Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ughdair Ghaedhealacha na h-ochtmhadh aoise déag.
Title
Ughdair Ghaedhealacha na h-ochtmhadh aoise déag.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
UGHDAIR GHAEDHEALACHA NA H-OCHTMHADH AOISE DÉAG. Níor bh'iongnadh é, oibreacha Gaedhealacha na hochtmhadh aoise déag do bheith i bhfad níos gainne ioná atáid. D'a chruthughadh so caithfimid dá roinn do dhéanamh d' Éireannachaibh na haoise sin, .i. na Protastúint agus na Catoilicí. Rinne cuid do na Protastúntaibh neithe ba mhór agus ba bhuan maith d'a gcineadh; beidh gean, meas, agus grádh ar Molyneux agus ar Grattan, ar Charlemont agus ar Flood, comh fada agus ritheas an fhuil i gcuislinn aon Éireannaigh fhír-chneasta, agus chorruigheas croidhe duine ar bith ag a bhfuil meas ar Éirinn. Thairis sin, do sgríobh a trí nó a ceathair aca oibreacha atá ar na hoibreachaibh is mó clú 'san léigheann Sasanach; beidh na leabhra d'a ngoirthear “The Vicar of Wakefield,” “The French Revolution,” “The School for Scandal,” ag a léaghadh, nó go mbeidh an Béarla i measg na neithe do bhí uair ann. Bíodh sin mar atá sé, ní fiú caint ar na hoibreachaibh Gaedhealacha do sgríobh Protastúint na haoise sin. Ní fhuil eólas againn-ne ar aon ughdar Ghaedhealach aca acht amháin ar Philib Ministéir do bhí ina chomhnaidhe i gcondae an Chabháin i dtosach na haoise ar a bhfuilmid ag trácht. Do b'iomdha abhrán deas milis do chum sé, agus ba mhór an meas do bhí ag daoinibh Chúige Uladh orra, acht is dóigh linn go mbadh dheacair iad d'fhagháil indiu. Is follus as a ndubhramar, gur Chatoilicí ar fad ughdair Ghaedhealacha na h-aoise do chuaidh thort acht fír-bheagán. Iar mbreathnughadh dhúinn ar a n-oibreachaibh, is cóir agus is ceart dúinn cuimhniughadh ar an gcaoi i n-a raibh na Catoilicí ar feadh na h-aoise sin. Ní raibh aon duine aca i n-a fheisire, mar do b'éigean do gach feisire a mhóidiughadh nach raibh baint ar bith ag an bPápa lé n-a chreideamh. Agus do léig orra féin lucht na céad- Phárlamaide do tionóladh tar éis an bhuadha rug Uilliam III ar Shéumus II, gur dhlisdeanach dóibh gan seasamh leis an ngeallamh tugadh do na Catoilicibh ag Luimneach. D'aithbheodhuigheadar na Dlighthe Pianamhla do bhí ann roimhe sin, agus do chuireadar dlighthe eile ba mheasa ná iad i bhfeidhm. Do réir na ndligheadh so, níor chead d'aon Chatoilice teagasg no múineadh d'fhagháil i n-aon sgoil no ó aon oide 'san tír seo ná i n-aon tír eile, agus gur Chatoilicí tuilleadh agus naoi n-deichmheadh de 'n chineadh. Dá gcruthóchthaidhe é, íad do bheith ag briseadh agus ag cailleadh na gcáin seo, do cuirfidhe i bpríosún íad, nó do b'éigean dóibh cuid mhaith airgid do thabhairt uatha. Cor leis sin, do chuaidh na daoine móra uaisle, do bheireadh congnamh do na hughdaraibh Gaedhealacha, as Éirinn go tíribh eile ina mbeidís saor ó
leathtrom, agus ina mbeidheadh cead aca ar Dhia d'adhradh mar ba mhían leó; no íar bhfanamhain sa mbaile dhóibh, do baintí i gcoitchinne an chuid is mó d'a dtalamh uatha, i riocht gur bheag an congnamh do bhídís i n-ann do thabhairt uatha. Muna mbeidheadh na neithe sin, gan amhras, do bheidheadh oibreacha Gaedhealacha go fairsing agus go fíor-uasal againn ó 'n aois sin, thar mar atá againn. Acht, má bhí na Dlighthe Píanamhla féin ann, níor thoirmisg siad ar mhuintir ár dtíre a lán de dhántaibh agus de sgéaltaibh do sgríobhadh san nGaedhilg mhín mhilis mháthardha. Is fíor nár cló-bhuaileadh acht beagán aca 'san aois sin, acht is furusa a adhbhar soin do thuigsin as a ndubhramar cheana. Is íad na litre Rómhánacha atá ar fagháil i leabhraibh Gaedhealacha na haoise sin, óir san bhFrainnc agus 'san Spáinn is eadh tugadh amach íad. Is leabhair chrábhaidh a n-urmhór soin. Do sgríobhadh a lán d'oibreachaibh Gaedhealacha 'san aois sin gan a gcraobh- sgaoileadh do bheith ar chumas d'a n-ughdaraibh. Adeir Dubhghlas de hÍde, (fear is mór eólas ar an léigheann Ghaedhealach,) go bhfuil céada thar chéadaibh de na láimh-sgríbhnibh sin ar marthain fós. Is iomdha ceann aca atá ar fud na tíre; acht tá an chuid is mó aca 'san British Museum, i n-Árd-sgoil Ríoghamhail na hÉireann, i gcoláisde na Tríonóide i mBaile-Atha-Cliath, agus i gcoláisde Mhaighe- Nuadhad. Atá timcheall céid láimh-sgríbhinn 'san gcoláisde seo againn-ne, .i. i gcoláisde Mhaighe-Nuadhad, agus atáid sin lán de dhántaibh agus de sgéaltaibh na haoise sin. Atá láimh-sgríbhinn d'áirithe againn, i leabhar-thaisge an Dochtúra Uí Rianacháin, d'a nglaodhtar “Duanaire dín-shuairc Uí Raghallaigh,” i n-a bhfuil sé dánta ó Mhichéal Coimín (+ 1760) (— agus ní fhuil “Laoi Oisín ar thír na n-óg” ortha soin); trí dánta ó Bhrian Mac Giolla-Mheidhre; a hocht ó Ua h-Uaithnín; a haon deug ó Aodh Bhuidhe Mac Chruitín; agus a ceathair déag ó Aindrias Mac Chruitín. Agus, fairíor, ní beag ar sgrios dream gan áird gan eólas de sgríbhnibh na haoise chuaidh thort. So rud do léaghamar 'san láimh-sgríbhinn réamh-ráidhte sin de thaobh Mhichíl Choimín. Ba náireach lé n-a mhach go raibh a athair 'n-a fhile. D'a bhrígh sin, do dhóigh sé an mhéad do bhí 'san tigh d'a shaothar tar éis a bháis! Atá a fhios againn féin gur sgriosadh láimh-sgríbhinn, lán d'abhránaibh Gaedhealacha do sgríobh sean-fhear d'áirithe timcheall leith-chéid bliadhain ó shoin. Do rinneadh, iomorro, 'san aois sin mórán abhrán breaghdha Gaedhilge nár cruinnigheadh ríamh; atá cuid aca i mbéal- oideas na ndaoine go fóill, agus do cailleadh cuid eile dhíobh. Do chualamar féin na daoine san taoibh thoir de chonndae na Gaillimhe ag caint go minic ar fhilidh Ghaedhealach, do bhí i n-a chomhnaidhe 'san áit sin timcheall céid bhliadhain go leith ó shoin, darbh' ainm Pádraic Neterbhil. Níor léaghamar aon chunntas d'a thaoibh ríamh. Acht is cinnte gurab iomdha abhrán binn blasta do chan sé. Is í an fhilideacht an chuid is mó agus is fearr de léigheann Ghaedhilge na hochtmhadh aoise deug. Is í baramhuil an “Chraoibhín Aoibhinn” gurab í an chuid is deise agus is mó luach í de léigheann na Gaedhilge uile. Ní mór nach abhráin agus dánta gearra eile atá innti ar fad. Acht cheana, is iad na dánta ainmeamhla iad, “Cuírt an Mheadhóin Oidhche” ag Brian Mac Giolla- Mheidhre, dánta fiannaidheachta, agus go háirithe, “Laoi Oisín ar Thír na nÓg” ag Micheál Coimín, agus “Eachtra Giolla an Amarráin” ag Donnchadh Ruadh Mac Conmara. Atá an uile chineál abhrán ionnta, mar atá, abhráin óil, abhráin bhróin, abhráin tíoramhla, agus go mór-
mhór, abráin ghrádha. Is breagh íad na habhráin ghrádha; atáid i bhfad níos glaine agus níos uaisle ioná na habhráin ghrádha do léaghamar i n-aon teangaidh eile. Ní hionann agus ní cosmhail modha ran- naigheachta na bhfileadh so lé modhaibh ran- naigheachta na bhfileadh nGaedhealach do bhí ann rómpa, Is iad “an dán díreach,” “an t-ógláchas” agus “an bhruilingtheacht” na trí cinéil rannaigheachta do bhí ag na bárdaibh' acht is iomdha roinn do rinne- adar as gach cinéal aca. Do-bheiridís aire mhaith do na consoineadhaibh. Acht, ó nach mbeidheadh duine i n-ann laoi no abhrán do sgríobhadh 'sna míosúraibh seo, gan a bheith an-foghlumtha, agus ó's ar éigin ba féidir do Chatoilicibh na hochtmhadh aoise déag fóghluim ar bith d'fagháil, níor lean na filidh Ghaedhealacha, ar a bhfuilmid ag trácht, de na sean-mhíosúraibh sin. Ní feasach dúinn-ne aon file aca do sgríobh i rannaigheacht na mbárd acht amháin O Cuirnín do bhí i n-a chomhnaidhe i n-aice lé Béal-átha-na-gcárr i gconndae Roscom- áin, agus fuair bás san mbliadhain 1734. (Tuilleadh).
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services