Lá 's me thríd an Tír ag
Taisdeal.
[Seaghán Clárach Mac Domhnaill cct.,
do Thomás Mhac Adaim agus d'á mhnaoi agus d'á
chloinn ar Ghort-an-Tóchair].
Fonn: “An Nua-shuirghe” nó “The New
Way of Wooing.”
I.
Lá' s me thríd an tír ag taisdeal,
Go dítheach dealbh dubhach bocht;
Cráidhte ar díbirt ag dligheadh na Sasan,
Fá chuing ag Clannaibh Lútair;
Gán árd-fhlaith grinn d'fhuil Ghaeidheal ar
marthain
Chum dín do thabhairt dúinne,
Ó Nás na Ríogh go Laoi na Leacrach
Ná síos ar fad go Rúta.
Brónach, briste, breoite i gcruth,
'S go mór i mbroid ag múchadh,
Gur seoladh sinne i dtreóir thar Sionainn
Mhóir i n-ionad fhiúntach;
'N-ar fóireadh me go mór óm' Luige,
I gcóir i gcion 's i gcúram,
I dtigh Thomáis dhil ghrádhmhar oinigh
Ina árus chluthar chubhartha.
2.
Soar-shearc síor óm' chroidhe do raideas
Do'n dís gan deabhaidh dhiúltadh,
Do chléir na gcríoch, do'n tí bhíos dealbh,
'S d'fhír-shliocht taisdil triúcha,
Hélen an chaomh-bhean mhín gan mhairg
D'fhír-cheap maithe Mumhan,
Laochradh líomhtha Chuinn is Chais,
Is craoiseach catha Búrcach;
D'a gcóisir chloinne óig dhil oilte,
Mhódhamhail mhiochair mhúirnigh,
Nach srónach ris na deórachaibh
In gach brón re broid thig chúcha;
Go gcomhduighe uile Mór-mhac Mhuire
I gcóir i gcion 's i gcumhdach,
Gan bhrón gan bheárnain gan bhás gan
mhilleadh
Slán do'n fhoirinn úir-ghil.
3.
Tá ar an gcloinn so, — Críost d'á gcasnamh
Gan teimheal i dtaitneamh ! — triúr glan
De bhábaibh, brighdeach binn-ghuith blasda
Mín-gheal maiseach múinte;
Is áluinn, aoibhinn, aoil-chnis, amharc
Gnaoi agus gean na gcúilfhionn;
'S is grádhmhar Gaoidhealach gaoiseach gasda
Gríos-ghob deas 'na ngnúisibh;
Tá an rós ar luisneadh agus fós an lile
'Na gcló ag siosmadh 's ag súgradh;
Tá an t-ór 'na bhfoltaibh, tá an reó 'na
rosgaibh
Ar nós an chriosdail chiumhais-ghil;
Tar chóip na mbruinneal is cóir an t-ionad
Comhnuighthe do Chúipid;
Neilí an stáid-bhean, an bháin-chnis Peigí,
'S Cáit na ngeil-chíoch gcubhartha.
4.
Is gnáth go síor i dtigheas mo mharcaigh
Buidhean go seasgair súgach;
Sásta sítheach bhíd na sagairt
Críost le sleasaibh búird ann;
Bradán ó'n linn is caoirigh 's ealtain,
Saill na mart is úire,
Biotáile bríoghmhar thigheann tar lear
De dhruim na mara, is lionnta;
Ól is imirt, ceól ar bhidil,
Beól-ghuth, binneas ciuin-cheart,
Fóirne ar mire mhóir le meisge
'S cóip le sult ag súgradh;
Brón ar bith 'na gcomhair ní thig,
'S d'ar ndóigh ní bhaineann liom-sa;
Slán gan mhoill gan mhaidhm go rabhaid
Arís go dtagadh chúcha.
5. Ceangal.
Árd-rí Flaithis d'bhur gcasnamh gan bhroid
gan bhreóiteacht,
Sámh soar seasgair gan easbaidh gan oil ó
chomharsain;
Faghbháil nídh 's fairsinge is fleadha go dtu-
gaidh an Cóimhdhe
Do bhláth-bhuidhin masgalaigh mheanmnaigh
Guirt-an-Tóchair.
A chríoch sain.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11