agus caladh 'san Oileán Ghorm, agus do
ghluaiseamar rómhainn gur roicheamar
faithche an dúna, agus chuireas-sa Con Crithir,
gaisgidheach ó Éirinn chum an ghruagaigh


L. 267


ag iarraidh a inghine mar mhnaoi do
ghaisgidheach an Chlaidhimh Órdha, nó muna
dtughadh, go dtiubhrainn ár sluaigh, díth
dhaoine, agus uireasbaidh fear-óglach ortha. Do
ghluais Conn Crithir agus do chuaidh do láthair
an ghruagaigh agus d'aithris a uraghall do.
Adubhairt an gruagach dá mbeidís fir an
domhain ar aon mhachaire nach dtiubhradh féin
bean ná aon nídh eile uaidh dá aimhdheoin, agus
go dtiubhradh cath dhóibh ar n-a bhárach. Tháinig
Conn tar a ais agus d'aithris gach ar chan an
gruagach leis.



102. “Acht cheana thugamar as an oidhche
sin, agus i moch na maidine ar n-a bhárach tháinig
an gruagach agus dá fhichid míle do ghléire
ghlan-shluaigh agus d'fhógair cath orainn. Do
fhreagramar-ne go héasgaidh neimh-eaglach é,
agus thangamar i n-aghaidh a chéile agus rinneamar
comhrac calma cruadh-dhaingeantach fuilteach
fír-thréan, ionnus gurab iomdha lámh ar n-a
leonadh agus taobh ar n-a tolladh agus colann ar
n-a ciorrbhadh do bhí ann, agus do b'iomdha srotha
fola flann-ruaidhe do bhí ar n-a tosgadh
tré chréachtaibh na rígh-mhíleadh. Annsain
do mhéaduigheadar na curadha a meanma
agus do chruaidheadar a gcroidhthe agus do
luathuigheadar a lámha agus do thromuigheadar
a mbuillí, go ndearna gach tréin-fhear dom
mhuintir-se agus do na hallmhurchaibh gníomh
gaisgidh ós árd.



103. “An tan do mhothuigheas féin
ársaidheacht na n-allmhurach i m-aghaidh
d'ionsuigh mé an cath fa rabharta feirge
agus fa chonfadh catha agus árdaigeanta, gur ghabhas
dá múchadh, dá ndian-sgaoileadh dom dheis
agus dom chlí, ionnus nár sgar mé de'n ruathar
sain gur rángas an cró catha 'n-a raibh
Gruagach an Gleanna Guirm, agus an tan do
chonnairc an gruagach an t-ainghein do
thugas-sa ar a mhuintir, do dhruid im choinne,
agus d'ionnsuigheamar a chéile go danardha
dúr-chroidheach tinneasnach tolgánach, agus do
fearadh imreasán créachtmhar eadrainn.
Gidheadh do b'é críoch an chomhraic an gruagach
do thuitim liom fa dheoidh, agus do ritheas
annsain ag dícheannadh na n-ollmhurach, gur
chuireas ár agus easbaidh ortha, agus gur ghlacadar
teicheadh agus raon madhma, agus do leanas agus mo
mhuintir iad isteach 'san gcathair, agus do
mharbhamar iad acht fír-bheagán do ghabh
coimirce agam-sa, agus thugas inghean an
ghruagaigh mar mhnaoi agus mar bhain-chéile do
Ridire an Chlaidhimh Órdha, agus do rinne mé rí
ar an Oileán nGorm de, agus is easbadhach
dítheach do bhí mo mhuintir féin tar éis an
chaith-ghleó sain, óir ní raibh beó de'n deich
míle laoch do chuaidh liom chum an chatha
acht aon mhíle amháin.



(Tuilleadh.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services