GO bhfóiridh Dia orainn! is mór
an t-anró agus an gábhatar a rug
ar an gceanntar so sa droch-
shaoghal a bhí ann deich mbliadhna
agus dá fhichid ó shoin, agus is beag an
chuimhne tá anois ar an aimsir sin. Is
iomdha fear a bhí go socair sásta ina chuid
talmhan, agus caitheamh agus fagháil go dtí sin aige,
a cuireadh le fán fada nuair chruadhuigh an
saoghal, agus is iomdha fear macánta bhíodh ar
bheagán bídh ná dighe dho féin ná d'a pháisdíbh
ar feadh a trí nó a ceathair de bhliadhnaibh,
ní dh'a chasadh leo é. Ba dhóigh leat ar na
daoinibh óga tá sa pharóisde anois ná rug
aon lá bocht ar a sinsearaibh riamh. Tá an
oiread sain éirghe i n-áirde i gcuid acu go
deimhin gur dhóigh leat gur bh'iad do thug an
tobac go hÉirinn.
2. Bhí cuid de na maighistiríbh go holc
agus go dian-olc san am sain, mar táid fós, agus
ba chuma leó é acht a gcuid cíosa bhaint
amach, nó na Críostuidhthe chaitheamh amach
ar an mbóthar. Níor bh' é sin do'n mhaighistir
a bhí ar an áit seo é, go ndearna Dia
trócaire air; cé gur Phailitíneach é, ba
mhaith daonnachtach an fear é. Bhí a rian
sain ar an bparóisde — ní bhfuair aon'ne bás
le hocras ann, acht cailleadh a lán as so ó
dheas go dtí an Sgibirín, slán mar a
n-innistear é!
3. Frisil dob' ainm do'n mhaighistir, agus bhí sé
na chomhnuidhe, é féin agus a dheirbhshiúr, sa' tigh
mór sain thíos atá ag tuitim i ngabhal a
chéile anois. Catoilicigh dob' eadh a raibh
eile sa pharóisde acht é féin agus Mios Nelí, a
dheirbhshiúr. Ba bheag duine eile sa pharóisde
thuigeadh Béarla acht iad araon, agus do
labhraidís sin, leis, an Ghaedhilg go breágh
blasta. Má bhí sé féin go maith, ba sheacht
fearr ná sain an t-ainm a bhí ar Mhios Nelí.
Bhí an pharóisde seo go léir fá chíos aige,
acht bhí an machaire breágh thalmhan sain
timcheall an tighe mhóir aige féin. Ní
éiligheadh sé leath-phinginn cíosa ortha sain
a bhí ar bheagán talmhan, acht laetheanta
oibre fhagháil uatha timcheall an tighe mhóir.
Bhíodh a mhaide sgóir ag gach aon fhear bocht
sa pharóisde, agus níor dheacair lá chur ar an
maide fá'n duine uasal. Nuair tháinig
an gorta, bhíodh Mios Nelí agus beirt nó triúr
seirbhíseach gnóthach o mhaidin go hoidhche ag
beiriughadh phrátaidhe agus chairéadaidhe agus
mheacan do na bochtánaibh ocracha ghabhadh an
treó, agus b' annamh do'n chrocán mhór gan bheith
lán os cionn na teineadh.
4. Do lean an gábhatar thar bárr go
ceann a dó nó a trí de bhliadhnaibh, agus is ag
meadughadh bhí sé. Bhí na daoine ag imtheacht
'na gcuid agus 'na gcuid go Sasana agus go
hAimericá, go dtí gur bheag ógánach na
mná óga bhí sa pharóisde ná sa cheann so
do'n dúthaigh. Bhí an maighistir féin tar éis
tréimhse éigin do thabhairt san arm i bhfad
roimhe sin, agus is minic adeireadh sé, dá
mbeadh sé féin mar ógánaigh an pharóisde,
go mb' fhearr leis dul san arm ná a aghaidh
do thabhairt ar na fairrgibh fiadhaine.
B'fhearr leis na fearaibh óga an fhairrge
féin ná an t-arm, acht b' fhearr leis an
méid ná raibh imthighthe acu fuireach sa bhaile,
dá bhféadfaidís é, ná tabhairt fá'n bhfairrge
ná fá'n arm, nídh nár locht ortha.
5. Chualaidh na daoine trácht thar an
mBórd o' works, agus bhí súil acu go bhfuighdís
fagháltas éigin le tuilleamh as. Bhí Frisil
dh'á rádh leó gur sgríobh sé a dó nó a trí de
litreachaibh chum an Bhúird mar gheall ar
bhóthar a bhí ina aigneadh dhéanamh. Ní raibh an
bóthar nua déanta an uair sin, agus ní raibh de
bhóthar ó Chorcaigh acht an sean-bhóthar thuas
le n-a chuid árdán agus ísleán. Fuair sé
sgéala ó'n mBórd fá dheireadh go
ndéanfaidhe an bóthar, má bhí na daoine
gábhatarach, agus má bhí an sean-ród chomh holc
agus dubhairt sé é. Budh ró-ghearr go mbeadh
an pharóisde i ndroch-shlighe, mar bhí a chuid
de'n tsaoghal dhá thabhairt uaidh ag an duine
uasal, agus é féin nach mór briste.
6. Acht cé nár luigh an gábhatar chomh
trom annso agus luigh sé i n-áitibh eile, is
iomdha cor a chuir an pharóisde dhi na
bliadhanta sain. Bhíodh na daoine ag
imtheacht ó áit go háit, i dtreó nach iad an
lucht comhnuighthe céadna bhí i n-aon bhaile sa
pharóisde i ndeireadh an droch-shaoghail agus bhí
ann 'na thosach.
7. Níor airighis riamh sgéal dob' aite ná
an chuma i bhfuair baintreach seilbh i mBaile
na hAbhann ar fad le linn na haimsire sin.
Sul a dtáinig an droch-shaoghal, bhí an baile
ag seisear eatortha, féar dhá bhó ag an
duine acu, acht níor roinneadh an baile
riamh. Bhí an baile na pháirceannaibh móra,
agus is amhlaidh bhíodh ithe ar a chion féin do'n
inneabhar, ag gach nduine, agus a chion féin aige
de gach aon pháirc a bhíodh curtha — deich
n-iomaire nó as sain go fiche iomaire do
réir méid na páirce. Ní raibh a bhac ar
aon'ne prátaidhe nó coirce nó 'pé nídh ba
mhaith leis a chur 'na chuid féin do'n pháirc.
Bhíodh cuid do'n bhaile 'na mhóinfhéar gach
aon bhliadhain acu, agus is amhlaidh bhainidís
agus shaothruighdís an féar le cabhair a chéile, agus
roinnidís le chéile é nuair bhíodh sé tirm 'na
stuacánaibh acu. B'é ceart gach nduine lá
sa tseachtmhain do bheith aige ar chapaillín a
bhíodh acu, acht níor chualaidh na comharsain
riamh an dara focal eatortha mar gheall
air. Ní gan a túirne olna agus a túirne lín.
agus a bró bheag a bhíodh gach aon bhean tighe san
aimsir sin. Shníomhaidís a gcuid bréide
féin, agus mheilidís a gcuid coirce, an méid a
bhíodh uatha dhe, agus cé nár mhór é fagháltas gach
aon'ne, mhairidís go sásta, mar ná caithtí
oiread airgid ins na siopaíbh agus chaithtear
anois.
8. Acht bhí malairt sgéil ag na daoinibh
bochta i mBaile na hAbhann nuair mheath na
prátaidhe ortha; agus toisg an áit a bheith
cumhang, luigh an saoghal go cruaidh ortha
ar feadh bliadhna nó dhó. Ní ortha amháin
a tháinig an cruadh-chás. Ba ghearr go raibh
na daoine ag imtheacht, agus go raibh feirmeacha
i n-áirde thall agus abhus. D'imthigh cuid de
mhuintir Bhaile na h-Abhann go bailtibh eile,
agus a thuilleadh acu thar sáile, go dtí ná raibh
ann acht an dá theach gan bheith folamh.
9. Baintreach a bhí 'na comhnuidhe i dtigh
acu, agus Tadhg Ruadh thugaidís ar an bhfear
a bhí sa tigh eile. Bhí beirt mhac ag an
mbaintrigh, agus triúr mac ag Tadhg Ruadh.
Buachaillí maithe dícheallacha b'eadh iad a
gcúigear, a thuilleadh an sgilling i ngach
áit a mbíodh sí le fagháil, agus ná fágadh a lán
d'a gcuid i dtigh an óil. Bhí a chomhartha
sain ar an mbaintrigh agus ar Thadhg. Chong-
bhuigheadar a ngreim ar an talamh, agus thugai-
dís roinnt bheag airgid ar a chuid de'n
bhaile do gach aon'ne bhíodh ag imtheacht as,
nó go raibh féar sé mbó ag an nduine acu.
Go dtí sin thugadh na buachaillí laetheanta
oibre do'n mhaighistir i n-ionad cíosa, acht
nuair bhí féar sé mbó acu, ní ghlacfadh sé
obair uatha ní budh shia i ngeall ar an gcíos.
B'fhearr leis beagán éigin airgid d'fhagháil
uatha nuair bheadh sé oireamhnach acu, agus an
obair d'fhagháil ó n-a daoinibh a bhí ar bheagán
talmhan.
10. “Seadh,” arsa Tadhg leis féin, “budh
mhaith a bheinn anois, dá nglacfadh an duine
uasal obair uaim tar cheann cíosa, acht dar
ndóigh ní fhéadfadh sé bheith na ghruth agus 'na
mheidhg agam annso. Agus nídh eile,” ar
seisean, “ní fhuil obair dom' thriúr garsún
im' chionmhaireacht de'n bhaile seo.”
11. B'é críoch is rádh an sgéil é gur
réidhtigh sé féar deich mbó de thalamh ó
mhaighistir eile. Tháinig meitheal fear chuige
aon oidhche amháin. Chuir sé beirt nó triúr
fear mar ghárda ar gach doras comharsan,
le heagla go sgéithfeadh aon'ne air. Chuir
fé garda ar dhoras na baintrighe. Bhailigh
sé leis a raibh aige fá mhaidin, idir bhoin agus
asair, agus d'fhág sé Baile na hAbhann ar fad
fá'n mbaintrigh.
12. B'olc an díol ar Frisil aon'ne
bhí fá imtheacht ar an gcuma sain, gan a
chíos a dhíol leis, dá mbeadh sé aige le
tabhairt uaidh. Acht is amlaidh thug Tadhg
an méid a bhí amuigh ag Frisil do'n mhaighis-
tir eile. Ní deárnadh aon iongnadh dhe.
Bhí a leithéid sin ag tuitim amach gach aon
tseachtmhain.
13. Tháinig fear eile ag réidhteadh leath-
Bhaile na h-Abhann ó Fhrisil. Seaghán Bhríghde
b'ainm dho. Bhí deich bpúint airgid cruin-
nighthe aige, agus ba mhaith leis an féar sé
mbó sain a bhí i n-áirde bheith aige, dá mb'
éigean do sgaramhaint leis na deich bpúint.
Dubhairt an duine uasal ná déanfadh, go
raibh a stát na mhion-bhlúiríbh go dtí sin,
acht ó bhí na daoine ag imtheacht go ndéanfadh
sé feirmeacha nídh badh mhó dhe feasda.
14. “Acht,” ar seisean, “'neósad duit
cad dhéanfaidh mé leat. Má thugair deich
bpúint dom, tabharfad saoghal ar Bhaile na
hAbhann go léir dhuit.”
“A ghráidh ghil a mhaighistir,” arsa Seaghán,
“ná fuil a leath ag Máire Pheadair? agus dar
ndóigh ní bhfuighinn óm' chroidhe teacht laistigh
do'n bhaintrigh.”
“Ná bíodh ceist ort 'na taobh sain,” arsa
Frisil, “acht fág fúm-sa í. Tabharfad séar
sé mbó dhi i mbaile éigin eile chomh luath a's
bheidh áit oireamhnach agam di.”
15. Bhí ceist ar Sheaghán, ámhach, acht ní
raibh teacht as aige tar éis an duine uasail
a thabhairt a fhocail ná deanfaidhe aon
éagcóir ar an mbaintrigh. Thug sé a chuid
airgid do'n mhaighistir. B'é sin an súil nár
síleadh ag an duine uasal, agus theastuigh
sé go cruaidh uaidh, mar is annamh do
gheabhadh sé breith ar dheich bpúint i dteannta
a chéile.
16. D'airigh Máire Pheadair an sgéal.
Chuaidh si chum cainte leis an maighistir agus
gheall sé sin di go dtiubhradh sé féar a sé
nó a seacht de bhuaibh di chomh luath agus bheadh
feirm do'n oiread sain i n-áirde aige.
Dubhairt sé léi fuireach 'na tigh go dtí sin,
agus a cuid stuic do choimeád ar an talamh,
go bhfuigheadh a beirt mhac obair sa Bhórd o'
Works, agus go ndéanfadh sé stiobhard do'n
té ba shine acu faid bheadh an obair ar
siubhal. Bhí sí sásta leis an maighistir agus le
n-a chuid cainte, acht ní raibh sí sásta ná
leath-shásta le Seaghán Bhríghde i dtaobh
teacht ag brúdh uirthi i mBaile na hAbhann.
17. Tháinig Seaghán lá ar n-a bháireach.
Thug sé leis a chuid stuic agus ar bhain leis, agus
chuaidh sé isteach i dtigh Thaidhg Ruaidh chum
comhnuighthe, acht má 'seadh thug Máire
Pheadair íde an mhadraidh air. Fear mín
macánta b'eadh Seaghán bocht, agus níor chead-
uighthe leis ar an saoghal an bhaintreach a
bheith mí-bhuidheach de. Ní raibh sé seachtmhain
i mBaile na hAbhann nuair b'fhearr leis bheith
san áit a bhí cheana aige, acht bhí duine eile
'na ionad annsain. Bhí a bhean agus a chlann
sa mheón chéadna, acht cad bhí le déanamh
acu?
18. Bhí an sgéal mar sin eatortha nuair
chuir an maighistir sgéala amach go raibh
lucht an Bhúird le bheith i gCorcaigh Dia
Luain a bhí chugainn, agus fir óga an pharóisde
bheith ullamh chum dul ann le n-a chois fá n-a
ndéin. Tháinig an Luan, agus má tháinig bhuail
fir an pharóisde um a chéile ar maidin go
moch, acht na seandaoine ar leithlig, agus siúd
leó fá dhéin na cathrach. Bhí beirt no triúr
as gach aon bhaile sa pharóisde ann. Bhí
beirt mhac na baintrighe ann, agus aon mhac
amháin a bhí ag Seaghán Bhríghde. Ní raibh
capall ná asal acu. Fiche míle tá ó'n
gcrosaire sin thíos isteach go cathair Chor-
caighe, acht ba bheag ag na daoinibh fiche nó
dá fichid míle do chur díobh sa tsaoghal sain
de shiubhal a gcos.
19. Rug an maighistir ortha i dtaisteal
an bhóthair dhóibh. Bhí capall maith agus
sean-charáisde aige sin. Thug sé mar-
caigheacht do bheirt acu ná raibh chomh cos-
éadtrom leis an gcuid eile, agus thiomáin sé
leis. Theangmhuigheadar arís ar a cheile
i gCorcaigh i gcionn tamaill mhaith de'n lá,
agus bhuaileadar síos i n-aon sguaithne amháin
go dtí an oifig mar a raibh lucht an Bhúird
o' Works, agus an maighistir rómpa amach.
Chuaidh Frisil isteach san oifig agus d'fhan an
chuid eile 'na seasamh sa tsráid. Chonncadar
na daoine uaisle ag féachaint amach trés
na fuinneógaibh ortha.
20. Níor ró-fhada go dtáinig Frisil
amach, agus le n-a linn sin cé chasfaidhe air
acht beirt chaptaen airm a bhí ag gabháil
aníos an tsráid. Chrothadar lámh le chéile
agus d'fhanadar ag caint tamall maith. Tré
n-a gcomhrádh dóibh bhíodar ag féachaint ar
na fearaibh a bhí na seasamh sa tsráid, agus
bhí a fhios acu-san go raibh rud éigin dhá
rádh acu mar gheall ortha féin. D'imthigh
an dá chaptaen, acht níor chrothadar féin
agus Frisil lámh le chéile ar a n-imtheacht
dóibh.
21. “Gluaisidh, a bhuacaillí,” arsa Frisil,
“go bhfaigheam rud éigin le n-ithe.”
“Ar éirigh leat, a dhuine uasail?” arsa
fear acu.
“Ní fheadar fós,” ar seisean, “acht
labharfad le duine uasal eile ar ball.”
Rug sé síos sráid bheag chumhang iad, agus
dubhairt sé le bean a bhí annsain i siopa,
min choirce agus bainne a ndóthain a thabhairt
do na fearaibh sin, agus go ndíolfadh sé féin
an costas.
22. “Fanaid annso go dtagad-sa chu-
ghaibh,” ar seisean, agus d'imthigh sé.
Ní raibh aon ocras ar na fearaibh nuair
d'fhill an maighistir.
“Seadh,” ar seisean, “is mithid dúinn
bheith sa tsiubhal.”
Sin a ndubhairt sé, acht bhuail sé an
tsráid suas rómpa agus a cheann faoi mar
bheadh sé ag smaoineamh ar rud eigin. Bhí
sé ag gabháil síos sráid agus ag gabháil suas
sráid, agus iad 'na dhiaidh, agus níor stad sé
riamh gur buail sé geata na bearraice
isteach. D'umhluigh an saighdiúir a bhí ar
an ngeata dho nuair bhí sé ag gabháil
thairis isteach.
23. Do stad an chuid eile.
“An raghmaoid isteach?” arsa fear acu.
“Cad do bhéaradh isteach sinn?” arsa
beirt nó triúr. “B'fhéidir ná tioc-
famaois amach fé mhaise.”
Thug an duine uasal súil-fhéachaint thar
a ghualainn agus chonnaic sé 'na seasamh amuigh
iad.
“Tagaidh isteach,” ar sé, agus é ag imtheacht
air.
Chuaidh cuid acu isteach. Lean an chuid
eile go leisgeamhail iad, agus níor bh'fhada
bhíodar istigh nuair dúnadh an geata.
24. Do rith sé amach ar fuaid na cathrach
go raibh suas le céad fear ó n-a leithéid
seo de pharóisde tar éis liostála, agus nár
bh'fhuláir nó go raibh an saoghal dian ortha
sa tuaith. Acht sé dubhairt a lán nach d'á
dtoil féin do liostáladar, acht gurbh
amhlaidh mealladh isteach iad. Bhí triúr nó
ceathrar cairréaraidhe ó'n bparóisde sa
chathair an lá céadna, agus a lán eile ó
pharóisdibh tharainn siar annso. D'airigh
gach aon'ne acu an sgéal. Chonnaic cuid
mhaith acu an sguaithne ag gabháil anonn fá
dhein na bearraice, agus chonnaic beirt nó
triúr acu an geata dhá dhunadh ortha.
25. Ghabh cairréaraidhe an bóthar so siar
go luath tráthnóna ag teacht ó Chorcaigh dho,
agus d'innis sé an sgeal. Bhí sé ar fuaid an
pharóisde fá cheann tamaill. Níor crei-
deadh é, acht mar sin féin tháinig na daoine
ar an mbóthar. Níor bh'fhada 'na diaidh sin
gur ghabh carráisde siar agus ceathrar fear
ann a bhí ag dul ar aonach. Dubhradar
sain ná raibh focal bréige ann. Chrom na
mná agus na páisdí ar ghol, acht dubhairt na
fir aosta leó gan bheith dhá mbodhradh,
agus gur ag magadh fútha bhí na cladhairí
sin. Ba ghearr go dtáinig cairréaraidhe
eile adubhairt go bfaca sé an mhaighistir
agus iad féin ag gabháil isteach sa bhearraic,
agus nár thúisge bhíodar istigh ná hiadhadh
an geata ortha. Níor bheag sain. Bhí
greadadh bas agus na mílte ologón ó thaobh
'taobh de'n paróisde fá cheann leath-uaire.
Ní raibh súil tirim i n-óg ná i n-aosta
agus ba lag an iongnadh é. Ní raibh fágtha
acht an t-aos óg agus sean-daoine gan lúth
gan anam, agus i lár an tsaoghail a bhí ann cá
bhfuighdís sin biadh ná deoch feasda.
22. Bhí an sagart 'na chomhnuidhe thoir ag
teórainn an dá pharóisde an uair sin.
Bhí sé féin agus Frisil go mór le chéile.
Chualaidh sé ar thuit amach, agus ba mhór an
t-iongantas leis é. Chuir sé teachtaire
amach dhá rádh leis na daoinibh gan buairt
a bheith ortha, agus dá mb' fhíor mar bhí ráidhte,
gur ar mhaithe leó rinne an duine uasal é.
27. Ba seacht measa bhíodar 'na dhiaidh
sin. Chuaidh cuid de na mnáibh go dtí an
tigh mór ag baint sásaimh de Mhíos Nelí, agus
thuit sí sin i bfonntais le sgannradh
rómpa. Cé nár innis an maighistir di
cad bhí sé ar tí dhéanamh, b'fhada é ag
trácht thar an arm mar shlighe bheathadh do
bhuachaillíbh an pharóisde, agus b'shin críoch ar
a chuid cainte sa deireadh.
28. Chuirfidhe teine sa tigh mór an oidhche
sin, muna mbeadh go dtáinig droch-sgéal
eile ó Corcaigh. B'é sin go raibh deireadh
an t-saoghail le bheith ann Dia hAoine bhí
chugainn. 'Sé dubhairt na daoine nar
bh'iongnadh leo sain tar éis ar thuit amach le
trí bliadhnaibh roimhe sin, agus gur bh'fhurusa a
aithint le fada go raibh solaoid éigin le
teacht. Acht ba mheasa le h-urmhór an
pharóisde a ndaoine féin do bheith fá na
greamannaibh cruadha i gCorcaigh ná dá
dtiocfadh deireadh an tsaoghail fá mhaidin.
Dar leó ní bheadh pioc eagla ortha, dá
mbeadh na fir óga sa bhaile acu.
29. Bhí Máire Pheadair ag briseadh a
croidhe, agus Seaghán Bhríghde chomh maith léi,
acht ní raibh aon truagh ag Máire dho-san.
'Sé dubhairt sí nár thuill Seaghán a
mhalairt d'imtheacht air, d'éis teacht laistigh
di féin 'na cuid talmhan, agus nár mhaoidhte a
mhargadh anois air.
30. Maidir le Seaghán bocht, b'fhearr
leis bheith fá thalamh ná é sin a chasadh leis.
Shíl sé ó'n gcéad lá chuir sé cos i mBaile
na hAbhann go n-éireóchadh rud éigin do.
Níor bheag dho de dhonas an t-aon mhac a bhí
aige do bheith beirthe uaidh, acht bhí eagla an
Bhreitheamhnais air. Dubhairt sé le n-a
mhnaoi ná béarfadh an Aoine sa bhaile sin
ortha, 'pé áit a ngeobhaidís.
31. Bhí a raibh sa pharóisde, beag agus mór,
cruinnighthe i dteannta a chéile ar an
mbóthar, agus bhí súil acu ó am go ham go
mbeadh an duine uasal ag teacht ó Chor-
caigh. Acht níor tháinigh sé. D'fhanadar go
dtí tar éis aimsire codlata, acht ní raibh
aon tuairisg air.
32. Chuireadar a gcomhairle i dteannta
a chéile annsan. Cuireadh a bhaile na
páisdí agus na mná go léir, acht Maire
Pheadair ar leithlig, agus bhog an chuid eile
leó an bóthar soir fá dhéin na cathrach.
Shíleadar ná fágfaidhe na buachaillí i bhfad
i gCorcaigh, agus ba mhór an nídh leó aon lán
súl amháin a bhaint asta sul a gcuirfidhe ar
bhórd luinge iad. Bhí Máire Pheadair ar
tosach, agus í ag caoineadh a beirte mac.
Stadadar ag tigh an tsagairt ag gabháil
soir dóibh, acht dubharthas leó go raibh an
sagart imthighthe le tamall beag roimhe sin
ag triall ar dhuine éigin a bhí breóite sa
pharóisde thoir.
33. Siúd leó arís. Bhíodar ag cur an
bhóthair díobh go bog réidh, mar ná raibh an
óige acu, acht má 'seadh bhíodar i bhfad soir
fá mheadhón oidhche. Ní mór ná go rabhadar
leath na slighe chum Corcaighe nuair chual-
adar mar bheadh duine ag abhrán. Tháinig
faitchíos ar chuid acu.
“Má mhaireann Tadhg so agam-sa,' ars'
an bhaintreach, “sí sin a ghuth.”
Sheasuigheadar ar an mbóthar agus d'éis-
teadar tamall, acht do stad an ghuth.
34. Ba mhó ná sain an faitchíos a bhí
annsain ortha.
“Id' cheann a bhí sé a Mháire,” arsa
duine de na fearaibh.
“Dia idir sinn agus an t-olc!” arsa
Seaghán Bhríghde, “ná léigidh oraibh go
gcloisfeadh sibh aon nídh mar sin i n-am
mharbh na hoidhche.”
“Beó nó marbh,” arsa Máire, “sin é
Tadhg a bhí ag abhrán.”
35. Is ar éigin bhí sé ráidhte aici, nuair
d'airigheadar an ghuth arís. Stadadar agus
chuireadar cluas ortha féin, acht níor
chualadar gíog. Bhí tigh feirmeóra faid
páirce isteach ó'n mbóthar mar a rabhadar.
“Bóthar uaigneach é seo rómhainn,” arsa
Seaghán, “agus fanamaois annso go gclois-
eam an coileach ag glaodhach.”
36. Ní deárnadh rud air. Dubhairt cuid
acu gur aniar a bhí an ghut. Cheap a thuil-
leadh gur anoir a tháinig sí, acht thabharfadh
Seaghán na móide gur fá thalamh a bhí sí.
D'fhanfadh sé mar a raibh aige go glaodhach an
choiligh dá bhfanfadh aon'ne 'na fhochair. Bhí
eagla a dóthain ar Mháire, cé nár leig sí
uirthi é, agus b' fhearr leó iad do fhuireach, acht
thabharfadh sí fa'n mbóthar na haonar níos
túisge ná dhéanfadh sí cuideachta do
Sheaghán. D'imthigheadar ortha, acht ní hí
Máire bhí ar tosach as sain amach.
37. Tar éis tamaill mhaith eile chualadar
an chaint go léir, agus d'aithnigheadar go raibh
dream éigin chuca. Bhí an bóthar dorcha agus
crainn ar gach taobh de.
“Ní dhéanfadh sibh rud orm,” arsa
Seaghán.
“Mhaise éist do bhéal!” arsa fear eile,
“sochraid éigin atá ann.” Níor stad an
bhaintreach de ghol ó thráthnóna go dtí sin.
Luigheadar isteach i ndíg an bhóthair go
dtáinig an sgata mór fear i ngiorracht
dóibh. B' iad a muintir féin a bhí ann, agus
cuireadh na mílte fáilte rómpa. Do rith
gach aon'ne d'fhios a dhuine féin, agus ghuil
Máire arís nuair chonnaic sí a beirt mhac.
38. “Arú an bhfuil oraibh dul isteach
arís?” ar sise.
“B'olc a-b'fhiú dhúinn bheith ag dul isteach
as so go hAoine,” ar siad-san, “má's fíor
go bhfuil deireadh an tsaoghail chugainn.”
“Agus a bhuachaillí, nach ait an gnó dhíbh-
se bheith ag abhrán má tá a leithéid de
sholaoid buailte linn?” arsa Seaghán
Bhríghde.
“Is dócha é,” arsa Tadhg Mháire Pheadair,
“act faid bheimíd ann, bíom ag ól, cá
beag dhúinn a luaithe bheimíd marbh?” ar sé.
“Go saoraidh Dia sinn!” arsa Seaghán
leis féin, “is ait an saoghal é.”
39. Gluaiseadar a-bhaile le cois a chéile,
agus ní gan chaint a bhíodar. D'innis na fir
óga mar dubhairt an maighistir leó bheith ag
féachaint ar an “druil” i bhfaithche na
bearraice nó go mbeadh sé féin réidh leó,
agus tar éis uaire a chluig ag caint le
hoifigeach do, mar dubhairt sé leó dul
a-bhaile, acht níor b'é a dtuairim go raibh
aon'ne ar aigneadh iad do liostáil.
40. “Cé dubhairt libh go bhfuil deireadh
an tsaoghail ag druideamhaint linn?” arsa
Seaghán.
“Bhí sé i mbéal gach aon'ne d'éis teacht
amach as an mbearraic dúinn,” ar siad.
Rinne na daoine aosta talamh slán de
gur bh'é sin cúis ar leigeadh amach iad, agus
mo lámh dhuit ná rabhadar ró-shásta 'na
n-aigneadh.
41. Bhí breacadh an lae ann nuair
bhíodar ar aghaidh tighe an tsagairt amach
arís.
“B'fhearra dhúinn labhairt leis an sa-
gart,” arsa duine éigin, “agus tá a fios aige
sin an fíor é nó nach fíor é.”
“Fiafraigh-se dhe é, a Sheagháin, ó is agat
is fearr atá an teanga,” arsa fear eile.
“Budh dhóigh liom,” arsa Tadhg Mháire
Pheadair, “nach fada uaibh an Aoine agus má
bhíonn foidhne agaibh go dtí sin, nach gá'dh
dhíbh bheith dhá fhiafraighe d'aon'ne.”
“Mhaise,” ars' an ceathramhadh fear,
“ná fuil a fhios agaibh ná beadh sé ceart
ag an sagart uair a bháis d'innsint
d'aon'ne?”
42. B'fhearr le Seaghán duine éigin eile
labhairt leis an sagart ná é féin, acht bhí
eagla air go n-imtheóchaidís gan aon'ne
labhairt leis.
“Fanaidh má'seadh,” ar sé “agus labharfad-
sa leis, ó is é is maith libh.”
43. Ní raibh an sagart acht tar éis dul
a chodladh, agus d'airigh sé an gleó go léir
amuigh. Chuaidh Seaghán fá'n bhfuinneóig
agus ghlaoidh sé air. D'éirigh sé agus chuir sé a
cheann sa bhfuinneóig.
“An ó Chorcaigh atáthaoi ag teacht?” ar
sé.
“Cuid againn, a athair,” arsa Seaghán.
“Leigeadh amach na buachaillí mar gheall
ar sgéala tháinig go Corcaigh indiu gur
gearr uainn an lá deireannach.”
44. “Caidé sin agat dhá rádh?” ars an
sagart.
“Deireadh an tsaoghail a bheith chughainn
Dia hAoine, a athair, má's fíor do'n
dúthaigh é.”
“Téidhidh a-bhaile,” ars' an sagart leó,
“agus ná géillidh dá leithéid sin go gcloisidh
sibh uaim-se é.”
“'Sdó' a athair,” arsa Seaghán arís, “sin
í an chúis ar leigeadh amach as an mbearraic
iad so do réir dheáraimh.”
“Imthigh, a bhreallóg, agus leig dham néal a
chodladh!” ars'an sagart, agus dhún sé an
fhuinneóg.
45. Phléasg a raibh ann ar gháiridhe acht
amháin Seaghán. Ghluaiseadar a-bhaile, agus
níor bh'fhada gur chrom cuid acu ar mhagadh
fá Sheaghán bocht, dhá rádh gur eagla bhí air
go gcaillfeadh sé a ghreim ar Bhaile na
hAbhann, agus gur ar an duine saidhbhir is mó
bhíonn eagla an bháis riamh. Dubhairt a
thuilleadh go mb'fhearr cleamhnas do réidh-
teadh idir Sheaghán agus Máire Pheadair, ó bhí
aos mór ag bean Sheagháin, acht bhí cuid
eile acu dhá rádh go mb'fhéidir gur bh'fhíor
fós an sgéal i dtaobh na hAoine, acht ná
leómhfadh an sagart sain do rádh. Acht bhí
sé buailte amach 'na aigneadh ag Seaghán,
dá mbeadh céad bliadhan eile ionáirithe dho,
ná fanfadh sé i mBaile na hAbhann tar éis
an dá phreib a baineadh as.
46. Tháinig an maighistir a-bhaile lá ar
n-a bháireach, agus hinniseadh dó mar thuit amach
an oidhche roimhe sin agus mar éirigh dá dheirbh-
shiúir.
“Nár mhór an mhí-thuigsint duit iad do
bhreith isteach sa bhearraic i n-aon chor?”
arsa Mios Nelí leis.
“Shíleas,” ar seisean, “go mbeadh sé chomh
maith acu fuireach annsan le fuireach i n-aon
áit eile, ó bhíos dhá iarraidh ar an oifigeach
focal a chur isteach leis an mBórd ar a son,
agus ba mhaith liom radharc a thasbáint dóibh ná
facadar riamh go dtí sin.”
47. Chualaidh Seaghán go dtáinig sé
a-bhaile.
“Geobhad anonn chuige siúd,” ar seisean
le n-a mhnaoi, “agus iarrfad air áit éigin eile
thabhairt dam dá éagmais seo.”
“Bheadh sé chomh maith agat i n-ainm Dé,”
ars' an bhean.
“Is amhlaidh chuirfidh sé an rith orm,” ar
sé leis féin, “má chualaidh sé an comhrádh
bhí idir mé féin agus an sagart ar maidin,
acht dar ndóigh ní chreidfeadh na Páilitínigh
sin aon nídh ná feicfidís le n-a súilibh cinn
féin.”
48. Chonnaic sé an duine uasal.
“Caidé an deamhan a tháinig oraibh aréir
tré n-a chéile?” ars' an maighistir.
“Arú a dhuine uasail,” arsa Seaghán,
“daoine bochta simplidhe, 'seadh sinn, agus ná
tóg orainn é. Baineadh preab as mo
mhnaoi nach fearrde í le n-a saoghal.”
49. “An raibh sí ortha súd do chuir Mios
Nelí i riochtaibh báis?” “Go deimhin, ní
raibh, a dhuine uasail,” arsa Seaghán, “agus
b'olc an chóir d'aon'ne droch-fhocal do rádh
le Mios Nelí ná leat-sa.”
“Agus cad tá uait anois, a Sheagháin?”
“Tá, a dhuine uasail, féachaint an mb'é
do thoil áit eile do thabhairt dam i n-ionad
Bhaile na hAbhann. Ní mhairfeadh mo bhean
mí ann tar éis na hoidhche aréir.”
“Tá feirm seacht mbó le tabhairt do
Mháire Pheadair agam 'na leithéid seo de
bhaile, agus má's fearr leat-sa beith ann ná i
mBaile na hAbhann gheobhair é,” ars'an
maighistir.
“B'fhearr go fada, a dhuine uasail,”
d'fhreagair Seaghán.
50. Ó chualaidh Frisil an bhaintreach do
bheith mar bhí sí aréir roimhe sin, chuir sé
fios uirthi agus thug sé saoghal ar Bhaile na
hAbhann ar fad di. Rinneadh stíobhard de
Thadhg faid bhí an bóthar nua dá dhéanamh.
Chuaidh a dhearbhráthair go hAimericá 'na
dhiaidh sin agus phós Tadhg an aon inghean a bhí
ag Seaghán Bhríghde.
51. Bhíodar i mBaile na hAbhann gur
cuireadh amach fiche bliadhain ó soin iad, agus
annsain chuadar go hAimericá fá dhéin
dearbhráthar Thaidhg a bhí go láidir ann. Ní
mar sin a bheadh dá bhfágthaoi a chuid féin ag
an sean-mhaighistir. B'é an truaighe chráidhte
mar cuireadh an stát fá'n gcúirt tar éis
an droch-shaoghail air, agus mar díoladh é le
cladhaire Sasanaigh ná facathas sa pharóisde
riamh ó shoin.
“Baile na h-Abhann.”
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11