Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lá 's mé thríd an tír ag taisdeal.
Title
Lá 's mé thríd an tír ag taisdeal.
Author(s)
Mac Domhnaill, Seaghán Clárach,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Lá 's me thríd an Tír ag Taisdeal. [Seaghán Clárach Mac Domhnaill cct., do Thomás Mhac Adaim agus d'á mhnaoi agus d'á chloinn ar Ghort-an-Tóchair]. Fonn: “An Nua-shuirghe” nó “The New Way of Wooing.” I. Lá' s me thríd an tír ag taisdeal, Go dítheach dealbh dubhach bocht; Cráidhte ar díbirt ag dligheadh na Sasan, Fá chuing ag Clannaibh Lútair; Gán árd-fhlaith grinn d'fhuil Ghaeidheal ar marthain Chum dín do thabhairt dúinne, Ó Nás na Ríogh go Laoi na Leacrach Ná síos ar fad go Rúta. Brónach, briste, breoite i gcruth, 'S go mór i mbroid ag múchadh, Gur seoladh sinne i dtreóir thar Sionainn Mhóir i n-ionad fhiúntach; 'N-ar fóireadh me go mór óm' Luige, I gcóir i gcion 's i gcúram, I dtigh Thomáis dhil ghrádhmhar oinigh Ina árus chluthar chubhartha. 2. Soar-shearc síor óm' chroidhe do raideas Do'n dís gan deabhaidh dhiúltadh, Do chléir na gcríoch, do'n tí bhíos dealbh, 'S d'fhír-shliocht taisdil triúcha, Hélen an chaomh-bhean mhín gan mhairg D'fhír-cheap maithe Mumhan, Laochradh líomhtha Chuinn is Chais, Is craoiseach catha Búrcach; D'a gcóisir chloinne óig dhil oilte, Mhódhamhail mhiochair mhúirnigh, Nach srónach ris na deórachaibh In gach brón re broid thig chúcha; Go gcomhduighe uile Mór-mhac Mhuire I gcóir i gcion 's i gcumhdach, Gan bhrón gan bheárnain gan bhás gan mhilleadh Slán do'n fhoirinn úir-ghil.
3. Tá ar an gcloinn so, — Críost d'á gcasnamh Gan teimheal i dtaitneamh ! — triúr glan De bhábaibh, brighdeach binn-ghuith blasda Mín-gheal maiseach múinte; Is áluinn, aoibhinn, aoil-chnis, amharc Gnaoi agus gean na gcúilfhionn; 'S is grádhmhar Gaoidhealach gaoiseach gasda Gríos-ghob deas 'na ngnúisibh; Tá an rós ar luisneadh agus fós an lile 'Na gcló ag siosmadh 's ag súgradh; Tá an t-ór 'na bhfoltaibh, tá an reó 'na rosgaibh Ar nós an chriosdail chiumhais-ghil; Tar chóip na mbruinneal is cóir an t-ionad Comhnuighthe do Chúipid; Neilí an stáid-bhean, an bháin-chnis Peigí, 'S Cáit na ngeil-chíoch gcubhartha. 4. Is gnáth go síor i dtigheas mo mharcaigh Buidhean go seasgair súgach; Sásta sítheach bhíd na sagairt Críost le sleasaibh búird ann; Bradán ó'n linn is caoirigh 's ealtain, Saill na mart is úire, Biotáile bríoghmhar thigheann tar lear De dhruim na mara, is lionnta; Ól is imirt, ceól ar bhidil, Beól-ghuth, binneas ciuin-cheart, Fóirne ar mire mhóir le meisge 'S cóip le sult ag súgradh; Brón ar bith 'na gcomhair ní thig, 'S d'ar ndóigh ní bhaineann liom-sa; Slán gan mhoill gan mhaidhm go rabhaid Arís go dtagadh chúcha. 5. Ceangal. Árd-rí Flaithis d'bhur gcasnamh gan bhroid gan bhreóiteacht, Sámh soar seasgair gan easbaidh gan oil ó chomharsain; Faghbháil nídh 's fairsinge is fleadha go dtu- gaidh an Cóimhdhe Do bhláth-bhuidhin masgalaigh mheanmnaigh Guirt-an-Tóchair. A chríoch sain.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services