UGHDAIR GHAEDHEALACHA
NA H-OCHTMHADH AOISE DÉAG.
Níor bh'iongnadh é, oibreacha
Gaedhealacha na hochtmhadh
aoise déag do bheith i bhfad
níos gainne ioná atáid. D'a
chruthughadh so caithfimid dá
roinn do dhéanamh d'
Éireannachaibh na haoise sin, .i. na
Protastúint agus na Catoilicí. Rinne cuid
do na Protastúntaibh neithe ba mhór agus ba
bhuan maith d'a gcineadh; beidh gean, meas,
agus grádh ar Molyneux agus ar Grattan,
ar Charlemont agus ar Flood, comh
fada agus ritheas an fhuil i gcuislinn aon
Éireannaigh fhír-chneasta, agus chorruigheas
croidhe duine ar bith ag a bhfuil meas ar
Éirinn. Thairis sin, do sgríobh a trí nó
a ceathair aca oibreacha atá ar na
hoibreachaibh is mó clú 'san léigheann
Sasanach; beidh na leabhra d'a ngoirthear
“The Vicar of Wakefield,” “The French
Revolution,” “The School for Scandal,” ag
a léaghadh, nó go mbeidh an Béarla i measg
na neithe do bhí uair ann. Bíodh sin mar
atá sé, ní fiú caint ar na hoibreachaibh
Gaedhealacha do sgríobh Protastúint na
haoise sin. Ní fhuil eólas againn-ne
ar aon ughdar Ghaedhealach aca acht amháin
ar Philib Ministéir do bhí ina chomhnaidhe
i gcondae an Chabháin i dtosach na haoise
ar a bhfuilmid ag trácht. Do b'iomdha
abhrán deas milis do chum sé, agus ba mhór an
meas do bhí ag daoinibh Chúige Uladh orra,
acht is dóigh linn go mbadh dheacair iad
d'fhagháil indiu.
Is follus as a ndubhramar, gur
Chatoilicí ar fad ughdair Ghaedhealacha na
h-aoise do chuaidh thort acht fír-bheagán. Iar
mbreathnughadh dhúinn ar a n-oibreachaibh,
is cóir agus is ceart dúinn cuimhniughadh
ar an gcaoi i n-a raibh na Catoilicí ar
feadh na h-aoise sin. Ní raibh aon duine
aca i n-a fheisire, mar do b'éigean do
gach feisire a mhóidiughadh nach raibh baint
ar bith ag an bPápa lé n-a chreideamh.
Agus do léig orra féin lucht na céad-
Phárlamaide do tionóladh tar éis an
bhuadha rug Uilliam III ar Shéumus II, gur
dhlisdeanach dóibh gan seasamh leis an
ngeallamh tugadh do na Catoilicibh
ag Luimneach. D'aithbheodhuigheadar na
Dlighthe Pianamhla do bhí ann roimhe sin,
agus do chuireadar dlighthe eile ba mheasa
ná iad i bhfeidhm. Do réir na ndligheadh
so, níor chead d'aon Chatoilice teagasg no
múineadh d'fhagháil i n-aon sgoil no ó aon
oide 'san tír seo ná i n-aon tír eile, agus
gur Chatoilicí tuilleadh agus naoi n-deichmheadh
de 'n chineadh. Dá gcruthóchthaidhe é, íad do
bheith ag briseadh agus ag cailleadh na
gcáin seo, do cuirfidhe i bpríosún íad, nó
do b'éigean dóibh cuid mhaith airgid do
thabhairt uatha. Cor leis sin, do chuaidh na
daoine móra uaisle, do bheireadh congnamh
do na hughdaraibh Gaedhealacha, as
Éirinn go tíribh eile ina mbeidís saor ó
leathtrom, agus ina mbeidheadh cead aca ar
Dhia d'adhradh mar ba mhían leó; no íar
bhfanamhain sa mbaile dhóibh, do baintí i
gcoitchinne an chuid is mó d'a dtalamh
uatha, i riocht gur bheag an congnamh do
bhídís i n-ann do thabhairt uatha. Muna
mbeidheadh na neithe sin, gan amhras, do
bheidheadh oibreacha Gaedhealacha go fairsing
agus go fíor-uasal againn ó 'n aois sin, thar
mar atá againn.
Acht, má bhí na Dlighthe Píanamhla féin
ann, níor thoirmisg siad ar mhuintir ár
dtíre a lán de dhántaibh agus de sgéaltaibh
do sgríobhadh san nGaedhilg mhín mhilis
mháthardha. Is fíor nár cló-bhuaileadh acht
beagán aca 'san aois sin, acht is furusa
a adhbhar soin do thuigsin as a ndubhramar
cheana. Is íad na litre Rómhánacha atá
ar fagháil i leabhraibh Gaedhealacha na
haoise sin, óir san bhFrainnc agus 'san
Spáinn is eadh tugadh amach íad. Is
leabhair chrábhaidh a n-urmhór soin.
Do sgríobhadh a lán d'oibreachaibh
Gaedhealacha 'san aois sin gan a gcraobh-
sgaoileadh do bheith ar chumas d'a
n-ughdaraibh. Adeir Dubhghlas de hÍde,
(fear is mór eólas ar an léigheann
Ghaedhealach,) go bhfuil céada thar chéadaibh
de na láimh-sgríbhnibh sin ar marthain fós.
Is iomdha ceann aca atá ar fud na tíre;
acht tá an chuid is mó aca 'san British
Museum, i n-Árd-sgoil Ríoghamhail na
hÉireann, i gcoláisde na Tríonóide i
mBaile-Atha-Cliath, agus i gcoláisde Mhaighe-
Nuadhad. Atá timcheall céid láimh-sgríbhinn
'san gcoláisde seo againn-ne, .i. i
gcoláisde Mhaighe-Nuadhad, agus atáid sin
lán de dhántaibh agus de sgéaltaibh na haoise
sin. Atá láimh-sgríbhinn d'áirithe againn, i
leabhar-thaisge an Dochtúra Uí Rianacháin,
d'a nglaodhtar “Duanaire dín-shuairc Uí
Raghallaigh,” i n-a bhfuil sé dánta ó
Mhichéal Coimín (+ 1760) (— agus ní fhuil
“Laoi Oisín ar thír na n-óg” ortha soin);
trí dánta ó Bhrian Mac Giolla-Mheidhre;
a hocht ó Ua h-Uaithnín; a haon deug ó
Aodh Bhuidhe Mac Chruitín; agus a ceathair
déag ó Aindrias Mac Chruitín.
Agus, fairíor, ní beag ar sgrios dream
gan áird gan eólas de sgríbhnibh na haoise
chuaidh thort. So rud do léaghamar 'san
láimh-sgríbhinn réamh-ráidhte sin de thaobh
Mhichíl Choimín. Ba náireach lé n-a mhach go
raibh a athair 'n-a fhile. D'a bhrígh sin, do
dhóigh sé an mhéad do bhí 'san tigh d'a
shaothar tar éis a bháis! Atá a fhios
againn féin gur sgriosadh láimh-sgríbhinn,
lán d'abhránaibh Gaedhealacha do sgríobh
sean-fhear d'áirithe timcheall leith-chéid
bliadhain ó shoin.
Do rinneadh, iomorro, 'san aois sin
mórán abhrán breaghdha Gaedhilge nár
cruinnigheadh ríamh; atá cuid aca i mbéal-
oideas na ndaoine go fóill, agus do
cailleadh cuid eile dhíobh. Do chualamar féin
na daoine san taoibh thoir de chonndae na
Gaillimhe ag caint go minic ar fhilidh
Ghaedhealach, do bhí i n-a chomhnaidhe 'san áit
sin timcheall céid bhliadhain go leith ó
shoin, darbh' ainm Pádraic Neterbhil.
Níor léaghamar aon chunntas d'a thaoibh
ríamh. Acht is cinnte gurab iomdha abhrán
binn blasta do chan sé.
Is í an fhilideacht an chuid is mó agus is
fearr de léigheann Ghaedhilge na hochtmhadh
aoise deug. Is í baramhuil an “Chraoibhín
Aoibhinn” gurab í an chuid is deise agus
is mó luach í de léigheann na Gaedhilge
uile. Ní mór nach abhráin agus dánta
gearra eile atá innti ar fad. Acht cheana,
is iad na dánta ainmeamhla iad, “Cuírt an
Mheadhóin Oidhche” ag Brian Mac Giolla-
Mheidhre, dánta fiannaidheachta, agus go
háirithe, “Laoi Oisín ar Thír na nÓg”
ag Micheál Coimín, agus “Eachtra Giolla an
Amarráin” ag Donnchadh Ruadh Mac
Conmara. Atá an uile chineál abhrán
ionnta, mar atá, abhráin óil, abhráin
bhróin, abhráin tíoramhla, agus go mór-
mhór, abráin ghrádha. Is breagh íad na
habhráin ghrádha; atáid i bhfad níos glaine
agus níos uaisle ioná na habhráin ghrádha
do léaghamar i n-aon teangaidh eile.
Ní hionann agus ní cosmhail modha ran-
naigheachta na bhfileadh so lé modhaibh ran-
naigheachta na bhfileadh nGaedhealach do bhí
ann rómpa, Is iad “an dán díreach,”
“an t-ógláchas” agus “an bhruilingtheacht”
na trí cinéil rannaigheachta do bhí ag na
bárdaibh' acht is iomdha roinn do rinne-
adar as gach cinéal aca. Do-bheiridís
aire mhaith do na consoineadhaibh. Acht, ó
nach mbeidheadh duine i n-ann laoi no
abhrán do sgríobhadh 'sna míosúraibh seo,
gan a bheith an-foghlumtha, agus ó's ar éigin
ba féidir do Chatoilicibh na hochtmhadh aoise
déag fóghluim ar bith d'fagháil, níor lean
na filidh Ghaedhealacha, ar a bhfuilmid ag
trácht, de na sean-mhíosúraibh sin. Ní
feasach dúinn-ne aon file aca do sgríobh
i rannaigheacht na mbárd acht amháin O
Cuirnín do bhí i n-a chomhnaidhe i n-aice lé
Béal-átha-na-gcárr i gconndae Roscom-
áin, agus fuair bás san mbliadhain 1734.
(Tuilleadh).
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11