Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Baile na hAbhann sa Droch-shaoghal.
Title
Baile na hAbhann sa Droch-shaoghal.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
BAILE NA h-ABHANN SA DROCH- SHAOGHAL. GO bhfóiridh Dia orainn! is mór an t-anró agus an gábhatar a rug ar an gceanntar so sa droch- shaoghal a bhí ann deich mbliadhna agus dá fhichid ó shoin, agus is beag an chuimhne tá anois ar an aimsir sin. Is iomdha fear a bhí go socair sásta ina chuid talmhan, agus caitheamh agus fagháil go dtí sin aige, a cuireadh le fán fada nuair chruadhuigh an saoghal, agus is iomdha fear macánta bhíodh ar bheagán bídh ná dighe dho féin ná d'a pháisdíbh ar feadh a trí nó a ceathair de bhliadhnaibh, ní dh'a chasadh leo é. Ba dhóigh leat ar na daoinibh óga tá sa pharóisde anois ná rug aon lá bocht ar a sinsearaibh riamh. Tá an oiread sain éirghe i n-áirde i gcuid acu go deimhin gur dhóigh leat gur bh'iad do thug an tobac go hÉirinn. 2. Bhí cuid de na maighistiríbh go holc agus go dian-olc san am sain, mar táid fós, agus ba chuma leó é acht a gcuid cíosa bhaint amach, nó na Críostuidhthe chaitheamh amach ar an mbóthar. Níor bh' é sin do'n mhaighistir a bhí ar an áit seo é, go ndearna Dia trócaire air; cé gur Phailitíneach é, ba mhaith daonnachtach an fear é. Bhí a rian sain ar an bparóisde — ní bhfuair aon'ne bás le hocras ann, acht cailleadh a lán as so ó dheas go dtí an Sgibirín, slán mar a n-innistear é! 3. Frisil dob' ainm do'n mhaighistir, agus bhí sé na chomhnuidhe, é féin agus a dheirbhshiúr, sa' tigh mór sain thíos atá ag tuitim i ngabhal a chéile anois. Catoilicigh dob' eadh a raibh eile sa pharóisde acht é féin agus Mios Nelí, a dheirbhshiúr. Ba bheag duine eile sa pharóisde thuigeadh Béarla acht iad araon, agus do labhraidís sin, leis, an Ghaedhilg go breágh blasta. Má bhí sé féin go maith, ba sheacht fearr ná sain an t-ainm a bhí ar Mhios Nelí. Bhí an pharóisde seo go léir fá chíos aige, acht bhí an machaire breágh thalmhan sain timcheall an tighe mhóir aige féin. Ní éiligheadh sé leath-phinginn cíosa ortha sain a bhí ar bheagán talmhan, acht laetheanta oibre fhagháil uatha timcheall an tighe mhóir. Bhíodh a mhaide sgóir ag gach aon fhear bocht sa pharóisde, agus níor dheacair lá chur ar an maide fá'n duine uasal. Nuair tháinig an gorta, bhíodh Mios Nelí agus beirt nó triúr seirbhíseach gnóthach o mhaidin go hoidhche ag beiriughadh phrátaidhe agus chairéadaidhe agus mheacan do na bochtánaibh ocracha ghabhadh an treó, agus b' annamh do'n chrocán mhór gan bheith lán os cionn na teineadh. 4. Do lean an gábhatar thar bárr go ceann a dó nó a trí de bhliadhnaibh, agus is ag meadughadh bhí sé. Bhí na daoine ag imtheacht 'na gcuid agus 'na gcuid go Sasana agus go hAimericá, go dtí gur bheag ógánach na mná óga bhí sa pharóisde ná sa cheann so do'n dúthaigh. Bhí an maighistir féin tar éis tréimhse éigin do thabhairt san arm i bhfad
roimhe sin, agus is minic adeireadh sé, dá mbeadh sé féin mar ógánaigh an pharóisde, go mb' fhearr leis dul san arm ná a aghaidh do thabhairt ar na fairrgibh fiadhaine. B'fhearr leis na fearaibh óga an fhairrge féin ná an t-arm, acht b' fhearr leis an méid ná raibh imthighthe acu fuireach sa bhaile, dá bhféadfaidís é, ná tabhairt fá'n bhfairrge ná fá'n arm, nídh nár locht ortha. 5. Chualaidh na daoine trácht thar an mBórd o' works, agus bhí súil acu go bhfuighdís fagháltas éigin le tuilleamh as. Bhí Frisil dh'á rádh leó gur sgríobh sé a dó nó a trí de litreachaibh chum an Bhúird mar gheall ar bhóthar a bhí ina aigneadh dhéanamh. Ní raibh an bóthar nua déanta an uair sin, agus ní raibh de bhóthar ó Chorcaigh acht an sean-bhóthar thuas le n-a chuid árdán agus ísleán. Fuair sé sgéala ó'n mBórd fá dheireadh go ndéanfaidhe an bóthar, má bhí na daoine gábhatarach, agus má bhí an sean-ród chomh holc agus dubhairt sé é. Budh ró-ghearr go mbeadh an pharóisde i ndroch-shlighe, mar bhí a chuid de'n tsaoghal dhá thabhairt uaidh ag an duine uasal, agus é féin nach mór briste. 6. Acht cé nár luigh an gábhatar chomh trom annso agus luigh sé i n-áitibh eile, is iomdha cor a chuir an pharóisde dhi na bliadhanta sain. Bhíodh na daoine ag imtheacht ó áit go háit, i dtreó nach iad an lucht comhnuighthe céadna bhí i n-aon bhaile sa pharóisde i ndeireadh an droch-shaoghail agus bhí ann 'na thosach. 7. Níor airighis riamh sgéal dob' aite ná an chuma i bhfuair baintreach seilbh i mBaile na hAbhann ar fad le linn na haimsire sin. Sul a dtáinig an droch-shaoghal, bhí an baile ag seisear eatortha, féar dhá bhó ag an duine acu, acht níor roinneadh an baile riamh. Bhí an baile na pháirceannaibh móra, agus is amhlaidh bhíodh ithe ar a chion féin do'n inneabhar, ag gach nduine, agus a chion féin aige de gach aon pháirc a bhíodh curtha — deich n-iomaire nó as sain go fiche iomaire do réir méid na páirce. Ní raibh a bhac ar aon'ne prátaidhe nó coirce nó 'pé nídh ba mhaith leis a chur 'na chuid féin do'n pháirc. Bhíodh cuid do'n bhaile 'na mhóinfhéar gach aon bhliadhain acu, agus is amhlaidh bhainidís agus shaothruighdís an féar le cabhair a chéile, agus roinnidís le chéile é nuair bhíodh sé tirm 'na stuacánaibh acu. B'é ceart gach nduine lá sa tseachtmhain do bheith aige ar chapaillín a bhíodh acu, acht níor chualaidh na comharsain riamh an dara focal eatortha mar gheall air. Ní gan a túirne olna agus a túirne lín. agus a bró bheag a bhíodh gach aon bhean tighe san aimsir sin. Shníomhaidís a gcuid bréide féin, agus mheilidís a gcuid coirce, an méid a bhíodh uatha dhe, agus cé nár mhór é fagháltas gach aon'ne, mhairidís go sásta, mar ná caithtí oiread airgid ins na siopaíbh agus chaithtear anois. 8. Acht bhí malairt sgéil ag na daoinibh bochta i mBaile na hAbhann nuair mheath na prátaidhe ortha; agus toisg an áit a bheith cumhang, luigh an saoghal go cruaidh ortha ar feadh bliadhna nó dhó. Ní ortha amháin a tháinig an cruadh-chás. Ba ghearr go raibh na daoine ag imtheacht, agus go raibh feirmeacha i n-áirde thall agus abhus. D'imthigh cuid de mhuintir Bhaile na h-Abhann go bailtibh eile, agus a thuilleadh acu thar sáile, go dtí ná raibh ann acht an dá theach gan bheith folamh. 9. Baintreach a bhí 'na comhnuidhe i dtigh acu, agus Tadhg Ruadh thugaidís ar an bhfear a bhí sa tigh eile. Bhí beirt mhac ag an mbaintrigh, agus triúr mac ag Tadhg Ruadh. Buachaillí maithe dícheallacha b'eadh iad a gcúigear, a thuilleadh an sgilling i ngach áit a mbíodh sí le fagháil, agus ná fágadh a lán d'a gcuid i dtigh an óil. Bhí a chomhartha sain ar an mbaintrigh agus ar Thadhg. Chong- bhuigheadar a ngreim ar an talamh, agus thugai- dís roinnt bheag airgid ar a chuid de'n bhaile do gach aon'ne bhíodh ag imtheacht as, nó go raibh féar sé mbó ag an nduine acu. Go dtí sin thugadh na buachaillí laetheanta
oibre do'n mhaighistir i n-ionad cíosa, acht nuair bhí féar sé mbó acu, ní ghlacfadh sé obair uatha ní budh shia i ngeall ar an gcíos. B'fhearr leis beagán éigin airgid d'fhagháil uatha nuair bheadh sé oireamhnach acu, agus an obair d'fhagháil ó n-a daoinibh a bhí ar bheagán talmhan. 10. “Seadh,” arsa Tadhg leis féin, “budh mhaith a bheinn anois, dá nglacfadh an duine uasal obair uaim tar cheann cíosa, acht dar ndóigh ní fhéadfadh sé bheith na ghruth agus 'na mheidhg agam annso. Agus nídh eile,” ar seisean, “ní fhuil obair dom' thriúr garsún im' chionmhaireacht de'n bhaile seo.” 11. B'é críoch is rádh an sgéil é gur réidhtigh sé féar deich mbó de thalamh ó mhaighistir eile. Tháinig meitheal fear chuige aon oidhche amháin. Chuir sé beirt nó triúr fear mar ghárda ar gach doras comharsan, le heagla go sgéithfeadh aon'ne air. Chuir fé garda ar dhoras na baintrighe. Bhailigh sé leis a raibh aige fá mhaidin, idir bhoin agus asair, agus d'fhág sé Baile na hAbhann ar fad fá'n mbaintrigh. 12. B'olc an díol ar Frisil aon'ne bhí fá imtheacht ar an gcuma sain, gan a chíos a dhíol leis, dá mbeadh sé aige le tabhairt uaidh. Acht is amlaidh thug Tadhg an méid a bhí amuigh ag Frisil do'n mhaighis- tir eile. Ní deárnadh aon iongnadh dhe. Bhí a leithéid sin ag tuitim amach gach aon tseachtmhain. 13. Tháinig fear eile ag réidhteadh leath- Bhaile na h-Abhann ó Fhrisil. Seaghán Bhríghde b'ainm dho. Bhí deich bpúint airgid cruin- nighthe aige, agus ba mhaith leis an féar sé mbó sain a bhí i n-áirde bheith aige, dá mb' éigean do sgaramhaint leis na deich bpúint. Dubhairt an duine uasal ná déanfadh, go raibh a stát na mhion-bhlúiríbh go dtí sin, acht ó bhí na daoine ag imtheacht go ndéanfadh sé feirmeacha nídh badh mhó dhe feasda. 14. “Acht,” ar seisean, “'neósad duit cad dhéanfaidh mé leat. Má thugair deich bpúint dom, tabharfad saoghal ar Bhaile na hAbhann go léir dhuit.” “A ghráidh ghil a mhaighistir,” arsa Seaghán, “ná fuil a leath ag Máire Pheadair? agus dar ndóigh ní bhfuighinn óm' chroidhe teacht laistigh do'n bhaintrigh.” “Ná bíodh ceist ort 'na taobh sain,” arsa Frisil, “acht fág fúm-sa í. Tabharfad séar sé mbó dhi i mbaile éigin eile chomh luath a's bheidh áit oireamhnach agam di.” 15. Bhí ceist ar Sheaghán, ámhach, acht ní raibh teacht as aige tar éis an duine uasail a thabhairt a fhocail ná deanfaidhe aon éagcóir ar an mbaintrigh. Thug sé a chuid airgid do'n mhaighistir. B'é sin an súil nár síleadh ag an duine uasal, agus theastuigh sé go cruaidh uaidh, mar is annamh do gheabhadh sé breith ar dheich bpúint i dteannta a chéile. 16. D'airigh Máire Pheadair an sgéal. Chuaidh si chum cainte leis an maighistir agus gheall sé sin di go dtiubhradh sé féar a sé nó a seacht de bhuaibh di chomh luath agus bheadh feirm do'n oiread sain i n-áirde aige. Dubhairt sé léi fuireach 'na tigh go dtí sin, agus a cuid stuic do choimeád ar an talamh, go bhfuigheadh a beirt mhac obair sa Bhórd o' Works, agus go ndéanfadh sé stiobhard do'n té ba shine acu faid bheadh an obair ar siubhal. Bhí sí sásta leis an maighistir agus le n-a chuid cainte, acht ní raibh sí sásta ná leath-shásta le Seaghán Bhríghde i dtaobh teacht ag brúdh uirthi i mBaile na hAbhann. 17. Tháinig Seaghán lá ar n-a bháireach. Thug sé leis a chuid stuic agus ar bhain leis, agus chuaidh sé isteach i dtigh Thaidhg Ruaidh chum comhnuighthe, acht má 'seadh thug Máire Pheadair íde an mhadraidh air. Fear mín macánta b'eadh Seaghán bocht, agus níor chead- uighthe leis ar an saoghal an bhaintreach a bheith mí-bhuidheach de. Ní raibh sé seachtmhain i mBaile na hAbhann nuair b'fhearr leis bheith san áit a bhí cheana aige, acht bhí duine eile 'na ionad annsain. Bhí a bhean agus a chlann sa mheón chéadna, acht cad bhí le déanamh acu?
18. Bhí an sgéal mar sin eatortha nuair chuir an maighistir sgéala amach go raibh lucht an Bhúird le bheith i gCorcaigh Dia Luain a bhí chugainn, agus fir óga an pharóisde bheith ullamh chum dul ann le n-a chois fá n-a ndéin. Tháinig an Luan, agus má tháinig bhuail fir an pharóisde um a chéile ar maidin go moch, acht na seandaoine ar leithlig, agus siúd leó fá dhéin na cathrach. Bhí beirt no triúr as gach aon bhaile sa pharóisde ann. Bhí beirt mhac na baintrighe ann, agus aon mhac amháin a bhí ag Seaghán Bhríghde. Ní raibh capall ná asal acu. Fiche míle tá ó'n gcrosaire sin thíos isteach go cathair Chor- caighe, acht ba bheag ag na daoinibh fiche nó dá fichid míle do chur díobh sa tsaoghal sain de shiubhal a gcos. 19. Rug an maighistir ortha i dtaisteal an bhóthair dhóibh. Bhí capall maith agus sean-charáisde aige sin. Thug sé mar- caigheacht do bheirt acu ná raibh chomh cos- éadtrom leis an gcuid eile, agus thiomáin sé leis. Theangmhuigheadar arís ar a cheile i gCorcaigh i gcionn tamaill mhaith de'n lá, agus bhuaileadar síos i n-aon sguaithne amháin go dtí an oifig mar a raibh lucht an Bhúird o' Works, agus an maighistir rómpa amach. Chuaidh Frisil isteach san oifig agus d'fhan an chuid eile 'na seasamh sa tsráid. Chonncadar na daoine uaisle ag féachaint amach trés na fuinneógaibh ortha. 20. Níor ró-fhada go dtáinig Frisil amach, agus le n-a linn sin cé chasfaidhe air acht beirt chaptaen airm a bhí ag gabháil aníos an tsráid. Chrothadar lámh le chéile agus d'fhanadar ag caint tamall maith. Tré n-a gcomhrádh dóibh bhíodar ag féachaint ar na fearaibh a bhí na seasamh sa tsráid, agus bhí a fhios acu-san go raibh rud éigin dhá rádh acu mar gheall ortha féin. D'imthigh an dá chaptaen, acht níor chrothadar féin agus Frisil lámh le chéile ar a n-imtheacht dóibh. 21. “Gluaisidh, a bhuacaillí,” arsa Frisil, “go bhfaigheam rud éigin le n-ithe.” “Ar éirigh leat, a dhuine uasail?” arsa fear acu. “Ní fheadar fós,” ar seisean, “acht labharfad le duine uasal eile ar ball.” Rug sé síos sráid bheag chumhang iad, agus dubhairt sé le bean a bhí annsain i siopa, min choirce agus bainne a ndóthain a thabhairt do na fearaibh sin, agus go ndíolfadh sé féin an costas. 22. “Fanaid annso go dtagad-sa chu- ghaibh,” ar seisean, agus d'imthigh sé. Ní raibh aon ocras ar na fearaibh nuair d'fhill an maighistir. “Seadh,” ar seisean, “is mithid dúinn bheith sa tsiubhal.” Sin a ndubhairt sé, acht bhuail sé an tsráid suas rómpa agus a cheann faoi mar bheadh sé ag smaoineamh ar rud eigin. Bhí sé ag gabháil síos sráid agus ag gabháil suas sráid, agus iad 'na dhiaidh, agus níor stad sé riamh gur buail sé geata na bearraice isteach. D'umhluigh an saighdiúir a bhí ar an ngeata dho nuair bhí sé ag gabháil thairis isteach. 23. Do stad an chuid eile. “An raghmaoid isteach?” arsa fear acu. “Cad do bhéaradh isteach sinn?” arsa beirt nó triúr. “B'fhéidir ná tioc- famaois amach fé mhaise.” Thug an duine uasal súil-fhéachaint thar a ghualainn agus chonnaic sé 'na seasamh amuigh iad. “Tagaidh isteach,” ar sé, agus é ag imtheacht air. Chuaidh cuid acu isteach. Lean an chuid eile go leisgeamhail iad, agus níor bh'fhada bhíodar istigh nuair dúnadh an geata. 24. Do rith sé amach ar fuaid na cathrach go raibh suas le céad fear ó n-a leithéid seo de pharóisde tar éis liostála, agus nár bh'fhuláir nó go raibh an saoghal dian ortha sa tuaith. Acht sé dubhairt a lán nach d'á dtoil féin do liostáladar, acht gurbh amhlaidh mealladh isteach iad. Bhí triúr nó ceathrar cairréaraidhe ó'n bparóisde sa
chathair an lá céadna, agus a lán eile ó pharóisdibh tharainn siar annso. D'airigh gach aon'ne acu an sgéal. Chonnaic cuid mhaith acu an sguaithne ag gabháil anonn fá dhein na bearraice, agus chonnaic beirt nó triúr acu an geata dhá dhunadh ortha. 25. Ghabh cairréaraidhe an bóthar so siar go luath tráthnóna ag teacht ó Chorcaigh dho, agus d'innis sé an sgeal. Bhí sé ar fuaid an pharóisde fá cheann tamaill. Níor crei- deadh é, acht mar sin féin tháinig na daoine ar an mbóthar. Níor bh'fhada 'na diaidh sin gur ghabh carráisde siar agus ceathrar fear ann a bhí ag dul ar aonach. Dubhradar sain ná raibh focal bréige ann. Chrom na mná agus na páisdí ar ghol, acht dubhairt na fir aosta leó gan bheith dhá mbodhradh, agus gur ag magadh fútha bhí na cladhairí sin. Ba ghearr go dtáinig cairréaraidhe eile adubhairt go bfaca sé an mhaighistir agus iad féin ag gabháil isteach sa bhearraic, agus nár thúisge bhíodar istigh ná hiadhadh an geata ortha. Níor bheag sain. Bhí greadadh bas agus na mílte ologón ó thaobh 'taobh de'n paróisde fá cheann leath-uaire. Ní raibh súil tirim i n-óg ná i n-aosta agus ba lag an iongnadh é. Ní raibh fágtha acht an t-aos óg agus sean-daoine gan lúth gan anam, agus i lár an tsaoghail a bhí ann cá bhfuighdís sin biadh ná deoch feasda. 22. Bhí an sagart 'na chomhnuidhe thoir ag teórainn an dá pharóisde an uair sin. Bhí sé féin agus Frisil go mór le chéile. Chualaidh sé ar thuit amach, agus ba mhór an t-iongantas leis é. Chuir sé teachtaire amach dhá rádh leis na daoinibh gan buairt a bheith ortha, agus dá mb' fhíor mar bhí ráidhte, gur ar mhaithe leó rinne an duine uasal é. 27. Ba seacht measa bhíodar 'na dhiaidh sin. Chuaidh cuid de na mnáibh go dtí an tigh mór ag baint sásaimh de Mhíos Nelí, agus thuit sí sin i bfonntais le sgannradh rómpa. Cé nár innis an maighistir di cad bhí sé ar tí dhéanamh, b'fhada é ag trácht thar an arm mar shlighe bheathadh do bhuachaillíbh an pharóisde, agus b'shin críoch ar a chuid cainte sa deireadh. 28. Chuirfidhe teine sa tigh mór an oidhche sin, muna mbeadh go dtáinig droch-sgéal eile ó Corcaigh. B'é sin go raibh deireadh an t-saoghail le bheith ann Dia hAoine bhí chugainn. 'Sé dubhairt na daoine nar bh'iongnadh leo sain tar éis ar thuit amach le trí bliadhnaibh roimhe sin, agus gur bh'fhurusa a aithint le fada go raibh solaoid éigin le teacht. Acht ba mheasa le h-urmhór an pharóisde a ndaoine féin do bheith fá na greamannaibh cruadha i gCorcaigh ná dá dtiocfadh deireadh an tsaoghail fá mhaidin. Dar leó ní bheadh pioc eagla ortha, dá mbeadh na fir óga sa bhaile acu. 29. Bhí Máire Pheadair ag briseadh a croidhe, agus Seaghán Bhríghde chomh maith léi, acht ní raibh aon truagh ag Máire dho-san. 'Sé dubhairt sí nár thuill Seaghán a mhalairt d'imtheacht air, d'éis teacht laistigh di féin 'na cuid talmhan, agus nár mhaoidhte a mhargadh anois air. 30. Maidir le Seaghán bocht, b'fhearr leis bheith fá thalamh ná é sin a chasadh leis. Shíl sé ó'n gcéad lá chuir sé cos i mBaile na hAbhann go n-éireóchadh rud éigin do. Níor bheag dho de dhonas an t-aon mhac a bhí aige do bheith beirthe uaidh, acht bhí eagla an Bhreitheamhnais air. Dubhairt sé le n-a mhnaoi ná béarfadh an Aoine sa bhaile sin ortha, 'pé áit a ngeobhaidís. 31. Bhí a raibh sa pharóisde, beag agus mór, cruinnighthe i dteannta a chéile ar an mbóthar, agus bhí súil acu ó am go ham go mbeadh an duine uasal ag teacht ó Chor- caigh. Acht níor tháinigh sé. D'fhanadar go dtí tar éis aimsire codlata, acht ní raibh aon tuairisg air. 32. Chuireadar a gcomhairle i dteannta a chéile annsan. Cuireadh a bhaile na páisdí agus na mná go léir, acht Maire Pheadair ar leithlig, agus bhog an chuid eile
leó an bóthar soir fá dhéin na cathrach. Shíleadar ná fágfaidhe na buachaillí i bhfad i gCorcaigh, agus ba mhór an nídh leó aon lán súl amháin a bhaint asta sul a gcuirfidhe ar bhórd luinge iad. Bhí Máire Pheadair ar tosach, agus í ag caoineadh a beirte mac. Stadadar ag tigh an tsagairt ag gabháil soir dóibh, acht dubharthas leó go raibh an sagart imthighthe le tamall beag roimhe sin ag triall ar dhuine éigin a bhí breóite sa pharóisde thoir. 33. Siúd leó arís. Bhíodar ag cur an bhóthair díobh go bog réidh, mar ná raibh an óige acu, acht má 'seadh bhíodar i bhfad soir fá mheadhón oidhche. Ní mór ná go rabhadar leath na slighe chum Corcaighe nuair chual- adar mar bheadh duine ag abhrán. Tháinig faitchíos ar chuid acu. “Má mhaireann Tadhg so agam-sa,' ars' an bhaintreach, “sí sin a ghuth.” Sheasuigheadar ar an mbóthar agus d'éis- teadar tamall, acht do stad an ghuth. 34. Ba mhó ná sain an faitchíos a bhí annsain ortha. “Id' cheann a bhí sé a Mháire,” arsa duine de na fearaibh. “Dia idir sinn agus an t-olc!” arsa Seaghán Bhríghde, “ná léigidh oraibh go gcloisfeadh sibh aon nídh mar sin i n-am mharbh na hoidhche.” “Beó nó marbh,” arsa Máire, “sin é Tadhg a bhí ag abhrán.” 35. Is ar éigin bhí sé ráidhte aici, nuair d'airigheadar an ghuth arís. Stadadar agus chuireadar cluas ortha féin, acht níor chualadar gíog. Bhí tigh feirmeóra faid páirce isteach ó'n mbóthar mar a rabhadar. “Bóthar uaigneach é seo rómhainn,” arsa Seaghán, “agus fanamaois annso go gclois- eam an coileach ag glaodhach.” 36. Ní deárnadh rud air. Dubhairt cuid acu gur aniar a bhí an ghut. Cheap a thuil- leadh gur anoir a tháinig sí, acht thabharfadh Seaghán na móide gur fá thalamh a bhí sí. D'fhanfadh sé mar a raibh aige go glaodhach an choiligh dá bhfanfadh aon'ne 'na fhochair. Bhí eagla a dóthain ar Mháire, cé nár leig sí uirthi é, agus b' fhearr leó iad do fhuireach, acht thabharfadh sí fa'n mbóthar na haonar níos túisge ná dhéanfadh sí cuideachta do Sheaghán. D'imthigheadar ortha, acht ní hí Máire bhí ar tosach as sain amach. 37. Tar éis tamaill mhaith eile chualadar an chaint go léir, agus d'aithnigheadar go raibh dream éigin chuca. Bhí an bóthar dorcha agus crainn ar gach taobh de. “Ní dhéanfadh sibh rud orm,” arsa Seaghán. “Mhaise éist do bhéal!” arsa fear eile, “sochraid éigin atá ann.” Níor stad an bhaintreach de ghol ó thráthnóna go dtí sin. Luigheadar isteach i ndíg an bhóthair go dtáinig an sgata mór fear i ngiorracht dóibh. B' iad a muintir féin a bhí ann, agus cuireadh na mílte fáilte rómpa. Do rith gach aon'ne d'fhios a dhuine féin, agus ghuil Máire arís nuair chonnaic sí a beirt mhac. 38. “Arú an bhfuil oraibh dul isteach arís?” ar sise. “B'olc a-b'fhiú dhúinn bheith ag dul isteach as so go hAoine,” ar siad-san, “má's fíor go bhfuil deireadh an tsaoghail chugainn.” “Agus a bhuachaillí, nach ait an gnó dhíbh- se bheith ag abhrán má tá a leithéid de sholaoid buailte linn?” arsa Seaghán Bhríghde. “Is dócha é,” arsa Tadhg Mháire Pheadair, “act faid bheimíd ann, bíom ag ól, cá beag dhúinn a luaithe bheimíd marbh?” ar sé. “Go saoraidh Dia sinn!” arsa Seaghán leis féin, “is ait an saoghal é.” 39. Gluaiseadar a-bhaile le cois a chéile, agus ní gan chaint a bhíodar. D'innis na fir óga mar dubhairt an maighistir leó bheith ag féachaint ar an “druil” i bhfaithche na bearraice nó go mbeadh sé féin réidh leó, agus tar éis uaire a chluig ag caint le hoifigeach do, mar dubhairt sé leó dul
a-bhaile, acht níor b'é a dtuairim go raibh aon'ne ar aigneadh iad do liostáil. 40. “Cé dubhairt libh go bhfuil deireadh an tsaoghail ag druideamhaint linn?” arsa Seaghán. “Bhí sé i mbéal gach aon'ne d'éis teacht amach as an mbearraic dúinn,” ar siad. Rinne na daoine aosta talamh slán de gur bh'é sin cúis ar leigeadh amach iad, agus mo lámh dhuit ná rabhadar ró-shásta 'na n-aigneadh. 41. Bhí breacadh an lae ann nuair bhíodar ar aghaidh tighe an tsagairt amach arís. “B'fhearra dhúinn labhairt leis an sa- gart,” arsa duine éigin, “agus tá a fios aige sin an fíor é nó nach fíor é.” “Fiafraigh-se dhe é, a Sheagháin, ó is agat is fearr atá an teanga,” arsa fear eile. “Budh dhóigh liom,” arsa Tadhg Mháire Pheadair, “nach fada uaibh an Aoine agus má bhíonn foidhne agaibh go dtí sin, nach gá'dh dhíbh bheith dhá fhiafraighe d'aon'ne.” “Mhaise,” ars' an ceathramhadh fear, “ná fuil a fhios agaibh ná beadh sé ceart ag an sagart uair a bháis d'innsint d'aon'ne?” 42. B'fhearr le Seaghán duine éigin eile labhairt leis an sagart ná é féin, acht bhí eagla air go n-imtheóchaidís gan aon'ne labhairt leis. “Fanaidh má'seadh,” ar sé “agus labharfad- sa leis, ó is é is maith libh.” 43. Ní raibh an sagart acht tar éis dul a chodladh, agus d'airigh sé an gleó go léir amuigh. Chuaidh Seaghán fá'n bhfuinneóig agus ghlaoidh sé air. D'éirigh sé agus chuir sé a cheann sa bhfuinneóig. “An ó Chorcaigh atáthaoi ag teacht?” ar sé. “Cuid againn, a athair,” arsa Seaghán. “Leigeadh amach na buachaillí mar gheall ar sgéala tháinig go Corcaigh indiu gur gearr uainn an lá deireannach.” 44. “Caidé sin agat dhá rádh?” ars an sagart. “Deireadh an tsaoghail a bheith chughainn Dia hAoine, a athair, má's fíor do'n dúthaigh é.” “Téidhidh a-bhaile,” ars' an sagart leó, “agus ná géillidh dá leithéid sin go gcloisidh sibh uaim-se é.” “'Sdó' a athair,” arsa Seaghán arís, “sin í an chúis ar leigeadh amach as an mbearraic iad so do réir dheáraimh.” “Imthigh, a bhreallóg, agus leig dham néal a chodladh!” ars'an sagart, agus dhún sé an fhuinneóg. 45. Phléasg a raibh ann ar gháiridhe acht amháin Seaghán. Ghluaiseadar a-bhaile, agus níor bh'fhada gur chrom cuid acu ar mhagadh fá Sheaghán bocht, dhá rádh gur eagla bhí air go gcaillfeadh sé a ghreim ar Bhaile na hAbhann, agus gur ar an duine saidhbhir is mó bhíonn eagla an bháis riamh. Dubhairt a thuilleadh go mb'fhearr cleamhnas do réidh- teadh idir Sheaghán agus Máire Pheadair, ó bhí aos mór ag bean Sheagháin, acht bhí cuid eile acu dhá rádh go mb'fhéidir gur bh'fhíor fós an sgéal i dtaobh na hAoine, acht ná leómhfadh an sagart sain do rádh. Acht bhí sé buailte amach 'na aigneadh ag Seaghán, dá mbeadh céad bliadhan eile ionáirithe dho, ná fanfadh sé i mBaile na hAbhann tar éis an dá phreib a baineadh as. 46. Tháinig an maighistir a-bhaile lá ar n-a bháireach, agus hinniseadh dó mar thuit amach an oidhche roimhe sin agus mar éirigh dá dheirbh- shiúir. “Nár mhór an mhí-thuigsint duit iad do bhreith isteach sa bhearraic i n-aon chor?” arsa Mios Nelí leis. “Shíleas,” ar seisean, “go mbeadh sé chomh maith acu fuireach annsan le fuireach i n-aon áit eile, ó bhíos dhá iarraidh ar an oifigeach focal a chur isteach leis an mBórd ar a son, agus ba mhaith liom radharc a thasbáint dóibh ná facadar riamh go dtí sin.”
47. Chualaidh Seaghán go dtáinig sé a-bhaile. “Geobhad anonn chuige siúd,” ar seisean le n-a mhnaoi, “agus iarrfad air áit éigin eile thabhairt dam dá éagmais seo.” “Bheadh sé chomh maith agat i n-ainm Dé,” ars' an bhean. “Is amhlaidh chuirfidh sé an rith orm,” ar sé leis féin, “má chualaidh sé an comhrádh bhí idir mé féin agus an sagart ar maidin, acht dar ndóigh ní chreidfeadh na Páilitínigh sin aon nídh ná feicfidís le n-a súilibh cinn féin.” 48. Chonnaic sé an duine uasal. “Caidé an deamhan a tháinig oraibh aréir tré n-a chéile?” ars' an maighistir. “Arú a dhuine uasail,” arsa Seaghán, “daoine bochta simplidhe, 'seadh sinn, agus ná tóg orainn é. Baineadh preab as mo mhnaoi nach fearrde í le n-a saoghal.” 49. “An raibh sí ortha súd do chuir Mios Nelí i riochtaibh báis?” “Go deimhin, ní raibh, a dhuine uasail,” arsa Seaghán, “agus b'olc an chóir d'aon'ne droch-fhocal do rádh le Mios Nelí ná leat-sa.” “Agus cad tá uait anois, a Sheagháin?” “Tá, a dhuine uasail, féachaint an mb'é do thoil áit eile do thabhairt dam i n-ionad Bhaile na hAbhann. Ní mhairfeadh mo bhean mí ann tar éis na hoidhche aréir.” “Tá feirm seacht mbó le tabhairt do Mháire Pheadair agam 'na leithéid seo de bhaile, agus má's fearr leat-sa beith ann ná i mBaile na hAbhann gheobhair é,” ars'an maighistir. “B'fhearr go fada, a dhuine uasail,” d'fhreagair Seaghán. 50. Ó chualaidh Frisil an bhaintreach do bheith mar bhí sí aréir roimhe sin, chuir sé fios uirthi agus thug sé saoghal ar Bhaile na hAbhann ar fad di. Rinneadh stíobhard de Thadhg faid bhí an bóthar nua dá dhéanamh. Chuaidh a dhearbhráthair go hAimericá 'na dhiaidh sin agus phós Tadhg an aon inghean a bhí ag Seaghán Bhríghde. 51. Bhíodar i mBaile na hAbhann gur cuireadh amach fiche bliadhain ó soin iad, agus annsain chuadar go hAimericá fá dhéin dearbhráthar Thaidhg a bhí go láidir ann. Ní mar sin a bheadh dá bhfágthaoi a chuid féin ag an sean-mhaighistir. B'é an truaighe chráidhte mar cuireadh an stát fá'n gcúirt tar éis an droch-shaoghail air, agus mar díoladh é le cladhaire Sasanaigh ná facathas sa pharóisde riamh ó shoin. “Baile na h-Abhann.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services