Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Title
Eachtra Lomnochtáin an t-Sléibhe Riffe.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
EACHTRA LOMNOCHTÁIN AN t-SLÉIBHE RIFFE. 104. “Do chuadar an laochradh, an méid do mhair díobh, dá ndúithchibh féin, agus do thriallas-sa dom ríoghacht féin agus thugas inghean ríogh Uladh liom, .i. Doirn Déad- sholais, agus is gearr do mhair sí agam, óir do fuair bás i gcionn bliadhna, agus atá mac dá héis agam atá anois i gcionn a sheacht mbliadhan, agus do mheas mé a chur go hÉirinn ag foghlaim lúith agus gaisgidh. Acht cheana, i gcionn bliadhna d'éis bháis mo mhná do chuala mé ag lucht suaidh agus seanchais agus ag lucht léighte leabhar gurab ag rígh Inse na mBeó do bhí an inghean ba bhreaghdha cruth agus dealbh dá raibh 'san domhan uile, agus gur mhúch a dealbh ar dheilbh ban an domhain. Iar n-a chlos san damh-sa, do chuaidh mé dá hiarraidh ar a hathair mar mhnaoi, agus is é freagra thug sé orm nach dtiubhradh sé a cumhal coimhdeachta mar mhnaoi dham. Do ghlac fearg ró-mhór mé iar gclos an aithisg sin, agus d'iarras comhrac air. Adubhairt an rí ná rachadh féin chum comhraic an feadh do bhí an oiread sain sluagh aige. Annsain adubhras cúig céad laoch do chur chugam, óir do mheasas gur ghearr go dtuitfeadh sluagh an dúna go huile liom ar an modh sain, acht dar do láimh-se a thréin-mhíle, ní hamhlaidh do bhí, óir an cúig chéad do mharbhas an lá sain, is iad do tháinig im aghaidh ar n-a bhárach. Cidh trácht, do bhí mé ag comhrac leo fiche lá, agus is iad an mhuintir chéadna tháinig chugam an céad lá tháinig gach aon lá, agus do bhíodar comh beó an lá déidheanach agus do bhíodar riamh. D'fhágas an tír iar-sain go dubhach droich-mheanmnach, agus ag sin mo sgéal duit a ghaisgigh,” ar an Ridire Ór-armach, “agus innis damh-sa anois cia thu féin do rug buaidh orm.” 105. “Donas agus tubaist ar do bhéal!” ar Conán, “is iomdha laoch is tréine ná tú ar ar rug an caith-mhíle sin buaidh, agus bíodh a fhios agat gurab é Osgar mac Oisín mhic ríogh na Féinne é, agus ochtar eile d mhaithibh na Féinne atá i n-a fhochair annso.” “Is maith liom-sa,” ar an gaisgidheach, “gurab leis do ráinig treisiughadh orm, de bhrígh go bhfuil a fhios agam go bhfuigheadh m'anacal uaidh.” “Níor bh'fhiú le hOsgar thu mharbhadh,” ar Conán, “ó nár mharbh sé 'san gcomhrac thu.” “Do-gheabhair anacal uaim-se,” ar Osgar, “agus beir buaidh agus bean- nacht, óir is ró-bhinn na sgéalta chanais dúinn.” Do sgaoileadh de'n Ridire Ór- armach iarsain, agus do chaitheadar an oidhche sin go subhach soi-mheanmnach go maidin. 106. Is annsain do labhair Osgar agus adubhairt, “luighim fam' armaibh gaisgidh nach racha mé tar m'ais go hÉirinn choidhche go bhfagha mé inghean ríogh Oileán na mBeó
mar mhnaoi agus mar bhain-chéile do'n Ridire Ór-armach.” “Rachad-sa leat,” ar an rí, “mar aon le sluagh an dúna.” “Ní thiocfaidh aon duine liom-sa,” ar Osgar, “acht mo mhuintir féin agus an Ridire Ór- armach agus an ceathrar eile ridirí-se annso.” Leis sin cuirid iad féin i gcóir chum aistir, agus ceileabhraid féin agus an rí dá chéile agus triallaid na ceithre fir déag sain d'ionn- saighe luinge Lomnochtáin, agus téid innti agus ní haithristear a n-imtheachta gur ghabhadar cuan agus caladh-phor i nOileán na mBeó, agus ní stad na comhnaidhe do-rinneadar go rángadar faithche an dúna, agus adubhairt Osgar le Conán dul mar a raibh an rí, agus a inghean d'iarraidh mar mhnaoi do'n Ridire Ór-armach, nó ceithre céad déag dá shluagh do chur chum comhraic leis na ceithre fearaibh déag atá ar an bhfaithche. Téid Conán gus an rí agus d'innis do gurab í a inghean do bhí uaidh mar mhnaoi do'n Ridire Ór-armach. “Glór óinmhide nó amadáin do chanair,” ar an rís, “oir dá mbeadh sluagh an domhain ar aon láthair, ní thiubhrainn-se m'inghean dóibh dom aimhdheoin.” “Do chanais bréag mhór,” ar Conán, “óir ní'l annsúd acht ceithre fir déag, agus ó nach áil leat í thabhairt uait le réiteach, freagair comhrac céad do gach fear díobh, agus chífidh tú cia hé an t-amadán i ndeireadh an sgéil.” “Do-gheobhaid siad sain gan cáirde,” ar an rí. Gluaiseann Conán iar-sain chum a mhuintire, agus ní mór go raibh aga aige ar a fhreagra d'innsint an tráth chonnarcadar ceithre céad déag fear armtha éidighthe dá n-ionnsaighe. Ionn- suigheann Conán agus a mhuintir iad, agus do fearadh gleo gáibhtheach eatartha, agus gabhann Conán agus a mhuintir tríotha amhail seabhaic tré ealtain de mhin-éanaibh, nó mar onchoin chraos-osgailte fa thréad chaorach ar mhachaire réidh ró-fhairsing, go nár fhágadar fear inniste sgéil beo ar an láthair sin díobh. 107. “Is beag an tairbhe dhúinn iad sain a mharbhadh,” ar an Ridire Ór-armach, “Óir is iad an mhuintir chéadna dhéanfas comhrac 'n-ár n-aghaidh i mbárach.” “Ní hamh- laidh bheas,” ar Conán, “óir fairfidh mise iad anocht agus má chorruighean aon duine aca is é chífeas an t-uathbhás.” Caithid an aimsir mar sin gur thuit an oidhche, agus do ghluais Conán go hairm-ghléasta go hionad an chatha agus do luigh i measg an áir. Níor bh'fhada do amhlaidh sin, an tan do chonnairc an tréan-chailleach ag teacht fá'n ár, agus í armtha éidighthe agus buidéal aici 'n-a láimh, agus é lán d'íoc slánuighthe, agus dís stócach 'n-a fochair, agus an tan tháinig chum an chéad fhir do bhí marbh, do chuimil cuid de'n digh do bhí 'san mbuidéal dá bhéal, agus do phreab 'n-a sheasamh, agus do chuimil do'n dara fear agus mar sin do thóg í sí seisear de phreib. Preabann Conán 'n-a sheasamh agus adubhairt, “A Chailligh mheirgigh mhí-sgiamhaigh! ná tóg aon duine eile dhíobh sain, óir ní fhaca mise aon duine dár mharbhas riamh 'n-a bheathaidh arís agus ní maith liom a fheicsint anois.” Ní sgannradh ná eagla do ghlac an chailleach roimh, acht a claidheamh a tharraingt amach agus a haghaidh do thabhairt ar Chonán, agus do-rinneadar comh- rac feigh fuilteach faobhrach calma cródha croidheamhail comh-uaibhreach móir-bhéimeann- ach, agus do mhéaduigh an comhlann ar Conán, ionnus go raibh dá thraochadh go mór, agus an tan do mhothuigh an chailleach sain do theilg a claidheamh agus a sgiath uaithi, agus do rith chum Conáin agus do rug cruaidh-ghreim fa n-a chom air, agus do thóg sí suas ar mhail a gualainn é, agus do bhuail fa lár fúithi é, agus do cheangail go cruaidh daingean do-sgaoilte é, agus do chuir ar mhuin duine dá stócachaibh é, agus adubhairt leis é chur fa'n rígh-cheangal dá phianadh, agus annsain d'aithbheidhuigh sí an sluagh uile. 108. Do ghluais an fhiadh-chailleach chum an dúa agus chuaidh mar a raibh Conán agus adubhairt leis, “a Chonáin, atá sé ar do chumas féin fóirithin ort féin anois ó'n móir-éigean i n-a bhfuilir, óir is mise máthair ríogh na tíre
seo agus má phósann tusa mé gheobhaidh tú t'anam, agus muna bhfuil tú sásta leis sin, luighim fam' armaibh gaisgidh go dtiubhrad bás anuasal duit.” Is amhlaidh bhí an chailleach sain, bhí trí horlaighe in gach stair- fhiacail léi, agus a pus íochtarach ag iompódh anuas ar a smigín, agus a dá shúil sluigthe trí horlaighe siar 'n-a cheann agus iad ag sír-shileadh brachaidh agus fola, agus do bhí ceithre horlaigh ar fad in gach iongain dá raibh uirthi agus do bhí oiread duirn rígh-mhíleadh do chnap i gclár a héadain, agus oiread corcáin do chnap i gclár a hocht agus an toirt chéadna idir a dá shlinneán agus do sheasfadh mór-ubhall ar gach ruibe dá folt garbh slim ciardhubh, ionnus gur bh' adhbhar sgannraidh a feicsin. 109. Do labhair Conán agus is é adubhairt: “dar mo bhriathar, a chailligh ghránna, an bás is tarcuisnighe dár tugadh d'aon duine riamh, go mb'fhearr liom a fhulang ná do shamhail-se d' oillphéist diabhlaidhe do phósadh, nó fós a bheith le rádh ag fearaibh ná mnáibh Éireann gur ceangladh mé le sean-mháthair ríogh Oileáin na mBeó.” Annsain do labhair an chailleach go ceannsa le Conán agus adu- bhairt. “Má phósann tú mé a rígh-mhíle muirfidh mé an rí go n-a bhantracht, agus déanfad rí dhíot féin ar an oileán so.” “Dá ndéantá rí ar an domhan díom,” ar Conán, “ní he amháin tu phósadh, acht ní bheinn ag féachain ort.” Annsain do ghlac buile agus olc an chailleach, agus tógann Conán as an áit 'n-a raibh, agus do chuir fá'n rígh-cheangal nimhe é, mar a raibh gach braon ag dul go cnáimh ann, agus an phian ag dul go croidhe air, ionnus go raibh ag búithre go huathbhásach mar tharbh buile. 110. Cidh trácht do b'iongnadh le muintir Chonáin a fhaid do bhí sé gan teacht, agus téid go háit an chomhraic agus chonnarcadar gur haithbheodhadh an lucht do mharbhadar an lá roimhe sin, agus smaoinid 'n-a n-aigneadh gur cailleadh Conán. Acht cheana na fir do thuit leo an lá roimhe sin, d'ionnsuigheadar iad go calma an dara lá, ionnus gur traochadh leo ar an láthair sin iad, acht aon laoch amháin d'fhuaduigh Osgar ó chlaidheamh Ghuill, d'fhiafruigh dhe créad d'aithbheodhuigh an sluagh. D'innis an t-óglach gurab í an chailleach d'aithbheodhuigh iad. Do léigeadar uatha é iarsain agus adubhairt Osgar go bhfairfeadh féin an dara hoidhche sin dóibh. Adubhair Diarmaid agus Goll go bhfairfidís féin mar aon leis. 111. Ghluaisid rómpa go láthair an chatha agus luighid i measg an áir, agus níor chian dóibh ann go dtáinig an chailleach agus a dís stócach, agus níor léig Osgar di do thógáil acht dís an tan do chuaidh 'n-a comhdháil, agus sgannradh ná eagla do ghabh í, acht a claidheamh a tharraingt, agus a haghaidh do thabhairt ar Osgar, agus rinneadar comhrac feigh fuilteach fíor- chalma reachtmhar ró-ghoinnech, agus bhíodar ar an leadradh sain aimsir imchian, iunnus go raibh an chailleach dá claoi, go dtug Osgar béim claidhimh dá hionnsaighe, gur mheas an ceann do bhuain dá colainn do'n bhéim sin. Gidheadh do thug an chailleach baoith-léim ar a cúl, ionnus go ndeachaidh seacht gcéimeanna do'n bhaoith-léim sin, agus ó neartmhaire na móir-bhéime sin gur thuit an claidheamh as a láimh chum talmhain ó Osgar agus an feadh do bhí sé ag tógáil an chlaidhimh do rith an chailleach chum siubhail. Do mharbh Diarmaid agus Goll an dá stócach agus an bheirt d'aithbhe- dhuigh an chailleach, agus mar chonnarcadar go raibh an chailleach ag imtheacht do luas cos ó Osgar rithid 'n-a diaidh, agus ar mbeith dhóibh ró-dhian uirthi 'san tóir do thimcheall sí an dún fa naoi mar nach féadfadh sí dul isteach ag a fhoigseacht do bhíodar an laochradh dhi. Annsain do ghabh Goll 'n-a coinne agus an dís eile 'n-a diaidh, agus iar dteagmháil ar a chéile dhi féin agus do Gholl do fearadh gleo fuilteach eatortha agus comhrac calma créachtach, fa mar do bhí an chailleach chuirpthe chnapach, máthair ríogh Inse na mBeo, agus Goll mear-chalma mac Mórna. 112. An tan do mhothuigh an chailleach í
féin dá claoi ag Goll, d'iompuigh sí uaidh agus do léig sí í féin 'n-a réim ró-reatha, agus ní fada do chuaidh an tan do theangmhuigh Diarmaid agus Osgar uirthi, agus do shíleadar í bheith teanntuighthe aca, gidheadh d'éirigh sí de léim éadtrom inneallta ionnus go ndea- chaidh sí os ceann Diarmada agus Osgair tharsa amach i bhfad ar an bhfaithche, agus léig í féin ar siubhal go troigh-éasgaidh. Gidheadh d'fhill Diarmaid ó Duibhne uirthi go tapaidh agus do lean ins an tóir í agus an Chraoiseach Dhearg beartuighthe 'n-a gheal-dóid aige, agus thug rogha urchair de'n tsleigh fúithi, gur chuir fad láimhe laoich dhi idir crann agus iarrann tré n-a croidhe. Do chuir an chailleach ar dtuitim di fiaidh-sgread aisiti ba chlos ar feadh an dúna uile agus do bhaineadar a ceann di, agus chuireadar ar chuaille é ag doras an dúna. Annsain triallaid tar a n-ais chum a muintire agus thugadar sgéala na caillighe dhóibh agus ba luthgháireach iad ó na sgéalaibh sin. 113. Dála an ríogh, an uair do chuala sgread na caillighe, d'aithin gurab marbh do bhí sí, agus d'éirigh as a leabaidh agus do chuir comhchruinniughadh ar a shluaghaibh, agus dob' iomdha gaisgidheach galach agus laoch láidir lán-chalma i ndún an ríogh an tan sain. Iomthúsa Fiann nÉireann, ar an gcéad amharc do'n lá ar n-a bhárach thángadar i n-aghaidh na cathrach, agus do bhíodar-san i n-inneall catha rómpa. Leis sin téid Fiann Éireann agus an ceathrar gaisgidheach ón Domhan Toir do tháinig leo agus an Ridire Ór-armach tríotha agus fútha mar do gheabhadh fiolar tré sgata colm, agus ba samhail le gairbh-eas glórach an tréan-ruathar thugadar ortha. Acht cheana do b' é críoch an mhóir-ghleo sain muna ndeachaidh fear 'san aer suas nó síos i ndoimhnibh na talmhan, níor imthigh neach dhíobh, acht amháin an rí agus beagán dá mhuintir do chuaidh 'n-a raon madhma do'n dún agus iathaid geataoi an dúna ortha féin. Raobaid agus brisid Fianna Éireann agus marbhadh gach n-aon dá dtárla leo, nó go ndeachadar mar a raibh an rí, agus do bhriseadar an cró catha do bhí dá anacal, agus thug Osgar sighe sanntach dá ionnsaighe agus iadhann an dhá láimh leabhaire lán-árrachta 'n-a thimcheall, gur bhuail fo thalamh é agus do cheangail go cruaidh dochraideach é. “Ná marbh mé,” ar an rí, “agus gheobha tú cíos agus cáin uaim feadh mo shaoghail, agus m'inghean mar mhnaoi do'n Ridire Ór-armach.” “Luighim-se fam' armaibh gaisgidh,” ar Diarmaid, “nach fágfair an áit seo go bhfaghad-sa Conán.” “Dogheo- bhair,” ar an rí. Leis sin do cuireadh teachtaire ar cheann Chonáin, agus iar dteacht i láthair do, do sgaoil Osgar de'n rígh. 114. Is amhlaidh do bhí Conán agus é straoilte spolta 'n-a chneadhaibh dearga ó'n gceangal nimhe agus a bhéal a phluca agus a smigín go léír pollta ó stair-fhiaclaibh na caillighe. “Dar mo bhriathar,” ar Diarmaid, “is olc a chuaidh comhrac na caillighe dhuit, a Chonáin, agus is measa 'ná sain do chuaidh a tochmharc duit, óir atá an béal itthe dhíot aici.” “Luighim i bhfiadhnaise m' arm,” ara Conán, “muna mbeith mé fann lag ocrach gan biadh gan deoch, an teanga tuisleach adubhairt an baoth-chomhrádh sain le fonomhaid liom go ndéanfainn a sracadh agus a raobadh as do bhéal amach, agus, a Dhiarmaid na mBan ba chóra dhuit biadh nó deoch a thabhairt chugam 'na bheith ag maoidheamh na caillighe orm.” Annsain thug Diarmaid biadh agus deoch chuige, agus do chaith Conán a sháith dhíobh. “A Chonáin,” ar Diarmaid, “is cneadhach atá do bhéal agus is creimthe atáid do phluca agus is mór an t-at ata it aghaidh, agus má's iad póga na caillighe do chréathnuigh mar sin tu is mór an tsearc do bhí aici dhuit.” “Na huile díombáidh orm,” ar Conán, “aon duine thráchtfas focal liom níos mó ar chomhrac nó ar thochmhairc na caillighe diabhlaidhe, go ndéan- fad min-ghreameanna dá chorp, agus mar an gcéadna ná rachad do chomhrac le haon chailligh go lá deiridh mo shaoghail uile. (Tuilleadh.)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services