Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gasúr agus Gabhar.
Title
Gasúr agus Gabhar.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Mac Néill, Eoin
Composition Date
1898
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
GASÚR AGUS GABHAR. Easbog do bhí ann fad ó, agus ba mhaith leis, nuair thagadh na daoine trasna air, iad do bheith ag umhlughadh dhó agus ag déanamh lúta dhó. Lá amháin, bhí sé ag siubhal an bhóthair, go dtáinig sé suas le gasúirín bheag agus é leath-mharbh ag gabhar. Is amhlaidh bhí an gasúr, agus é aig iarraidh an gabhar a thabhairt a bhaile, agus ní rachadh an gabhar leis. Annsin, chuir sé súgán faoi mhuineál an ghabhair, agus shaoil sé an gabhar a shreachailt 'na dhiaidh; acht dheamhan cos a chuirfeadh mo bhuachaill roimhe acht ag dul siar i gcomhnuidhe. Dar ndóigh, is é siúd dúthchas na ngabhar. Bhí go maith. Tháinig an t-Easbog suas leo. D'fheuch sé ar an ngasúr. D'fheuch an gasúirín air. “An é nach n-aithnigheann tú mise?” ars an t-Easbog. “Aithnighim, muis,” ars an gasúirín, “is tú an Tigh- earna easbuig.” “Agus cad chuige nach mbaineann tú do chaipín díot?” ars an Easbog. “Beir ar an súgán, agus bainfead,” ars an gasúr. Do ghluais an t-Easbog roimhe. Fír-Bréc.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services